Categories
Ábhar i nGaeilge Leabhair

Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

Tionscadal de chuid Acadamh Ríoga na hÉireann

1.1 milliún focal lámhscríofa de leaganacha cainte agus giotaí comhrá a bhreac Máirtín Ó Cadhain idir c. 1937 agus 1946 mar chur síos ar úsáid chanúnach timpeall 1000 focal Gaeilge. Tá an cnuasach seo á chur in eagar ag foireann Fhoclóir Stairiúil na Gaeilge in Acadamh Ríoga na hÉireann, a sheol cuntas nua Twitter i mí na Nollag, 2019, @OCadhain_RIA, agus cuirtear samplaí ón bhfoclóir ar fáil go rialta ó shin ar an bhfotha Twitter mar chuid de chomóradh 50 bliain ar bhás an Chadhnaigh.

Bíodh is gur iomaí duine ar bronnadh uirlis liteartha chaint na nGael orthu, is beag duine a dhiurnaigh í mar a rinne Máirtín Ó Cadhain. Chaomhnaigh sé agus chumhdaigh sé ar chuala sé d’fhocail agus de leaganacha, agus chinntigh sé a mbunús agus a gcialla a fhiosrú agus a ríomh. Is follas a dhúthracht ina shaothar liteartha, ach is gléiní fós é san ollsaothar foclóireachta a thiomsaigh sé idir na blianta 1937 agus 1946 — Foclóir Uí Chadhain.

Ba as scéim de chuid an Ghúim a d’eascair Foclóir Uí Chadhain. Léargas cruinn beacht a fháil ar fhoclóir reatha na Gaeltachta ba phríomhaidhm don scéim, go háirid ar fhocail, nó ar úsáid focal, nach raibh a dtuairisc i bhfoclóirí na linne. Rinneadh iarracht bailitheoirí focal a fhostú ar fud na Gaeltachta don scéim, agus ba é Ó Cadhain a cuireadh i mbun oibre i nGaeltacht na Gaillimhe.

Is in 1937 a d’fháisc sé ar a chuid oibre. Chuir sé cruth foclóra ar a raibh d’fhocail agus de leaganacha cainte cruinnithe aige féin óna mhuintir le blianta roimhe sin, agus thosaigh sé ag cur lena bhailiúchán de réir a láimhe. Lean sé go dlúth treoir lucht rite na scéime, agus chinntigh sé aon cheannfhocal a bhreac sé a mhíniú go beacht soiléir le samplaí úsáide. Ba as an seanchas coiteann a tharraing sé riar dá chuid samplaí, ach is minic freisin gurbh í caint chréúil chraicneach a mhuintire féin a mhínigh ciall na bhfocal dó. Dá réir, is ionann bunáite samplaí a fhoclóra agus sleachta as comhráití a chuala sé ina thimpeall — sciolladh, magadh agus moladh. Faoin am ar tháinig deireadh le scéim an Ghúim sa mbliain 1946, bhí os cionn míle ceannfhocal seolta ag Ó Cadhain chucu agus suas le milliún focal de shamplaí úsáide á míniú.

Tá foireann Fhoclóir Stairiúil na Gaeilge in Acadamh Ríoga na hÉireann, ag cur ord agus eagar ar Fhoclóir Uí Chadhain faoi láthair agus é de rún againn a chur ar fáil ar líne don saol mór. Bíodh is gur ar a fhiúntas foclóireachta is mó ár n-airdne, is léir dúinn gur iomaí duine nach muid a bhainfeadh adhmad agus tairbhe as ilghnéitheacht a shamplaí úsáide. Tá ábhar inspéise inti don staraí, don eacnamaí, don teangeolaí, don bhéaloideasóir, agus ar ndóigh don té ar mian leis eolas níos doimhne a chur ar shaothar liteartha Uí Chadhain. Más i ngéibheann an Churraigh a scaoil Ó Cadhain an plána ar a cheird liteartha, is ina fhoclóir atá a dúshraith.

Le linn na bliana 2020, mar chomóradh ar chaoga bliain ó bhásaigh Máirtín Ó Cadhain, tá samplaí den ábhar a chruinnigh sé á gcur amach ar Twitter ón gcuntas @OCadhain_RIA. Féach freisin láithreán Fhoclóir Stairiúil na Gaeilge, mar a bhfuil tuilleadh eolais faoin obair atá ar bun.

Tá Iontaobhas Uí Chadhain fíorbhuíoch den Dr Charles Dillon as an téacs thuas, agus as na samplaí seo leanas i bhfocail an Chadhnaigh féin a chur ar fáil dúinn:

dálta

ainmfhocal

Níl sé ach in aon leagan amháin. Is beag nach bhfuil an leagan seo seargtha sa gcaint. Tá sé ag corrsheanduine fós, ach is dona atá sé ag cuid mhaith acu. Fearachta fhearacht atá ina áit. Is cosúil go mba comhfhocail i gcónaí iad. Tá sé roinnt coitianta sa gcaint in Árainn.

fearacht; samhail

Ní hé a dhálta sin agamsa é muis — ní hé a fhearacht sin agamsa é; ní mar sin atá mise; ní hin é is cor domsa.

Tá do chuid fataí lánaithe agatsa, ach ní hé a dhálta sin agamsa é (chuala mé m’athair dhá rá seo agus chuir mé caidéis air faoi, agus dúirt sé go raibh sé tréan sa gcaint roimhe seo).

Má tá dalladh feamainne duibhe agaibhse, ní hé a dhálta sin againne anseo é. Ní leasódh a bhfuil d’fheamainn dubh againn dhá phíosa fataí agus bíodh muid taobh léithe. Caitheann muid lucht a cheannacht chuile bhliain, ach ó fuair muid an churach, tá na mulláin agus na branraíochaí dhá fháil (baintear iad).

Tá T. go lách, ach ní hé a dhálta sin ag J. é. Níl comharsanacht ar bith ann. Caitheann sé a shaol ag forcamhás ar bhearraíochaí a bhaint dhe dhaoine eile.

Tá an bainne spreagúil, ach ní hé a dhálta sin ag an tae é. Tá scodalach tae i siopaí ansin soir agus tá duine ar bith dhá bhfuil dhá ól leath-tholgtha. Ní hé an cúigiú scoth fhéin é.

Tá an mac sách síodúil, ach níorbh é a dhálta sin ag an athair é an fhad is a mhair sé, go ndéana Dia trócaire air, mar sin féin. Ba mhór leis rud ar bith d’aon duine. Mura bhfeiceadh sé ach an míol buí ar do chuid talúna d’fhéachfadh sé lena dhíbirt, faitíos go n‑éireodh leat é a mharú. Sin é an sórt duine a bhí ann

A dhálta sin, chonaic mise fear anseo — D. a bhí ansin thoir — agus ní bheadh scéal instithe (iN′st′í: insithe) aige oíche airneáin. Thosódh sé ar scéal, agus ba ghearr go mba scéal eili é, agus ní chuimhneodh sé ar an scéal tosaigh chor ar bith ansin (ó Sheán Ó Beáin, An Carn Mór, Baile Chláir: bhí mé ag cur caoi dhó ar fhear a bheadh ag dul anonn is anall le scéal agus dúirt sé é sin; mar dhóigh dhe go raibh aithne aige fhéin ar fhear a bhí ar an gcóir chéanna).

A dhálta sin anois (rud mar atá ráite agat), chonaic mise bó agam féin anseo uair…

Tá sé téisiúil, ní hé dálta a dheirfiúr é — tá sé teann nó bunáiteach, ní hé fearacht a dheirfíre é. Níl sise teann ná bunáiteach.

Is tú atá dícheallach bail ó Dhia ort, ní hé dálta daoine eile é. Is maith luath atá tú aníos ón gcladach agus an mhuintir s’againne faoin bpluid fós. Ach ba lá corr é an lá inné. Bheadh na liúrachaí ag gíoscán ar na fonsaí sna curachaí atá agaibhse, ní hé dálta na gcurachaí atá anseo é. Ní mór do na curachaí a bhíos againne a bheith go maith.

dall

(dáL: Conamara: daL: Achréidh).

ainmfhocal, fireann.

ginideach uatha agus ainmneach iolra: daill (daiL’)

1. duine nach bhfuil amharc nó radharc na súl aige

Is gearr go gcaitear madadh a fháil dom. Níl spré ar bith ag fanacht agam. Tá mé in mo dhall.

Bhí a hinín ina dallbhí dall d’inín aici.

Dall é, adeir siad.

Tá an tír uileag faoi dhaill ó tháinig pinsean na ndall amach.

Tá sé ag fáil pinsean na ndall, agus dheamhan a dhath ar a amharc ach an oiread liomsa.

Nach thú an dall! Nach bhfeiceann tú ansin é os comhair do dhá shúl, nó céard atá ort?

“Is léir don dall a bhéal”nuair a bhíos sé ag ithe, bíonn sé chomh maith le duine ar bith eile, arae tá a fhios aige an áit leis an mbeatha a chur.

Cén sórt solas sin oraibh? Nach bhfuil a fhios agaibh nach bhfuil aon ola ann. Ithigí suas dhá uireasa. Is léir don dall a bhéal.

Dheamhan call coinneal duit. Is maith dhúinn againn sa dorchadas féin é. Is léir don dall a bhéal, adeir siad.

Nach thú atá thart anois, go lastar lampa dhuit. Murach peataíocht ort ní theastódh solas ar bith uait leis an ngreim sin. Is léir don dall a bhéal.

Cén call atá dóibh tada a thuiscint? An fhad is a gheobhas siad neart le n‑ithe cén mhairg atá orthu? Is léir don dall a bhéal, adeir siad — freagra ar fhear a bhí ag coiriúint ar an nGearmáin faoi rá is nach raibh cead cainte ná cead a gcos ag na daoine ann, agus go raibh gach uile fhios dhá cheilt orthu, ach an fios a d’fheil do Hitler, dar leis.

“Bhéarfadh dall ar ghiorria” — bhéarfadh dhá bhfaigheadh sé bruite ar phláta é. Níl ann ach magadh focal.

2. cluasánach nó duine nach bhfuil meabhrach

Níl ionamsa ach dall. Ní thuigim tada — dallarán; duine gan aon eolas.

Má cheapann siad gur daill atá ar fad sa tír, tá siad ag dul amú.

Dall ceart é, muis. Níl sé in ann tada a thuiscint (is barainní dallarán a rá mar seo).

dallamullóg

ainmfhocal, fireann (téann an inscne le dalladh)

1. slám, ciméar, mearbhall, dallach dubh nó dul amú a chur ar dhuine; mealladh a bhaint as duine, nó imeartas air.

Cuirfidh sé dallamullóg orm nó is cinniúint air é, ach dar fia má chuireann, ní bheidh aige ach malrait uair eicínt — mearbhall, ciméar.

Nach deas a chuir sé dallamullóg anois ar J! Is fhearr liom é ná punt airgid in mo phóca. Bhí an oiread gaisce agus floscaí aige, mar dhóigh dhe nach raibh duine ar bith in ann imeartas air fhéin.

Tá a shliocht orm. Ní bhuailfear an dallamullóg chomh réidh sin ormsa aríst, agus ní bhuailfí orm an uair sin fhéin é, murach go mb’éigean dom a bheith isteach is amach chuile phointe ag faire ar bhó a bhí i dtinneas lao.

Chuir siad an dallamullóg críochnaithe air, lá is gur fheád siad an ágóid sin a bhualadh thall air. Ara tá aois chapall na muintire aici siúd, agus má bhí scór punt spré aici ba é a cloch neart é. Dheamhan sciúrtóg thairis a bhí aici ar chuma ar bith.

2. galra mullóg; camh; scamall nó fionn a theagas ar shúile na gcaorach. Tugtar galra mullóg, dalladh mugóg agus camh air freisin.

dallamullóg ar na caoirigh sin thíos. Is furasta aithinte ar a súile é. Bhí a fhios sin agaibh agus a bhfágáil chomh fada sa stopóig siúd.

Deir siad go gcuirfeadh drochstolladh nó aimsir dhona an dallamullóg ar chaoirigh. Teagann scamall ar an tsúil, má bhíonn an iomarca gairfin ann.

Teagann dallamullóg ar na caoirigh as béal éadain ann. Ach is suarach an t‑ionadh sin. Tá sé an-fhliuch. Tá an cat mara ar an gcimín dúrabháin sin le dallamullóg, mura mbeidh sé an-tirim, agus sin caoi nach bhfuil an áit sin.

Mura bhfuil uirthi ach dallamullóg, tiocfaidh sí uaidh. Má chuireann tú ar athrú áite í, mise i mbannaí gur gearr a bheas aon cheo dhó sin uirthi. Bhí na híochtair sin rófhliuch aici.

Dheamhan thiomanta caora istigh ar do bhaile i mbliana nach bhfuil dallamullóg uirthi, hé brí cén smál atá ar an mbliain seo thar bhliain ar bith eile. Ach is smál féin é chreidim. An iomarca drochaimsir atá dhá dhéanamh, déarfainn.

déantús

ainmfhocal, fireann

Baintear leas as i gcónaí le “maitheas”.

déanamh , déanta — tá na trí leagan ann, ach is minice déantús déanamh déanta i gcaint.

1. cumas, déanamh, fuinneamh, fonn, luí le, luiteamas, fír, claonadh, díocas gafach le obair nó le saothar, teacht aniar, miotal na hoibre, caoindúthracht

Scread chasta air agat! Ní ligfinn isteach in mo gharraí chor ar bith é. Níl aon déantús maitheasa ann, seachas aon duine a chonaic mé ariamh.

Ba deacair dhó aon déantús maitheasa a bheith ann, mar sin é an tógáil a fuair sé. Bhí a athair féin amhlaidh. Ní dhéanfadh sé smeach ó mhaidin go faoithin, dhá bhfaigheadh sé duine ar bith lena dhéanamh ar a shon. Ach d’imigh an saol sin a bhfaighfí daoine ina n-amadáin. An té a ghabhas ar a shláinte anois, ní mian leis gan a luach a fháil, agus tá an ceart aige.

Ní fhágfaidh an “dole” sin déantús maitheasa ar bith san aos óg. Duine ar bith acu a bhfuil aon traidhfilín (trifleen) dó, níl aon tsástaíocht air a dhul ag obair. Is fearr leis an díomhaointeas fhad is a bheas luach tobac aige agus luach céilí san oíche Dé Domhnaigh. Sháraigh sé gach is a dtáinig amach ariamh, feictear dhomsa. Seo é an saol ar chuma ar bith a bhfuil na daoine ag fáil a mbeatha ó neamh.

Cén chaoi a bhféadfadh aon déantús maitheasa a bheith ann, nuair nár cuireadh fíor na maitheasa ann nuair a bhí a cur ann. Ach níor cuireadh. An iomarca truaighe ’Sí an pheataíocht sin a d’fhága é sa gcruth a bhfuil sé, gan maith gan maoin.

Níl aon déantús maitheasa ann (d’iNtas: Spideál).

Togha fear oibre a bhí ann ach ní raibh aon déantas (d’iNtas) maitheasa ann ina ghnaithe féin — ní raibh aon mhaith ann san obair a bhí sé a dhéanamh; ní raibh aon ghus ná aon dul chun cinn ann lena chuid cúrsaí féin; ní raibh sé barainneach.

Dhá mbeadh déanamh maitheasa ann, ní ag máinneáil thart ansin ar feadh an lae a bheadh sé agus a gharraí thart cheal glantacháin. Fuair sé an saol róleisciúil san am a chuaigh thart; gan call dó buille ar bith a dhéanamh nuair a bhí lán tí acu ann. Ach bainfear siar as é anois, ó tá sé ina aonraic.

An té nach bhfuil déanamh na maitheasa ann, is beag an ghnaithe atá aige ansiúd. Siúd é an áit a mbeidh a fhios cé hé searrach na dea-lárach. Dheamhan triúr ar do bhaile a sheasfadh ann uair an chloig.

Dhá mbeadh déanta maitheasa ann, ní ag imeacht ina liúiste ar chnocáin a bheadh sé, agus a athair bocht agus gan siúl an bhealaigh ann le neart sclábhaíochta.

Déantas na fírinne leat níl a fhios agam cé adúirt é — (de) déanta na fírinne (Spidéal) .

Déantas na fírinne níor leag mise súil ar an bhfear ariamh agus níl a fhios agam cén sórt srón atá air — leisce na bréige — ach léar (de réir) mar a chloisim an dream seo a chonaic é ag rá.