Iontaobhas Uí Chadhain
Fáilte chuig láithreán an Iontaobhais!
Anseo, gheobhaidh tú eolas agus ábhar faoin mórscríbhneoir Gaeilge, Máirtín Ó Cadhain (1906–1970).
Tá idir eolas beathaisnéise agus eolas faoi ghníomhaíocht pholaitiúil an Chadhnaigh le fáil anseo, mar aon le cur síos ar a shaothar litríochta, ailt acadúla a scríobh saineolaithe éagsúla, léirmheasanna san áireamh.
Bain taithneamh as!
Cuireadh duit a bheith i do Bhall de Bhord Iontaobhas Uí Chadhain
4ú Mí na Samhna 2025
Tá baill Bhord Iontaobhas Uí Chadhain ag dul in aois, agus tá fuil nua de dhíth orainn.
Tá beirt bhall nua ceaptha agus i mbun oibre, agus tá duine amháin eile ag teastáil.
D’fhéadfadh gur duine de shliocht na gCadhnach nó duine ón taobh amuigh a bheadh i gceist.
An duine a cheapfar, beifear ag súil go mbeidh sé nó sí toilteanach a gcion d’obair an Iontaobhais a dhéanamh go cothrom, agus a bheith dílis i gcónaí do bhunreacht Iontaobhais Uí Chadhain.
D’fháilteodh muid roimh dhuine a bhfuil eolas an-mhaith aige nó aici acu ar an gCadhnach agus ar a shaothar. Má ta taithí coiste agat, nó taithí stiúrthóra, nó a n-iontamhaill, tar i dteagmháil linn, le do thoil, agus cuir eolas chugainn faoi do thaithí ar choistí, agus do chuid eolais ar an gCadhnach. Níl taithí coiste riachtanach, áfach.
An té a cheapfar, d’iarrfaí air nó uirthi teacht chuig cruinnithe den Bhord i dtosach mar ‘éisteoir’ / ‘breathnóir’ le go gtiocfadh sé nó sí isteach ar chúraimí agus oibriú an Iontaobhais.
Is carthanas cláraithe é Iontaobhas Uí Chadhain agus is go deonach a thugann na baill a gcuid ama agus oibre. Mar sin, ní íoctar aon táillí leo, táillí cothabhála ná taistil san áireamh. An beagán airgid atá againn, caitear é leis an gCadhnach a chur chun cinn. Bíonn cuid de na cruinnithe i gConamara, cuid eile i mBaile Átha Cliath — i dtithe na mBall. Ag brath ar áiteanna cónaithe na mball nua, d’fhéadfaí cruinnithe a eagrú in áiteanna eile. Bíonn corrcheann ar an Zúm.
Tuairim is cúig chruinniú a bhíonn ann in aghaidh na bliana.
Más spéis leat a bheith páirteach linn, cuir teachtaireacht chugainn, le do thoil, ag iontaobhas@nulloutlook.com.
