Tiomsú airgid: faisnéis i nGaeilge
Níl muid ag tiomsú airgid faoi láthair agus tá an áis díolaíochta bainte againn den leathanach seo dá réir. Mar ‘allaghraif’ de sheanfheachtais is ea a fágadh seanphostanna ar líne.
Beagnach ann!
30ú Bealtaine 2021

Dheimhnigh Comhairle Contae na Gaillimhe cead pleanála le déanaí do dhealbh lánmhéide chré-umha den Chadhnach le suiteáil ar an Airdín Buí sa Spidéal agus tá an dealbhóir aitheanta, Alan Ryan Hall, atosaithe ar an saothar. Ba ghá an obair a stopadh anuraidh de bharr deacrachtaí le linn na paindéime.
Íomhá atá sa léaráid a rinne an dealbhóir i 2019. Ní dócha gur díreach san ionad áirithe sin ar an Airdín Buí a dhéanfar é a shuiteáil ar chomhairle innealtóra.
Tá an chéad ghála íoctha le Alan Ryan Hall, a bhuíochas leis na daoine agus na heagraíochtaí a bhronn airgead orann cheana féin. Anois ní mór dúinn cúnamh airgid a iarraidh ar dhaoine agus eagraíochtaí eile.
Beidh aitheantas agus ár mbuíochas ó chroí á gcur suas ar Liosta na gCarad i gceann cúpla lá (ach amháin sa chás gur chuir daoine nó eagraíochtaí in iúl gurbh fhearr leo a bheith anaithnid).
Cúlra
Ba é Máirtín Ó Cadhain (1906–1970) mórscríbhneoir Gaeilge a linne. Óna óige i gConamara go dtí lá a bháis agus é ina Ollamh i gColáiste na Tríonóide, shaothraigh sé gan staonadh ar son na Gaeilge, na Gaeltachta agus na litríochta.
Le cuimhneachán buan ar Ó Cadhain a lonnú ina áit dúchais i nGaeltacht Chonamara, tá tionscadail chuimhneacháin á bhforbairt ag Iontaobhas Uí Chadhain le cúpla bliain anuas. Ar na gnéithe atá le cur i gcrích go fóill tá:
- Dealbh lánmhéide chré-umha den Chadhnach a theilgean le suiteáil i gceantar an Spidéil. Tá tús curtha leis an obair seo ach chuir cúrsaí COVID‑19 isteach orainn agus cuireadh teilgean na deilbhe siar go dtí 2021.
- Fothracha áit bhreithe an Chadhnaigh a shlánú agus ionad cuartaíochta a thógáil ann.
- Ionad d’ealaíontóirí a bheartú agus a fhorbairt.
Ar an 18ú Deireadh Fómhair 2020, cothrom an lae a bhásaigh an Cadhnach 50 bliain ó shin, sheol muid feachtas tiomsaithe airgid leis na tionscadail seo a mhaoiniú.
Gach duine agus eagraíocht a bhronnann airgead, mór nó beag, orainn leis na tionscadail seo a chur i gcrích, aithneofar agus glacfar buíochas leo ar an leathanach seo (mura dtugann siad le fios go bhfuil siad ag iarraidh a bheith anaithnid).
Cairde an Iontaobhais
Tá Iontaobhas Uí Chadhain go mór faoi chomaoin ag na daoine agus ag na heagraíochtaí a thacaigh linn lenár bhfeachtas tiomsaithe.
- Dlúth-chairde: Daoine agus eagraíochtaí a thug €20,000 ar a laghad.
- Cairde Cléibh: Daoine agus eagraíochtaí a thug €5,000 ar a laghad.
- Mór-chairde: Daoine agus eagraíochtaí a thug €1,000 ar a laghad.
- Cairde Dílse: Daoine agus eagraíochtaí a thug €500 ar a laghad.
- Cairde Gaeil: Daoine agus eagraíochtaí a thug níos mó ná €100.
- Cairde Eile: Daoine agus eagraíochtaí a thug suas le €100.
Fundraising: information in English
We’re not fundraising at the moment and have therefore disabled our payments facility. Previous fundraising posts have been left online purely as ‘snapshots’ of previous campaigns.
Almost there!
30ú Bealtaine 2021

Galway County Council recently approved planning permission for the erection of a life-size bronze statue of Máirtín Ó Cadhain at An tAirdín Buí in An Spidéal and the noted sculptor, Alan Ryan Hall, has recommenced work on the statue. It was necessary to halt the work last year due to difficulties arising from the pandemic.
The illustration shows a projected image the sculptor provided in 2019. The statue will probably not be erected in that exact spot at An tAirdín Buí following an engineer’s advice.
The first instalment has been paid to Alan Ryan Hall, thanks to the people and organizations who have already donated money for the project. Now we must ask other people and organizations to do likewise.
Our acknowledgement and sincere thanks will be published on the Friends’ List in the coming days (excepting those who ask to remain anonymous).
Background
Máirtín Ó Cadhain (1906–1970) was the greatest Irish-language writer of his day. From his youth in Connemara to the day he died, by then a Professor in Trinity College Dublin, he laboured unceasingly for the Irish language, for Irish-speaking communities and for literature in Irish.
Over the past few years, Iontaobhas Uí Chadhain has been developing commemorative projects as permanent memorials to Ó Cadhain in his native area of the Connemara Gaeltacht. Projects still to be completed include:
- A life-size bronze statue of Ó Cadhain to be cast and erected in the Spiddal area. The work was commenced but, due to Covid‑19 issues, the casting had to be deferred until 2021.
- The ruins of his birthplace to be preserved and a visitor site developed there.
- A centre for Irish-language artists to be developed.
On October 18th 2020, the 50th anniversary of Máirtín’s death, we launched a fundraising campaign to fund these projects .
Every person and organisation who donates money, of whatever amount, to help us complete these projects, will be acknowledged and thanked on this page (unless they indicate a preference to remain anonymous).
Friends of the Iontaobhas
Iontaobhas Uí Chadhain is deeply indebted to the individuals and organisations who have kindly supported us in our fundraising campaign.
- Close Friends: People and organisations who donated at least €20,000.
- Bosom Friends: People and organisations who donated at least €5,000.
- Great Friends: People and organisations who donated at least €1,000.
- Staunch Friends: People and organisations who donated at least €500.
- Good Friends: People and organisations who donated over €100.
- Other Friends: People and organisations who donated up to €100.