Iontaobhas Uí Chadhain

Léim go: Céard é? | Pleananna | Stiúrthóirí

Céard é an tIontaobhas?

Thosaigh Iontaobhas Uí Chadhain ag feidhmiú mar choiste i 1988 le leanúint leis an gcatalógú a bhí déanta ag Beirnidette Ní Rodaigh agus cairde dá cuid ar bhailiúchán páipéar Mháirtín Uí Chadhain agus le cinntí a dhéanamh faoin mbealach ab fhearr le déileáil leis. Ansin bronnadh a chuid páipéar ar leabharlann Choláiste na Tríonóide ar 10 Meitheamh 1996 agus is féidir iad a cheadú ansin. Rinneadh na páipéir a mheas, i gcomhar le hacadúlaithe measúla, agus roghnaíodh ábhar a measadh a bheith infhoilsithe idir 1995 agus 2002. Rinneadh Cuideachta faoi Theorainn Ráthaíochta agus gan Scairchaipiteal den Iontaobhas go hoifigiúil ar 10 Iúil 2015, agus bronnadh stádas carthanach ar an Iontaobhas ar 10ú Lúnasa 2018.

Tá bunáite an tsaothair a bhí neamhfhoilsithe tar éis a bháis i 1970 foilsithe anois. Níos tábhachtaí fós, tá saothar iomlán an Chadhnaigh i gcló den chéad uair le fada, a bhuíochas sin den chuid is mó don fhoilsitheoir, Cló Iar-Chonnacht.

Tá an saothar seo á roinnt anois leo siúd nach bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu. Foilsíodh leagan Béarla de Cré na Cille i 2015 (aistriúchán le Alan Titley) agus leagan eile de i 2016 (le Liam Mac Con Iomaire agus Tim Robinson). Tá leaganacha de ar fáil i réimse teangacha eile freisin: An Ioruais, An Danmhairgis, An Ghearmáinis, An Turcais, An Ísiltíris, An Iodáilis, an Ungáiris agus An tSeicis ina measc. Tá roinnt de na gearrscéalta is cáiliúla a scríobh an Cadhnach aistrithe go teangacha eile le tamall anuas chomh maith, agus tuilleadh ar na bacáin. Níl aon amhras ach go bhfuil suim nua á léiriú i scríbhinní an Chadhnaigh arís.

Pleananna reatha, meántéarmacha agus fadtéarmacha

  • Tionscadal leanúnach go maith is ea an láithreán gréasáin seo. Tá Iontaobhas Uí Chadhain ag féachaint le breis ábhair, cuid de ar ábhar ilmheán é, a aithint agus a bhailiú ó údair nó ó eagraíochtaí ábhartha. Tá an t‑ábhar seo á chur leis an láithreán de réir mar a dheonaítear ceadanna.
  • Tá an tIontaobhas ag obair faoi láthair ar thionscadal chun dealbh lánmhéide den Chadhnach a choimisiúnú. Tá sé i gceist go ndéanfar an dealbh a shuíomh sa Spidéal féin nó, b’fhéidir, ar shuíomh feiliúnach gar dó. Rinneadh taighde agus réamhullmhúchán cheana féin, agus tá cead pleanála á lorg.
  • Plean eile is ea taispeántas buan maidir leis an gCadhnach a chur i dtoll a chéile agus a shuíomh sa Spidéal nó sa gceantar gar dó.
  • Tá pleananna eile againn sa bhfadtéarma, maidir le haird a tharraingt ar shaothar an Chadhnaigh agus lena cháil a leathadh, trí chomhdhálacha agus seimineáir faoi shaothar agus oidhreacht Uí Chadhain a spreagadh agus tacú leo.
  • Pleananna níos uaillmhianaí fós is ea:
    • Suíomh fhothrach an tí inar rugadh an Cadhnach a cheannach agus a fhorbairt mar ionad inspéise. Tá an teach féin tite chun raice in imeacht na mblianta agus tá sé féin agus an garraí timpeall air foirgthe le fiailí. Tá sé i gceist i dtosach an oiread agus is féidir den fhoirgneamh atá fanta a dhaingniú agus na fothraigh a shlánú sa gcaoi go mbeidh cuairteoirí in ann teacht chuig an suíomh. Ar na háiseanna atá i gceist don chéad chéim den fhorbairt tá cosáin mar bhealaí isteach do choisithe, carrchlós, agus sraith plaiceanna eolais faoin gCadhnach a bheidh díonach ar an aimsir, agus iad seo go léir le tógáil ar bhealach neamhscriosach ar fud an tsuímh.

Stiúrthóirí Boird

Cathaoirleach

Le fógairt.

Leas-chathaoirleach

Le fógairt.

Máirtín Ó Cadhain (rúnaí)

I Marino i mBaile Átha Cliath a rugadh is a tógadh Máirtín, agus ba dheartháir don Chadhnach a athair Joe. Ba as Garmna, an t‑oileán atá idir Leitir Móir agus Leitir Mealláin, a mháthair Cáit Bhreathnach.

Chuaigh ar scoil ag na Bráithre Críostaí i Marino agus i gColáiste Mhuire, Cearnóg Pharnell. Bhain céim onórach sa Nua-Ghaeilge agus Sean-Ghaeilge i gColáiste na Tríonóide, le Gradam sa nGaeilge Labhartha.

Chaith tríocha bliain ina eagarthóir sa nGúm, agus dhá bhliain ina dhiaidh sin ag obair go páirtaimseartha ar an bhFoclóir nua Béarla-Gaeilge.

D’aistrigh go dtí an Spidéal in 2009, agus tá cónaí air ann ó shin.

Chaith sé blianta fada ó 1988 ag críochnú catalógú a bhí ar bun ag Beirnidette Ní Rodaigh (deirfiúr bhean an Chadhnaigh) ar Pháipéir an Chadhnaigh, i gcomhar le gaolta eile. Tá sé páirteach i ngach gné d’obair Iontaobhas Uí Chadhain le tríocha bliain, mar Rúnaí ar an Iontaobhas, agus is mór aige saothar an Chadhnaigh a chur chun cinn ar gach bealach.

Seán Ó Cadhain (Stiúrthóir)

Rugadh Seán ar an gCnocán Glas, An Spidéal. Deartháir do Mháirtín Ó Cadhain é a athair, Pádhraic. Fuair sé a chuid oideachais i Scoil Mhíchíl, An Spidéal agus i gColáiste Muire, Gaillimh. Bhain sé céim BA i Riarachán Poiblí ón bhForas Riaracháin, Ard-Diplóma sa Leabharlannaíocht ó Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus MA sa Ghaeilge Fheidhmeach ó Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath.

D’oibrigh sé i Leabharlanna Poiblí Chathair Átha Cliath le os cionn dhá scór bliain go ndeachaigh sé ar scor i 2012. Ag aisteoireacht le compántais drámaíochta éagsúla le scór bliain anuas. Ina measc Aisteoirí Míde, An Béal Binn agus Aisteoirí Bulfin. Tá sé bainteach le hIontaobhas Uí Chadhain ó bunaíodh é i 1988, i dteannta gaolta eile. Ar dtús ag críochnú an chatalógú ar pháipéir agus lámhscríbhinní an Chadhnaigh sular bronnadh ar Choláiste na Tríonóide iad i 1996; ansin ag réiteach na scríbhinní neamhfhoilsithe agus ag fáil eagarthóirí chun iad a fhoilsiú. Bhí sé lárnach i gcomóradh céid bhreith an Chadhnaigh i 2006.

Chaith sé breis agus scór bliain ina Chathaoirleach agus mar urlabhraí ar son an Iontaobhais. Ba mhaith leis eolas ar shaol agus ar shaothar an Chadhnaigh a bheith ar fáil ar fud an domhain mhóir.

Fidelma Ní Ghallchobhair (Stiúrthóir)

Rugadh agus tógadh i gContae Chill Dara Fidelma, agus thugadh sí cuairteanna rialta ar Ghaeltacht Láir Thír Chonaill, áit dúchais a máthar. D’fhreastail sí ar mheánscoil de chineál Scoil A i Móinteach Mílic, Contae Laoise, áit a bhfuair sí oideachas lán-Ghaelach. Bhain sí bunchéim amach sa Ghaeilge agus sa Laidin agus iarchéim sa Nua-Ghaeilge, chomh maith leis an ATO (Ard-Teastas san Oideachas) i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh, tráth ar chaith sí tréimhsí i nGaeltacht Chonamara. D’oibrigh sí ar feadh roinnt blianta mar eagarthóir ar théacsleabhair agus ar leabhair do pháistí in An Gúm. Chuaigh sí ag obair ansin don Choiste Téarmaíochta, agus is ball í den Choiste sin i gcónaí.

Tá Fidelma gníomhach le fada i gcúrsaí drámaíochta Gaeilge le hAisteoirí Bulfin i mBaile Átha Cliath. Chóirigh sí dhá ghearrscéal leis an gCadhnach mar dhrámaí, An Eochair (2006) agus Círéib (2010), agus tá i gceist aici a thuilleadh acu a chóiriú don stáitse. Is breá léi an greann, an tsamhlaíocht agus an saibhreas teanga i saothar Uí Chadhain.