Saothar Liteartha Mháirtín Uí Chadhain

Grianghraf de Chon Howard, Máirtín Ó Cadhain is an Dr Seán J. White
Ó chlé go deas: Con Howard, Máirtín Ó Cadhain ⁊ an Dr Seán J. White

Fáisceadh an Cadhnach as cúlra saibhir béaloidis is scéalaíochta. Ba mhac léinn dúthrachtach agus léitheoir amplach é. Níor imir sé cluichí ná cártaí ach chaith a chuid am spártha ag léamh, ag foghlaim ó dhaoine eile agus, le himeacht aimsire, ag scríobh. Ba i gCamas a thosaigh sé ag foghlaim cheird na scríbhneoireachta. Faoi 1928 — an chéad bhliain dó ag múineadh i gCamas — bhí tosaithe aige ar ábhar a fhoilsiú in An Stoc. Blúiríní béaloidis agus amhráin a bhailigh sé is mó a bhíodh á bhfoilsiú aige i dtosach. Bhí a chéad ghearrscéal aige i gcló san iris sin faoi Shamhain 1929. Ach is ábhar béaloidis is mó a bhíodh á chur i gcló aige anuas go 1936, taobh amuigh de litreacha is ailt.

D’fhoilsigh an Roinn Oideachais fógra in An Stoc sna 1920idí déanacha ag iarraidh ar scríbneoirí a raibh leabhair scríofa acu, nó ar spéis leo leabhair a aistriú ó theangacha eile go Gaeilge, scríobh isteach chuig an Rúnaí, Coiste na bhFoilseachán, agus a lua cén taithí a bhí acu agus cén sórt leabhar ab fhearr le tiontú go Gaeilge. Is cosúil gur fhreagair Máirtín an fógra úd agus, i gCamas dó, d’aistrigh sé Sally Kavanagh le C. J. Kickham faoin teideal Saile Ní Chaomhánaigh nó na huaigheanna folamha: scéal faoi Thiobraid Árann (Oifig Dhíolta Foilseachán Rialtais, 1932). Ar chríochnú gach caibidle dó, ba nós leis í a chur faoi bhráid a chomrádaí tí, Seosamh Mac Mathúna, lena thuairim a fháil. Ach nuair a chuir sé an t‑aistriúchán críochnaithe ar aghaidh, ní raibh An Gúm sásta leis ar an mbonn go raibh sé rófhada, agus d’iarr siad air é a ghearradh siar de 30%. Bhí Máirtín ar buile agus mhionnaigh sé nach mbacfadh sé leo feasta ach an lámhscríbhinn a chur sa tine. Tháinig athrú intinne air, áfach, is chiorraigh sé an script agus thuill sé £20 uirthi. Ba í seo an chéad teagmháil ag an gCadhnach leis an nGúm, an ‘gallán sóibhéideach’, mar a thug sé air níos déanaí. Caithfidh gur choinnigh An Gúm ar a bpainéal é, áfach, mar i gcnuasach gearrscéalta aistrithe go Gaeilge a d’fhoilsigh siad (Rogha na gConnachtach, Oifig an tSoláthair 1937) tá ceann amháin ó pheann Mháirtín: Culaith Uireasach ar thiontú é ar A Short Suit le Lynn Doyle.

I mBaile Átha Cliath dó i ndeireadh 1936, bhíodh a chara Tomás Bairéad, ar scríbhneoir é féin, ag tathaint air dul le ceird an scríbhneora. Dúirt Máirtín féin gur chrom sé ar Idir Shúgradh agus Dáiríre (Oifig an tSoláthair 1939) a scríobh d’uireasa tada eile a bheith le déanamh aige, agus gan obair sheasta a bheith aige tar éis dó teacht chun na hardchathrach. Ansin go tobann goineadh a aire nuair a léigh sé aistriúchán Fraincise de scéal le Maxim Gorky i seanchóip d’irisleabhar Fraincise a fuair sé i siopa leabhar i Sráid Aungier. Scéal faoi lá buana an fhómhair a bhí ann, agus thuig sé láithreach go bhféadfadh sé féin a leithéid a scríobh faoina mhuintir féin a dhéanadh a leithéid chéanna d’obair thalmhaíochta. Mar a dúirt sé ina léacht Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca, Thosaigh Cois Fharraige ó bhreaclach go carraig mhaol, go caoláire, go sruthán, go loch, go sliabh, go haghaidh fir, mná, agus linbh, dhá gcruthú féin thiar ar chúla m’fhoraí dúinte. Bhí an t‑irisleabhar sin i mo phóca agus ba bheag eile a bhí ann an lá ar gabhadh mé. Agus b’in lá i mí Mheán Fómhair 1939 nuair a tógadh ina oifig i gCearnóg Parnell é agus a cuireadh i ngéibheann i bPríosún Chnoc an Arbhair é go deireadh na bliana sin. Ba bheag deis a fuair sé ar an léitheoireacht ná ar an scríbhneoireacht ansin, de réir litreach a chuir sé chuig a chara, Tomás Bairéad, ach d’éirigh leis roinnt scéalta is filíochta a scríobh, chomh maith le ‘gúm úrscéil’ nó plean d’úrscéal.

I ngéibheann dó arís sa Churrach idir 1940–4 bhí deis aige cuid mhór de litríocht an domhain a shlogadh. Dar le Alan Titley gur dá bharr sin a tháinig doimhneacht agus leathnú agus siúráil chun cinn ina chuid scríbhneoireachta féin. Ba ansin a chuir sé faobhar ar a ghuth scríbhneora agus doimhneacht ina chuid scríbhinní. Agus ba nós leis amhráin a chumadh faoi imeachtaí éagsúla agus amhráin choitianta Bhéarla a aistriú go Gaeilge do na géibheannaigh eile — féach thíos na haistriúcháin leis a d’fhoilsigh Seosamh Ó Duibhginn in Feasta i 1974.

Ní bhíodh mórán scríbhneoireachta ar bun aige an chéad chúpla bliain dó sa Churrach cheal ama agus cheal príobháideachais agus ciúnais. D’áitigh cara leis air éirí as gach cúram eile agus luí isteach ar an scríbhneoireacht, áfach. Mar sin, d’éirigh sé as na ranganna Gaeilge agus ní mhúineadh sé ach rang amháin Fraincise as sin amach. Thart ar mhí na Bealtaine 1943 scríobh sé dráma dhá mhír, Typhus. In earrach 1944 tugadh bord agus cathaoir dó agus ionad ciúin le dul i mbun pinn. Sa Churrach a scríobh sé cuid mhaith de na scéalta a foilsíodh in An Braon Broghach (Oifig an tSoláthair 1948), an chéad saothar leis a tharraing cáil agus aitheantas air mar scríbhneoir.

Ba i 1945 tar éis pósadh dó a luigh sé isteach ar eagar a chur ar a chuid scríbhinní lena bhfoilsiú. Bhí borradh nua faoi litríocht na Gaeilge ón uair a chomhbhunaigh Seán Ó hÉigeartaigh, agus é ina mhac léinn i gColáiste na Tríonóide, an iris Comhar i 1942. Foilsíodh Ciumhais an Chriathraigh in eagrán na Nollag 1945. Seo an t‑aon scéal as an mbeart a chuir sé chuig an nGúm nár foilsíodh in An Braon Broghach. Chuaigh Ó hÉigeartaigh ar aghaidh le teach foilsitheoireachta a bhunú ansin i 1945, Sáirséal agus Dill, comhlacht a d’fhoilsigh na chéad chúig leabhar eile leis an gCadhnach.

Thart ar an am seo, freisin, bhí Cumann na Scríbhneoirí gníomhach i mBaile Átha Cliath agus tugadh cuntas san iris An Glór ar 1 Feabhra 1947 ar chruinniú ag ar pléadh saothar an Chadhnaigh. Bhí Liam Ó Flaithearta, Niall Ó Dónaill agus Máirtín féin i láthair. Deirtear gur tháinig an Flaitheartach abhaile as Meiriceá in aon turas i 1946 le bualadh leis an scríbhneoir nua as Conamara.

Tar éis don Chadhnach tosú ag obair mar aistritheoir i Rannóg an Aistriúcháin foilsíodh roinnt aistriúchán uaidh in Comhar agus Feasta — dhá ghearrscéal ón mBriotáinis, ceann ón bhFraincis, agus alt agus leabhrán ón mBreatnais. Sa Rannóg dó, is cosúil go raibh sé an-mhór le fear coimeádta na bpáipéar. Ní hiontas, mar sin, fear mar é a bheith mar phríomhcharachtar san aoir fhaobhrach a scríobh sé ar an státseirbhís níos faide anonn, An Eochair, a foilsíodh in An tSraith ar Lár (Baile Átha Cliath: Sáirséal agus Dill, 1967). Sé chnuasach gearrscéalta leis a foilsíodh, ceann acu seacht mbliana tar éis a bháis (An tSraith Tógtha, Sáirséal agus Dill 1977).

Trí úrscéal a tháinig uaidh. Chuir sé Cré na Cille isteach ar chomórtas an Oireachtais i 1947 agus ghnóthaigh sé duais £100. Foilsíodh sleachta as in Scéala Éireann idir Feabhra agus Meán Fómhair 1949. Bhí sé ag plé leis an nGúm maidir lena fhoilsiú ach, nuair a bhí siadsan ag iarraidh go mbainfí rudaí áirithe as, thiontaigh sé go Sáirséal agus Dill, a d’fhoilsigh é i 1949. Bhuaigh an t‑úrscéal Athnuachan duais an Chlub Leabhar ag Oireachtas 1951, ach ní raibh Máirtín sásta go bhfoilseofaí é agus thug sé an duais ar ais. Nuair a bhí Iontaobhas Uí Chadhain ag dul trí pháipéir Mháirtín, fuair muid comhairle ina thaobh seo ó acadúlaithe agus beartaíodh gurbh fhiú é a fhoilsiú. D’fhoilsigh Coiscéim é i 1995 mar a scríobh an t‑údar é ach gur ceartaíodh roinnt botún cló, agus cuireadh réamhrá leis ón Athair Breandán Ó Doibhlin. D’fhág Máirtín úrscéal eile gan foilsiú, sin Barbed Wire, cé gur fhoilsigh sé sliocht as in Dóchas i 1964. Chuir ollamh le Gaeilge eile de chuid Choláiste na Tríonóide, Cathal Ó Háinle, in eagar é agus d’fhoilsigh Coiscéim é in 2002.

Béaloideas

Fáisceadh an Cadhnach as cúlra béaloidis, agus bhailigh sé neart scéalta béaloidis ina óige. D’fhoilsigh sé ceithre bhailiúchán thábhachtacha óna cheantar dúchais in Béaloideas sna tríochaidí, mar aon le liosta seanfhocal agus trí amhrán agus nótaí ag gabháil leo in An Stoc idir 1928–31. Go deimhin, tá lorg an bhéaloidis le rianadh ina luathscéalta, ach tháinig athrú ar a dhearcadh de réir mar a léigh sé leabhair le scríbhneoirí agus le smaointeoirí móra Eorpacha. Tháinig sé ar an tuairim go raibh cúram míchuibheasach á dhéanamh den bhéaloideas agus den seansaol ba bhunchloch de, cúram a d’fhéadfadh teacht idir an scríbhneoir agus an pobal ba mhian leis a chruthú. Bhraith sé nár leor saibhreas cultúrtha dá dhearscnaithí é nuair a bhí an saol a bhí mar bhonn faoi á scaipeadh, gan neart ag aon duine air. Faoi 1950 bhí sé ag áiteamh go raibh an béaloideas agus an tseandacht a ghabh leis ag cur míthreoir ar dhaoine agus ag claonadh a n‑intinn agus a ndúthracht ó shaothair mhóra ba ghaire de leas. Chuir sé in aghaidh na teoirice go gcaithfeadh scríbhneoirí saol na cathrach agus na gceantar lasmuigh den Ghaeltacht a sheachaint agus díriú ar shaol dúchais na Gaeltachta amháin. Mhaígh sé nach ndéanann an béaloideas litríocht ach go gcaithfeadh an scríbhneoir é a mhúnlú sula mbeadh sé ina litríocht.

An Cadhnach mar cholúnaí

Grianghraf de Mháirtín, is é meánaosta
Máirtín Ó Cadhain, meánaosta

Scríobhadh an Cadhnach colún seachtainiúil do The Irish Times ar feadh tréimhse idir 1953 agus 1956 agus é fós ag obair i Rannóg an Aistriúcháin. Bhí an-éagsúlacht ábhair iontu. Thosaigh sé le sraith faoin teideal ‘Cadhan Aonraic’ faoina chuid taistil agus na rudaí a rith leis ar an mbád go Holyhead, a chuairt ar Pháras, a thuras traenach síos tríd an bhFrainc, a chuairt ar an Spáinn, cathair Burgos, ballaí Avila, nósmhaireacht maidir le lucht déirce sa Spáinn, mainistir Santo Tomas, Giobráltar, an Andalúis, rincí na ngiofóg Spáinneach, páláis Belvedere agus Schönbrunn i Vín, an tAifreann i dteampall Gréagach i Vín, Salzburg, dealbha de Mhuire in Éirinn agus thar lear.

Scríobh sé sraith eile aon cholún déag faoi Ghàidhilg na hAlban — trí cinn faoin teideal Am Faigh a’ Ghaidhilg Bás? agus ocht gcinn faoin teideal Chan fhaigh a’ Ghaidhilg Bás. Bhí seacht gcinn de cholúin aige faoi eacnamaíocht nó pholaitíocht na hAlban, cuid acu faoin teideal Home Rule Albanach. Bhain sraith eile leis le polaitíocht na hÉireann, go háirithe faoin Tuaisceart. Is iomaí colún a scríobh sé faoi ghnéithe éagsúla den litríocht — ó chinsireacht go drámaíocht na Gaeilge go saol na cathrach in úrscéalta na Gaeilge go tairbhe na n‑aistriúchán ar amhráin eachtrannacha go duaiseanna chomórtais litríochta an Oireachtais go tuairimí Freud agus Jung ar an litríocht. I gcolúin eile chíor sé coincheapa mar ‘an aigne Ghaelach’ agus ‘Eorpachas’ go brí ‘Irish literature’, agus ‘údair mhóra a théann ar imirce’. Ní hiontas gur scríobh sé sraith mhór colún faoin nGaeilge agus athbheochan na Gaeilge, agus faoin nGaeltacht. Dornán colún uaidh, bhain siad le focail agus a mbrí, liosta focal faoi thréithe daoine agus ceann faoin bhfoclóir nua a bhí ar na bacáin ag an am.

Sraith eile aige, cuid acu faoin teideal Caiscín, bhain sí le cúrsaí oideachais, e.g. easpa téacsleabhar agus, go háirithe, na hollscoileanna — é á rá go raibh siad as dáta. Sraith eile fós bhain sí le logainmneacha agus ainmneacha sráideanna i mBaile Átha Cliath, Luimneach, Corcaigh agus bailte eile. I gceann acu sin phléigh sé ‘Sráid Ó Conaill nó Sráid Uí Chonaill’. Scríobh sé dornán colún faoi dhaoine, mar shampla ceann faoi mhuintir Uí Éigeartaigh. Scríobh sé cúpla ceann faoi áiteanna — an tochailt i mBrú na Bóinne, imeacht an tSean-Bridewell, agus Cluain Mhic Nóis. Agus scríobh sé scata colún eile faoi ghnéithe den saol dúchasach ó éadaí éagsúla traidisiúnta in Éirinn go cócaireacht ronnaigh go stiléireacht agus poitín. Is beag a scríobh sé faoi imeachtaí reatha seachas ceann faoi phósadh an Phrionsa Rainier agus Grace Kelly agus cúpla ceann faoin League of Decency, agus roinnt faoi chúrsaí spóirt agus cultúir.

Léachtaí agus óráidí

Thug Máirtín Ó Cadhain roinnt léachtaí tábhachtacha agus foilsíodh cuid acu nó tugadh cuntas orthu sna meáin. Ceann acu ab ea Tuige nach bhfuil litríocht na Gaeilge ag fás?, léacht a thug sé don Chumann Liteartha i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath i mí Dheireadh Fómhair, 1949. Dhírigh sé sa léacht sin ar an meath a tháinig ar fhorbairt litríocht na Gaeilge agus leag sé an milleán ar an gcóras oideachais trí chéile, ar an nGúm agus an Rialtas, ar an easpa léirmheastóireachta stuama, orthu siúd a bhí róthugtha do rialacha, do chanúintí agus d’fhoghraíocht ceantar thar a chéile.

I gceann eile dar theideal Béaloideas, a thug sé do Chumann na Scríbhneoirí i mí Feabhra, 1950, thrácht sé ar an mbéaloideas, agus léacht thar a bheith conspóideach a bhí inti. Nuair a foilsíodh í in Feasta i mí an Mhárta 1950 lean comhfhreagras oibrithe go ceann i bhfad.

Thug sé léacht chonspóideach eile ag comhdháil an Chomhchaidrimh i dTír Chonaill, mí Lúnasa na bliana 1969, a foilsíodh mar leabhrán dar teideal Gluaiseacht na Gaeilge: Gluaiseacht ar Strae, áit ar áitigh sé Sé dualgas lucht na Gaeilge a bheith ina sóisialaigh. Siad lucht labhartha na Gaeilge sa nGaeltacht an aicme is direoile agus is buailte den mhuintir seo againn in Éirinn. Is mar a chéile agamsa, an aicme sin pobal na Gaeilge, a shlánú, agus an Ghaeilge a shlánú. Agus dhírigh sé formhór a racht feirge ar na heagraíochtaí Gaeilge a bhí ann lena linn.

An léacht ba mhó cáil leis, is dócha, ná an ceann a thug sé ag an gcéad scoil gheimhridh de Chumann Merriman in Eanáir 1969 in Aonach Urmhumhan, agus a d’fhoilsigh An Clóchomhar Teo. an bhliain chéanna, Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca.

Saothar foilsithe

Tá an rannóg seo bunaithe, le caoinchead an údair, Alan Titley, ar Máirtín Ó Cadhain: Clár Saothair (An Clóchomhar Tta, 1975). Tá Iontaobhas Uí Chadhain fíorbhuíoch den údar, Alan Titley, agus den fhoilsitheoir, Cló Iar-Chonnacht, as ucht a gcead an t‑ábhar a fhoilsiú.

Ailt agus aistí

  • ‘Claidhe na Muice Duibhe ar Mhuintir na Gaeltachta’, in An tÉireannach (Meán Fómhair, 1934).
  • ‘Caiscín: Altanna san Irish Times 1953/56′. Eag. Aindrias Ó Cathasaigh. Iontaobhas Uí Chadhain a d’fhoilsigh. Baile Átha Cliath: Coiscéim, 1998.
  • ‘Caithfear Éisteacht!: Aistí Mháirtín Uí Chadhain in Comhar‘. Eag. Liam Prút. Iontaobhas Uí Chadhain a d’fhoilsigh. Baile Átha Cliath: Comhar, 1999.
  • ‘An Ghaeilge Bheo – Destined to Pass’. Eag. Seán Ó Laighin. Iontaobhas Uí Chadhain a d’fhoilsigh. Baile Átha Cliath: Coiscéim, 2002.

Aistriúcháin

  • Saile Ní Chaomhánaigh (Sally Kavanagh, Charles Joseph Kickham). Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair, 1932.
  • ‘Culaith Uireasach’. (‘A Short Suit’, Lynn Doyle) i Rogha na gConnachtach. Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair, 1937.
  • ‘Móna’. Gearrscéal le Jakez Rio. Ón mBriotáinis, i gcomhar le G. Dourgwenu. Comhar, Deireadh Fómhair 1948.
  • ‘Féile Chorp Chríost’. Gearrscéal le Jakez Riou. Ón mBriotánais, i gcomhar le Gwion Hernot. Feasta, Nollaig 1950.
  • ‘Bean Deasuighthe na gCathaoireach’. (‘La Rempailleuse’ ó Fhraincis Guy de Maupassant) in Fíon Franncach. Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair, 1955.
  • ‘Aon Teanga don Bhreatain Bheag’. Alt le Saunders Lewis , ón mBreatnais. Comhar, Nollaig 1955.
  • ‘Cinniúint na Teanga’. (‘Tynged yr Iaith’, alt le Saunders Lewis) Comhar, Aibreán 1962.
  • ‘Gné eile de Shaothar Mháirtín Uí Chadhain’. Aistriúcháin ar The Shawl of Galway Grey agus Bonnie Mary of Argyle. Curtha ar fáil ag Seosamh Ó Duibhginn. Feasta, Feabhra 1974.
  • ‘Gné eile de Shaothar Mháirtín Uí Chadhain’. Aistriúcháin ar L’Internationalé agus The Red Flag. Curtha ar fáil ag Seosamh Ó Duibhginn. Feasta, Aibreán 1974.

Béaloideas

A bhailigh agus a d’fhoilsigh an Cadhnach féin.

  • Seanfhocail (Liosta). An Stoc, Eanáir 1928.
  • ‘Táilliúr a’ Mhagaidh’. Amhrán agus Nóta. An Stoc, Feabhra 1930.
  • ‘Thíos ag a’ Tobar’. Amhrán agus Nóta. An Stoc, Aibreán, 1930.
  • ‘Scéalta faoi na Naoimh’. Nóta eagarthóireachta leis an téacs. Béaloideas Iml. 2, Uimh 4 (1930), lgh. 384–93.
  • ‘Siubhán Nig Uidhir’. Amhrán agus Nóta. An Stoc, Eanáir-Feabhra 1931.
  • ‘Sgéaluigheacht Chois Fhairrge’. Nótaí eagarthóireachta leis an téacs. Béaloideas Iml. 4, Uimh 1 (1933), lgh. 62–88.
  • ‘Cnuasach ó Chois-Fharraige’. Béaloideas Iml. 5, Uimh 2 (Noll., 1935), lgh. 219–272.
  • ‘Dhá Scéal’, ‘Rí an Domhnaigh’ agus ‘Rúinnín agus Sprúillín’. Nóta ina dteannta. Béaloideas Iml. 6, Uimh 1 (Meith., 1936), lgh. 97–103.
  • Faoi Rothaí na Gréine: Amhráin as Conamara a bhailigh Máirtín Ó Cadhain. Eag. Ríonach uí Ógáin, buneag. Seosamh Ó Cadhain. Iontaobhas Uí Chadhain a d’fhoilsigh. Baile Átha Cliath: Coiscéim, 1999.

Gearrscéalta

  • Idir Shúgradh agus Dáiríre agus scéalta eile. Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair, 1939.
  • An Braon Broghach. Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair, 1948.
  • Cois Caoláire. Baile Átha Cliath: Sáirséal agus Dill, 1953.
  • An tSraith ar Lár. Baile Átha Cliath: Sáirséal agus Dill, 1967.
  • An tSraith dhá Tógáil. Sáirséal agus Dill, Baile Átha Cliath 1970.
  • An tSraith Tógtha. Sáirséal agus Dill, Baile Átha Cliath 1977.

Leabhráin agus paimfléid

  • Ceirníní na Gaeltacht: Consain na Gaeilge: the consonants of Irish. Text with translation and notes, Baile Átha Cliath: Spól, 1960. Leabhrán faoi fhuaimniú na gconsan, agus ceirnín den teideal céanna ar a raibh glórtha an Chadhnaigh agus Mháirín Ní Churraoin.
  • Bás Nó Beatha. Aistriúchán ar Tynged yr Iaith le Saunders Lewis. Réamhrá le Máirtín Ó Cadhain. Baile Átha Cliath: Sáirséal agus Dill, 1963.
  • Irish Above Politics. Baile Átha Cliath: Press Cuchulainn, 1964. Bunaithe ar thrí alt a scríobh Máirtín Ó Cadhain sa nuachtán Gaelic Weekly 7, 14 agus 21 Márta 1961. Déanann sé cur síos ann ar phlean leis an nGaeilge a tharrtháil.
  • Mr. Hill: Mr. Tara. Baile Átha Cliath: J. B. Houston, 1964.
  • Cosnaítear an Creideamh. Chuala tú faoi Rath Cairn? Droichead Átha: Clódóirí Dhroichead Átha, 1964.
  • ‘Cath Bhaile an Rodhba’. ‘Fógra Buíochais’. Misneach, Samhain 1965.
  • ‘Roinn an Oideachais Bhéarla’. Misneach, Nollaig-Eanáir 1965–6.
  • ‘Gleo. Gleo’. ‘Na hIarchoimisinéaraí Athbheochain’; ‘Ireland’; ‘An Páipéar Bán’; ‘Misneach Ru!’. Misneach, Aibreán 1966.
  • ‘Bunreacht Mhisneach’. ‘Ocastóireacht’; ‘Na hiar-choimisinéaraí Athbheochain’; ‘Foirmeachaí Gaeilge’; ‘Toomore’; ‘O Colla’; Mac na Mara; Mac Grianna; Morris’. Misneach, Meitheamh 1966.
  • Rerum Novarum‘. ‘Leitir Mealláin agus na hAifrinn Bhéarla’. Misneach, Fómhar 1966.
  • An Aisling. Baile Átha Cliath: An Coiste Cuimhneacháin Náisiúnta, 1966.
  • Ar Céalacan, ar Stailc Ocrais. Baile Átha Cliath: Misneach, 1966.
  • ‘Tithe Gaeltachta’. ‘Cúrsaí spriodáilte’. Misneach, Nollaig-Eanáir 1966–7.
  • Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca. Léacht a thug sé ag tionól de Chumann Merriman in Aonach Urmhumhan, 31 Eanáir 1969. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar Teo., 1969).
  • Gluaiseacht na Gaeilge: Gluaiseacht ar Strae, Baile Átha Cliath: Misneach, 1970. Caint a thug sé ag comhdháil an Chomhchaidrimh i dTír Chonaill, mí Lúnasa na bliana 1969.
  • The Gaelic League Idea, Corcaigh: Cló Mercier, 1972. Léacht Dáibhíseach a craoladh ar Radio Éireann, 12 Eanáir 1969.

Léachtaí

  • ‘Tuige nach bhfuil litríocht na Gaeilge ag fás?’ Léacht a thug sé don Chumann Liteartha, Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath in Feasta, Samhain 1949. Coimriú ar an léacht chéanna in Inniu, 28 Deireadh Fómhair 1949.
  • ‘Béaloideas’. Léacht a thug sé do Chumann na Scríbhneoirí, 11 Feabhra 1950; in Feasta, Márta 1950. ‘Oideas agus Eile’. Cuntas gearr ar an léacht in Inniu, 17 Feabhra 1950.
  • Cuntas ó thuairisceoir an nuachtáin ar an gcaint a rinne Máirtín Ó Cadhain agus rún buíochais á mholadh do Sheán Ó Súilleabháin aige as ucht léacht a thug sé dar teideal An Béaloideas sa Litríocht in Inniu, 9 Meitheamh 1950.
  • ‘Aidhmeanna Mhisneach’. Cuntas ar léacht a thug sé do Chraobh Liam Bulfin de Chonradh na Gaeilge in Inniu, 15 Iúil 1966.
  • ‘Litríocht gan saothrú a’s béim ar mhion-ghnéithe chultúir’. Teideal don chur síos ar léacht a thug sé ag comhdháil bhliantúil an Chomchaidrimh a tionóladh i dTír an Fhia ar an téama ‘Náisiún na hÉireann — Cad É?’ in Inniu, 5 Lúnasa 1966.
  • ‘Conradh na Gaeilge agus an Litríocht’. Léacht Dáibhíseach a craoladh ar Radio Éireann 12 Eanáir 1969. Foilsíodh (i) i The Gaelic League Idea, Corcaigh: Cló Mercier, 1972; (ii) ina dhá chuid in Inniu, 31 Eanáir 1969; 7 Feabhra 1969; (iii) ina dhá chuid in Comhar, Eanáir agus Feabhra 1973.
  • ‘Irish Prose in the Twentieth Century’. Léacht a thug sé ag Comhdháil Acadamh na Breataine Bige, Meán Fómhair, 1969 in Cardiff. Foilsithe in Literature in Celtic Countries. Cardiff: University of Wales Press, 1971.
  • ‘Tone – Inné agus Inniu’. Eag. Beirnedette Ní Rodaigh agus Eiblín Ní Allúráin. Iontaobhas Uí Chadhain a d’fhoilsigh. Baile Átha Cliath: Coiscéim, 1999.

Léirmheasanna

  • Dr. Jekyll agus Mr. Hyde. Aistriúchán le Conall Ceárnach ar leabhar R. L. Stevenson. An Stoc, Aibreán, 1930.
  • Scéalta ón gComraig le Sean de Búrca. Feasta, Eanáir 1949.
  • An Teach nár Tógadh le Máire D. Ó Gallchobhair. Ar Aghaidh, Márta 1949.
  • Tarry Flynn le Patrick Kavanagh. Comhar, Márta 1949.
  • Forbairt na Gaeilge le Niall Ó Domhnaill. Feasta, Nollaig 1951.
  • An Treallán. Iris na Roinne Oideachais. Le ‘Breallianmaith-arsatuanógcadhanmaolpote’. Comhar, Meitheamh 1952.
  • Oideachas in Iar-Chonnacht sa Naoú Céad Déag le Bríd Bean Uí Mhurchú. Irish Times, 9 Márta 1955.
  • West Highland Survey: An essay in human ecology le F. Fraser Darling. ‘An Gháidhealtachd’ is teideal don alt. Feasta, Feabhra 1957.
  • Ar Thóir Mo Shealbha le Tarlach Ó hUid. ‘Cuntas ar an I.R.A.’ is teideal dó. Feasta, Iúil 1960.
  • Burn is Aran le Iain Mac a’ Ghobhainn. Feasta, Nollaig 1960.
  • Ainmneacha Gaeilge na mBailte Poist i gCúige Chonnacht. Feasta, Eanáir 1961.
  • The Prose Writings of Donald Lamont, 1874–1958. Feasta, Feabhra 1961.
  • Studia Hibernica. Uimh. 1 1961 agus Galvia Iml. VII 1960. Feasta, Bealtaine 1961.
  • Studia Hibernica. Uimh. 2 1962. Feasta (i) Meitheamh 1962; (ii) Iúil 1962.
  • Adtimchiol an Chreidimh: The Gaelic Version of John Calvin’s Catechismus Ecclesiae Genevensis. eag. R.L. Thomson. Feasta, Lúnasa 1962.
  • Orain Iain Luim. Curtha in eagar ag Annie M. MacKenzie. Feasta, Samhain 1964.
  • An Béal Bocht le Myles na gCopaleen. ‘Leabhar atá ar Aora Móra Phróis na Gaeilge’ is teideal don alt. Feasta, Aibreán 1965.
  • Téid Focal le Gaoith le Proinsias Mac an Bheatha. Comhar, Deireadh Fómhair 1967.
  • Cúirt an Mheáin Oíche. Curtha in eagar ag Dáithí Ó hUaithne. ‘Curamhír Phobal na Gaeilge’ is teideal don alt. Comhar, Nollaig 1968.

Úrscéalta

  • Cré na Cille. Baile Átha Cliath: Sáirséal agus Dill, 1949.
  • Athnuachan. Réamhrá leis an Ath. Breandán Ó Doibhlin. Baile Átha Cliath: Coiscéim, 1995.
  • Barbed Wire. In eagar ag Cathal Ó Háinle. Baile Átha Cliath: Coiscéim, 2002.

An Cadhnach ar líne: tuilleadh léitheoireachta

Tá roinnt páipéar de chuid an Chadhnaigh ar fáil ar líne i gcartlann Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.