Tá dealbh lánmhéide chré-umha den mhórscríbhneoir agus gníomhaí teanga, Máirtín Ó Cadhain, déanta ag an dealbhóir aitheanta, Alan Ryan Hall.
Ba le tacaíocht agus le síntiúis ó eagraíochtaí Gaeltachta agus acadúla, ó ghaolta leis an gCadhnach, agus ó dhaoine aonair i measc an phobail a tiomsaíodh an t‑airgead don tionscadal seo.
Nochtadh na deilbhe
Físeán: Míċeál Ó Loċlainn.
Tá an dealbh suiteáilte ar an Airdín Buí, beagán taobh thoir de shráidbhaile an Spidéil agus trasna an bhóthair ón ngaráiste Texaco. Thug Comhairle Contae na Gaillimhe cead pleanála d’Iontaobhas Uí Chadhain i 2021 i gcomhair shuiteáil na deilbhe ar an láthair seo.
An Uas. Dónall Ó Braonáin, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge a nocht an dealbh go hoifigiúil Dé Satharn 23ú Iúil 2022 ag 3.00 i.n.
Grianghraif den ócáid
Tá grianghraif ar fáil ar láithreán Sheáin Uí Mhainnín.