Categories
Ábhar i nGaeilge Ailt ⁊ Aistí Léacht Uí Chadhain Léachtaí ⁊ Cainteanna

Barbed Wire Mháirtín Uí Chadhain

Le Cathal Ó Háinle.

Léacht Uí Chadhain 2001 in UCD.

I bhfómhar na bliana 1997 d’iarr Iontaobhas Uí Chadhain orm lámhscríbhinn an tsaothair phróis Barbed Wire le Máirtín Ó Cadhain a bhreithniú féachaint an raibh sé infhoilsithe, agus d’iarr siad orm é a réiteach don chló, dá gceapfainn go raibh. Ghlac mé go fonnmhar leis an gcuireadh agus súil agam go mbeadh deis agam cloch a chur i leacht Mháirtín, fear a raibh, agus a bhfuil meas mór agam air mar dhuine agus mar scríbhneoir. Chuir mé in iúl don Iontaobhas gur shíl mé gur chóir an saothar a fhoilsiú agus go raibh mé sásta tabhairt faoina réiteach lena aghaidh sin. Cúpla uair ina dhiaidh sin dúirt mé liom féin dá mbeadh breith ar m’aiféala agam nach mbeinn tar éis dul faoin mbráca chomh fonnmhar sin, ach a luaithe a bhí an obair críochnaithe agam bhí lúchair orm gur ghlac mé leis an gcuireadh.

Bhí eolas áirithe agam i dtaobh an tsaothair sin cheana féin. Foilsíodh dréacht réasúnta fada as in Dóchas sa bhliain 19641, agus tá éachtaint le fáil sa dréacht sin ar chuid de mhianach an tsaothair. Rinne an Cadhnach tagairt ghearr dó freisin agus é ag caint ag Scoil Gheimhridh Merriman in Aonach Urmhumhan in Eanáir na bliana 1969. Is éard a dúirt sé:

Ní raibh ríméad ar bith agam féin as An tSraith ar Lár le hais mar tá agam as saothar fada eile a bhfuil Barbed Wire tugtha go sealadach agam air. Is dóigh liom gurb é an giota scríbhneoireacht é is fearr a rinne mé.2

Tá fianaise ansin ar a fheabhas a shíl an Cadhnach féin a bhí an saothar seo, Barbed Wire, agus níl fúmsa aon iarracht a dhéanamh le féachaint le breith sin an údair a dhearbhú ná a bhréagnú. Bhí an saothar sin ina leannán agam ar feadh cúpla bliain agus bhí mo chaidreamh leis treallach go leor: bhain mé sásamh agus spraoi mór as, ach bíonn fadaraí mhórthuirsiúil freisin ag baint le heagarthóireacht a dhéanamh ar shaothar chomh fada leis an gceann seo. Aon tuairim de a nochtfainn, tá faitíos orm go mbeadh sé ar sceabha mar seo nó mar siúd. Is é atá fúm a dhéanamh anseo tuairisc a thabhairt ar stair an tsaothair sin agus ar mhianach an ábhair ann.

Maidir le cineál an tsaothair, níor thug an Cadhnach air agus é ag caint le Cumann Merriman ach saothar fada, an áit ar thug sé úrscéalta ar dhá shaothar eile dá chuid, Cré na Cille agus Athnuachan3, agus i litir a scríobh sé le cur chuig Niall Ó Domhnaill sa bhliain 1964 dúirt sé go neamhbhalbh: Ní úrscéal é [Barbed Wire]’4. Earra an-sleamhain é an t‑úrscéal; ach más gá dó bheith ina scéal, snáithe reacaireachta a bheith ag rith tríd ó thús deireadh, ní mór diúltú lipéad an úrscéil a ghreamú de Barbed Wire. Tá eilimintí scéaltacha anseo is ansiúd tríd ceart go leor, ach ní gné bhuan den saothar iad. Níl ansin ach fíric ar ndóigh: ní haon locht ar an saothar é.

Bhí leagan den saothar seo scríofa ag an gCadhnach sa bhliain 19625, ach lean sé air ina dhiaidh sin ag cur leis, agus ag cur go mór leis go deimhin. Is eol dúinn go raibh sé an-tugtha don athscríobh, don fhorlíonadh, don snasú, agus tá fianaise air go raibh sé fós ag cur leis an saothar le linn na bliana 1964; ach ba dhóigh leat ar an gcaoi ar labhair sé i dtús na bliana 1969 go raibh an saothar seo críochnaithe aige an uair sin.

Ní raibh sa teideal Barbed Wire ach teideal sealadach. Bhí dhá theideal eile ar an saothar seo, nó ar leaganacha de, roimhe sin, ach ón uair gurb é seo an ceann is deireanaí a thug an t‑údar féin air, sílim gur chóir dúinn cloí leis anois ainneoin gurb aisteach teideal Béarla a bheith ar shaothar Gaeilge, go háirithe saothar de chuid an Chadhnaigh.

Ainneoin go raibh an beagán sin eolais agam faoin saothar seo, bhí mé dall ar fad ar a nádúr ina iomláine, rud a fuair mé amach a luaithe a fuair mé deis é a scrúdú. Tá páipéir neamhfhoilsithe an Chadhnaigh ar coimeád i Leabharlann Choláiste na Tríonóide. D’iarr mé ar lucht na Leabharlainne scríbhinn Barbed Wire a chur ar fáil dom, rud a rinne6: cuireadh meall mór páipéar faoi mo bhráid, cuid acu clóscríofa agus a thuilleadh acu lámhscríofa. Fuair mé amach go raibh dhá leagan den saothar ann: an ceann tosaigh atá réasúnta gearr, thart ar 37,000 focal, sílim, agus atá i bhfoirm lámhscríofa agus chlóscríofa; agus ceann eile atá i bhfad Éireann níos faide, thart ar 167,000 focal, déanaim amach, a bhfuil an chuid is mó de i bhfoirm lámhscríofa agus chlóscríofa, ach a bhfuil codanna de i bhfoirm lámhscríofa amháin. Níl amhras ar bith orm ná gurb é an leagan fada seo an saothar a raibh an oiread sin ríméid ar Mháirtín as sa bhliain 1969 agus gurb é a theastódh uaidh a fhoilsiú. Ach bhí deacrachtaí ag baint le codanna de i dtaca le hord leanúnach an ábhair a aithint i ngeall ar an tslí ar lean an Cadhnach air ag cur dréachtaí breise isteach sa méid a bhí scríofa aige cheana, agus i ngeall ar iarrachtaí éagsúla a rinneadh leis na bileoga a uimhriú.

Chuaigh mé i mbun oibre ar an leagan fada seo agus d’fhéach le heagar a bhualadh air, rud ar bhain dua nár bheag leis. Ach creidim gur éirigh liom é a chur as alt a chéile i gceart; agus creidim go bhfuil an saothar ar fad ann faoi mar a d’fhág an Cadhnach é agus nach bhfuil aon easnamh ná bearna air. Arbh fhiú agus ar cheart é a fhoilsiú? Tá tagairt déanta ag an gCadhnach tríd Barbed Wire do mhórán mór daoine agus institiúidí agus imeachtaí agus gnóthaí ar beag an t‑eolas a bheadh ag an gcuid is óige de léitheoirí an lae inniu orthu agus a dteastódh lear mór nótaí lena míniú dóibh. Chuirfeadh na nótaí a bheadh ag teastáil an-mhór le toirt an tsaothair, agus ní shílim gur chuí fearas mínithe mar sin a chur le saothar cruthaitheach. Ar aon chaoi tá codanna móra den saothar a thuigfear, agus a mbainfear sásamh astu, gan aon nótaí mar sin. Ach pé dua a bhainfidh leis an saothar seo a léamh, tá mé suite de gur fiú agus gur ceart é a fhoilsiú mar gur cuid shubstaintiúil de shaothar an Chadhnaigh é. Chomh maith leis sin, soláthraíonn sé léirstean ar ghnéithe de mhodhanna oibre agus de mheon an Chadhnaigh nár tháinig i gceist mórán sa chuid eile dá shaothar cruthaitheach.

Mar a luaigh mé cheana bhí an chéad dréacht den saothar seo scríofa ag an gCadhnach sa bhliain 1962, an bhliain chéanna ar foilsíodh an aiste cháiliúil ‘Do na Fíréin’ ar Comhar7, aiste arb éard a bhí ann, dar le Breandán Ó hEithir, ionsaí leanúnach ar mórán gach pearsa poiblí agus institiúid mheasúil sa tír8. As an meon céanna a d’eascair an dá shaothar, an fhearg mhór agus an mhíshástacht gan teorainn a chuir an fhimíneacht i leith na Gaeilge agus an Ghaelachais ar an gCadhnach. An áit arb iad an leadhbairt agus an sciolladh is mó a bhí i dtreis in ‘Do na Fíréin’, is é an frimhagadh an meán is mó a mbaintear úsáid as sa saothar eile seo. Colún na bhFaisean ba theideal dó an uair úd, agus bhí ceithre aiste ann: thart ar 8,500 focal a bhí sa chéad aiste, thart ar 8,000 sa dara ceann, thart ar 6,700 sa tríú ceann agus thart ar 14,000 sa cheathrú ceann. Tá fianaise inmheánach agus sheachtrach ann gur le foilsiú ar Comhar a scríobhadh an chéad aiste. Seo mar a thosaigh an chéad leagan di sin:

Tá a lán daoine mosánach faoin bpíosa breá cainte a rinne mé sa bpáipéar seo le gairid. Is cosúil nach bhfuil cearn sa tír gan duine atá ag teistiú gurb é féin ‘Croiméal na cúise’. Níl neart agamsa orthu…

Ansin tar éis an cheist ‘Céard í croiméal?’ a dhúiseacht agus beagán plé a dhéanamh uirthi, leanann an cainteoir air:

Ní shílim go bhfuil mórán léargais le fáil ó na bearbóirí. Saoi re bearbóireacht atá i m’fhear féin. Ach bhí de mhífhortún orm an lá faoi dheireadh go raibh sé tar éis cóip de ‘Do na fíréin’ a fháil ar iasacht ó chol ceathar leis a fuair ar iasacht ó chliamhain é a fuair é féin ar iasacht ó Bhráthair Críostaí é.

Meas tusa cé hé ‘Croiméal na cúise’? a dúirt sé. Tá ciorcal staidéir sa tsráid seo againne le bun a chur leis an scéal. Tá líon na gcomhaltaí ag bisiú in aghaidh na hoíche.

Tá trácht ar an bpearsa seo ‘Croiméal na cúise’ [.i. Dónal Ó Móráin] i dtosach na haiste ‘Do na Fíréin’. Is léir, dá bhrí sin, gurb é Comhar an páipéar seo a bhfuil an Cadhnach ag scríobh anois lena aghaidh. Maidir le fianaise sheachtrach, tá cóip chlóscríofa den chéad aiste ar marthain a bhfuil an focal ‘Comhar’ scríofa ar an gcéad leathanach de agus roinnt treoracha don chlódóir freisin i lámh nach í lámh an Chadhnaigh í. I bhfianaise an ábhair iontu agus i bhfianaise an teidil úd, Colún na bhFaisean, sílim gur scríobhadh na haistí eile le foilsiú ar Comhar freisin. I litir a scríobh an Cadhnach chuig Coiste an Oireachtais i mí Iúil na bliana 1963, tagraíonn sé do shaothar dá chuid a cuireadh chuig páipéar le foilsiú agus deir sé gur tharraing [sé] siar [dá] dheoin féin é nuair ba mhian le lucht an pháipéir sin roinnt cinsireachta a dhéanamh air le faitíos roimh an Establishment. Ní luann sé ainm an tsaothair seo, ach níl amhras ar bith orm ná gurb é Colún na bhFaisean é agus gurb é Comhar an páipéar a bhí i gceist aige9. Faoin tráth seo bhí sé ag breathnú ar na haistí seo mar shaothar aontaithe, bhí sé tar éis tuilleadh a chur leis an méid a chuir sé chuig Comhar10 agus bhí sé ag tairiscint an tsaothair sin don Oireachtas ar son Duais an Chlub Leabhar.

Bhí deacracht sa scéal, ámh. Bhí an Cadhnach tar éis a fháil amach gurb iad Liam Ó Briain agus Mairéad Ní Ghráda na moltóirí a mbeadh breith á tabhairt acu ar a iarracht, agus, ainneoin nach raibh dada aige in aghaidh ceachtar acu ina moltóirí ná ina ndaoine agus go raibh sé thar a bheith buíoch de Liam Ó Briain faoin gcuidiú agus faoin ugach a thug sé dó, mheas sé gur bhain an saothar ródhlúth leo féin go pearsanta agus nach mbeadh sé ceart a iarraidh orthu breith a thabhairt air. Mar sin d’iarr sé go gceapfaí beirt mholtóirí eile, agus, murarbh fhéidir é sin a dhéanamh, d’iarr sé go gcuirfí an saothar ar ais chuige gan léamh. Ní foláir nár thoiligh an tOireachtas moltóirí eile a cheapadh agus gur cuireadh an saothar ar ais chuig an gCadhnach. Níl aon saothar dá chuid i measc an trí shaothar déag a cuireadh isteach ar Dhuais an Chlub Leabhar an bhliain sin.11

Sa litir sin a sheol sé chuig an Oireachtas, luaigh an Cadhnach go raibh trí thairiscint faighte aige leis an saothar seo a fhoilsiú cé nár léigh ach duine amháin seachas [é] féin go hiomlán é. Déarfainn gurb é Seán Ó hÉigeartaigh an duine úd agus go raibh sé ar dhuine acu siúd a bhí ag iarraidh an saothar seo a fhoilsiú, dar leis an gCadhnach. Deir Máirtín i ndeireadh na litreach sin go raibh faoi tuilleadh a chur i gceann an tsaothair seo agus é a fhoilsiú as féin nó bisithe. Chuir an Cadhnach isteach é ar chomórtas de chuid an Oireachtais, Comórtas 8 le haghaidh Dhuais Speisialta Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge in 1964, agus tá fianaise sa bhreith a thug Niall Ó Dónaill air go raibh míreanna tathagacha breise curtha ag an gCadhnach leis an tríú caibidil faoin mbliain sin12. Tá fianaise sa cheathrú caibidil gur chuir sé giota breise léi‑sean sa bhliain 1964, mar luaitear an dáta sin sa chaibidil sin mar dháta an ama a bhí i láthair. Ba dheacair a rá, áfach, cén uair a scríobhadh roinnt eile den ábhar breise atá anois sa saothar. Nuair a chuir Máirtín isteach ar an gcomórtas le haghaidh Dhuais Speisialta na Comhdhála é, is é Colg seachas Colún na bhFaisean an teideal a bhí air. ‘An Fear Beag Ribeach Rua’ an t‑ainm pinn a bhaist sé air féin, rud a d’éiligh rialacha an Oireachtais, ach níor leor leis an méid sin de cheileatram, mar is é ‘M. Ó Droighneáin’ a thug sé mar ainm údair agus ‘Sáirséal & Dill, 37 Br. na hArdpháirce, Áth Cliath 6’ a thug sé mar sheoladh13. Le teann grinn agus íoróine a bhí Máirtín ag tabhairt le fios gurb é Muiris Ó Droighneáin, Muiris an Chaighdeáin, údar an tsaothair seo. Tugann an seoladh le fios go raibh baint éigin ag Seán Ó hÉigeartaigh le Colg a chur isteach ar an gcomórtas Oireachtais an uair seo. Níor moladh an Duais Speisialta (£250) a bhronnadh ar aon duine de na hiarrthóirí; moladh duais £150 a bhronnadh ar Mháirtín Ó Corrbuí as ucht an tsaothair Seantéada ar Crith14, ach níor ghnóthaigh Máirtín Ó Cadhain aon duais.

Bhí imeartas focal i gceist leis an teideal nua úd ar an saothar seo, imeartas dátheangach, is dóigh. Faisin ghruaige a bhí i gceist leis an teideal Colún na bhFaisean, agus is iad na teidil a bhí ar na ceithre chaibidil: ‘Croiméil’, ‘An Féas agus an Fhéasóg’, ‘An Ulcha, an tUlchabhán’ agus ‘An Ghruaig agus an Folt’. Rudaí géara a bhíonn i gceist leis an bhfocal ‘colg’: claíomh, lann, rinn claímh, dealg ghráinneoige, eite droma éisc; agus na ribí géara a fhásann thart ar an gcloigeann síl ar eorna agus seagal, ribí a dtugtar awnbeard orthu i mBéarla. Dá bhrí sin, ciallaíonn ‘colg’ beard ar phlanda, an áit a gciallaíonn ‘féas’, ‘féasóg’ agus ‘ulcha’ beard ar an duine. Tá brí mheafarach ag an bhfocal ‘colg’ freisin, mar atá, ‘fearg’. Deirtear ‘Tháinig colg air’, ‘Bhí colg nimhe air’; agus úsáidtear an aidiacht ‘colgach’ ar an gcaoi chéanna: ‘Bhí dreach colgach air’, ‘D’éirigh sé colgach liom’, ‘Is é an duine colgach é’. Is dócha, mar sin, gur theastaigh ón gCadhnach a thabhairt le fios leis an teideal nua seo Colg gur thuig sé go gcuirfeadh na haistí seo faoi chúrsaí gruaige fearg ar dhaoine go leor, agus chomh maith leis sin gur fearg a bhí á spreagadh féin agus é á scríobh.

Bhí cúis nua cantail anois aige, de bharr Chomórtas sin an Oireachtais le haghaidh Dhuais Speisialta na Comhdhála, nuair nár moladh aon duais a bhronnadh air. Bháitéar Ó Maicín agus Niall Ó Dónaill a bhí mar mholtóirí ar an gcomórtas seo agus mheas an bheirt acu nach raibh Colg cáilithe don chomórtas toisc nach úrscéal a bhí ann. B’fhéidir gur chóir dóibh an scéal a fhágáil mar sin, ach níor fhág. Ní raibh le rá ag an Maicíneach sa bhreith ghearr ghiorraisc a thug sé, áfach, ach go raibh sé dallta ag na mílte focal agus nár thuig sé cén cineál saothair a bhí ann. Lena cheart a thabhairt do Niall Ó Dónaill, chuir seisean de stró air féin tuairisc níos faide a scríobh, bíodh go bhfuil go leor den athrá ann; ach ar a laghad is léir ónar scríobh sé go raibh an saothar léite go cúramach aige. Aoir shóisialta a bhí in Colg dar leis; mheas sé go raibh cumas mór ann ach gur chumas amú é ar shlite; shíl sé gur aoir éachtach é, ach bhí amhras air an mbeadh mórán éifeachta leis dá bhfoilseofaí é; agus dúirt sé gur chac ar chinsireacht a bhí ann, rud nár mhiste leis. Dúirt sé gur bhain sé a lán suilt as, go háirithe as na míreanna tosaigh agus gur mhaith leis go bhfoilseofaí é. Mar sin féin, dúirt sé gur [lean] an t‑údar rófhada le gach téama, á chíoradh agus á athchíoradh [gur bhain] sé an smior chailleach as agus go [ndeachaigh] sé i bhfad agus i bhfad agus i bhfadálacht, leis an tsíorspochaireacht as rudaí atá sách spochta cheana. Ach an bhreith a thug sé ar deireadh thiar, níor bhain sí le fiúntas an tsaothair ar chor ar bith:

Tá [Colg] chomh tathantach sin ar eagraíochtaí áirithe agus ar dhaoine áirithe gur dual dó bheith ina chúis chonspóide agus agóide, agus dá bhrí sin ba dheacair liom a mholadh d’eagraíocht phoiblí mar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge glacadh leis agus duais a bhronnadh air.

Chuir an dá bhreith sin fearg as miosúr ar an gCadhnach agus shaighid é le freagra a thabhairt orthu. Scríobh sé trí litir: ceann chuig gach duine den bheirt mholtóirí agus cheann chuig Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge15. Ionsaí géar pearsanta a rinne sé ar an Maicíneach agus ar a shaothar liteartha. Chíor sé breith an Dónallaigh go mion, agus chuir ar a shúile dó nach i ngeall ar a lochtanna mar shaothar liteartha a dhiúltaigh sé an duais a mholadh do Colg ach ar chúiseanna seachliteartha a d’fhág nach bhféadfadh sé a mholadh do Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge glacadh leis agus duais a bhronnadh air. Go deimhin dúirt sé gur tugadh cruthúnas nach breith ar fhiúntas liteartha a bhí á tabhairt nuair a moladh duais do leabhar Mháirtín Uí Chorrbuí, mar nach bhféadfadh fiúntas liteartha a bheith ag roinnt le haon saothar dá chuid siúd, dar leis. Ba chuma leis faoin duais16, ach is é a d’fhág faoi léan é gurb é an toradh a bheadh ar bhreith na moltóirí nach bhfoilseofaí Colg go brách, agus thug sé le fios don Dónallach gurbh iontas leis mura bhfanadh sé ina ghoineog ar [a] choinsias. Sa litir chuig an gComhdháil phléigh sé na breitheanna a tugadh ar Colg arís agus dúirt arís gur mheas sé nach gcuirfí i gcló é dá mbarr. D’áitigh sé go raibh gá le bunleasuithe a dhéanamh ar an gClub Leabhar agus ar chóras na mórdhuaiseanna Oireachtais. Ba é an t‑ainm a shínigh sé leis an litir sin ‘M. Ó Droighneáin (nó an Fear Beag Ribeach Rua)’.

Ní haon iontas é gur chúis aiféala don Chadhnach nach gcuirfí Colg i gcló. Is cinnte gur chreid sé gur saothar mór fiúntach ab ea é. Bhí sé tar éis mórán ama a chaitheamh leis, á scríobh agus á leasú, agus dúirt sé sa litir chuig Niall Ó Dónaill go raibh píosaí móra de leasaithe aige ó chuir sé isteach ar an gcomórtas Oireachtais é agus, ar seisean, ní táir liom a rá gur chef d’oeuvre é anois. Ach tháinig an tuar faoin tairngreacht a rinne sé: níor cuireadh an saothar i gcló agus bhí an masla a thug moltóirí an Oireachtais dó fós ag dó na geirbe aige nuair a thairg an Foras Cultúir Gael-Mheiriceánach duaiseanna a bhronnadh ar shaothair Ghaeilge sa bhliain 1966. £2000 an chéad duais agus chuir Seán Ó hÉigeartaigh bailiúchán gearrscéalta leis an gCadhnach, An tSraith ar Lár, ar liosta na leabhar ar mhaith leis iad a chur isteach ar an gcomórtas. Chuir an Cadhnach go láidir ina choinne seo ar ball, á rá go raibh a fhios aige nach mbeadh cothrom na Féinne le fáil aige féin i gcomórtas dá shórt:

An t‑aon chomórtas a mbeadh baint agam leis, ba cheann Béarla é! Gleacaíocht, uisce faoi thalamh, míchneastacht atá sa gcuid Gaeilge. Ní miste liom mé a shárú. Níor mhiste liom mé a shárú agus mise ní b’fhearr, dá mba go cneasta a mheasfaí sin. Ach is eolas dom nach ea.

Tá cúrsaí na Gaeilge róchúng, ró-mhíchneasta go mbeadh cothrom ar bith le fáil… Tá a fhios ag a lán daoine céard a tharla i gcomórtais an Oireachtais bliain go samhradh seo caite! Tá an comórtas seo agaibhse réamh-mheasta. Is iad Gael-Linn, a gcairde agus a gcuid gabhlán a dheonfas an duais. Tá a fhios agamsa. Is cuma céard a dhéanfas iontaobhaithe an Fhorais in Éirinn ná i Meiriceá. Ar láimh Ghael-Linn a bheas sa deireadh. Tá a fhios an chuid eile.17

Ar 8 Eanáir 1967 a scríobh sé an litir sin. Bhí faoi í a chur chuig an Ollamh Colm Ó hEocha, ach chuir sé faoi bhráid Sheáin Uí Éigeartaigh i dtosach í. Scríobh Seán litir fhada ar ball (23 Eanáir) á fhreagairt agus d’áitigh go tréan air An tSraith ar Lár a chur isteach ar chomórtas an Fhorais Ghael-Mheiriceánaigh. Ghéill an Cadhnach dó agus bhuaigh sé an chéad duais. Sa litir sin thagair an tÉigeartach don mhéid a bhí ráite ag an gCadhnach faoin gcomórtas Oireachtais agus dúirt:

Sílim nach dtuigeann tusa cé chomh mór atá an ghluaiseacht litríochta ag brath ort: ach tuigeann an pobal é, agus ba mbaith leo go mbeadh tú chomh maith le do cháil — agus tá sé sin chomh fíor faoi Dhónall Ó Móráin agus Tomás Ó Floinn agus Niall Ó Dónaill is atá sé faoi Sheán Ó hÉigeartaigh agus Séamas Ó Tuathail agus Fírinne Ní Chréacháin. Déarfaidh tú liom gur chruthaigh Ó Dónaill é féin i gComórtas an Oireachtais dhá bhliain ó shin, ach tuigimse dó: Duais an Chlub Leabhar a bhí i gceist, agus ba Stiúrthóir ar an gClub Niall, chomh maith le bheith ina Eagarthóir ar an nGúm. Bhí a fhios aige go ndéarfaí go raibh [Colg] clúmhillteach agus scannalach agus gáirsiúil, agus go gcuirfeadh sé fearg an domhain ar an-chuid daoine; go measfadh a chomh-Stiúrthóirí go raibh sé ‘mí-oiriúnach’ le scaipeadh ar an gClub (smaoinigh ar Maraíodh Seán Sabhat Aréir) agus go measfadh an Roinn Oideachais go raibh sé ‘mí-oiriúnach’ le teacht faoi scéim Bhord na Leabhar Gaeilge (cf. Seán Sabhat)18. Ní raibh sé toilteanach seasamh a dhéanamh ar son na litríochta — ba laige phearsanta é seo, ach ní chreidim gur faltanas a spreag é. Bheadh sé lánsásta go gcuirfí an leabhar ar fáil agus go n‑éireodh leis ach gan eisean a bheith le crochadh ina leith.19

Is eol dúinn go raibh breith an Dónallaigh léite ag an Éigeartach chomh maith leis an gCadhnach agus nach raibh sé ach ag meabhrú don Chadhnach a raibh lastiar den bhreith a thug an Dónallach. Bhí casadh eile sa scéal, áfach, casadh ar bhain an Cadhnach sásamh mailíseach as a bheith á chur os ard tar éis na breithe a tugadh ar Colg i 1964. Agus é ag scríobh chuig Niall Ó Dónaill faoina bhreith‑sean, dúirt sé:

Tá dlúthbhaint agatsa leis an gClub Leabhar. Ní móide go bhfuil a fhios agat go bhfuil sé geallta an Colg seo a chur ar liosta an Chlub Leabhar! Níor léigh aon duine riamh é ach tusa… Bhí an gealltanas sin tugtha romhatsa i bhfad sula bhfaca tusa é. Sin é an sórt rud é an Club Leabhar. Tabharfaidh mé mionna ar leabhar ar bith de liosta an Chlub is mian leat agus fianaise air sin.

Agus sa litir chuig an gComhdháil dúirt sé:

An t‑ábhar seo atá daortha ar a ‘mhí-oiriúnacht’ ag bhur mbeirt mholtóirí, tá sé geallta cheana le bliain é a chur ar liosta an Chlub Leabhar. Gheall duine é sin nár léigh é agus nach bhfaca riamh é… Tá mé sásta fiosrachán a sheasamh agus fianaise a thabhairt faoi mhionna i dtaobh an ní seo

Arís eile sa réamhnóta a chuir sé leis an dréacht as Colg a d’fhoilsigh sé ar Dóchas sa bhliain chéanna sin, 1964, dúirt sé go raibh geallta ag an gClub Leabhar an saothar [sin] atá ag na foilsitheoirí faoi láthair a chur ar an liosta.20.

Ba é Donncha Ó Laoire, rúnaí Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, a thug an geall sin, más fíor don Chadhnach, ach níor luaigh sé ainm Dhonncha go dtí go raibh seisean tar éis bás a fháil i 1965. Sa litir úd a scríobh sé in Eanáir na bliana 1967 le cur chuig stiúrthóirí an chomórtais le haghaidh Dhuais an Fhorais Chultúir Ghael-Mheiriceánaigh dúirt sé:

Ghlac Donncha Ó Laoire (beannacht Dé lena anam) leabhar — rud atá a fhios ag an gClub Leabhar — le cur ar liosta an Chlub Leabhar agus ní raibh sí léite ag duine ar bith ach agamsa, mar ba mise a scríobh í.21

Is léir, dar liom, gur le teann feirge a bhí dúshlán an Chlub Leabhar á thabhairt ag an gCadhnach agus é ag fógairt go raibh geallta Colg a chur ar liosta an Chlub. Is léir gur theastaigh uaidh go háirithe an bhreith a bhí tugtha ag Niall Ó Dónaill ar Colg a agairt air ar an gcaoi seo mar go raibh Niall, mar a dúirt Seán Ó hÉigeartaigh, ar dhuine de stiúrthóirí an Chlub.

Barbed Wire an teideal a thug an Cadhnach ar Colg sa réamhnóta a chuir sé leis an dréacht as a d’fhoilsigh sé ar Dóchas, agus is cosúil gurb é sin an teideal a bhí le bheith air feasta. I measc na bpáipéar a bhaineann leis an saothar seo atá i Leabharlann Choláiste na Tríonóide, tá leathanach a bhfuil an chuma air gur mar leathanach teidil a réitíodh é, tráth a raibh an saothar seo á ullmhú le foilsiú mar leabhar. Tá an teideal Colg, atá clóscríofa, scriosta amach agus Barbed Wire scríofa de lámh ina áit. Tá ainm an Chadhnaigh agus ainm agus seoladh na bhfoilsitheoirí, ‘Sáirséal agus Dill, Baile Átha Cliath’ scríofa ar an leathanach freisin22. Agus ar ndóigh, mar a luaigh mé cheana, Barbed Wire a thug an Cadhnach ar an saothar i 1969 agus é ag caint le Cumann Merriman.

Seo tuilleadh de nathaíocht an Chadhnaigh. Earra colgach is ea an tsreang dheilgneach; go deimhin i réimse na luibheolaíochta is ionann ‘colg’ agus barb, agus is ón bhfocal Laidine barba, a chiallaíonn ‘féasóg’, a díorthaíodh barb agus barbed an Bhéarla. Sa Bhéarla féin thugtaí barb ar fhéasóg fir agus bhí an briathar barb ann le haghaidh ‘bearradh’. Ar ndóigh tá an focal barber i gcónaí ann agus tá an focal ‘bearbóir’ bunaithe air sin. Is léir cén bhaint atá aige sin go léir le teidil na gcaibidlí sa saothar seo. De bhreis air sin, áfach, cloistear, nó chloistí, mar caint mhagaidh thiar an nath ‘Muisteais barbed wire ort!’ mar mhalairt ar ‘Maith thú!’, ‘(Maith an) buachaill!’, ‘Dia leat!’, ‘Nár laga Dia thú!’ nó a leithéid eile. Agus ní mór cuimhneamh air freisin go raibh an Cadhnach ina eagarthóir ar iriseán dar teideal Barbed Wire nuair a bhí sé i ngéibheann i gCampa Géibhinn an Churraigh, idir 1940 agus 194423. Bhí cúiseanna go leor ag an gCadhnach leis an teideal deiridh seo a thabhairt ar an saothar seo dá chuid, mar sin, ach is léir, dar liom, ar deireadh thiar gur admháil a bhí sa teideal sin freisin gur saothar géar gangaideach ab ea é, agus is ea gan aon agó. Is dócha i ndáiríre nárbh fhéidir é a fhoilsiú an uair úd mar go gcuirfeadh sé olc as miosúr ar mhórán daoine a bhfeicfí dóibh go raibh sé clúmhillteach agus scannalach agus gáirsiúil, mar a deir Seán Ó hÉigeartaigh a cheap Niall Ó Dónaill24, agus is cinnte dar liom nárbh fhéidir mórán a dhéanamh leis na deacrachtaí sin a shárú gan an saothar a choilleadh ar fad. Ní hionann sin is a rá go raibh sé clúmhillteach ná scannalach ná gáirsiúil i ndáiríre: ní chreidim féin go raibh ná go bhfuil. Is cinnte, áfach, go bhfuil an magadh agus an frimhagadh agus an fhonóid ina n‑orlaí tríd an saothar agus go bhfuil cuid mhaith de géar agus maslach agus garbh go leor. Ní mór dom a lua, áfach, go ndéanann Máirtín magadh faoi féin chomh maith le cách eile sa saothar seo — mar dhia nach bhfuil cúis gearáin ag daoine eile a ndéanann sé ceap magaidh díobh ón uair go bhfuil sé sásta é féin a bhualadh leis an maide céanna lena mbuaileann sé iadsan!

Bíodh gur i bhfoirm aistí atá an saothar seo scríofa, tá an Cadhnach in ann labhairt faoi féin sa tríú pearsa mar go bhfuil sé tugtha le fios nach ionann údair na n‑aistí seo agus Máirtín Ó Cadhain, údar an tsaothair. Tá ainmneacha sínithe le trí cinn de na haistí nó le haguisíní leo: ‘Pundún Fíréan’ agus ‘Snaidhm ar Bundún’ le haguisíní ag deireadh na chéad aiste, ‘Ulchabhán Neamhurchóideach’ ag deireadh an tríú haiste agus ‘Mahomet Pháidín Dhúda’ ag deireadh an ceathrú ceann. Níl aon ainm sínithe leis an dara haiste, áfach.

Agus údar na chéad aiste ag liostú daoine ar chóir go mbeadh sé éigeantach go mbeadh croiméal orthu, tá an Cadhnach luaite aige agus deir sé gur chóir go mbeadh a chroiméal dúchrón [agus] Ga Bolga, inneoin cheárta nó buama mógatóin a bheith ar mhullach gach uile róin di (lch. 9). Agus ar ball tugann sé an tuairisc seo ar an gCadhnach: mac sanaise25, cinnte, ach cé dó? (lch. 17). In áiteanna eile ligtear do phearsana éagsúla a mbarúil faoi a nochtadh. Tugann siad an tÍseal ó Cadhain air scaití. Tugann siad an Ghruaim mar leasainm air go minic freisin; mar shampla, tugtar an Collach Mór, an Ghruaim air in áit amháin (lch. 89), agus le linn d’fhear a bheith á cheapadh ina bhleachtaire tugtar an tuairisc seo ar an nGruaim agus ar a shaothar:

Anois ní bheidh de dhualgas ort ach an fear gruamánta sin, Gruaim, a fhaire. Sin é an méid. É a fhaire. Tá sin éasca go leor mar níl an t‑amharc ar fónamh aige… Cosúil leis na héigsíní uile, mar a deir tú féin. Níl a amharc ar fónamh agus níl aige ach cúpla gnáthóg. An phrochóg de bhaile atá aige agus an phrochóg de Thríonóid… Anois lena bhrath. Má fheiceann tú ag tochas a chinn lena dheasóig é, sin aothú anama agus fógair ar an bpointe é, mar níor dhóichí toradh air sin ná brúisc-mhaidhm gháirsiúlacht… Dar ndóigh léann daoine iad, go bhfóire Dia orthu! Sin é an fáth a bhfuil mé féin ar son cinsireacht, cé nach bhféadfaidh mé a nochtadh de bharúil ach go mbaineann an bhreith le gach cás ann féin. Anuas air sin, ní gnáth-thír muid agus ní foláir do gach uile dhuine againn a bheith ina Bhastille moráltacht sa gcath atá le cur leis an tír a shlánú. Ní bheadh na Gaeil sásta go slánódh Gaeil mhímhorálta, fiú Gaeilgeoirí dúchais mímhorálta, an Ghaeilge… Aontaím ar fad leat gur comhartha mhímhoráltacht nár lig sé suas croiméal riamh… Deir tú go mbíonn croiméal ar bheithígh áirithe mímhorálta, cait mar shampla. Ach sa méid gur beithíoch é, ní fhéadfadh beithíoch a bheith mímhorálta. Is suaitheantas liotúirgeach í an croiméal; fógra don saol gur duine ar leith tú; fógra nach é gach uile dhuine a fhéadfas thú a chaidreamh; cúngú dá réir ar líon do
chuid ban aitheantais; foscnamh — ní ‘fáscadh’ a dúirt mé ach ‘foscnamh’ — foscnamh ar líon na mban; próis mhorálta mhicanbheathach mar sin… Céard sin?… Solas dearg do na mná, a dúirt tú! Anois ná cloistear an focal sin ‘solas dearg’ as do bhéal feasta. Is Béarlachas, Galldachas, é… Ach ní ar an dualgas sin a bheas tú feasta. An Ghruaim a fhaire. Má fheiceann tú é ag tochas a chinn lena dheasóig… lena chíotóig, aothú is measa ná sin: ag smaoineamh ar thiontú ina Phrotastúnach, go háirithe más leis an gcorrmhéir agus leis an méir fhada é, má tá i ndán is go mbeidh a leiceann cruinnithe suas faoina shúil chlé agus a bhéal dianleata ar an taobh clé an tráth céanna. Fógair é sin ar an bpointe ar mo Líne Phríobháideach féin — focal na faire: ‘Liútar’. Ach más ag tochas cúl a chluaise clé lena chorrmhéir a bheas sé, níl an éigeandáil chomh mór: a lón smaointe meata atá ag dul i ndísc. An focal faire sa gcás sin: ‘Bedell’…

…Má fheiceann tú é ag tochas leathphluc chlé a thóna lena mhéir fhada chlé is smaointe faltanais é sin i m’aghaidhse féin agus fógair é, gan fanacht le torann do chos, ar mo Líne Phríobháideach — ‘Cambronne’. Más ar an leathphluic dheas é, is comhcheilg in aghaidh an easpaig é agus scríobh isteach ar an bhfoirm chuí é, Fleet JC78. Más aon réigiún iartharach eile é, is mór an seans gur treifid liteartha a thabharfadh sé air… Ní thuigeann tú ‘treifid’. Na boilg a bheith ag séideadh, a bhobaide… Na boilg, a dúirt mé…

“Ach an gcuireann sé daol ar bith eile de ach an tochas, a Thréadaí Mhóir?”

“Is é an tochas is mó is dual dá cholainn ghránna. Tochas ba mhó ba dual riamh do na héigsíní sin, Maupassant, Baudelaire… Béaloideas iad na naoimh sin, a deir tú. Naoimh liteartha ar aon nós. Má chloisim go brách go ndéarfaidh tú, ag mealladh ná i ndearmad, gur naomh é an Ghruaim… (lgh. 94–6.)

Is é an buille faoina leithéid sin gur ríléir gur daoine ceartchreidmheacha piúratánacha coimeádacha iad na pearsana a labhraíonn mar sin faoin nGruaim, rud a fhágann gur mar mholadh seachas mar cháineadh air is dóichí a léifí na cuntais sin air. Sainghné de ghreann an Chadhnaigh is ea a leithéid sin de chleas ar ndóigh.

Le linn dó na treoracha sin a thabhairt uaidh, féach go ndeir an cainteoir leis an mbleachtaire:

Aontaím ar fad leat gur comhartha mhímhoráltacht nár lig [an Ghruaim] suas croiméal riamh… Is suaitheantas liotúirgeach í an croiméal; fógra don saol gur duine ar leith tú, fógra nach é gach uile dhuine a fhéadfas thú a chaidreamh; cúngú dá réir ar líon do chuid ban aitheantais; foscnamh– ní ‘fáscadh’ a dúirt mé ach ‘foscnamh’– foscnamh ar líon na mban; próis mhorálta mhicanbheathach mar sin… (lch. 95.)

Meabhraíonn an chaint sin as an tríú caibidil dúinn gur tráchtas ar na croiméil atá sa chéad chaibidil den saothar seo, agus nach mór dúinn filleadh air sin anois agus tosú ar chuntas éigin a thabhairt ar ábhar an tsaothair trí chéile, rud nach bhfuil éasca a dhéanamh le haon chríochnúlacht, go háirithe i gcás an dá chaibidil thosaigh, ón uair go ligeann Máirtín scód leis féin go minic imeacht ó phríomhraon a ábhair agus dul ag fálróid agus ag fánaíocht i lánaí is i bpóirsí is i scabhait iomadúla. Cathair ghríobháin de théacs a chruthaíonn sé ar an gcaoi seo mar mhalairt ar néatacht na haiste clasaicí, agus is dócha mar mhagadh fúithi sin, agus mar rábhadh don léitheoir gan glacadh leis go bhfuil an t‑údar seo an-dáiríre.

Tar éis roinnt braiteoireachta tagann sé timpeall ar deireadh thiar sa chéad chaibidil go dtí an trácht ar an gcroiméal:

Rud tearc í an croiméal inniu. Ar dhuine ar leith atá sí, duine nach bhfuil sásta géilleadh do à la mode tútach na féasóige… Is éard atá i gcroiméal, go háirithe ar an saol atá ann, séala Iompríomháid agus bratach cúise. Cúis gan croiméal, ní cúis ar bith í. (lch. 7.)

Is gearr ansin go gcaithríonn an trácht ina liostú fíorChadhnach:

Tá daoine ann nach mbeadh aon ghnó acu de chroiméal. Ní thiocfadh garrán liopach ar bith le súile caoine Sheáin uí Éigeartaigh, ainneoin go raibh croiméal ar a athair, go ndéana Dia trócaire ar na mairbh, ceann chomh luaimneach, chomh friochanta, chomh pearsanta is a chonaic mé riamh. Measaim, cad eile, gur chóir go mbeadh croiméal éigeantach i ngairmeacha agus i staideanna áirithe saoil. Ard-Easpaig, an tUachtarán agus a theaghlach, Airí, Rúnaithe Parlaiminte agus coirp; Uachtaráin agus Rúnaithe cumann áirithe eile, ar nós an Oireachtais nó Chomhlacht na Seanchaithe agus na Sean-Scéalaithe Poiblí; Ard-Mhionnadóir Oifigiúil Ridirí Cholambáin; gach duine dá raibh a scéal ar an teilifís; na colúnóirí; Cinsirí Comhar; gach duine nach call dó a dhul ar imirce; gach duine nach mbeidh a leithéid arís ann; gach duine a ciontaíodh níos mó ná leathchéad uair i gcúirt reachtúil; cigirí feola agus éisc lofa; ‘tuistí’ Bhéal an Átha uile; gach duine a chreideas gurb í an Ghaeilge teanga an Damer; gach duine ar mian leis leabhar a scríobh gach uair a léann sé leabhar agus a éigníos a chairde lena dhéanamh dó; lucht tinneas droma; fear ar bith nach bhfuil pósta; bailitheoirí eaglaise; gach tóraí raidió agus teilifíse agus gléas neamhcheadúnaithe; gach duine atá pósta le hiníon Aire nó a phós bean arb Aire a hathair; gach cigire cánach, dole, pinsin; gach duine nach comhalta de chumann iarscoláirí, nó nach raibh i bpríosún nó i ngéibheann faoi pholaitíocht; gach duine a chreideas nach raibh aon bhaint ag Conlán an Lucht Oibre leis an nGaeilge a ionsaí sa toghchán deiridh; nach bhfuil ag scríobh leabhar Gaeilge; gach duine a loic i dtoghchán nó i scrúdúchán i ngeall ar Ghaeilge; gach Gobharnóir príosúin agus máistir ar cheann de thithe na mbocht nó na ngealt; gach duine a chreideas gurb í an Ghaeilge gnáth-theanga an Stáit agus gnáth-theanga Chomhghairm na hOllscoile; gach duine a chreideas nach bhfuil aon scil i gcúrsaí Ealaíne ná Oideachais aige; nach gcreideann gurb iad Gael-Linn a chruthaigh Éire; nach dtugann vóta i dtoghchán; atá éirithe as an gComhchaidreamh i ngeall ar ailt Comhar; atá gafa sa gComhchaidreamh i ngeall ar ailt Comhar; ar choinnigh an Diolúnach ardú céime uaidh i ngeall ar Ghaeilge; nach bhfuil sa Léigiún ná sa Réalt; nach mbíonn cuireadh aige go dtí Fáiltithe Rialtais ná Ghael-Linn; nach comhalta de chumann ‘forbairt’ áit éigin é; nach bhfuil ag saothrú dada ó Ghael-Linn; Buime na Cléire; an Bhábóg ní Ostair; Cuaichín Shráid Ghrafton; gach duine nach Miss Baile Éigin; an té is Queen of the Plough

Ba chóir go cinnte go mbeadh sé éigeantach ar phearsana áirithe poiblí agus liotúirgeach croiméil a bheith orthu, cinn riotúlach agus daite ar an sean-nós, nó tatúáilte: an Breitheamh; an Breatnach; Tadhg ó Concheanainn Bhéal an Átha; Richie Ryan; Peadar ó Conaill, Cléireach na Dála; Leon ó Dúill; Seán mac Conaola; Beartla Conaola; An Doc. mac Dúill; Gearóid ó Maoilmhichíl; Mr ó Táilliúir Ghael-Linn; Micky Gill (mura mbíonn sí air); Mr ó Cinnéide na Comhghairme; Doiminic mac Gríor (mura bhfuil sí air); Séamas ó Néill (mura bhfuil sí sa teaghlach); Diarmaid ó Ríordáin; Colman Higgins; Matt Mc Closky; Éamonn de hÓir; Joseph Mc Garrity (mura mbíonn sí air); Séamas an Bhéarla; an Gúm ó Súilleabháin;… Chappie sin as Béal Feirste (mura bhfuil sí air cheana): ní hé Muiris ó Droighneáin a deirim. Níl aon aithne shúl agam air siúd, ach le muisteais a shamhlaím é, ceann caighdeánach. (lgh. 7–9.)

Bheadh ar dhaoine ar leith croiméal ar leith a bheith orthu. Ba i gcumraíocht suaitheantais é, suaitheantais mar a bhíodh fadó os cionn siopaí (lch. 10). Bheadh cinn ann do ghasraí daoine agus cinn eile fós do dhaoine aonair:

Croiméal Pocaideach is dual do Chiarraíoch agus ceann i gcumraíocht iarann táite do mhuintir Bhéal Átha na Sluaighe. Corr-spiogóid do mhuintir Óméith. Butt agus Beilt agus druma ar Tharlach ó hUid agus ar na Béal Feirstigh. Luí gréine agus caisleáin óir do Rinn na Feirste. Tá rogha as cuimse ag an gcuid eile de Thír Chonaill: na Mic ó gCorra ar a gcorraghiob gogaidíneach mar a bheidís ar tí seoladh (is fadó nach raibh siad ar an drabhlás in Albain); cúirt dhoirseach; pictiúr Cholm Cille ar mhullach Charraig an Dúin agus a bhéal oscailte (is deacair Colm Cille a shamhlú gan a bhéal oscailte– ag tairngreacht in aghaidh na Gaeilge éigeantaí sa gcás seo, b’fhéidir); pictiúr Mhuiris uí Dhroighneáin ar mhullach Charraig an Dúin, Bíobla caighdeánach ina Dheasláimh agus é ag fógairt Cholm Cille agus Mhánais uí Dhónaill i d… go hÍ. (lch. 11.)

…Ciarán mac Mathúna: an focal fluthers. Máirtín ó Direáin as Inis Araballach, patrún Picassóch nó ciúbach, dar ndóigh. Chuirfinn faoi deara (Saor an Leanbh) do Ph. A. an fhéasóg úd a bhearradh agus crios(lach) Atlantach a ligean suas. Cumraíocht cathaoireach ar chorrabhinseach don Bhreitheamh. Sciorta agus Ord air (ní casúr ná corrán) ar liopa Mháirtín uí Fhlaithearta. Mac Gabhráin: ‘sparán na scillinge’ ar leataobh den liopa agus mionfhógrán ar corrabhundún ar an leataobh eile (sin nó a rogha a bheith aige ar cheann ar nós Dhónaill uí Mhuirinn). An Seabhac: a hawk on a golden background holding in its beak a book with ‘3,000,000th exemplaire’ on fly. (lgh. 16–17.)

Agus ar ball tráchtann sé ar roinnt croiméal aithnidiúla, cinn Sheáin Mhic Réamainn, Anraoi Uí Bhaoighealláin, Phroinsias Mhic Aonghusa is Maolmhuire Diolún:

…[Í] siúd atá ar an Seán eile, ar an Réamannach, ní fás aon oíche tadhallóireacht ná cómhargaíocht atá inti; ní dúchosach chranda ar chloch ara(nn)ballach í, ná curásach gort carrach Gaillimheach; ná pointillé meata mar a bheadh ar phiteog ealaíonta. Is í an choill thuaisceartach is teampall Gotach í. Is léir inti na Tuiréid agus an Túr, fuinneog iartharach (ní bundúnach) Chartreuse, an ‘ceol reoite’ is Notre Dame, Ord Bhenedict ag brachadh fíona agus ag canadh an liotúirge, an Mheánaois ar fad lena cuid héloïseachais agus a(rann)ball(ch)ardais, a cuid goliardachais gettogoingeachais agus désheirce, a cuid creidimh agus crábhaidh, a cuid salmaireacht agus stocaireacht.

An croiméal atá ar Anraoi ó Baoighealláin is scraith nó duileasc chloch ar theirce, scáinteacht agus léithe í. Mura gcuimhníteá ar do phaidrín, d’fhéadfá é a rá ar a gasanna dea-chóirithe, mar a deirinnse mo phaidreacha fadó agus mé ag fosaíocht, ar leachtanna an ghoirt. Tá daoine ann a thabharfadh an leabhar nár dhúirt mé aon phaidir riamh… Féadfaidh Gael-Linn patrúin dathúcháin a dhéanamh as ceann Anraoi, má thiteann Gaeltarra choíche ar a gcrann.

Muisteais Phroinsias mhic Aonghusa… Ní hí siúd croiméal ginearálta téacsleabhrach an lae inniu. Is ionann sin is a rá gur croiméal inti féin í. Ní hionann sin is a rá gur croiméal neamhthuilleamach í, ná go bhfuil sí ag iarraidh cáiliú mar chomhalta de cheann de na gealt-choteries sin a bhfuil pobal saineolaithe an lae inniu á ngaibhniú féin suas iontu. Tá tréithe comhchoitianta na gcroiméal inti: colg sách doicheallach agus amhras sách míchéadfach. Ach tá suáilcí poiblí na linne ar fad inti: ceardchumannachas, comharchumannachas (fuíoll de theagasc na Linne Móire), aerchumannachas, teilchumannachas, Timeschumannachas… Céard iad na cineálacha eile cumannachais atá ann? Ach tá rud thairis inti: tá sí dásachtach, dearfach, néamhannach, seinneadóiriúil (ní syngúil). Is beatha inti féin gach ribe ar leith di. Agus is ina ribí follasach ar leith atá sí. Ní hé amháin gur léir cúis– cuimhnigh gur cúis croiméal, muisteais, mustapha, mufti– ach is léir go bhfuil a lán cúrsaí agus cuspóirí ag giniúint in éindí agus go neamhspleách ar a chéile, ar nós brat giúrainní ar shail sa sáile nach mbeadh a fhios ag ceachtar de na sliogáin céard a bhí ar siúl ina chomhshliogán. Ach is tíriúla a rá gur gabha (ní ‘gabharán’) é seo a bhfuil iarainn an pharóiste sa teallach in éindí aige. Thar gach ní, tá gotha geallúnach, fáistiniúil, futuristic ar an gcroiméal sin…

Scéal trí na sceachóirí! Dóbair dom dearmad a dhéanamh ar chroiméal an Dr Myles Dillon. Gach uile sheans go raibh bundún beag air faoi m’iarracht dheiridh. Is cúiteamh éigin anois gur léir cé mar a thosaigh an abairt choitianta ‘bundún a bheith ar dhuine’…

Níl croiméal eile ar m’eolas mar í siúd ar an Dochtúir. Agus tá sé chomh ríméadach aisti le cat siopa. Go síoraí á slíocadh agus ag méirínteacht léi. Ní fhéadaim gan a bheith á samhailt dom féin san oíche ar mo leaba (gheobhadh duine saothar ní ba mheasa ná sin le déanamh ar a leaba, arsa tusa). Tá sí in aon tuláinín amháin ansiúd cruinnithe, cuachta, coirnínithe… (gheobhaidh tú an chuid eile faoin Spéirbhean… ag croiméalóir dámhscolach múscraíoch ar bith) ar a corraláirge… ón mbéal go dtí an gaosán… Breac aduain a sháródh ar chuma mhíorúilteach éigin an anachain shaoil a thug anbhás dá chineál trí chéile na mílte bliain ó shin. Amhfheileacán… (Lgh. 18–22)

Tríd na dréachtaí sin ar fad tá samplaí den imeartas focal atá ina ghné eile de ghreann an Chadhnaigh. Tá cuid de na hiarrachtaí den sórt sin cliste go leor; tuilleadh acu atá sách doiléir, sách deacair le scaoileadh. Agus é ag trácht ar chroiméal Mhaolmhuire Diolún, samhlaíonn Máirtín gurbh fhéidir go raibh an tOllamh míshásta faoi ‘Do na Fíréin’ (.i. ‘m’iarracht dheiridh’) mar a ndearna sé sciolladh ar an Ollamh agus ar leabhar dá chuid, Teach yourself Irish26. Is in ‘Do na Fíréin’ a thosaigh sé ag greadadh dheartháir an Ollaimh freisin, Br[other] James mar a thugann sé air, Teachta Dála agus ball mór d’Fhine Gael a bhí tráth ina Aire Talmhaíochta. I measc go leor teideal eile thug sé ‘James ubhcheannaí Ballaghaghoirín’ air in ‘Do na Fíréin’27. Bhí pór cearc a dtugtaí ‘na Diolúin’ orthu in Inis Meáin ar an údar gur faoi scéim de chuid an Diolúnaigh a thug an Roinn Talmhaíochta saor in aisce do mhuintir na Gaeltachta iad. Rinne an Roinn dearmad aon bhia a sholáthar do na cearca seo agus nuair nach raibh muintir an oileáin in ann iad a chothú i gceart, d’ith siad an phéint anuas de dhoirse na dtithe! Bhí siopa ag James agus ag a mhuintir roimhe i mBealach an Doirín. Ní foláir gur i ngeall ar an mbaint a bhí ag James le scéim sin na gcearc a luann an Cadhnach mar mhagadh gur ‘ubhcheannaí’ ab ea é. Ar an ábhar céanna, cheapfainn, chuir sé ainm an bhaile ó chuma leis an mír ‘-goir-’ (< gor) a chur in áit ‘-Doir-’, de bhrí go bhfuil baint mhór ag an bhfocal ‘gor’ le cearca agus le huibheacha. In Barbed Wire baintear síneadh as an imeartas sin le tagairtí minice do ‘Uibhiscéal Mór Bhallaghaghoirín’, sean-lámhscríbhinn, mar dhea, atá ar cheann de sheoda na seanaimsire. Imeartas ar na focail ‘suibhescéal’ (= soiscéal) agus ‘uibhe’ (< ubh) atá san fhocal ‘uibhiscéal’. Magadh faoi stíl thromchiallach, ‘eaglasta’ óráidíochta an Diolúnaigh atá san imeartas sin, cheapfainn. Tá sampla de chineál imeartais a raibh Máirtín an-tugtha dó sa chuntas a thug sé ar chroiméal Sheáin Mhic Réamainn: ‘a(rann)ball(ch)ardais’: ag tagairt do Peter Abelard agus dá ghrá do Héloïse atá sé: > Aballard + cara. Freagraíonn an eilimint ‘arann-’ do thuairim a nochtar sa saothar seo go raibh baint ag Árainn, agus go háirithe ag Inis Oírr, le grá toirmiscthe. Nuair a luann an Cadhnach na hEiscimigh anois is arís, scríobhann sé ÉISCUISNEIMIGH, < ÉISC + CUISNE ag tagairt do mhonarca chuisnithe éisc ar an Más in aice le Carna.

Níl sa mhéid sin ach blas den sórt ábhair atá sa chéad chaibidil. Tá mórán eile, cuid de nach léir dom go bhfuil a lán bainte aige le hábhar; mar shampla, liosta fada de Phádraigí (lgh. 22–3) agus trácht ar na hollúna R.A. Breatnach agus R.B. Breatnach (lgh. 24–6). Ach tríd an rud ar fad tá na sáiteáin agus an scigeadh. Tá i bhfad níos lú díobh sin sa dara caibidil, ‘An Féas agus an Fhéasóg’.

Ón uair go bhfuil ‘féas’ firinscneach agus ‘féasóg’ baininscneach, samhlaíonn an Cadhnach anseo gur féas is dual d’fhear agus gur do mhná is dual an fhéasóg agus nár tosaíodh ag rá go raibh féasóg ar fhir gur thruailligh na fir, gur éirigh siad bog leisciúil, gur éirigh siad rórístiúil le pósadh; le dul amach ag fiagaíocht agus mná a ghabháil, a choinneáil agus a cheansú san áit ar dual, ar leac an teallaigh; nó gur éiríodar as loiní, as maidí rámha, crainn spreota, halmadóirí, graiféid, súistí, lánta, casan croma, hanlaí céachta, oird, sliseanna, farchaí, singilí, buailteáin… maidí briste agus timirí teallaigh, an ghabhail éadain, braighdeáin, cantaoireacha faoi chomhair an cheansú sin. (Lch. 32.) Is cinnte gur seobhaineachas fireann bréige atá sa mhéid sin agus nach raibh an Cadhnach ach ag ligean air gurb é sin an leagan amach ba rogha leis a fheiceáil ar an saol. Tá trácht fada aige ar fhéasóga ban ina dhiaidh sin, agus fág gur ábhar sách goilliúnach é, ní dóigh liom go bhfuil aon chuid de seo maslach don bhantracht. Níl aon tagairt anseo do aon bhean chomhaimseartha ar leith, ar aon chaoi: tagairtí do chuimhní áirithe agus do phearsana staire, litríochta is béaloidis agus cuntais ar chineálacha féasóige ban is mó atá anseo.

Agus é ag trácht ar fhéasanna na bhfear, tugann sé le fios nach bhfuil an féas san fhaisean a thuilleadh agus gurb iad na bochtáin amháin atá ag ligean suas féis mar nach bhfuil luach rásúir acu. Áiféis is ea cuid mhór dá bhfuil sa chaibidil seo agus sroichtear barr na háiféise i dtreo dheireadh na haiste i gcuntas ar an gcaoi ar ghoid fear féasach rásúr a bhí curtha le luchóg a mharú tar éis di lámhscríbhinn thábhachtach de chuid Choimisiún an Bhéaloidis a chreimeadh. Meán éifeachtach grinn is ea an áiféis ar ndóigh, ach tá sé rídheacair tuairisc a thabhairt ar an ábhar áiféiseach ar shlí a thabharfadh aon léirstean ar mhianach an ghrinn. Críochnaíonn an chaibidil seo leis an tuiscint go bhfuil polasaí an rialtais tar éis mórán daoine a bhochtú sa chaoi go bhfuil mórán féas á ligean suas agus mórán bearbóirí á mbochtú.

[Dá bharr sin] gan athrú aibéil rialtais ní bheidh duine bearrtha ar bith ann. Idir dhá Ghael-Linn, idir Más agus Leath-Mhás cráifisceach Charna, caithfidh siad seo freisin a dhul sa bhFéas agus is iad na cinn idir lúibíní a thoghfas siad dóibh féin mar phatrúin:

An tOllamh Myles Dillon (an tOllamh Dáithí ó hUaithne); an tOllamh Séamas ó Néill (an tOllamh Dáithí ó hUaithne); an tOllamh H. Wagner (an tOllamh Dáthí ó hUaithne); an tOllamh Tomás De Bhaldraithe (an tOllamh Dáithí ó hUaithne); an tOllamh T. ó Floinn (an tOllamh Dáithí ó hUaithne); an tOllamh F. ó Dochartaigh (an tOllamh Dáithí ó hUaithne); an tOllamh Proinsias mac Cana (an tOllamh Dáithí ó hUaithne); an tOllamh D. ó Floinn (an tOllamh Dáithí ó hUaithne); an tOllamh A. mac Dhubháin (an tOllamh Dáithí ó hUaithne); an tOllamh R.A. Breatnach (an tOllamh Dáithí ó hUaithne); an tOllamh Séamas ó Duilearga (an tOllamh Dáithí ó hUaithne); an Neas-Ollamh R.B. Mac Dúill (an tOllamh Dáithí ó hUaithne); an Dr Leasaitheoir Antaine Lúcás (an tOllamh Dáithí ó hUaithne); an tArd-Bhreitheamh Cathaoir ó Dálaigh (an tOllamh Dáithí ó hUaithne); Ard-Ridire Ridirí Cholambáin (an tOllamh Dáithí ó hUaithne); Ard-Oráisteach na nOráisteach (an tOllamh Dáithí ó hUaithne); an tUachtarán Éamon de Valéra (an tOllamh Dáithí ó hUaithne); An Patrarc… (Lch. 54.)

‘An Ulcha, an tUlchabhán’ is teideal don tríú haiste. Ciallaíonn ‘ulcha’ féasóg agus is léir go bhfuiltear á thabhairt le tuiscint anseo go bhfuil gaol ag an bhfocal ‘ulchabhán’ leis sin. Níl sé an-soiléir cén bhaint atá ag na focail sin le cuid mhór de ábhar na haiste fada seo ná ag an ábhar sin le faisin ghruaige. Tá tagairtí anseo is ansiúd, áfach, do na hulchabháin ar shlí a thabharfadh le fios gur daoine sách umhal, ceansa, saonta iad, rud a chuirtear i bhfios ar shlí leis an bhfocal Béarla owl (a solemn-looking blockhead) freisin. De réir leagan amach cheannasaigh áirithe ar an saol tugtar le tuiscint anseo gur thairbheach an rud é dá bhféadfaí cur ar chumas na ndaoine úrbheirthe a gcuid neamhurchóide a chaomhnú saor ó smál nó go mbásaí siad… Iad a choinneáil ina n‑ulchabháin. An oiread ulcha, féasóg nó féasóg bhréige a chur suas ar a n‑aghaidh agus ar a súile is nach léir dóibh urchóid an tsaoil… Bheadh an tAth-Aoibhneas ann… neamhurchóid an Ghairdín roimh an Easumhlaíocht… (Lgh. 74–5.)

Seo í an aiste is faide go mór fada de na ceithre cinn agus is í an ceann is mó a ndearna an Cadhnach athshaothrú uirthi tar éis dó an chéad leagan di a scríobh. Tá thart ar 125,000 focal san aiste seo, rud a fhágann go bhfuil thart ar thrí cheathrú den saothar ar fad inti, agus tá gach cuma ar an scéal gurb í an aiste seo an ceann is mó ar bhain an Cadhnach sásamh as a bheith ag gabháil di.

An áit ar thráchtaireacht a bhí sa chéad dá aiste, tosaíonn an aiste seo i bhfoirm chomhrá idir bheirt agus is gearr go ndéantar tagairt don Tréadaí Mór, fear atá i gceannas ar chomhlacht áirithe, ach a léirítear mar phearsa naofa uilefheasach uilechumhachtach a ndeir duine de na cainteoirí faoi: Rud ar bith a rinneadh faoi [choimirce] an Tréadaí Mhóir, ní fhéadfadh sé a bheith ach inmholta. (Lch. 57.)

Cuireann an cainteoir seo ceist ansin ar an bpearsa eile ‘An bhfaca tú linn riamh?’ (lch. 60) agus is é a fhreagra-san ar an gceist sin atá sa chuid eile den aiste seo. Deir sé go ndeachaigh sé ag déanamh aeir blianta beaga ó shin agus le linn dó a bheith ag spaisteoireacht tháinig sé chuig ionaid ina bhfuair sé amharc ar ghnéithe éagsúla de obair chomhlacht an Tréadaí Mhóir, an Linn. Luann sé cabaret, ceirníní, an Damer, scannáin, daoine á gcur chuig an nGaeltacht, monarchana éisc agus monarchana eile (i gCarna, Teileann). Is léir anois gurb é Gael-Linn an comhlacht réadach ar a bhfuil an comhlacht samhalta seo bunaithe agus gurb é Dónall Ó Móráin an Tréadaí Mór. Tá cuid mhaith dá bhfuil anseo ag freagairt go hiomlán don chuntas a thug an Cadhnach ar Ghael-Linn agus ar an Móránach in ‘Do na Fíréin’. Déantar magadh faoin spéis atá ag an gcomhlacht agus ag an Tréadaí Mór sa phoiblíocht agus sa chaidreamh poiblí ar shlí a chuirfeadh ‘pressamatósanna’ Ghael-Linn in ‘Do na Fíréin’ i gcuimhne do dhuine; ‘Coinineacht’, an teanga a bhíonn á cothú ag an gcomhlacht, is í ‘caint na forbartha’ í, agus is teanga í de réir ‘Do na Fíréin’ nach bhfuil ‘inscne, uimhir ná infhilleadh’ inti agus ar ‘an efficient means of expression’ í28. I bhfianaise a bhfuil in Barbed Wire, is cosúil nach bhfuil idirdhealú idir gutaí fada is gearra ná idir consain leathana is chaola inti, ach oiread.

Tagann an reacaire ar ball chuig cliathgheata a bhfuil mathshlua ag brú air. In aice láimhe tá fógra ar a bhfuil scríofa ‘Poist, Agallaimh, Moltaí’ (lch. 78): is amhlaidh go bhfuil na daoine atá bailithe ag iarraidh labhairt leis an Tréadaí Mór faoi phost a fháil sa Linn nó le tionscnamh nó scéim éigin a mholadh dó.

Fear amháin atá ag iarraidh poist sa Linn dá iníon, déanann sé iarracht an Tréadaí Mór a bhréagadh le scéal mór fada faoi fhear i Rinn na Feirste a bhfuil ‘leaba shonaí’ aige, is é sin, leaba a bhfuil ádh clainne uirthi mar a dúradh faoi leapacha an Speisiality in An tSraith ar Lár. Tugann sé seo deis don Chadhnach magadh a dhéanamh faoin dearcadh rómánsúil victeoiriach i leith na Gaeltachta agus faoi cliché-anna litríocht Ghaeilge Ghaeltacht Thír Chonaill. Is dóigh liom go bhfuil sé seo sách súchaite mar iarracht. Ní mór a lua, áfach, go dtagann chun solais sa mhír seo sórt idirthéacsúlachta atá ina gné thábhachtach de Barbed Wire: cuireann an Cadhnach dréachtaí as luathlitríocht na Gaeilge agus as litríocht na Gaeilge clasaicí isteach ina théacs féin d’fhonn macallaí áirithe a dhúiseacht agus uaireanta ar mhaithe le greann léannta a chothú. Déanann sé amhlaidh sa tríú haiste seo ó thús deireadh agus sa cheathrú haiste freisin. Tá an obair seo suimiúil mar léiriú ar a fhairsinge a bhí an cur amach a bhí ag an gCadhnach ar sheanlitríocht na Gaeilge.

Cuid de na daoine a thagann ag triall ar an Tréadaí Mór, tá deiseanna le cur faoina bhráid acu a chuideodh lena caidreamh poiblí: deis amháin, dhéanfadh sí dó an óráid ba dhual ar ócáidí áirithe agus i láthair pearsan áirithe; clóca draíochta atá ag fear eile a chuirfeadh ar a chumas dó gan a bheith le feiceáil rómhinic, rud a chuirfeadh lena stádas, a dhéanfadh recherché é fearacht Phroinsias Mhic Aonghusa nach mbíonn le feiceáil ach ar ócáidí tábhachtacha agus in áiteanna ardnósacha; fear eile fós, tá deis aige a sholáthródh an cineál gáire ba chóir don Tréadaí a dhéanamh ar ócáidí áirithe. Ag magadh faoin dúil atá ag an Tréadaí Mór sa phoiblíocht atá an Cadhnach anseo agus dá réir sin ar ndóigh ag magadh faoin té ar a bhfuil a phearsa bunaithe, is é sin Ceannasaí Ghael-Linn.

A thuilleadh de na fionnachtana a chuirtear faoi bhráid an Tréadaí Mhóir, soláthraíonn an chaint fúthu deis don Chadhnach gnéithe dá chuid smaointeachais féin faoin mbitheolaíocht is faoin éabhlóid a nochtadh, agus má tá cuid de sin sách osréalaíoch, áiféiseach fiú, tá a thuilleadh de atá ag teacht lena bhfuil indéanta ag an eolaíocht, agus go háirithe ag an ngéineolaíocht ar na saolta deireanacha seo — an toirchiú in vitro agus an chlónáil, mar shampla.

An chéad scéim acu seo chuirfeadh sí oibrithe ar fáil do chomhlacht an Tréadaí nuair nach mbeadh oibrithe ar fáil de bharr lánfhostaíochta: daoine atá ar Shlua na Marbh a thabhairt ar ais agus iad a chur ag obair. Féach an saibhreas mór intleachta is cumais atá sciobtha ag an mbás agus ar mhór an tairbhe é do chomhlacht an Tréadaí é a bheith ar fáil i gcónaí:

Aristotle, Socrates, Plato, Agaistín, Acuin, Duns Scotus, Descartes, Leibniz, Kant, Schopenhauer, Nietzsche le haghaidh fealsúnacht na Linne… Alastar, Napoleon, Rommel le haghaidh d’airm… Homer, Dante, Shakespeare, Goethe leis an Linn a mholadh!… Aonghas na nAor leis an nGruaim a bholg-léasadh… D’fhéadfá Cromail a chur go Connachta i mbun lucht scoláireachtaí Ghael-Linn… Goering agus Goebbels le haghaidh [bolscaireacht]… Michaelangelo, Van Eyck, Rubens, Botticelli, Tiziano, Eisenstein le haghaidh do phictiúr, a [Thréadaí]. (Lch. 161.)

Scéim eile fós ba bhealach í leis na lochtanna, na laigí is na héagruais a d’fhág an éabhlóid ar an duine a shárú. Tá eithne na beatha áit éigin sa duine, sa chloigeann ceaptar sa chás seo. D’fhéadfaí na milliúin de na heithní seo a bhailiú agus a chur i gcoimeád. Deir fionnachtaí na scéime seo:

Lig le d’ais é, a Thréadaí Mhóir. Na milliúin soitheach leáshéalaithe ar sheilfeanna do shaotharlainne, nó do leabharlainne, más breá leat. Fios agat go bhfuil na milliúin eithní ansin, gur duine gach eithne acu. Istigh sna soithí sin go bhfuil uaisleacht, gaisce, misneach, cladhaireacht, tútachas, cneámhaireacht, suáilce, duáilce an duine agus gach uile líne dá dtáinig agus dá dtiocfaidh. Fios agat gur féidir leat féin an duine a mhúnlú ar do mhian, a shaoirsiú mar a déarfá, feasta. Ní dada í an órchloch, cloch an fhealsaimh, ar a ghualainn sin. Ba é a mbeadh ann feasta colainneacha a shaoirsiú agus na soithí sin leis na heithní a chur iontu isteach agus bheadh an duine nua, an duine comhdhéanta, agat. (Lch. 174.)

Ní bheadh le déanamh ach colainn a chumadh don eithne a roghnófaí i ngach cás, agus d’fhéadfaí aon chruth coirp agus aon ábhar coirp ar bith a roghnú agus d’fhéadfaí an corp a mhaisiú ar aon bhealach ar bith agus a chur á chothú le haon ábhar ar bith… Ach ba í sin an chéim dheiridh, an chéim fhoirfe. Ceann de na céimeanna i dtreo na foirfeachta sin ab ea an cholainn cheimic-mhúnlaithe:

Colainn í seo a bheadh ar an múnla céanna le colainn an lae inniu ach nach as broinn di feasta… Ar aon mhúnla agus ábhar… le colainn an lae inniu a bheas an cineál seo ach gur ceimic-mhúnlaithe a bheas siad. Iad a chur i bhfostú ansin i gceann iomlán duine. (Lch. 182.)

Níl an chéim sin féin bainte amach fós ag an tionscnóir seo, ach tá ar a chumas ceann de na fadhbanna nach bhfuil sáraithe ag an éabhlóid, an dul in aois, a shárú trí sheanchloigeann a bhaint agus a nódú ar cholainn óg:29

Ach samhlaigh scríbhneoir, ealaíontóir, státaire, fear cúise den chéad scoth, a cholainn ag dul in aois agus dá bharr sin a chumas ag críonadh. Tá a cheann ansin i gcónaí, scrín a chumais, seomra séad a spioradáltacht. Nach léir gurb éard atá le déanamh colainn óg fholláin a dhícheannadh agus í a chur ina heach faoin ríchóiste, faoin gceann cumasach críonna. Beidh léas eile saoil agus léas eile agus léas eile, más mian leis, le fíon na gaoise, le meá na ndéithe a fháscadh amach as an gcantaoir mullaigh sin. Agus is í mo bhua-sa go bhfuil mé in ann an colainneachas nó an ceannachas sin a dhéanamh, a dhéanamh gan fogha gan easpa gan fuíoll béime ná scine guillotine. (Lch. 185.)

Admhaíonn an tionscnóir go bhféadfadh fadhbanna a theacht mar thoradh ar an scéim seo, fadhbanna céannachta, mar shampla (dá gcuirfí, ar mhaithe leis an éacúiméineachas, cloigeann Sheáin Shéarlais Dublinensis ar cholainn George Otto Dublinensis nó cloigeann an Phápa ar cholainn Ian Paisley) agus fadhbanna dlí. Ach áitíonn sé gur scéim fiúntach í agus aontaíonn an Tréadaí Mór leis, bíodh go bhfuil sé soiléir nach ionann a thuiscint uirthi agus tuiscint an tionscnóra:

Caithfidh mé an méid seo a rá ar do shon, gur geall é do chuid céimniú leis an éabhlóid a chur ag feidhmiú arís tar éis a scíth cianaosta, í a bhroideadh leis an bhforás is dual dó a chur ar an duine: duine feidhmchruthach, leabharchruthach, simplí, aonchillíneach, b’fhéidir, ar nós an aiméibe, neamhútamálach ar aon chor. An rud céanna is cuspóir don Linn. (Lch. 195.)

Ficsean a bhí á scríobh ag an gCadhnach i seascaidí na haoise seo caite ar ndóigh. Ach féach an tuairisc seo ar a ndúirt taighdeoir spás-sistéamanna de chuid an MIT, Eric Drexler, ina leabhar Engines of Creation a foilsíodh in 1986:

Drexler argued [that] biology is nothing more than a bunch of molecular machines created and honed by evolution. Man-made ‘cell-repair machines’ directed by nano-engineered computers, could do better than nature’s efforts, repairing damage atom by atom, correcting mistakes in DNA and servicing and maintaining all the components of individual cells. This could spell the end of ageing, and ultimately even defeat death.30

B’in 1986. Tá na nana-ríomhairí sin, na ríomhairí bídeacha, á ndéanamh agus á n‑úsáid ag taighdeoirí leighis anois féin, agus tá atheagrán dá leabhar á scríobh ag Drexler lena áitiú go raibh an ceart aige!31

Ar éigean a d’fhéadfadh dréacht fada deiridh na haiste seo bheith níos éagsúla leis an bhficsean eolaíochta úd ná mar atá. Ráig fhada Raibiléiseach atá ann, agus, mar dheimhniú ar a chruinne atá an aidiacht sin sa chás seo, tá cúpla mír as Gargantua le Rabelais féin ar na giotaí idirthéacsúla ann. Agus sinn ag tabhairt faoi chuntas a thabhairt air seo, b’fhéidir nár mhiste cuid dá ndúirt an Cadhnach in ‘Do na Fíréin’, agus é ag tagairt do Cúirt an mheon-oíche, a thabhairt chun cuimhne:

Ní cuid iontais le duine ar bith in Éirinn, le sagairt pharáiste féin, caint mhíchuíúil. Pobal tuaithe muid fós, thríd agus thríd. Ní call dúinn a dhul, agus is annamh a théas muid, go dtí leabhra, lenár gcuid gráiscínteacht a aimsiú. Tá sí i mbarr bachall san áit a bhfuair Merriman, Uilliam Mac Gearailt, lucht na Fiannaíocht agus na seanscéalta í, i gcuimhne agus in eachtraí cianaosta na tuaithe.32

An duine deireanach seo a thagann le scéim a chur faoi bhráid an Tréadaí Mhóir, is saineolaí inniúlacht, efficiency expert (lch. 196) é. Tá sé tugtha faoi deara aige go bhfuil foireann an-mhór oibrithe ag comhlacht an Tréadaí, ach nach bhfuil mórán á tháirgeadh acu, sa chaoi go bhfuil airgead á dhiomailt as éadan ag an gcomhlacht. Tá scéim le moladh aige a chuirfeadh ag obair iad agus a ligfeadh don chomhlacht Bord Fáilte a ghabháil. Cineál tóstail nó geamaireachta nó comórtais bunaithe ar imeachtaí Shéamais an Chaca in Éirinn sa bhliain 1690 atá i gceist. Toisc gur i mí Iúil a troideadh Cath na Bóinne, chuirfí na himeachtaí seo ar siúl i gceartlár bhiaiste na turasóireachta, rud a chuirfeadh ar a chumas don chomhlacht brabús mór a dhéanamh. Magadh faoi uaillmhian Ghael-Linn atá anseo; ach is iarracht mhór mhagaidh faoina tháire is féidir leis an duine a bheith atá ann freisin. Tá eilimintí eile tríd chomh maith: mar shampla, déantar na teorainneacha idir an aimsir chaite agus an aimsir láithreach is an aimsir fháistineach33, agus idir an rud samhalta agus an rud réadach, a cheistiú agus a scrios. Ní bhíonn sé soiléir i gcónaí cé acu atá cuntas á thabhairt ar na himeachtaí stairiúla nó ar an athléiriú drámata orthu: fiú más san aimsir chaite atá an insint, bíonn eilimintí san insint a bhaineann leis an bhfichiú céad seachas leis an seachtú céad déag; agus ainneoin go bhfuil sé soiléir gur cuntas atá in ainm a bheith stairiúil atá á thabhairt ar imeachtaí Shéamais, labhraítear lena linn sin fúthu amhail is nach bhfuil iontu ach imeachtaí geamaireachta. An mbíonn eilimint den fhicseanaíocht ag baint le gach insint ar an stair? Baineann an Cadhnach faoi iontaofacht na staire lena thabhairt le fios gurbh fhéidir nach raibh i gCath na Bóinne ach aithris bhéaloidis ar Chath na Tána agus nach raibh i dTeitheadh Shéamais Rí ach athinsint ar Theitheadh Mhéibhe Ríon (lgh. 197–8). Is í an fhianaise a thugann an Cadhnach leis seo dréacht as an Táin ina dtugtar tuairisc ar an tslí a dtáinig a fúal fola go hantráthach ar Mhéabh, tuairisc a maíonn sé nach bhfuil i dTeitheadh Shéamais ach leagan béaloideasa di. Áitíonn sé nach toisc gur chladhaire é a theith Séamas ó Chath na Bóinne agus a tugadh ‘Séamas an Chaca’ air, ach toisc go raibh a chac aige go míthráthúil le linn an chatha agus gurbh éigean dó imeacht ón gcath lena dhéanamh.

Rinne Séamas ar Bhaile Átha Cliath agus ar ball thug sé a aghaidh ó dheas le himeacht as an tír ar fad. Toisc gur béaloideas seachas stair é sin go léir, mar dhea, ní gá do gheamaireacht a bheadh bunaithe air a bheith dílis don chuntas traidisiúnta. Is é atá le bheith i gceist leis an ngeamaireacht, dá bhrí sin, go raibh (bhfuil/mbeidh) Séamas ag cuartú áite lena chac a dhéanamh ar feadh na slí ar fad, go raibh (bhfuil/mbeidh) gach baile trína ndeachaigh (dtéann/rachaidh) sé á bheophianadh ag súil gur ansin a dhéanfadh (dhéanfaidh) sé a chac sa chaoi go mbeadh (mbeidh) sé sin mar ábhar maoite agus ceiliúrtha ag an mbaile feasta. Rinneadh (déantar/déanfar) gach ullmhúchán le súil é a bhréagadh len é a dhéanamh ansin, bhí (tá/beidh) leithris á n‑ullmhú, comórtais á gcur ar bun agus mar sin de. Ach níor fhéad (ní fhéadann/fhéadfaidh) sé a chac a dhéanamh in aon bhaile acu, mar, dá ndéanfadh (má dhéanann), bheadh (beidh) deireadh anabaí leis an ngeamaireacht. Níor mhór (ní mór) foireann dochtúirí agus poitigéirí lena bholg a choinneáil iata agus níor mhór (ní mór) a thabhairt le fios go raibh (bhfuil/mbeidh) Liam Oráiste sna sála air an t‑am ar fad sa chaoi nach raibh (bhfuil/mbeidh) sé d’uain aige a chac a dhéanamh.

Ceaptar garda coimhdeachta le Séamas a chosaint ó na sluaite a bheadh timpeall air sna bailte éagsúla. Ar an gcaoi sin cuirtear i gcrích an aidhm a bhí ag an saineolaí inniúlachta a bhí ag moladh na scéime seo don Tréadaí Mór .i. obair a sholathar d’oibritheoirí na comhlachta. Tá thart ar dhá chéad caoga acu seo ann; aniar as Cois Fharraige iad uile, agus as an Spidéal tuairim a leath acu; agus tá bundún-leasainm ar gach uile dhuine acu: An Buinneán-bhundún, Bundún an Mhíchumais, Bundún ar Forcamás, Bundún in Ainseal, Práinn-bhundún, Rúisc-bhundún, Sceith-bhundún, Stoc-bhundún, Amh-bhundún an Spidéil, Bulaí-bhundún an Spidéil, Bundún Calctha an Spidéil, Bundún Caonach Liath an Spidéil, Bundún Chac ar Aithris an Spidéil, Bundún Cró Snáthaide an Spidéil, Bundún Deargadh Tiaraí an Spidéil, Bundún Fromsó Framsó an Spidéil, Bundún Giongach an Spidéil, Dinglis-bhundún an Spidéil, Díoscán-bhundún an Spidéil, Diúgaire-bhundún an Spidéil, Docht-bhundún an Spidéil, Fífeadóir-bhundún an Spidéil… Tá Bundún na mBundún i gceannas orthu seo agus é ag iarraidh iad a stiúradh agus a eagrú. Ach bíonn sé fuar aige an chuid is mó den am mar is dream ciotach achrannach iad agus is iomaí siúite a bhíonn eatarthu i dtaobh a n‑ainmneacha, i dtaobh a n‑imeachtaí thiar sa bhaile agus i dtaobh a gcuimhní agus a ngníomhartha gaisce. Cuid mhór dá gcuid cainte is faoi chac agus faoi imeachtaí caca (go litriúil) é.

Ar aghaidh le Séamas Rí, mar sin, go dtí Baile Shláine, an Uaimh,Teamhair, Cill Measáin, Droim Rí, Dún Seachlainn, Dún Búinne, Cluain Aodha, isteach seangheata Mhuileann an Chaca go Baile Átha Cliath mar a dtugann an Seabhac óráid fháiltithe agus bhuíochais agus a gcuidíonn Aindrias [Ó Muimhneacháin] leis an rún; amach as Baile Átha Cliath agus ar aghaidh ó dheas trí Chluain Dolcáin, Ráth Cúil, an Nás, Currach Chill Dara, Béal Átha an Tuair, Áth Í, siar Bearna na Gaoithe go dtí Sráidbhaile Laoise, Port Laoise, suas ar mhala Ard Éireann Shliabh Bladhma, ar aghaidh go dtí Caisleán an Chumair, Cill Chainnigh (arb í, seachas Port Láirge, an urbs intacta í), Droichead Binéid, Baile Chac Súist, Coill [recte Cnoc] Tóchair, Baile Héil, Muileann an Bhata, soir go dtí sráidbhaile an Ghleanna Mhóir, Sliabh Rua, Pointe na Síge, go dtí Baile an Chaca le hais Chumar na dTrí nUisce, áit a seastar le ligean don Rí a chac a dhéanamh ar deireadh thiar.

Ní hé an bóthar mór a leantar i gcónaí le linn an turais sin, bíodh gur bhain an Cadhnach úsáid as an Shell Guide to Ireland34 agus é á leagan amach: uaireanta is é oiriúnacht ainm áite seachas cúrsaí tíreolaíochta a chinneann cá dtéann an Rí. Turas mór fada a chuireann sé de gan aon agó agus gan ag tarlú lena linn ach go mbíonn Séamas de shíor ag iarraidh cnaipe a scaoileadh agus go mbíonn lucht a stiúrtha agus a choimhdeachta ag iarraidh é a chosc. Ach dá fhad an bóthar cuireann síorchailicéireacht na mBundún go millteanach mór le fad an chuntais ar an turas agus cuireann sí freisin as miosúr le lábánacht is le graostacht na tuairisce ar imeachtaí an Rí.

Agus ansin ina dhiaidh sin ar fad níl Séamas in ann dada a scaoileadh uaidh seachas cúpla ruagán. Féachtar orthaí, féachtar deochanna agus bia, léitear dréachtaí as Gargantua, ach saothar in aisce is ea é ar fad: ní féidir fiú an sprúillín is lú a mhealladh as! Go tobann tagann an Rí Liam ar an láthair. Ach ansin tosaíonn an radharc ar fad ag díscaoileadh.

Agus an saineolaí inniúlachta ag déanamh achoimre ar a raibh le bheith i gceist, chuir an Cadhnach caint bhreá mhóiréiseach ina bhéal, á thabhairt le fios, ainneoin gur ábhar táir a bheadh ann, go bpléifí é ar shlí a cheilfeadh a shuarachas ar an gcuid ba mheasa agus ar an gcuid ab fhearr a nochtfadh go raibh uaisleacht éigin taobh thiar de:

Is é barr an scéil agus is é bun an scéil, a deirim arís libh, gach uile bhaile, sráidbhaile, mionbhaile, bundúnbhaile agus baile fearainn a bheith ar bís, ar forcamás, i bpiolóid, cluaisíní croí a bheith orthu faoi theacht an Rí ar a bhfuaid. Riastraí tnútháin a bheith á gcur díobh acu ag súil gurb é a mbaile beag dílis dúchais féin a urramós an Rí lena Mhísc. Bród inmholta é ‘onóir sin an bhaile bhig’, an ‘le petit pays’, an ‘my country is Kiltartan Cross’. Bród é atá i gcontúirt a chaillte go háirithe anseo in Oirthear Tíre… (Lch. 208.)

Tá a fhios agam, a Thréadaí Mhóir, go dtuigeann tú fealsúnacht an náisiúin. Dar a shon go mba ag iarraidh léacht a thabhairt duit ar riachtanas an phobail a bheinn.

Oiliúint cíocrais de chineál áirithe sa bpobal atá i gceist agam. Gan a bheith acmhainneach ar chineálacha eile cíocrais a oiliúint, ní féidir cíocras chun ardaigeantacht, chun uaisleacht intinne a oiliúint, rud atá muid beirt ag iarraidh a dhéanamh, a Thréadaí Mhóir. Ní mórán múscailt is gá don phobal agus rí ag teacht! Ag tarraingt ar aon bhaile áirithe dó, caithfidh sé a bheith á thuar ar gach uile chaoi nach bhféadfadh sé a Mhísc a thabhairt thar an mbaile áirithe sin agus nach dtabharfaidh. Beidh áras speisialta Mísce ríoga, puball mór, teálta mór Eisteddfod ach, bazaar Oirthearach curtha suas i lár an bhaile, bratacha na náisiún uile air, bratach an Rí féin, bratach na Mísce. I lár crainn do na bratacha sin nó go bhfógraítear go foirmiúil gur dheonaigh an Rí an Mhísc a chur uaidh. Ansin gabhfaidh siad go barr crainn le stocshéideadh agus drumadóireacht. Caithfidh an Rí gothaí a chur air féin i ngach baile gurb é an baile sin a rogha agus gabhfaidh sé i gcionn a Mhísc a chur i gcrích. Ní mór dó staonadh ar ala na huaire, ámh, agus an t‑ionlaos, an lucht méadla, an t‑eire pianmhar, a thinneas boilg, a thabhairt leis agus a chéasadh go dtí an chéad bhaile eile. Beidh an Bolscaire faoi réir leis an bhFeart a fhógairt: airíonna na Mísce, meáchan, méid, riocht, dath, cruinnmheandar a toirbhearta, staid an Rí, biseach a bheith ag teacht air chomh maith mear is a bheifí ag súil leis i luí seoil dá leithéid, an pobal a bheith ag altú agus fiafraíoch faoi fhainnéirí an Rí… Ach ní bheidh san iomlán ach aon caoch, iomrall, blanc. Mar beidh ar an Rí fáscadh suas air féin go héigeandálach… Ansin teitheadh sna tintrí, ag teannadh a chreasa dó, le faitíos an tóir a bheith ag druidim leis, a bheith ar ghort an bhaile. Deimhneoidh sin bá an phobail leis agus maithfear dó imeacht gan a Mhísc a fhágáil san áit áirithe sin… (Lgh. 208–9.)

Buirlisc den scoth is ea é sin agus é ceaptha dallamullóg a chur ar an léitheoir. Níl aon rud uasal á nochtadh sa chuntas fada a thagann ina dhiaidh sin, níl ann ach cacamas ó thús go deireadh. Agus é sin d’aon oghaim. Sa litir a scríobh an Cadhnach mar fhreagra ar bhreith Néill Uí Dhónaill dúirt sé gurb í an tsárghoineog i m’aoir, más aoir a thug tú air, gur scríobh mé chef d’oeuvre ar chac.

‘An Ghruaig agus an Folt’ is teideal don cheathrú haiste. Tar éis a tháire atá bunáite na cainte a dhéanann Bundúin Chois Fharraige sa tríú caibidil, is suntasach a cheanúla chaithisí mhuirní a thráchtann an Cadhnach sa chéad leath den aiste dheiridh seo ar fhaisean caipíní agus gruaige na ngasúr thiar. Is fíor go bhfuil snáithe gháirsiúlachta tríd seo freisin agus go dtugtar corrsháiteán do na pearsana a ndearnadh magadh fúthu sna haistí eile, ach is é an maoithneachas atá in uachtar agus údar na haiste, ar fear Gaeltachta é féin, ag trácht go cumhach ar nósmhaireacht a óige féin. An caipín arbh é ‘folach do náire dáiríre é’, bhí pointeáilteacht dheasghnách ag baint lena bhaint díot agus lena chur ort:

…Gan [an caipín] a bheith bainte anuas go hiomlán agat ag dul sa séipéal nó go mbeadh an chos dheas thar an tairseach, agus an chos chlé ag dul thairsti. As baile duit, chaithfeá éirí ón mbord, do leataobh a bheith tugtha agat dó, do leathchos a bheith thar an stól a raibh tú i do shuí air, an bia a bheith altaithe agat agus an caipín a bheith ar ais ar an gcloigeann go tathagach an pointe céanna sin uile go léir! Ba saighdiúireacht é, a dhuine sin!
(Lch. 447–8.)

Maidir leis an ngruaig, níor mhór stuaim mhór chun í a bhearradh i gceart:

‘Cén sórt crágáil sin ort i do cheann?’ Bhéarfadh do mháthair ort le teann fórsa. D’éigneodh sí ar a dhá glúin thú nó eatarthu. Chuirfeadh sí faoi deara deimheas a fháil agus le teann fórsa ní fhágfadh sí foithnín ar do cheann!

Ba bheag aithis ba mhó a d’fhéadfaí a chaitheamh le do dhaonnacht bhog óg. B’ionann é agus thú a choinneáil rófhada sa gcóta cabhlach. Nó na rudaí a léigh mé ó shin faoi ghabháil ban ar éigean. Nó na tuairiscí barbartha atá in áiteanna sna hannála:

Tadhg ó Conchubhair do dhalladh agus do spochadh tré fhuráil Gall agus Gaedheal.

Bearradh bradach a thabharfadh bean ort, rud nár mhiste ar chaora nó ar ghearrchaile, ach ar bhruachán fir! Bheadh léasáin, ‘staighrí’, sceada, sceimhleacha ag dul idir tú agus codladh na hoíche, nó go míníodh fás na gruaige arís amach an neamhchothromas idir do cheannsa agus cinn dea-bhearrtha! An t‑amharc a bheadh le fáil ar do cheann idir dhá am ag aos scoile agus ag pobal Dé! Sciobfaí an caipín díot d’aon oghaim le ‘staighrí do Mhama’ a fheiceáil. Ba é an cás céanna an bearradh bradach nó an bearradh maolscríobach agus do cheann a choilleadh uile!

Ba é an bearradh lom bearradh na linne úd faoi thuaith na hÉireann:

Lom uile ach amháin an bob, an ghlib nó an t‑urla… Dá dtarlaíodh de thimpiste ar bith… go scoithfí an bob díot, chaithfeá coraintín a dhéanamh, luiteachas fada ar an leaba, tamall fada eascoiteannaithe gan scoil ná séipéal ná comhluadar a thaobhú. Fear gan urla, ní raibh ann ach ‘píosa ar thóin fir’, leath fir: ba mheasa duit é ná bacaí, ná bheith i d’abhac nó i do chruitíneach. Bhí sé chomh dona ina ghné féin le bheith i do shíogaí nó i do leipreachán. ‘Chíor sé a cheann, dúirt sé a thráth, chuimil sé boslach dá éadan, dá urla agus dá mhailí’ — an Ridire Gaisce. Bhí fíochmhaireacht éigin san urla a chuireadh gasúir bheaga thláth ar aon chéim le bánánaigh agus boccánaigh agus geniti glinne agus demna aeóir, le gruagaigh, le cuifeacha, le díolúnaigh díbhirceach I promessi sposi. Ba é suaitheantas do chuid fearúlacht é.

Ní thabharfainn an leabhar nár shíl muid gurbh é bradán ár mbeatha é. (Lgh 455–6.)

Níor mhór bheith san airdeall ar an mbearbóir ar fhaitíos nach mbearrfaí an bob i gceart:

Chaithfeadh an leithead barainneach ar gach aon taobh a bheith ann, é a dhul an t‑achar sceidealta siar ar an mbaithis ach gan é a bheith ag dul thar an bpáil teorann…

Dá óige chúthaile tú, a thúisce is a d’aireofá an siosúr ag déanamh anuas an trian láir rócheachartha do limistéar dlisteanach an urla, d’fhógrófá as fraoch bunaidh éigin: Aire duit, a fhleascaigh. Mo bhob! Aniar nó anuas sna súile a chaithfeadh an t‑urla a bheith ag titim ar nós uisce ag dul le fána nó fear chuig bean. Dá fhad anuas sna súile, b’amhlaidh ab fhearr. (Lgh. 456–7.)

…[B]híodh na ribeacháiníní beaga le linn m’óige‑se lánpháirteach ina mbearradh féin. Bhídís amhlaidh lena gcomhairle, lena gcuid geabaireacht, lena sméarthacht siar agus aniar ar lorg an tsiosúir ar a bpastae… Agus an coimisiún mór comhair-leoirí idir shean agus óg a bhíodh faoi gcuairt! Ba bheag cineál duine nach mbíodh orthu siúd!… B’iontach na státairí a dhéanfadh na bearbóirí úd rá is go mbídís in ann géilleadh don chomhairle mhalartach uile. ‘Ná fág…’ ‘Fág…’ ‘Lom aniar an bob beagáinín…’ D’anam coscartha ón diabhal, ar rún atá agat gan bob ar bith a fhágáil… Murarbh ar ócáidi den sórt siúd a d’fhoghlaim de Valéra… (Lgh. 471–2.)

Baineann liriciúlacht na tuairisce sin leis an tuiscint gur ag trácht atáthar ar ‘mhalairt sibhialtachta’, sibhialtacht ársa mheánaoiseach atá imithe anois ar throigh gan tuairisc. Is é ‘ré na leibhéalaíocht… an daonlathais’ atá anois ann ‘arb ionann cloigeann agus cloigeann, bearradh agus bearradh, gruaig agus a chéile’:

Is comhartha ar an daonlathas, comhartha feiceálach ar chomhionannas duine agus a chéile, bearradh a gcinn. Ní comhghéilliúlacht, ní comhbhéascna, ní comhpháirtiú duit sa gcomhthionól go dtí bearradh gruaige, bearradh de réir an fhaisin. (Lch. 474.)

Fógraíonn an t‑údar, dá bhrí sin, gur agóid chorpanta folt, gur cur in aghaidh gach rud é. Is é atá i gceist aige le folt an adhairt ribeach sin a bhíos ar an bhfear ó airdín a chúil síos go slinneán nó go caoldroim, agus ón uair go bhfuil an ghealtacht sin, an fhilíocht, fite fuaite i dtólamh le féasanna agus foilt (lch. 478), dar leis, is féidir leis an deis a thapú le trácht magúil a dhéanamh ar na léirmheastóirí ar dual dóibh féas bagrach a bheith orthu, agus ar na filí, an chliar abhrán fholtach; ar Scoil Chritice Mhaigh Nuad, ar an nGúm, ar Mháirtín Ó Direáin (agus lena linn sin cúpla goineog faoi Mháirtín Ó Cadhain féin!). Sraith de staróga atá sa chuid seo den aiste dheiridh, staróga nach bhfuil rófhuinte iontu féin agus a ndeir an t‑údar faoi gach ceann de na cinn thosaigh nárbh iad sin dáiríre na scéalta a bhí faoi a insint. Ansin sula n‑insíonn sé ceann eile fós faoi léirmheastóirí, faoi Mháirtín Ó Direáin arís agus faoi fhile óg a shíl ceird na filíochta a fhoghlaim trí bhreathnú ar an Direánach agus é i mbun cumadóireachta, deir sé: Leathbhord beag eile anois agus tabharfaidh mé an scéal, an scéal bunaidh, an bundún-scéal chun tíre (lch. 490). Is fíor go dtráchtann sé ar roinnt nithe eile, ach caithfidh mé a admháil go humhal nach léir dom go dtugann sé aon rud chun tíre a dtabharfainn an scéal , an scéal bunaidh air. Bundún-scéal is ea é go díreach. Ansin críochnaíonn sé le scéal beag áiféiseach faoina sheanathair féin agus an tslí ar bhuail fear seó bob air. Reductio ad absurdum den scoth is ea é seo ar fad, rud a admhaítear go soiléir i bhfocal scoir na haiste: Ar aon chor, tá sé thar am scor den doodleíneacht seo.

Ainneoin nár éirigh liom tuairisc a thabhairt ach ar ghnéithe áirithe den saothar seo, Barbed Wire, tá súil agam go bhfuil sé soiléir gur ag déanamh ula mhagaidh de phearsana, de eagrais is de institiúidí áirithe atá an Cadhnach ó thús deireadh, agus go n‑úsáideann sé raon fairsing meán chuige sin, an fhonóid, an scigireacht, an áibhéil, an áiféis, an drochmheas. Lena linn sin, áfach, leis an tslí ina bhféachann sé leis na gnáththuiscintí liteartha a threascairt nó le hiompú a bhaint astu, cuireann sé ordóg an mhagaidh sna cinsirí, sna criticeoirí, sna léirmheastóirí, sna léitheoirí, freisin — iontu sin ar fad a d’fhéachfadh le freagairt dó seo mar shaothar fiúntach liteartha. Fágfaidh mé faoi na criticeoirí agus faoi na léitheoirí a dhéanamh amach cé acu a chuireann an dá ghné sin den saothar seo le chéile nó a thagann siad salach ar a chéile.

Nótaí

  1. 2. Dóchas 2 (1964), An Cumann Gaelach, Coláiste Phádraig, Dromchonrach, lgh. 96 103.
  2. 3. ‘Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca’ [PBPB anseo feasta], An Clóchomhar Tta., Baile Átha Cliath, 1969, lch. 29.
  3. 4. PBPB, lgh. 10, 12, 28.
  4. 5. Féach n. 16 i mo dhiaidh anseo.
  5. 6. Tá an dáta sin breactha ar dhá chóip ar a laghad den saothar atá ar marthain. An chéad leagan úd atá i gceann acu.
  6. 7. Tá mé buíoch de Stuart Ó Seanóir, Leabharlannaí Cúnta i Seomra na Lámhscríbhinní i Leabharlann Choláiste na Tríonóide ag an am, as ucht a chabhrach.
  7. 8. Comhar 21.3 (Márta 1962), lgh. 8–26. Foilsíodh giotaí as ar Comhar 39.10 (Deireadh Fómhair 1980), lgh. 5–6. Foilsíodh an aiste ar fad arís agus an comhfhreagras a lean í in Liam Prút (eag.), ‘Caithfear Éisteacht’, Comhar, Baile Átha Cliath, 1999, lgh. 97–154.
  8. 9. Breandán Ó hEithir, ‘Seal i m’Eagarthóir’ in Stiofán Ó hAnnracháin (eag.), An Comhchaidreamh: crann a Chraobhaigh, An Clóchomhar Teo., Baile Átha Cliath, 1985, (lgh. 48–54), lch. 52. Ba é Breandán a bhí ina eagarthóir ar Comhar ag an am agus ba dósan a thairg an Cadhnach an aiste.
  9. 10. Tá cóip charbóin den litir seo dar dáta 19.7.’63 i measc pháipéir an Chadhnaigh i Leabharlann Choláiste na Tríonóide, LS 10878/L4A/i/a.
  10. 11. Sa litir a luaitear i nóta 10 romham tugann sé ‘an chéad dréacht’ ar an leagan a chuir sé chuig Comhar, agus tugann sé le fios go bhfuil leagan níos faide anois ann.
  11. 12. Tá mé buíoch de Liam Ó Maoladha as ucht cóip de liosta na n‑iarrachtaí a cuireadh isteach ar Chomórtas 7, Duais an Chlub Leabhar, in Oireachtas na bliana 1963 a chur ar fáil dom.
  12. 13. Féach i mo dhiaidh anseo agus nóta 16 thíos.
  13. 14. Tá mé buíoch de Mháirín Nic Dhonnchadha as cóip de liosta na n‑iarrachtaí a cuireadh isteach ar an gcomórtas sin agus as eolas eile i dtaobh an chomórtais a chur ar fáil dom. Tá mé buíoch di-se agus de Noel Kissane, Gerard Lyne agus Eoghan O’Driscoll, baill de chuid fhoireann Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, as ucht breitheanna na moltóirí ar Colg a chuardach dom, más saothar in aisce féin a bhí ann.
  14. 15. D’fhoilsigh Clódhanna Teo., Baile Átha Cliath, an leabhar seo in 1965.
  15. 16. Níl dáta ar aon cheann de na litreacha seo. Tar éis nach bhfuil seoladh ar bith ar an tríú ceann, tá sé soiléir óna ndeir sé inti gur chuig an gComhdháil a bhí an litir seo le cur. Is é Cian Ó hÉigeartaigh a fuair cóipeanna de bhreitheanna na moltóirí agus de fhreagraí an Chadhnaigh orthu i measc pháipéir a athar, Seán, agus a chuir ar fáil domsa iad, agus tá mé thar a bheith buíoch de. Mheabhraigh Cian dom nach féidir a bheith cinnte gur sheol an Cadhnach na litreacha seo riamh, ach, murar sheol féin, tá a aigne á nochtadh aige iontu.
  16. 17. Go deimhin dúirt sé sa litir seo chuig Niall Ó Dónaill: Dá bhféadtaí [Colg] a chur isteach sa gComórtas ba dual… measaim go cóir go sáródh Leon Ó Broin é. Comórtas Dhuais an Chlub Leabhar a bhí i gceist aige. Bhuaigh An Maidíneach (Sáirséal & Dill, Baile Átha Cliath, 1971) le Leon Ó Broin an chéad duais sa chomórtas sin i 1964.
  17. 18. Bríghid Uí Éigeartaigh, ‘A chara…’, Comhar 39.10 (Deireadh Fómhair 1980) (lgh. 22–26), lch. 28. Tá iomrall aimsire i gceist leis an tagairt do chomórtais an Oireachtais bliain go samhradh seo caite [.i. 1965]. An bhliain roimhe sin a chuir sé Colg isteach ar chomórtas de chuid an Oireachtais; níor chuir sé aon saothar isteach ar aon chomórtas Oireachtais sa bhliain 1965, siúd is gurbh fhéidir go raibh sé ag smaoineamh ar é a dhéanamh (féach nóta 23 anseo i mo dhiaidh). Tá mé buíoch de Mháirín Nic Dhonnchadha as ligean dom clár na n‑iarrachtaí don bhliain sin a cheadú.
  18. 19. Bhí tagairt á déanamh anseo ag an Éigeartach don chaoi arbh éigean dá chomhlacht eagrán ciorraithe de Maraíodh Seán Sabhat Aréir (1964) le Mainchín Seoighe a sholáthar le scaipeadh ar bhaill an Chlub Leabhar mar gur measadh go raibh bailiúchán véarsaíochta a bhí sa leabhar neamhchiorraithe mí-oiriúnach. Foilsíodh nóta sa leabhar ciorraithe á lua sin, agus fágadh leathanaigh ina dheireadh bán.
  19. 20. Bríghid Uí Éigeartaigh, ‘A chara…’, lgh. 28–29. Tá an t‑iomrall céanna aimsire i litir an Éigeartaigh ina thagairt do chomórtas an Oireachtais dhá bhliain ó shin agus a bhí i litir an Chadhnaigh, ní nach ionadh; ach tá botún breise ann: bhí sé i gceist ag an gCadhnach an saothar a chur isteach ar an gcomórtas ar son Duais an Chlub Leabhar i 1963, ach is ar an gcomórtas ar son Duais Speisialta na Comhdhála a chuir sé isteach é i 1964.
  20. 21. Dóchas, lch. 96. Idir shúgradh agus dáiríre a bhí an réamhnóta úd. Faoi mar a chuir an Cadhnach in iúl don Oireachtas agus don Chomhdháil gurb é M. Ó Droighneáin údar Colg, mar dhea, dúirt sé anois mar mhagadh gur don Chaighdeán Scríbhneoireachta ó Droighneáin a bhí an saothar céanna sin á thoirbhirt agus á thíolacadh.
  21. 22. Bríghid Uí Éigeartaigh, ‘A chara…’, 28.
  22. 23. LS 10878/L4B/1, lch 1. Ní hí lámh an Chadhnaigh atá anseo. Thaispeáin mé an bhileog seo do Chian Ó hÉigeartaigh agus dheimhnigh sé dom gurb í lámh a athar, Seán Ó hÉigeartaigh, í. Tá nóta lámhscríofa ar bhileog eile, LS L4A/i/b, ina ndeir an Cadhnach arís: Níl sa teideal [Barbed Wire] ach ceann sealadach. Scríobh sé an nóta sin tráth a raibh sé ag smaoineamh ar an saothar a chur isteach ar chomórtas éigin eile.
  23. 24. PBPB, lch. 26–7: …[S]a gcampa géibhinn ar Churrach Chill Dara… bhí mé i mbun páipéar a bhí ag na géibheannaigh Barbed Wire ar feadh tamaill agus scríobhainn idir Ghaeilge agus Bhéarla ann.
  24. 25. Deir mac Sheáin Uí Éigeartaigh, Cian, liom gurb é a chuimhneamh féin ar an scéal nach raibh sé i gceist ag a athair an saothar seo a fhoilsiú, ach gur dócha go raibh air a ligean air go raibh, d’fhonn gan díomá a chur ar an gCadhnach tráth a raibh sé ar a dhícheall ag iarraidh féachaint chuige nach n‑éireodh Máirtín as an scríbhneoireacht chruthaitheach. Tá mé buíoch de Chian as an gceist a phlé liom agus as cuardach a dhéanamh i measc pháipéir a athar féachaint le teacht ar aon cháipéisí a bhainfeadh le hábhar.
  25. 26. .i. páiste gréine.
  26. 27. Liam Prút (eag.), Caithfear éisteacht, lgh. 106–9. Ba iad an Diolúnach agus Donncha Ó Cróinín comhúdair an leabhair úd a foilsíodh i Londain i 1961.
  27. 28. Ibid., lch. 107.
  28. 29. Ibid., lch. 106.
  29. 30. In Mary Roach, Stiff: The Curious Lives of Human Cadavers, Viking, London, 2003, lgh. 199–217, tráchtann an t‑údar ar thaighde faoi athnódú cloigne a rinneadh chomh fada siar le haimsir Réabhlóid na Fraince agus pléann iarrachtaí athnódaithe Robert White in Cleveland, Ohio, i lár na 1960aidí agus ina dhiaidh sin.
  30. 31. Ian Sample, New Scientist 2311 (6 Deireadh Fómhair 2001), lch. 35.
  31. 32. Ibid., lgh. 31–37.
  32. 33. Liam Prút (eag.), Caithfear éisteacht, lch. 120.
  33. 34. Déanann an Cadhnach tráchtaireacht air seo sa dréacht comhrá seo a leanas. Nuair a athraíonn tionscnóir na scéime seo ón aimsir fháistineach go dtí an aimsir chaite le linn a thuairisce ar an scéim (Mar seo a tharlós, a Thréadaí Mhóir. Thaispeánfaidís Brú na Bóinne dó ach ní raibh aon ionú ann. D’éiligh sé a dhul isteach. … Ó, ní hé an dénouement fós é, ná baol air, a dúirt duine de na Bundúin choimhdeacht …), deir an Tréadaí Mór: Cén chiall go n‑athraíonn sibh uile ón aimsir fháistineach go dtí an aimsir chaite? Agus freagraíonn an tionscnóir: Mar is é sin an fáth, a Thréadaí Mhóir, is léire san aimsir chaite é. Ní raibh aimsir ar bith ann chun tosaigh ach an aimsir chaite. Nuair a bhí an tÁpa‑Shine‑Fhear ag iarraidh éabhlóidiú … ba í an chuid ba riachtanaí dá éabhlóid a chiall cheannaithe. Agus sin í an aimsir chaite. Cén dul a bhí ag an Ápa‑ghliomacs sin ar aimsir ar bith eile? Níl san aimsir fháistineach ach “gimic” … a chum “Alacs smartáilte” éigin … le bodóinseacha … a dhéanamh dínn. Sílimse gurb iad an chléir a chum an aimsir fháistineach mar phúca breallach le faitíos a chur orainn agus daoir a dhéanamh [dínn]. (Lgh. 210–1.)
  34. 35. Lord Killanin and Michael V. Duignan, eag., London, 1962, 19672. Tá an léarscáil a tharraing an Cadhnach agus na nótaí fairsinge a bhreac sé i dtaobh na mbailte éagsúla feadh an turais, agus iad bunaithe ar an bhfaisnéis sa Shell Guide to Ireland, ar marthain i measc pháipéir an Chadhnaigh i Leabharlann Choláiste na Tríonóide i gcónaí, LS 10878/L4/b/2/3.

Foilsíodh an aiste seo i dtosach ar Comhar 61.11, 62.1, 62.2 (Nollaig 2001–Feabhra 2002). Tá Iontaobhas Uí Chadhain fíorbhuíoch den údar agus den fhoilsitheoir as ucht a gcead an aiste seo a athfhoilsiú anseo.