Categories
Ábhar i nGaeilge Léachtaí ⁊ Cainteanna

An Currach agus ina Dhiaidh

Le Michael O’Riordan, Cathaoirleach Pháirtí Cumannach na hÉireann.

Ag Dáil Uí Chadhain a tugadh an léacht seo ar an 8 Aibreán 1989.

I mí Feabhra 1940, cúig mhí tar éis tús a bheith curtha leis an Dara Cogadh Domhanda, cuireadh i gcampa géibhinn an Churraigh mé in éineacht le beirt Chorcaíoch eile, Tadhg Ó Conaill agus Mícheál Ó Dúlaing. Ba phríosún beag é an teach gloine ar an gCurrach, le deich gcillín agus dhá fhichid ann — príosún do chiontóirí míleata. Nuair a cuireadh isteach muide ní raibh ach triúr internees eile ann.

Cuireadh sa ghéibheann mé 14 mhí i ndiaidh dom filleadh as an Spáinn nuair a tharraing Rialtas na Spáinne an Bhriogáid Idirnáisiúnta as. Taobh istigh d’achar beag cuireadh daoine eile a bhí sa Spáinn ann, Johnny Power as Port Láirge agus Paddy Smith as Baile Átha Cliath. Scaoileadh saor an triúr againn i mí na Nollag sa bhliain 1943.

Maidir leis an triúr Corcaíoch a d’ardaigh daonra an tí gloine ó thriúr go seisear i mí Feabhra 1940, tháinig méadú go mall ar mhéid an n‑internees nua san am sin. Ceapaim gur i mí Aibreáin 1940 a tháinig Máirtín Ó Cadhain isteach. Is é an chéad rian a d’fhág sé orm ná gur fear léinn, aisteach ar bhealach, léitheoir cíocrach, ar uairibh ciúin agus ar uairibh cainteach — rud ar bith ach gur shaighdiúir é. Tá an tuairim sin agam go fóill.

Ba i mí Meithimh 1940, measaim, a locadh cúpla céad duine a cuireadh faoi ghlas i Mountjoy agus i bpríosún i gCorcaigh; i ndiaidh cúpla seachtain tháinig siad isteach linne i gcampa géibhinn an Churraigh — Baile an Stáin. Ina dhiaidh sin, thosaigh an saol ag socrú síos don uile dhuine.

Ar ndóigh, ba í an cheist mhór pholaitiúil é an ceangal idir cath neamhspleáchas náisiúnta na hÉireann agus dul chun cinn an Chogaidh Dhomhanda. Cineál réamhphíosa dó sin, ar ndóigh, an feachtas buamála a bhí ar siúl ag an IRA i Sasana i 1939.

Bhí a lán de na hinternees ag súil le bua Gearmánach as an gCogadh. Cheap siad gurbh ionann ‘namhaid Shasana’ agus ‘cara na hÉireann’. Tá, agus bhí, an tuairim sin intuigthe, ach doghlactha ar fad i gcomhthéacs aidhm na Naitsíoch chun an Eoraip ar fad a chur faoina smacht; i gcomhthéacs a gciníochais, i gcomhthéacs a lucht taca — na rachmasaigh mhonaplacha cumhachta sa Ghearmáin agus a gcairde, na fórsaí faisisteacha idirnáisiúnta a bhí i ndiaidh Poblacht na Spáinne a chriogadh, agus a gcairde eile mar Tories na heite deise i Sasana agus i dtíortha Eorpacha eile.

Deirim arís é, cé gur féidir an dearcadh sin i leith an chogaidh a thuiscint mar gheall ar shampla Roger Casement sa chéad Chogadh Mór, ach bhí sé go hiomlán mícheart. Tháinig mé trasna ar ráiteas frithimpiriúlach a bhí i bhfad níos tírtghráiche i gceart, is é sin an méid a dúirt Terence Mac Swiney: If Ireland were to win freedom by helping directly or indirectly to crush another people she would earn the execration she has herself poured out on tyranny for ages.

Go fírinneach, ní foláir a rá nárbh í Éire ná an campa géibhinn an t‑aon ionad a raibh tuiscint chontráilte ar na Naitsíocha ann. Bhí sé mar an gcéannna i measc cuid de na náisiúnaithe, daoine náisiúnta, sa Bhriotáin, i bhFlóndras agus san India. Go deimhin, san India cuireadh ar bun léigiún ar ar tugadh Free India, a d’éirigh amach in aghaidh na Naitsíoch níos déanaí i gcampa Konigsbruck i 1934 — scaoileadh na ceannairí Indiacha ar an toirt.

Sa Churrach, sa tréimhse idir 1940 go Meitheamh 1941, bhí ceist an chogaidh agus an toradh a bheadh air ina hábhar díospóireachta i gcónaí. B’in tréimhse an ‘Chogaidh Bhreágaigh’, mar ní raibh ach fíorbheagán trodaíochta ar siúl, má bhí fein. Bhí siad ann i measc na n‑internees a thosaigh ar Ghearmáinis a fhoghlaim ag ceapadh go mbeadh an bua ag na Gearmánaigh. Bhí cuid eile a bhí go láidir agus go hardghlórach ag tacú le haidhmeanna cogaidh na Naitsíoch. Ní raibh Máirtín Ó Cadhain ina measc siúd.

Bhí grúpa fíorbheag dínn ann a bhí go cinnte in aghaidh an fhaisisteachais agus an Naitsíochais. Ní raibh Máirtín inár measc ach oiread.

Léigh mé faoi ráiteas uaidh le linn díospóireachta sa Churrach a bhí frith-Shóivéadach. Ach níl a fhios agam cén fhírinne a bhaineann leis an scéal sin. Dá mbeadh a fhios agam bheadh cuimhne agam air. Cén fáth nach mbeadh a fhios sin agam má dúradh a leithéid? Bhuel, bhí an t‑am ann nuair a bhí dhá champa san aon champa amháin; bhí scoilt ann ar ábhair nár bhain leis an gcogadh ar chor ar bith. Bhí Máirtín i gcampa amháin agus bhí mise sa cheann eile, agus ní raibh caidreamh ar bith idir an dá chineál.

I Meitheamh 1941 thug Hitler ionradh ar an Aontas Sóivéadach. Is cuimhin liom gur tugadh dúshlán fúm á rá Cár sheas an grúpa seo againne ansin?. Is é an freagra ná gur sheasamar leis an Aontas Sóivéadach. Agus ceist Ar sheasamar freisin ar thaobh na Breataine, na Stát Aontaithe agus na gComhghuaillithe?. Is é an freagra ná gur sheasamar leis an mBreatain agus leis na Stáit Aontaithe agus go seasaimis leis an diabhal féin dá mbeadh sé ag seasamh leis an Aontas Sóivéadach sa chogadh.

Ligigí dom scéal a insint daoibh faoi dhuine amháin a thug aghaidh ar an bhfadhb. Sin é Seán Mac Cumhaill as Tír Chonaill, seancheannaire poblachtach a chuaigh go dtí an tAontas Sóivéadach i 1929 agus i 1930 le haghaidh cúrsa leighis i gcoinne na heitinne — an TB. B’in an t‑am nach raibh ag muintir na Sóivéide le n‑ithe ach arán dubh; ach mar sin féin bhí siad ag tosú ar sheirbhís leighis a thógáil in ainneoin laghad a gcuid áiseanna. Cé nach raibh acu ach an beagán roinn siad go fial leis é agus níor dhein Seán Mac Cumhaill dearmad air sin riamh.

I Meitheamh 1941 bhí sé á chéasadh ag an gceist sin agus dúirt: Teastaíonn uaim go mbeidh an bua ag na Sóivéadaigh agus go mbeidh buaite ar na Sasanaigh. Níor leor domsa an abairt sin agus níor leor dó féin é ach an oiread. Fuair sé bás cúpla bliain i ndiaidh dó a bheith scaoilte saor agus mheas mé gur bhrostaigh an brú a mhothaigh sé óna sheasamh contráilte agus ón bhfadhb chontráilte a bhás.

Ní raibh aon iallach ar an gCadhnach freagra a thabhairt ar na ceisteanna a tugadh dár ngrúpa agus do Sheán Mac Cumhaill. Ach chuimhnigh sé ar a chaidreamh pearsanta linn in ainneoin ‘ár bpeaca náisiúnta’ go rabharmar ar aon taobh leis na Sasanaigh. Ach ba léir go raibh sé ag diansmaoineamh faoin gcor nua aisteach seo nach rabhthas riamh ag súil leis i bpolaitíocht na saoirse náisiúnta. Mar gheall ar an gcomhaontas nua sin bhí an ‘Union Jack’, na ‘Stars and Stripes’ agus bratach dhearg an ‘Hammer and Sickle’ le feiceáil le chéile. Agus b’ait an rud é, go deimhin, amhráin náisiúnta mar God Save the Queen, The Star-Spangled Banner, agus an tInternationale a chloisteáil á seimn i ndiaidh a chéile.

Thart ar mhí Iúil 1941 d’iarr mé ar Mháirtín an tInternationale agus an Red Flag a aistriú go Gaeilge. Agus é ina theangaire críochnaithe, thosaigh sé ag cur Gaeilge ar bhunleagan na Fraincise de l’Internationale. Seo é:

Músclaig, a bhratainn na cruinne,
a dhíogha an ocrais, aire dhaoibh!
Tá an tuiscint ina buabhall buile
Ag saighdeadh an duine chun malrait saoil.
De sheanré na ngeasróg déanam easair,
Ál na laincise, músclaig.
Sinne nach faic muid, gheobhaimid gradam
An seanreacht leagfar bunoscionn.

Is í an troid scoir í a bhráithre,
Éirímis chun gnímh,
An tINTERNATIONALE
Snaidhm comhair an chine dhaonna.
Is í an troid scoir í, a bhráithre,
Éirímis chun gnímh
An tINTERNATIONALE
A bhéas mar chine daonna.

Ceapaim go dtaispeánann cumas an aistriúcháin seo an próiseas athraithe in intinn Mháirtín Uí Chadhain, agus is aisteach an rud é, ach, arú inné, chuala mé an tInternationale — an t‑aistriúchán a rinne Máirtín Ó Cadhain, á chraoladh den chéad uair ar chlár de chuid BBC Radio Ulster faoi chogadh na Spáinne. Tá sé thar am do Raidió Éireann a leithéid a dhéamamh.

I mí Iúil 1941 bhí trí scoilt sa champa nár bhain leis an gcogadh ná leis an bpoblachtachas ach an oiread. Bhí an bheirt againn i gcodanna éagsúla agus mar sin ní raibh aon chaidreamh díreach againn lena chéile.

Casadh ar a chéile muid arís tar éis an Churraigh nuair a bhuail mé féin agus mo bhean air ag siúl trí South King Street i 1947. Bhí cúrsaí an-chairdiúil agus ina dhiaidh sin bhí caidreamh réasúnta rialta againn le chéile ó am go chéile.

Nílim cinnte faoin mbliain go cruinn ach amháin gur le linn cogaidh eile a bhí sí — Cogadh Fuar na gcaogaidí — gur ionsaíodh Frank Edwards agus mé féin go nimhneach sna nuachtáin mar chuid d’fheachtas frithchumannach. Scríobh Máirtín Ó Cadhain litir chuig an Evening Mail ár gcosaint ar an ionsaí. Ní raibh morán sásta seasamh linn an uair úd. Agus bhí a lán eile ciúin le heagla.

Arís nuair d’iarr an Cumann Cairdis Éire-APSS, is é sin, an Cumann Cairdis idir Éire agus an Union Soviete, air cuairt a thabhairt ar an Aontas Sóivéadach, d’aontaigh Máirtín gan dua cé nár ghnách thaisteal ann i rith an Chogaidh Fhuair. Chuaigh sé in éineacht le bean tírghráthóra na hÉireann, Maighréad Ní Mhaicín, a bhí ina poblachtach agus ina cara don Aontas Sóivéadach. Bhí Maighréad Ní Mhaicín ina léachtóir le Rúisis i gColáiste na Tríonóide agus d’aistrigh sí Chekov ón Rúisis go Gaeilge. Chuaigh siad go dtí an Chirgis (Kirghizia). Is dócha gurbh iad na chéad Éireannaigh riamh iad sa chuid sin den APSS. Thug an Cadhnach tuairisc faoi nuair a d’fhill sé. Ba thobar eolais a thuairisc, maisithe le seoda mothúcháin is tuisceana. Is cóir níos mó a scríobh faoin gcuairt sin chun na Cirgise agus é a fhoilsiú. Tá súil agam go dtabharfaidh scoláire éigin faoi.

Mar sin ag críochnú dom, is éard atá ráite agam anseo ná mo thuairim fhírinneach faoi agus mo chuimhne leanúnach ar Mháirtín Ó Cadhain. Is iad mo thuairimí iad de dhuine le linn athruithe agus fáis. Caithfidh sibhse iad a mheas le chéile cá rachadh an t‑athrú sin murach go bhfuair sé bás i 1970 — sé bliana níos lú ná an aois Bhíoblach: deich is trí fichid a bhfuil sáraithe ag cuid againn.

Go raibh maith agaibh as an éisteacht.

Tá Iontaobhas Uí Chadhain fíorbhuíoch den údar as ucht a chead an léacht seo a fhoilsiú.