Categories
Ábhar i nGaeilge Ailt ⁊ Aistí

Athchuairt ar an Duibheagán: An Eagna i Saothar Liteartha Mháirtín Uí Chadhain

Le Máire Ní Annracháin.

In Léachtaí Cholm Cille XXXVII a céadfhoilsíodh an t‑alt seo.

An eagna, a dúirt Job,1, An eagna, cá bhfuil sí le fáil, agus cá bhfuil teacht ar an tuiscint?2 Baineann an cheist le cúram bunúsach na daonnachta faoin rud is cóir a dhéanamh sa saol seo agus faoin áit a bhfuil slánú le fáil. Féachann traidisiúin chultúrtha le freagra a oibriú amach ar na ceisteanna seo, agus ní haon eisceacht é traidisiún na Gaeilge. Le simpliú agus b’fhéidir róshimpliú a dhéanamh air seo, bhí dhá chloch mhóra ar phaidrín traidisiúnta na Gaeilge: an laochas agus an Chríostaíocht. Ó am go chéile bhí an trí cloch ann, cloch an ghrá.

Níl aon amhras orm ach gur scríbhneoir é Máirtín Ó Cadhain a bhfuil ionad tuillte aige i measc scríbhneoirí na heagna. Tá sé áitithe ag léirmheastóirí áirithe gurb é an duibheagán domhan samhlaitheach an Chadhnaigh.3 Ní fheicim féin, áfach, gurb é an duibheagán an t‑aon tuiscint amháin a dtugann a shaothar fianaise di. Ina theannta sin, cé go bhfuil cuid mhaith den cheart acu siúd a leag méir ar an bhfadfhulaingt agus ar an ngáire dóite mar phríomhuirlisí ag a chuid carachtar le teacht slán, agus, i gcás an gháire, mar shólás dá léitheoirí, creidim go raibh uirlisí eile aige freisin ar mhaith liom díriú orthu sa bpaipéar seo. Tagraím go speisialta do na himpleachtaí a eascraíonn as a stádas mar ‘chainteoir dúchais’ de chuid na gcóras sin thuas, an Chríostaíocht agus an laochas, agus fiú amháin an grá. Chuir siad sin uile fráma samhlaitheach ar fáil dó chun an domhan a thuiscint. Ba ‘chainteoir dúchais’ é de chuid litríocht agus bhéaloideas na Gaeilge, agus cainteoir dúchais chomh maith céanna de chuid na Críostaíochta.

Thit sé mar chúram ar an gCadhnach (nó mar chrann, cá bhfios) gan a bheith traidisiúnta, ainneoin a ndúirt sé faoi féin gur as saol an bhéaloidis a fáisceadh é. Bhí sé nua-aimseartha, bhain sé leis an nua-aoiseachas, agus ní raibh aon rogha aige ach snámh ann agus a fhís mhorálta agus liteartha a oibriú amach ann. Má tá an féin-chomhfhios ar cheann de chomharthaí sóirt an nua-aoiseachais, fágann sé sin nach féidir le scríbhneoirí an lae inniu glacadh gan ceist leis na frámaí tagartha a fuaireadar le hoidhreacht mar chainteoirí dúchais. Dá bhrí sin, sa mhéid is go raibh sé le haon leas a bhaint as na traidisiúin a fuair sé le hoidhreacht, b’éigean dó, dá dheargainneoin féin, iad a athinsint, is cuma cé acu go comhfhiosach nó go neamhchomhfhiosach, is cuma cé acu chun teacht glan leo nó chun teacht salach orthu.

Tugtar ‘athscríobh na miotas’ air seo go minic, is cuma cén sort miotas a bhíonn i gceist, laochúil, Críostaí nó eile. Ar an gcuid is lú, baintear casadh as pearsa nó as scéal inaitheanta agus is iomaí crut is féidir a bheith ar an gcasadh sin — é ina leid, nó ina leagan rómánsúil nó íorónta, den bhunrud. Agus go rímhinic, is é an casadh is mó is spéis linn agus is mó a thugann brí don aiste nua.

É sin ráite, níl aon nuáil as cuimse ag baint leis an athinsint per se. I gcás na Críostaíochta agus an traidisiúin liteartha shaolta araon, tá an t‑athshaothrú ar siúl ar feadh na gcéadta bliain cheana féin. Gan ach dhá shampla a lua, cuimhním ar Cholm Cille, a bhfuil scéalta againn faoi as foinsí éagsúla ón luathlitríocht Laidine suas go dtí béaloideas an lae inniu agus, mutatis mutandis, cuimhním ar Fhionn Mac Cumhaill, nach bhfuair bás laistigh de scéal riamh agus nár tháinig deireadh leis mar phearsa a ghineann scéalta riamh. Anuas air sin, is cineál athinsinte ar an laochas atá sa Chríostaíocht. Tá fhios againn go bhfuil athinsint ar scéal an laoich sa Chríostaíocht féin, mar is léir ó na cosúlachtaí idir an bheathaisnéis laochúil agus beatha Chríost. Níl scoláirí ar fad ar aon intinn faoin gcor a chuir an Chríostaíocht sna córais a bhí ann roimpi, ná faoin mbealach is fearr leis an ngaol eatarthu a thuiscint. Déanann René Girard4 amach nach leagan eile fós den laochas atá ann, ach leagan a iompaíonn an bunscéal bunoscionn ar fad, go híorónta, sa chaoi gurb is iad malairt ghlan a chéile iad. Déanann Harold Bloom5 amach, ar an lámh eile, nach raibh sé de bhundhifear idir na sean-Ghiúdaigh agus na sean-Ghréagaigh ach go raibh muinín ag na Giúdaigh as Dia, a bhí ar a son, agus nach raibh aon mhuinín ag na Gréagaigh i rud ar bith ach ina neart féin, ná conradh acu le dia ar bith.

An Chríostaíocht

Má tá sé bailí féachaint ar an gCríostaíocht mar leagan droim ar ais den laochas dúchasach nó réamhchríostaí, tá sé chomh bailí céanna an léamh frithchríostaí a thuiscint mar chuid den dúchas. Tá seo fíor ní amháin go teoiriciúil, ach go stairiúil. Níl aon amhras ach go raibh an-chuid den fhilíocht dhiaga sa Ghaeilge ag dul siar go dtí an tús, agus an-chuid naomhsheanchais agus sceálta eile a mhórann cumhacht na Críostaíochta. Ceist eile is ea é cé chomh doimhin is a fréamhaíodh luachanna raidiceacha na Críostaíochta. An maiteaneas, meas ar an té a bhí lag, gan spéis a bheith agat i maoin an tsaoil: níl mórán fianaise orthu sin i litríocht na Gaeilge. Dá bhrí sin, má scrúdaímid litríocht chomhaimseartha na Gaeilge agus má thagaimid ar an gconclúid go bhfuil roinnt mhaith di nach dtugann fianaise don chineál luacha a shamhlófaí anois leis an gCríostaíocht, ní hin le rá gur casadh ollmhór i roth na litríochta ná i roth an chultúir é. Smaoinigh ar Chaoineadh Airt Uí Laoghaire, gan oiread na fríde den sólás Críostaí ag gabháil leis. Ní fheicim gur éirigh le hEibhlín Dubh (más í a chum) aon chreideamh in aon chor a bhaint amach i bhflúirseacht ná cineáltas na beatha, i múnla Críostaí ná neamhchríostaí, ach oiread le Merriman i gCúirt an Mheon-Oíche.

Is féidir, mar sin, féachaint ar an gCríostaíocht agus an laochas mar mhalairt ghlan a chéile, nó mar leaganacha (íorónta) dá chéile, agus ar aon nós tá nós na hathinste go smior sa traidisiún. Is léir go bhfuil na catagóirí ‘Críostaí’ agus ‘saolta’, agus ‘Críostaí’ agus ‘dúchas’, fite fuaite ina chéile, gan teorainn shoiléir eatarthu. Dá bhrí sin, nuair a scríobh Máirtín Ó Cadhain Cré na Cille d’fhéadfaí a rá go raibh sé ag leanúint traidisiúin áirithe de chuid litríocht na Gaeilge a d’fhéach ar an mbás mar thubaist gan leigheas. Sa mhéid is go raibh na mairbh ag caint, níorbh aon fhoinse sóláis é sin ach macalla de na scéalta iomadúla ina dtagann duine marbh ar ais mar thaibhse toisc go bhfuil uafás déanta aige nár maitheadh tríd an bhfaoistin agus é beo.

Ní lipéidí atá á lorg agam, ach rian na Críostaíochta. Ní fheicim aon deacracht le rian íorónta, a chasfadh a dtuigimid le Críostaíocht bunoscionn. An áit a bhfeicim an deacracht, nuair atá an rian chomh caolchúiseach sin go mbraithfeá go raibh an iomarca brú á chur agat ar théacsanna. Bíonn an chontúirt is mó ann, sílim, nuair a bhogtar an anailís amach as leaganacha de sheanscéalta atá so-aitheanta, i dtreo leaganacha nach bhfuil iontu ach leideanna, nó níos faide fós, i dtreo coincheapa.

Is é atá i gceist agam le coincheap anseo, rud gar go maith do ‘théama’, bunchloch nach scéal ná mótif ná pearsa inaitheanta í. Ainneoin an dainséir, pléifidh mé le péire acu, an t‑eolas agus an maiteanas.

Bhí ceist an eolais ag croílár scéal na titime sa Bhíobla, agus tá an t‑eolas ina bhunchloch i scéalta an Chadhnaigh. Níl aon ghanntanas samplaí. Cuimhnigh ar a mhinicí is a mhínítear an t‑olc i dtéarmaí an eolais, go háirithe i dtéarmaí teacht ar an eolas. Tá sé seo chomh forleathan sin gur deacair gan macalla scéal an ghairdín a chloisteáil, agus úll na haithne á ithe. Ó am go chéile bíonn sé seo nach mór follasach, cuirim i gcás sa scéal ‘An Seanfhear’6. Tagann pearsa an scéil chun tuisceana nua dó féin agus dá fhantasaíocht trí bheith ag caint le seanfhear a deir go bhfuil galar ina scornach, in úll na brád (Adam’s apple i mBéarla), ón uair gur caitheadh amach as gairdin álainn in oirthear domhain é. Airíonn sé píosa den úll a thug ainnir mhealltach dó greamaithe ina scornach, ach deir na dochtúirí nach bhfuil tada ann. Tuigeann an scéalaí gurb ionann ábhar a fhantasaíochta féin agus eachtra an tseanfhir: Ag spaisteoireacht faoi scáth na gcrann uaibhreach i ngáirdín oirthearach, le ainnir ba scéimhiúla ná an ghriansholas. Lámh ina hascaill agam. Na crainnte ag cromadh le meas…7.

Cé nach dtarlaíonn tada sa scéal, tuigeann an scéalaí ag an deireadh go bhfuil galar an tseanfhir air féin. Is ionann an galar agus féinaithne, agus ní aithníonn an saol mar ghalar é chor ar bith, ach mar ghnáthstaid daonna. B’fhéidir, fiú amháin, gurb é an seanfhear é féin, is é sin gur ionann an bheirt acu. An t‑aon rud a tharla i gcaitheamh an scéil, gur éist sé le clamhsán agus le scéal an tseanfhir agus tríd sin gur chuir sé aithne air féin mar dhuine smálta, tinn. Tá ionannú déanta idir an tinneas agus an daonnacht, agus is é an t‑eolas, nó an tuiscint, a athraíonn gach rud. Is é an tuiscint go bhfuil sé féin i gcomhchiontacht leis an seanfhear an t‑uafás a ‘tharlaíonn’ don chainteoir, agus ag deireadh an scéil tá an tinneas céanna air féin is a bhí ar an seanfhear. Tá macalla eile tríd síos freisin, ar shacraimint an Bhaistidh, ach é gan rath: nigh amach do chraos le huisce is salann adeir na dochtúirí uile.

Ní i gcónaí a bhíonn an galar a bhaineann le teacht ar an eolas chomh follasach sin. Tá sé ann i gcúla téarmaí sa scéal ‘I mBus Cathrach’8. Ní tharlaíonn tada ach go bhfuil taobh amháin de chomhrá gasúir lena mháthair ar an mbus le cloisteáil. Is é donas an scéil go dtagaimid ar an eolas faoin chúrsaí sa mbaile acu agus go dtuigimid faoin deireadh go bhfuil an pósadh briste ón oíche roimhe sin. Tá an t‑athair tar éis imeacht. Seo fíorbhlaiseadh d’úll na haithne, agus é ag teacht chugainn ar bhealach chomh suarach, trí muide ag cúléisteacht le taobh amháin de chomhrá a bhí ar siúl idir páiste agus a mháthair.

Sa scéal ‘Fios’9 féin, is é an t‑eolas breise atá ag duine amháin de na carachtair a scarann amach óna chomharsana é, agus a scoilteann aontacht an ghrúpa. Eolas é nach bhfuil sé sásta a roinnt, eolas a léiríonn agus a chruthaíonn an deighilt: Tá fhios agamsa é. Tá fhios agamsa go maith é arsa seisean arís de ghlór buacach údarásach: glór an fheasa.10 Agus tugtar an léitheoir isteach sa bhfáinne fí, mar a thaispeáin Declan Kiberd11, is cúléisteoirí iad na léitheoirí, a fhaigheann a gcuid eolais i ngan fhios.

Scéal é ‘Crosaire Iarannróid’12 faoi bheirt fhear meánaosta a chastar ar a chéile ar traein ag dul siar. Nuair a fheiceann siad bean mhéanaosta ag seasamh ag stáisiún áirithe, ag stáisiún na croise, míníonn duine amháin don duine eile go bhfuil aithne mhaith uirthi. Tagann sí le castáil le chuile traein i ngeall ar ghealltanas éadrom a thug fear óg eicint di na blianta ó shin nach stopfadh sé an uair sin ach go mbeadh sé roimpi an chéad lá eile. Arís, is é bunús an scéil gur eolas nua é seo don dara fear, eolas a mhíníonn dó gurbh é féin an fear óg sin fadó, agus gur eisean, dá bhrí sin, atá ‘ciontach’ nó ‘freagrach’ as saol na mná óige a chur ó mhaith. Ní fhaca mé ann ach bean a raibh sifín liath teagtha thrín a cuid gruaige, ag crosaire iarannróid lá aoibhinn samhra, lá den bheagán laethantaí ariamh a bhfaca mé an ceantar seo chois sáile ina bhuaile gheal ghréine.13 Go hachomair, cuimhníonn sé ar rud a tharla a raibh baint aige féin leis i bhfad siar agus tagann sé ar an eolas faoi seo trína chuimhne agus trí scéal na mná a chloisteáil san am i láthair. Seo, go deimhin, an duibheagán a luaim sa teideal, an dubhdoircheacht atá á samhlú leis an gCadhnach ó thus a shaothair.

Sílim go bhfuil rian na Críostaíochta le brath sna scéalta caolchúiseacha seo, nach bhfuil iontu ach leid, a bhfuil bunscéal na titime sa ghairdín chomh maolaithe iontu nach bhfuil fágtha ach coincheap an eolais a nochtann, le fíor-chorreisceacht, tubaistí is dochar. Uaireanta, áfach, bíonn an t‑eolas débhríoch, agus tugann sé seo muid ag cuid na scéalta is suaithinsí ar fad: ‘Ciumhais an Chriathraigh’14, ‘An Strainséara’15, Cré na Cille16. Ceist mhór amháin atá ina bunchloch ag ‘Ciumhais an Chriathraigh’: cén chaoi a n‑inseodh príomhcharachtar an scéil, Muiréad, a scéal don tsagart? Smaoiníonn sí siar ar imeachtaí na hoíche ar casadh fear óg uirthi ag bainis, phóg sé í trí thimpiste. Ba léir gur shuaitheadh iomlán di seo ina saol díograiseach, rófhreagrach, uaigneach ag stracadh leis an talamh. Sa deireadh, deir sí go raibh scéal aici anois, a scéal féin, chomh maith le scéal éinne eile, go bhféadfadh sí rud álainn a dhéanamh dá saol, agus fiú amháin amhrán a dhéanamh as. Go deimhin, tá sí ar bhruach an tslánaithe. Ag an bhfíordheireadh, áfach, tagann sí ar ais ag an tseancheist: cén chaoi a n‑inseodh sí seo, peaca seo na bainse a thug an oiread sin sóláis leis, don tsagart. Agus don chéad uair tríd an scéal, tá eolas cinnte aici: ní fhéadfadh sí é a inseacht don tsagart17.

Ní rachainnse chomh fada lena rá go bhfuil saoirse dheifinídeach aimsithe anseo aici, ná gur éirigh léi bagáiste na himní i dtaobh an tsagairt a ligean di ar fad, ach ní fheicim ach oiread go dtiteann sí siar ar fad san umar ina raibh sí ag an tús. Braithim débhríoch é: seans go bhfuil sí ar ais ag an tús, ach seans freisin gur tús nua é, gan é a inseacht don tsagart. Sa gcás seo, cé gur bocht bearnach an slánú é, ar a laghad tá an fhéidearthacht ann. Go híorónta, ag an deireadh tagann an t‑eolas chuici, ach ag an am céanna tá éiginnteacht ann faoi bhrí an eolais. Is í an éiginnteacht sin faoi bhrí an eolais, agus ní an t‑eolas cinnte ann féin, a osclaíonn suas féidearthacht an tslánaithe. (Gné eile de seo ar fad, ar ndóigh, is ea go mbaineann an slánú sin le cúl a thabhairt leis an eaglais, ach ní hé sin is ábhar dom anseo. An t‑eolas mar bhunchloch de chuid na Críostaíochta atá idir lámha agam, agus ní foras na heaglaise.)

Tarlaíonn rud cosúil leis seo sa scéal fada ‘An Strainséara’. Tá Nóra bhocht cráite tríd an scéal toisc gur rugadh a cúigear clainne marbh agus dá bhrí sin nár baisteadh iad. Tá sé ina ghéarchéim anseo ó tharla go bhfuil a fear, Micil, tar éis mac deirféar léise a thabhairt isteach ar an teallach le go bhfágfaí an talamh i lámha na muintire. Ag deireadh an scéil, tarlaíonn rud eicínt atá, arís, débhríoch, ainneoin go gcreideann Nóra féin, a dtugann an reacaire a smaointe dúinn tríd an stíl shaor indíreach, go bhfuil a bhfeiceann sí ag tarlú i ndáiríre. Feiceann sí an Mhaighdean Mhuire ag slánú a páistí agus ansin airíonn sí go bhfuil sí féin á slánú:

Thug an pictiúr amach i lár an tí, go ndearcadh é sa dorchadas…

B’fhíor é…

Bhí sciatháin na n‑aingeal ag foluain… Bhí brat Mhuire ag síneadh…

Ab bu búna! Ba shin iad iad… Micil Óg… Nóra…

Gháir na milliúin clog ‘Mac na hÓighe Slán’…

‘Sé do bheatha, a Mhuire…’18

Níl sé iomlán cinnte cén toradh a bhí air. Cé gur móide go bhfuil sí básaithe d’fhéadfadh sí a bheith tite i laige nó imithe as a meabhair. Ar aon nós is cinnte go bhfuil sí bailithe isteach in áit éigin eile. Tarlaíonn an scéal thar cupla lá san earrach — ón Déardaoin go dtí an Domhnach. Tá macalla soiléir de dheireadh seachtaine na Páise, ach an uair seo níl fhios againn an bhfuil aon aiséirí ann, nó i ndán di. Ar a laghad, fágann an éiginnteacht go bhfuil an deireadh oscailte. D’fhéadfadh slánú fiúntach a bheith ann di. Murab ionann agus ‘Ciumhais an Chriathraigh’, ní lasmuigh den eaglais ar fad a bhaineann suíomh an tslánaithe. Chomh maith leis an macalla de dheireadh na Cásca, is í an Mhaighdean Mhuire tobar pé slánú atá ann.

Glactar leis go coitianta gur leagan dubh dorcha den saol atá in Cré na Cille agus gur daoine mioscaiseacha, gangaideach iad muintir na cille, go háirithe Caitríona Pháidín féin. Glactar leis gur scéal é faoi thubaist i ndiaidh tubaiste, ach léimse na laethanta seo é mar leagan de scéal úll na haithne. Ní hé poll an duibheagáin amach is amach é áfach. Ní tharlaíonn tada tríd síos ach amháin bunscéal na beatha, is é sin, go bhfaigheann daoine bás. Tagann corp nua chun na cille ó am go chéile, ach níl aon tábhacht leo sin ach mar fhoinsí eolais don phríomhcharachtar Caitríona Pháidín. Thar aon rud eile, santaíonn sí an an t‑eolas agus dar léi is é an t‑eolas a shlánós í.

Le ceist, ag lorg eolais, a osclaíonn sí an leabhar: Ní mé an ar áit an phuint nó ar áit na cúig déag atá mé curtha?19 Is é sin, an bhfuil sí curtha san uaigh is daoire sa reilig, a chosnaíonn punt, nó sa dara cineál is fearr, a chosnaíonn cúig scilleacha déag. Tá an tríú cineál ann, uaigh na leathghine, agus ní shamhlódh sí go deo go gcuirfeadh a mac Páraic ina leithéid d’áit í. Dá mba í an tubaist amháin a bhí sa leabhar, bheifí ag súil gur measa an scéal ná rud ar bith a shamhlódh Caitríona, agus go bhfaigheadh sí amach tar éis an tsaoil gur in áit shuarach na leathgine a cuireadh í. Go deimhin ní mar sin atá: tá sí in áit na gcúig déag. Áit í seo nach bhfuil chomh maith le háit an phuint, ar ndóigh, ach ní hé an donas ar fad é. Agus níl ansin ach a thús. Bhí drochbhail ar Pháraic agus a chlann ar feadh scathaimh tar éis bhás Chaitríona, agus cheap sí gurbh í féin crann taca an teaghlaigh agus go raibh siad ag titim chun donais dá huireasa. Ach d’iompaigh rudaí chun bisigh. Tá seo milis agus searbh in éindí. Milis ann féin go bhfuil rath orthu, ach searbh sa mhéid is go dtuigeann muid gur i ngeall ar iad a bheith saor ó Chaitríona a tháinig an biseach.

Tá Caitríona gangaideach, cinnte, ach tá sí truamhéileach freisin. Tá croí mór aici i leith a mic agus a chlainne siúd. Má tá faltanas aici i gcaitheamh na mblianta lena deirfiúr Neil, a phós an té a raibh sí féin i ngrá leis, ar a laghad mhaith sí chuile shórt do bhean Pháraic nuair a rinne sise an beart in aghaidh Neil. Go hachomair, níl sí dubh ar fad fiú má tá sí dubh cuid mhaith.

Ag teacht ar ais ag ceist an eolais, feicim anois gur túisce a thagann Cré na Cille leis na scéalta atá débhríoch seachas leo siúd a fhéachann ar an eolas mar aicearra go hifreann. Faigheann sí amach nach bhfuil sí san áit is daoire, ach níl sí san áit is saoire. Faigheann sí amach nach raibh altóir mhaith airgid aici ag a sochraid, ach faigheann sí amach freisin gur fhág deirfiúr eile, Baba, ar a laghad cuid dá hairgead ag Páraic. An drochscéal faoi Mháirín óg, iníon Pháraic, a bheith caite amach as an gcoláiste, bréagnaítear é.

Agus más fíor-dhrochthréith í a cuid aineolais fúithi féin, í a bheith go hiomlán gan féinaithne agus féin-chomhfhiosachta, agus más é is measa faoi ná go nochtann sí a cuid drochthréithe eile ar fad gan iad a cheilt, fós, déanann an easpa féinaithne truamhéileach í freisin. Tá a cuid seifteanna chomh suarach agus éadóchasch sin. Tuigeann muid (arís, eolas) gurb é an grá cráite a mhill a saol, agus dá bhrí sin bíonn na léitheoirí chomh dona le chuile dhuine eile, ag ritheacht chun breithiúnais. Tagann muide, na léitheoirí, ar an eolas i gcaitheamh an scéil go raibh muid ag peacú, toisc go raibh muid ag caitheamh chlocha an bhreithiúnais le Caitríona. Agus foghlaimímid rud eile a d’fhéadfadh comhbhá a mhúscailt ionainn. Ba í an bhrisleach mhór i saol Chaitríona nach bhfuair sí Jeaic na Scolóige. Sin é a mhíníonn a saol, a mhíníonn móran chuile shórt a rinne sí. Grá cráite ar ollscála, grá cráite a mhill saol na mná, sin é scéal maorga Chaitríona. Go pointe áirithe, dar liom, cealaíonn sé sin an t‑olc i gcroí Chaitríona, agus músclaíonn sé comhbhá áirithe ionainn. Tá an t‑eolas, mar sin, áit éigin idir an mhaith agus an t‑olc.

Cad faoin eolas deiridh? An rún mór amháin a bhí fanta ina croí nuair a bhí diomua uirthi i dtaobh an uile rúin eile. Thar aon rud eile, bhí sí ag iarraidh crois de ghlaschloich an oileáin. Bhí go leor daoine eile á bhfáil. Bhí sí síoraí ag iarraidh a fháil amach a raibh aon chaint ar a ceann sise, an raibh sí réitithe nó ar a laghad ordaithe, agus ag an deireadh … níl sé soiléir. Nuair a chloiseann sí (agus muide) go bhfuil Neil ag ordú crois den ghlaschloich di féin, ní chuireann Caitríona aon cheist eile, ach déanann sí ráiteas cinnteachta: deir sí le Jeaic: Ní do ghlaschloich an Oileáin do chrois-sa ná mo chrois-sa20.

Conas é seo a léamh mar phíosa eolais? Cinnteacht gan bonn nó iomas luachmhar? Diomua, ag glacadh leis nach mbeidh an chrois aici a shantaigh sí? Lúcháir go bhfuil sí féin agus Jeaic aontaithe le chéile, sa riocht céanna, sa deireadh? Gur chuma faoin eolas, má tá a grá aici?

Níl sé soiléir. Ní fios cén stádas atá aige mar eolas, ach níos tábhachtaí, níl fhios againn brí mhothálach na bhfocal go cinnte, óir tá siad débhríoch. Ní tubaist ná trófaí é ach rud eicint idir eatarthu. Toisc go bhfuil an t‑eolas ann, ach nach bhfuil fhios againn cén chaoi lena léamh, fágtar muid, go híorónta, ar easpa eolais eile. Go híorónta, ní léir ar fad an tragóid nó coiméide é Cré na Cille. Más coiméide é ní i ngeall ar an ngreann é ach ar an ionchorprú. Bunchloch na coiméide é go n‑aontaítear daoine le chéile, malairt na tragóide, ina ndéantar duine a dhíbirt ar bhealach amháin nó a chéile as an bpobal. Bíodh is go bhfuil sé frith-instinneach againn gan an Cadhnach a léamh mar scríbhneoir thar a bheith dorcha, is féidir fós a áiteamh go bhfuil ionchorprú san iomaí ciall ar siúl sa leabhar. Ní amháin go gcuirtear na corpáin sa talamh, ach tá mar a bheadh an bheirt leannán (Caitríona agus Jeaic) a bhí scartha le fada, aontaithe le chéile arís. Cé go bhfuil an teacht le chéile sách searbh, mar sin féin tá lúcháir áirithe ar Chaitríona as a bheith in aice le Jeaic sa deireadh thiar, agus tá bunús maith traidisiúnta sa mbéaloideas a thacaíonn leis sin .i. na scéalta iomadúla faoi na leannáin a coinníodh ó chéile iad i gcaitheamh a saoil ach ar cuireadh in éineacht lena chéile ar deireadh iad.

Is dearcadh é seo atá an-fhada ón leagan den Chríostaíocht a bhí suas nuair a scríobh an Cadhnach Cré na Cille. Bhí an eaglais i mbarr a réime tar éis chaithréim na naoú haoise déag, agus ní raibh aon rian arbh fhiú trácht air den mbuama a bhí curtha ag tús an chéid ag Freud faoi nóisean na cinnteachta mar eiseamláir na fírinne. Is é sin le rá, dob é an t‑eolas cinnte sothomhaiste soiléir údarásach an fhírinne, agus ba í an fhírinne sin a thabharfadh i dtreo na saoirse tú. Má bhí eolas ag an eaglais, eolas an tslánaithe, sin malairt chrann na haithne in Genesis, ar nós gurbh é Críost ath-Adhamh agus an Mhaighdean Mhuire ath-Éabha, tugtha, sa dá chás, chun maithis.

Ní hin atá á rá ag an gCadhnach. Ina dhomhan siúd, is é an t‑eolas an titim, nó sin, ar an gcuid is fearr, pé slánú suarach atá le bheith ann is san éiginnteacht atá sé le fáil. Más san eolas atá an fabht, is san aineolas, nó san éiginnteacht atá pé dóchas ann atá le fáil. Feictear dom go bhfuil fo-sraith ina chuid scéalta a thugann le fios, ainneoin nach mbeidh gach rud i gceart ar fad, ar éigean a bheidh sé ina thubaist ghlan i gcónaí ach an oiread. Tá criticeas le brath ar an leabhar nach féidir liom a phlé anseo, agus a bhí, seans mhaith, neamh-chomhfhiosach ag an gCadhnach féin. Criticeas é ar an smaointeoireacht nua-aimseartha iar-Soillsithe, go mbeidh slánú le fáil san eolas cinnte.

Tá sé in am bogadh ar aghaidh chuig ceist an mhaiteanais. Luaigh mé cheana gur mhaith Caitríona Pháidín a cuid laigí do bhean a mic. Maiteanas a bhí ann, ceart go leor, ach leagan fíoríorónta. Chomh luath is a chuala sí gur bhuail bean a mic bob ar Neil, mhaith sí go leor dá raibh déanta aici. An maiteanas agus an t‑olc in éineacht. Ní deirim nár mhaiteanas é; ar a laghad ba shíocháin de chineál éigin é, nó leathmhaiteanas. Ba mhó de mhaiteanas é sin na an maiteanas a bhí in go leor scéalta eile, áfach. Tá muid ag caint anseo ar mhaiteanas praiticiúil réadúil, an croí crua nach n‑éireoidh go deo as an bhfaltanas. ‘Ceiliúradh an fhaltanais’ a thug Eoghan Ó hAnluain fadó ar an scéal ‘Fios’21. Smaoinigh freisin ar an mbean Méiní, sa sceál ‘Muintir na Croise’:

De chéimeanna spadánta a d’fhill Méiní chun an tí, ach ar a shon sin bhí a hintinn cho beo le spéor thoirní. Mara raibh grá ann b’fhéidir go raibh an díoltas ina mhothú cho daonna, cho shásúil, cho cumasach leis. Ba shin rud a thosaigh ag cur giodam aerach ina tromspaid de cholainn, rud eicint nach raibh Neilí in ann a bhaint di, ná eisean, ná mná an phobail. Ba mhothú é a d’fhéadfadh sí a oilíuint agus de réir mar a bhí dhá fheiceáil di, a d’fhéadfadh sí a bheith aici anseo ina seomra féin.22

Tá an rud céanna i gceist sa scéal ‘An tSraith ar Lár’:

Ba faltanas fós fearacht ariamh é scéal crua deacrach a shaoil le duine agus le dúil. Ba léar loinnir dhíbhirceach i súile a gceapfaí cúpla uair an chloig ó shoin go raibh a splanc ídithe.23

Má tá eagna le fáil anseo is cosúil go mbaineann sé le do namhaid a chloí.

Téann an Cadhnach i ngleic freisin le maiteanas de chineál níos meitifisiciúla. Tagraím anseo don chineál maiteanais atá ag brath ar údarás barántúil a bheith ann chun an t‑olc a mhaitheamh. Sainléiriú ar dhuibheagán scéalta Uí Chadhain é a leithéid d’údarás a bheith ar iarraidh. Is é ‘An Eochair’24 an sampla is soiléire. Seo an duine daonna, an té atá ag maireachtáil i ndomhan naimhdeach neamhthrócaireach. Is cinnte go ndéanfaidh sé faillí, mar sin é an nádúr daonna. Ní faillí mhorálta í go fiú, ach teip de bharr timpiste. Ar an drochuair, briseann an státseirbhíseach J. eochair an dorais san oifig fad is atá sé féin i mbun na hoifige agus a cheannasaí as baile. Níl an t‑údarás ag duine ar bith beo, polaiteoirí san áireamh, an doras a bhriseadh ina dhiaidh sin lena shaoradh, agus faigheann sé bás le tart i gcaitheamh an deireadh seachtaine. Aoir ar an státseirbhís atá ann, ar ndóigh, agus ar an bpairilis a deirtear a bhaineann léi. Chomh maith leis sin, insint mheafarach ar scéal na titime ó ghrásta atá ann, insint a bhaineann casadh íorónta as an mbunscéal. Tarlaíonn an tubaist agus faigheann an duine bás ní de bharr peaca (is é sin, ní de bharr an oilc mhorálta) ach de bharr an nádúir dhaonna, agus níl aon fhoinse údaráis ann chun ‘maiteanas’ ná leigheas a thabhairt. Agus tá an t‑iomlán áiféiseach: go bhfaigheadh duine bás toisc nach raibh sé d’údarás ag éinne an doras a leagan lena scaoileadh saor óna oifig, chomh háiféiseach céanna leis an domhan a leagfadh síos rialacha morálta gan foinse maiteanais. Seo an saol ina dhuibheagán, duibheagán an nádúir dhaonna.

An Laochas

Is beag nach leagan íorónta den laochas atá sa Chríostaíocht. Mar is eol dúinn, tá beathaisnéis Chríost bunaithe ar bheathaisnéis an laoich — an dá athair, na macghníomhartha, an tástáil, an bua agus sa deireadh an bás glórmhar — ach iad casta iomlán bunoscionn. Tá an athinsint ar ghníomhartha gaile Chú Chulainn, an riastradh san áireamh, léirmhínithe ag Gearóid Denvir i gcás an scéil ‘Gorta’25. Bhfuil carachtair eile ann a bhfuil blas an laoich orthu, más searbh féin an blas?

Tá fhios gurbh é an moladh bun agus barr an laochais. Moladh a dhéanamh ar an duine láidir aonair, ar a ghradam, ar a chumas míleata agus a ghaisce, ar a shaibhreas agus a fhéile, ar a ghaolta agus a dhathúlacht, a thionchar ar an domhan cruthaithe trí chomhbhá an dúlra. Bhíodh an t‑iomlán bunaithe ar fhann-chothromaíocht idir an duine agus dúlra, agus sa deireadh thiar tá sé bunaithe ar an tuiscint go bhfuil an duine i réim go dlisteanach. Tuigtear gur chun leasa an duine an córas seo, ar a laghad sa bhfadtéarma ach go minic sa ngearrthéarma freisin. Cloífidh an laoch do namhaid duit agus tabharfaidh sé aire go fial duit freisin.

Le teip chóras na ríthe agus na laochra agus le forás an daonlathais, tá sé spéisiúil a dhéanamh amach cén athinsint, nó cén casadh, is féidir a bhaint as clocha an laochais, ar clocha coirnéil iad san oiread sin den litríocht Ghaelach. Beag an baol go mbeadh aon sampla againn de laoch ar an sean-nós i scéal de chuid an Chadhnaigh.

Cleachtaítear trí fhéidearthacht go forleathan. A haon, gaisce a aithint san áit nach n‑aithnítí é — baill den chosmhuintir, abair, gan aon ghradam ach a chuireann gníomh i gcrích a éilíonn misneach. Sin é atá i gceist ag Somhairle Mac Gill‑Eain, cuirim i gcás, agus é ag ag trácht ar shaighdiúir anaithnid singil sa dán ‘Curaidhean’ (‘Gaiscígh’)26 nó arís an scéal ‘Gorta’ leis an gCadhnach; a dó, é a thabhairt amach as lámha an duine aonair agus é a shamhlú le pobal, ar nós mar a rinne Eoghan Ó Tuairisc ina chaoineadh ar phobal Hiroshima27; a trí, an dearcadh réaduchtaithe, é a chasadh go híorónta isteach ina mhalairt de cháilíocht: an mheatacht, abair, nó an foréigean gan bhrí. Is é an tríú rogha seo, dar liom, an rogha is coitianta ag an gCadhnach. Tá débhrí ag baint le ‘Gorta’ féin. Tá cás an té atá ag an dé deiridh ag iarradh an fata lofa deireanach a chrochadh aníos ón talamh, tá a chás chomh héigeantach sin gur deacair dom gan dhá ais-smaoineamh a bheith agam. Tá sé mínithe ag Denvir go bhfuil macalla soiléir Chú Chulainn ar an scéal, leis na tagairtí don riastradh, don bhadhbh 7rl, agus is cinnte go ndéarfaidh anchuid léitheoirí gur iontach an gaisce atá anseo ag pearsa an scéil, agus é le feiceáil ní i gcogadh mór caithréimeach, ach ag duine den chosmhuintir i ndeireadh na feide. Ach tá an dara ais-smaoineamh ann freisin, agus é níos íorónta, a thugann orainn a bheith in amhras faoi laochas an lae inniu. Ab shin a bhfuil ann? An bhfuil deireadh ré na laoch ann? An bhfuil an domhan tite chomh mór sin ó ré na laoch nach bhfuil aon chothromaíocht ann a thuilleadh idir duine agus dúlra? An é nach bhfuil ann ach domhan scanrúil, neamhchothaitheach, nach bhfágann spás ach don ghníomh is suaraí, agus é sin féin gan a bheith á chur i gcrích ar mhaithe leis an nglóir ach ar mhaithe le teacht slán ar éigean, gníomh ar son an té a dhéanann é agus ní ar son éinne eile, an fata lofa deireanach a chrapadh suas?

Tá mar a bheadh freagra íorónta eile ar an gceist ‘cad is laochas ann?’ sa scéal ‘Fuíoll’28. Cuirtear an fear báire i gcomparáid le Cú Chulainn arís, ach an uair seo léirítear é mar imreoir brúidiúil garbh, a chaithfeas teitheadh sa deireadh i ngeall ar an dochar atá déanta aige ar a chomhimreoirí agus a léirítear a chuid gaisce ar fad mar leithscéal chun drochíde a thabhairt do dhaoine eile.

A mhalairt de phearsa atá chugainn in J., príomhcharachtar ‘An Eochair’. An duine daonna, saor ó laincis Dé, agus céard tá ann? Meatachán. Go deimhin ní hé seo sárfhear Nietzsche. Bás anabaí truamhéileach, ní bás glórmhar an ghaisígh a bhíonn aige i ndomhan gan trócaire nach bhfuil sé in ann aige chor ar bith. Is mó go mór an fuinneamh agus an flosc a bhíonn ar a bhean, atá ar imeall na sochaí mar bhean tí, agus níl aon mheas aici féin ar J. bocht.

Mar a chéile, ar bhealach, N., príomhphearsa an scéil fhada ‘Fuíoll Fuine’29. An lá a bhásaigh a bhean, imíonn sé ar seachrán. Téann sé ag fálróid ar nós Ulysses, ainneoin go bhfuil corp a mhná agus a beirt deirfiúr ag fanacht leis sa mbaile. Faoin deireadh, casann sé le mairnéalach agus tá bealach nua aimsithe aige lena dhualgas a sheachaint. Ní laoch gaisciúil é, ach loiciméara, agus ní bhainfidh sé amach a bhaile go deo.

Ar an iomlán ní bhíonn tréithe gaisciúla ag pearsana an Chadhnaigh ar chor ar bith, ainneoin chomh híorónta is atá sé go bhfuil a shaothar breac le reitric na Fiannaíochta, mar a luann Gearóid Ó Tuathaigh in alt eile sa leabhar seo.

An Grá

Mheabhraigh mé i dtosach an ailt seo gur meán slánaithe ann féin é an grá rómánsúil (uaireanta) i litríocht an Iarthair. Ach oiread leis an gCríostaíocht agus an laochas, ar an iomlán is leagan cráite duibheagánach den ghrá a chruthaítear i scéalta Uí Chadhain. Tá leaganacha de chuid mhaith seánraí traidisiúnta grá ina shaothar, cuid acu íorónta go leor. Is deacair dom gan ‘Beirt Eile’30 a léamh mar insint nua-aimseartha ar an Chanson du malmarié / de la malmariée, amhrán an fhir nó na mná nach bhfuil sásta sa phósadh. Más i mbéal an fhir a bhíonn a leithéid d’amhrán, is iondúil gurb í an bhean chéile nach ndéanfaidh obair cheart a bhíonn á clamhsán aige; fear nach bhfuil sásamh collaí le fáil uaidh ábhar gearáin na mná, nó sin, drochíde á tabhairt aige di. Tá péire de na hábhair ghearáin ag Micil sa scéal seo: ní dhéanann a bhean obair ‘cheart’ mná, agus ní raibh aon chaidreamh collaí acu ó phós siad, rud a d’fhág é gan sac gan mac gan muirín. Roimhe sin, bhí athinsint ar an seanfhocal ‘Gan Murchadh gan Mánas’ sa scéal den ainm céanna in Idir Shúgradh is Dáiríre31, ach ní fheicim go bhfuil aon chasadh nua, íorónta ná eile, bainte aige as an seanscéal aige ann.

Is cinnte, áfach, go bhfuil íorónta de sheánra na haislinge ar an scéal ‘Aisling agus Aisling eile’. Teipeann ar an dá chineál aislinge, an aisling pholaitiúil agus an aisling ghrá, sa scéal seo. Nochtar aisling pholaitiúil nua na Gaeilge (an Ghaeilge ag slánú na tíre agus na staire) mar dhaille agus mar chruas croí. Nuair a thagann an scoláire ag foghlaim Gaeilge ó bhean Ghaeltachta níl sé in ann í a fheiceáil i gceart ar chor ar bith mar dhuine inti féin. Is cinnte nach spéirbhean dósan í. Agus más leagan íorónta í siúd d’Éirinn, bean atá ag fulaingt faoi bhraighdeanas brúidiúil, is cinnte nach aon leannán ná Mac Ceannaí di an scoláire, ach a mhalairt.

I bhformhór na scéalta, ní bhíonn aon rath ar an ngrá. I gcás ‘An Taoille Tuile’32, ní tuile atá ann i gcúrsaí grá, ach trá gan tuile. Is é an íoróin é (leagan íorónta de chomhbhá na dúlra, nach mór) gurb é tuile litriúil na farraige is mó a nochtann trá an ghrá, óir cuireann sé brú ar an mbean óg an fheamainn a bhailiú faoi bhrú in éineacht lena fear céile, agus iad ag obair i gcomhar leis na comharsana atá in ann ag an obair i bhfad níos fearr ná ise. Faoi dheireadh an scéil tuigeann sí go bhfuil dímheas ag a fear uirthi, agus go bhfuil an grá agus an tacaíocht ídithe faoi ualach na náire. Ní léir aon mhaiteanas ann; ábhar díomá an grá. Scéal cruthanta é faoin duibheagán. In ‘Ciumhais an Chriathraigh’, níorbh é an grá, ach an féinmheas agus a cruthaitheacht féin a shábháil Muiréad, mar a míníodh thuas, má bhí aon tsábháil ann. Feicimid an grá iompaithe ina fhaltanas in ‘Muintir na Croise’ agus ‘An tSraith ar Lár’; díomá agus bréagdhóchas toradh an ghrá in ‘Crosaire Iarannróid’; an grá iompaithe searbh ag Caitríona Pháidín in Cré na Cille, agus a saol, a pearsantacht agus compord a muintire curtha ó mhaith i ngeall air.

Conclúid

Ach fós féin, ní hé an duibheagán amháin, ná an teip ghlan, fuíoll na n‑iarrachtaí uile i dtreo aon cheann de na trí chóras luachanna: an Chríostaíocht, an laochas agus an grá. Cuid de na scéalta is áille agus is lonraí i saothar an Chadhnaigh, is faoi Chríost iad, agus gan aon bhlas íorónta orthu: ‘Rinneadh’33, scéal ionchollú Chríost agus ‘Rath’34, scéal an bhuachalla óig a insíonn scéal an fhíona ag bainis Chána.

Agus céard tá an léitheoir le baint, sa deireadh thiar, as Cré na Cille? Tá leigheas beag éigin i gcuid ar a laghad den eolas nua a fhaigheann Caitríona Pháidín: cloiseann sí go bhfuil a mac is clann a clainne ag déanamh go maith, fiú más de bharr í féin a bheith imithe as a mbealach é agus go bhfuil ar a laghad cuid d’uachta Bhaba faighte acu; thar aon rud eile, tá Jeaic curtha in éineacht léi in áit na gcúig déag, agus más in áit a phuint a chuirfear Neil, fágfaidh sé sin gur gaire í féin ná Neil dó go deo, fiú mura bhfuil sé sásta aon amhrán a chasadh di; gach seans nach bhfaighidh sí crois de ghlaschloich an oileáin, ach mar sin féin aontaíonn an easpa sin féin í le Jeaic: ‘ní de ghlaschloich an oileáin mo chrois-se ná do chrois-se’ a ráiteas deireanach leis, agus ráiteas deireanach an leabhair trí chéile. Tá síol an mhaiteanais ann mar a pléadh thuas, bíodh is gur síol beag searbh é, agus í sásta a cuid ‘laigí’ a mhaitheamh do bhean a mic nuair a ionsaíonn sí siúd Neil. Agus tá mír bheag bhídeach íorónta den ghrá féin, agus í chomh dílis sin istigh ina croí dá céadsearc, Jeaic, agus dá clann. I réimse eile ar fad, réimse is tábhachtaí dar liom ná an caidreamh idir na carachtair éagsúla, tugann an téacs cuireadh do na léitheoirí (nó mar sin a bhraitheann an léitheoir seo é ach go háirithe) a gangaid agus a síorfhaltanas a mhaitheamh do Chaitríona Pháidín féin, nó ar a laghad dul sa treo sin, trí ligean dóibh í a thuiscint mar dhuine a gortaíodh sa ghrá agus ar claochlaíodh lasair an ghrá inti ina lasair fhuatha. I mbeagán focal, is tríd an eolas a thugtar dúinn a thagaimid ar an tuiscint a ligeann dúinn olc a saoil a mhaitheamh di. Go deimhin, ní fheicim aon chúis nach n‑áireofaí Caitríona Pháidín ar bhanlaochra móra tragóideacha an ghrá i litríocht an domhain.

Lasmuigh ar fad de Cré na Cille, tá duine amháin de Mhicileachaí an Chadhnaigh a fhaigheann beatha nua ag an nóiméad deiridh tríd an ngrá in ‘An Beo is an Marbh’35. Fear óg — Micil Ionnarba (a chiallaíonn ‘deoraíocht’) — ábhar an scéil. Tagann sé isteach i dteach tórraimh gan aon mhuinín as féin ná as a chúlra. Bhí sé in éad leo siúd a raibh an chaint cheart fhaiseanta, na nósanna agus na scéalta cearta acu: na ‘buafhocail’, na ‘geisfhocail’. Faoi dheireadh an scéil, áfach, tá splanc dóchais agus grá ann de bharr a theagmhála le bean óg:

Bhí Micil Ionnarba ar thob imeacht. Rinne a shúil seachrán go dtí an leaba [áit a raibh an corp]. Ba léire anois sa smeara solais lae an dochtdhúna a bhí ar shúil a dhuine muintire… Scior a amharc anonn ar Mheaig. Ba chonna fre chéile a súil fhairsing sise…36

Níor chóir an iomarca a léamh isteach anseo. Níl ann ach go bhfuil correisceacht ann sa saothar, corrscéal a ligeann don ghrá pearsa scéil a shábháil ón duibheagán. Ar éigean, sa deireadh thiar, má tá aon scéal ag an gCadhnach faoin ngrá paiseanta, ach amháin, b’fhéidir, Caitríona Pháidín féin, agus is síorfhulaingt a fuair sise as, ní slánú. Seans go bhféadfaí ‘Ciumhais an Chriathraigh’ a chur san áireamh freisin, agus sa chás sin, is gaire é d’amhrán cráite an chailín óig, an chanson de jeune fille, ná aon rud eile. Ní hé an grá féin a shlánós Muiréad, ach a cumas féin ealaín a dhéanamh dá pian.

Agus sin an áit, dar liom, a bhfuil an mhíorúilt. Is cuma ar fad conas a tharlaíonn sé — tríd an gCríostaíocht, tríd an laochas nó tríd an ghrá — ach uaireanta, corruair, bíonn seans ag an mbeatha. Tá ciorcal na beatha go follasach in ‘An Beo agus an Críon’37. Beireann bean páiste san eileatram agus aithníonn an reacaire an eagna nuair a chuireann sé síos ar scread an pháiste mar seo: Screaidín óg a bhí cho haosta leis an gcine daoine: scread ba thúisce ná scread an bháis agus nach mbeadh aon bhás ann marach í38.

Tá an bheatha féin, is cosúil, lag ach do-chloíte i scéalta an Chadhnaigh, ainneoin a dhorcha is atá an saol a dhearann sé den chuid is mó. Níl aon laoch ann a chloífeas do namhaid; níl Dia ná comhluadar a mhaithfeas do laigí duit ar aon bhealach cuimsitheach. Ach brúchtann síol na beatha amach ó am go chéile tríd an ngrá, trí laochas an spioraid, nó trí leidí dóchasacha a thagann leis an gCríostaíocht. Corruair, go háirithe sna scéalta faoi Chríost agus é ina leanbh ag teacht ar an saol nó ina pháiste, bíonn sé lonrach, lasta. In áiteanna eile aithnítear gur ann don bheatha chomh maith leis an mbás. Ní hé an duibheagán an t‑aon rud amháin atá ann. Seo é, dar liom, fíoreagna an Chadhnaigh ar an gcuid is lú: go bhfuil an maith is an t‑olc do-scartha ó chéile, ar nós mar a thuigeann an-chuid d’ealaíontóirí an domhain. Níl rósanna á mbailiú, ach feictear dom, dá dhearg-ainneoin féin, nárbh é an duibheagán bun agus barr a scéil.

Nótaí

Noda

Saothair de chuid Mháirtín Uí Chadhain a luaitear san alt:

  • BB: An Braon Broghach, Baile Atha Cliath [1948] 1968.
  • CC: Cois Caoláire, Baile Átha Cliath 1953.
  • CNC: Cré na Cille, Baile Átha Cliath [1949] 1970.
  • ISD: Idir Shúgradh is Dáiríre, Baile Átha Cliath [1939] 1975.
  • SL: An tSraith ar Lár, Baile Átha Cliath 1967.
  • ST: An tSraith dhá Tógáil, Baile Átha Cliath 1970.
  • STG: An tSraith Tógtha, Baile Átha Cliath 1977.

Tagairtí

  1. Leabhar Job 28:12.
  2. Leanaim an t‑iniúchadh ar an eagna a rinne Harold Bloom ina leabhar Where Shall Wisdom Be Found?. New York, 2004.
  3. Féach, cuirim i gcás, Breandán Ó Doibhlin, ‘An tSraith ar Lár’ Inniu, 1967, 1 Nollaig: Má tá an lionndubh ar chúl an leabhair is é an gáire is mó a bheas ar bhéal an léitheora, nó R. O’H. ‘Do na Gaeilgeoirí’ Irish Independent, 1953, 14 Samhain: [tá] an taobh dorcha duairc den saol á léiriú — fiú sna scéalta grin, tá iarracht den macabre ag baint leo. Nó arís Flann Mac an tSaoir, ‘Mairtín Ó Chadhin’ Comhar 1953, Bealtaine: Ma tá an bás, an meath, an díoscaoileadh go huileláithreach i saothar Mháirtín Uí Chadhain is de bhrí go bhfuil siad uileláithreach i saol tuaithe na tíre seo é. Dúirt Éogan Ó hAnluain in ‘Léargas Doilíosach: Gnéithe Áirithe de Ghearrscéalaíocht Mháirtín Uí Chadhain’, Comhar 1971, D.Fómh., gur thochail [Ó Cadhain] faoi chraiceann an tsaoil le teacht ar fhórsaí an dochair agus na díobhála… Bhí luí ar leith ag a shamhlaíocht le réanna dorcha duaibhseacha na beatha….
  4. Féach, mar shampla, The Scapegoat, Baltimore 1986 [1982 as Fraincis, Le bouc émissaire].
  5. Féach Where Shall Wisdom Be Found?.
  6. CC 64–72.
  7. CC 71.
  8. ST 118–143.
  9. CC 26–35.
  10. CC 35.
  11. ‘Meon na Ciontachta’, in Irisleabhar Mhá Nuad 1972.
  12. SL 32–40.
  13. SL 40.
  14. CC 36–63.
  15. CC 136–208.
  16. CNC.
  17. CC 63.
  18. CC 206–207.
  19. CNC 1.
  20. CNC 364.
  21. Ó hAnluain, E. ‘Léargas Doilíosach…’.
  22. STG 57.
  23. SL 48.
  24. SL 203–260.
  25. Denvir, G. Cadhan Aonair: Scríbhinní Liteartha Mháirtín Uí Chadhain. Baile Atha Cliath 1987.
  26. ‘Fear beag truagh le gruaidhean pluiceach / …aodann guireanach guntlachd ann   / còmhdach an spiorad bu tréine’ as O Choille gu Bearradh/ From Wood to Ridge London, 208.
  27. Féach ‘Aifreann na Marbh’ in Lux Æterna, Baile Átha Cliath 1964.
  28. ST 101–117.
  29. ST 144–260.
  30. SL 97–110.
  31. ISD 153–164.
  32. BB 35–50.
  33. ST 11–15.
  34. ST 48–64.
  35. SL 125–142.
  36. SL 142.
  37. SL 111–124.
  38. SL 124.

Tá Iontaobhas Uí Chadhain fíorbhuíoch den údar agus don fhoilsitheoir as ucht a gcead an t‑alt seo a fhoilsiú.