Categories
Ábhar i nGaeilge Léachtaí ⁊ Cainteanna

Máirtín Ó Cadhain agus Dioscúrsa an Dúchais

Le Dónall Ó Braonáin, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Léacht an Oireachtais 2006.

Aimsir mhór chomórtha í an bhliain seo 2006. Rinneadh comóradh ar Sigmund Freud a tháinig ar an saol céad caoga bliain ó shin ar 6 Bealtaine 1856, rugadh an mórchumadóir Wolfgang Amadeus Mozart dhá chéad caoga bliain ó shin agus céad bliain ó shin a tháinig Samuel Beckett agus Máirtín Ó Cadhain ar an saol. Déanfaidh muid na daoine seo a chomóradh i gcaitheamh na bliana seo agus tionchar a saothar a chur trí chéile, dár mbuíochas seans, ach níl aon dabht go bpléifí Freud, Mozart agus Beckett i gceart agus go domhain sa dá theanga oifigiúla.

Ar ndóigh, níl ann ach roinnt seachtainí ó rinneadh comóradh ar Éirí Amach na Cásca, deich mbliana is ceithre fhichead ó shin. Dúirt an Taoiseach le linn an chomórtha nár mhiste leis dá mbeadh caibidil náisiúnta againn faoi chúrsaí féiniúlachta agus náisiúnachais. Chuir sé ceist shonrach orainn freisin, is é sin, cén chiall a bhaineann leis an gcur síos ‘Éireannach’ sa lá atá inniu ann? Fearacht go leor a abraíonn an Taoiseach linn tugadh aird ala na huaire air agus ligeadh i ndearmad chomh scioptha céanna é. Ach thug mé féin suntas don cheist, ba cheist mhaith í, ach níor chuir sé iontas ar bith orm nach ndeachaigh duine ar bith go bun angair an scéil áirithe sin ina dhiaidh.

Cén freagra a thabharfadh Máirtín Ó Cadhain air? Cén bharúil a bheadh ag an gCadhnach den chaint ar fad a rinneadh aimsir an chomórtha faoi athghabháil an phoblachtachais agus poblachtachas nua? Dá mbeadh sé ar an saol inniu an mbeadh muide in RTÉ Raidió na Gaeltachta in ann na freagraí sin a chraoladh gan turas a thabhairt ar na Ceithre Chúirt ina dhiaidh?

Is dóigh liom go dtuigeann muid go mbeadh freagra Uí Cadhain thar a bheith géarchúiseach, thar a bheith searbhasach agus thar a bheith barrúil ag an tráth céanna ach go mbainfeadh sé an bonn den chaint agus go mbeadh mórchúis agus éirí‑in‑airde na díospóireachta pollta aige. Tá tuiscint againn ar ghnéithe áirithe de fhealsúnacht pholaitiúil Mháirtín Uí Cadhain ainneoin nach raibh aithne phearsanta ag cuid againn air, is é sin, nach raibh lá drogaill air léasadh nó sciúradh poiblí a thabhairt do pholaiteoirí ar cheisteanna náisiúnta agus ceisteanna cultúrtha go háirithe. Ach cibé cén freagra a thabharfadh sé, dhéanfaí go poiblí é, thuigfí gurbh fhiú an cheist a phlé agus bheadh siar is aniar faoi.

Ní raibh an oiread deiseanna ariamh againn cíoradh cuimsitheach a dhéanamh ar mhórcheisteanna an lae ach níos minice ná a mhalairt is túisce chugainn an ciúnas agus an tost seachas aon chineál dioscúrsa náisiúnta poiblí. Is minic nach mbíonn aon phlé ar cheisteanna den chineál a chuir an Taoiseach ar na saolta seo ainneoin an bhorrtha as cuimse atá tagtha ar na meáin chumarsáide ó bhásaigh Máirtín Ó Cadhain sa mbliain 1970. Agus maireann scáil Uí Cadhain i gcónaí bíodh is gur iomaí sin Ó Cadhain atá ann: fathach liteartha, gaiscíoch na gceart sibhialta, poblachtóir dílis, sóisialach de smior, bailitheoir béaloidis, cnuasaitheoir foclóra, stocaire polaitiúil, múinteoir cruthanta, cime Curraigh, fáiteallaí faisnéise agus níl sa gcur síos sin ach cuid bheag de réimsí poiblí an fhir mhóir atá á chomóradh le linn Oireachtas seo na Bealtaine. Agus is ar réimsí den fhear poiblí a dhíreoidh mise i gcaitheamh an phíosa ó tharla gur spéis leis an Oireachtas cíoradh a dhéanamh ar ghnéithe de shaol polaitiúil Mháirtín Uí Cadhain.

Feictear dom go bhfuil anailís ghéarchúiseach léirmhínitheach déanta cheana féin ar pholaitíocht Uí Cadhain ag daoine a raibh aithne chlúid na tine air nó, níos minice ná a mhalairt, aithne an iomarbháidh agus na bruíne air.

Céard atá le rá nach bhfuil ráite, agus sách ráite, agus ráite go paiteanta, ag leithéidí Bhreandáin Uí Eithir, Phroinséis Mhic Aonghusa, Ghearóid Uí Thuathaigh, Shéamuis Uí Thuathail, Alan Titley agus Ghearóid Denvir. Is é Aindrias Ó Cathasaigh is mó a bhfuil saothrú déanta aige sa ngné seo de shaol an Chadhnaigh agus tá muid faoina chomaoin go mór i dtaobh an ábhair a chuir sé i dtoll a chéile le blianta beaga anuas: Caiscín go háirithe, bailiúchán de cholúnóireacht chlóis Uí Cadhain san Irish Times, agus Ag samhlú troda, beathaisnéis thuisceanach a thugann léargas ar leith ar shaol agus ar pholaitíocht Mháirtín Uí Cadhain.

Ní shin le rá go bhfuil mé ag teacht le cuid mhór den léargas a chuireann Aindrias ar fáil ach is scéal thairis é sin, ar bhealach. Cuireadh anailís ar fáil ar ábhar pléite é, ar maise ar an dioscúrsa náisiúnta é, gan trácht ar an leas a dhéantar i leith na Cadhneolaíochta. Is é an t‑ábhar iontais i ndáiríre nach scoláire ar fhoireann ollscoile, coláiste oiliúna, institiúid teangeolaíochta, scoil léinn, acadamh ríoga nó foras taighde é Aindrias ach fíréan a bhfuil creistiúint domhain aige i bhfiúntas polaitiúil agus liteartha shaothar Uí Cadhain, agus atá sásta dul amach ar dhomhain an dioscúrsa lena chuid anailíse agus a chuid tuairimíochta a roinnt linn ar fad. Fág aighneas gairid faoi dhátaí agus blianta breithe Uí Cadhain de leataobh, má bhí saothar Uí Chathasaigh geall le bheith ag iascach ar pholl gan freagairt ó thaobh díospóireachta nó ó thaobh léirmheasa féin, ní hé Aindrias Ó Cathasaigh is ciontaí ach muid ar fad, mise mé féin san áireamh. Deirtear go bhfuil faillí náireach déanta i scríbhinní Uí Cadhain ach má tá mantanna móra sa bplé faoi ghné thábhachtach den oidhreacht liteartha atá againn cé na mantanna eile atá ann i dtaca le gnéithe eile den dioscúrsa náisiúnta?

Má tá taoille na hanailíse ag casadh i leith eachtraí 1916, tuige nach bhfuil plé ar cheist na hatuisceana stairiúla, na hathscríofa staire, coincheap an reibhisineachais. Ba mhór an díol suntais an méid nár dúradh is nár craoladh le linn an chomórtha chéanna. Bhí luíocháin, ionsaithe agus cathanna intleachtúla ar siúl le linn na cogaíochta ó thuaidh ach anois agus muid ag bordáil i dtreo na polaitíochta ar fad maidir le ceist an Tuaiscirt, feictear dom go dteastaíonn próiseas nua intleachtúil freisin, ní próiseas athmhuintearais go díreach ach próiseas athnuachana a chuirfeadh dlús leis an bplé poiblí ar mhórcheisteanna polaitiúla arís, fearacht cheist seo an Taoisigh faoi chúrsaí féiniúlachta agus náisiúnachais.

Dar liom go léiríonn caighdeán díospóireachta an dioscúrsa náisiúnta reatha nach ndéantar aon ábhar a phlé go stuama, tomhaiste, céillí ach glacann grúpaí a bhfuil a gcuid caorach féin le cur thar sruthán acu a gcuid seilbhe féin ar an dioscúrsa, beag beann ar fhiúntas na mórcheisteanna féin go rí-mhinic. Ní gá ach dornán beag samplaí a lua: ceist bhóthar Ghleann na Teamhrach, tobar gáis na Coiribe, bail na seirbhíse sláinte, líon na mbásanna ar bhóithre na tíre agus araile. Má tá marach ar an gcaoi a n‑oibríonn an córas polaitiúil agus na meáin chumarsáide lena chéile, seo é, an t‑easnamh ar phlé stuama agus cíoradh cáiréiseach. Bíonn muid ar fad ar thóir teachtaireachtaí simplí tráthúla in amanta agus de bharr na hiomaíochta ar fad i margadh na meán cumarsáide anois bíonn síoréileamh ar sheirbhísí nuachta barr nuachta nua as an bpíosa a chur ar fáil ar fhaitíos go gcaillfeadh muid éisteoirí, léitheoirí nó lucht féachana.

Glactar leis go ndéanann na meáin éascaíocht ar an bpróiseas seo trí sheachadadh a dhéanamh ar na luachanna iomchuí le go gcuirfí an chomhthuiscint cheartchreidmheach i gcrích. Cuirtear inár leith go minic nach acmhainn dúinn, nó nach spéis linn, aon mhóranailís a dhéanamh ar an gcomhthuiscint chéanna de bhrí gurb é leas na meán a bheith faoi bhois na comhthuisceana céanna ó thaobh maoinithe nó airgeadais. Tá go leor ag brath ar ndóigh ar cé leis thú, cé dar díobh an stáisiún áitiúil, an nuachtán náisiúnta nó an áisíneacht idirnáisiúnta nuachta. Tagann an scéalaí slán ach céard faoin scéal? Déanann an t‑úrscéalaí Seiceach, Milan Kundera, beag is fiú de na meáin chéanna agus an scagadh a dhéanann muid ar an saol:

Given the imperative necessity to please and thereby to gain the attention of the greatest number, the aesthetic of the mass media is inevitably that of kitsch; and as the mass media come to embrace and to infiltrate more and more of our life, kitsch becomes our everyday aesthetic and moral code.

(Kundera 1986: 163–4)

Ainneoin na tráchtaireachta ar fad atá déanta faoi ghníomhaíocht pholaitiúil Uí Cadhain níl aon cheo simplí faoin leagan amach polaitiúil a bhí aige. Ní gnách linn gníomhartha polaitiúla, smaointeachas idé-eolaíochta agus scríbhinní liteartha a mheas leis na slata céanna tomhais ach ní mór dúinn cur chuige eile a ghlacadh chugainn féin i dtaobh Uí Cadhain i ngeall ar an anailís dénárthach seo a mhaireann fós faoin gCadhnach, gurbh an-scríbhneoir é ach gur dhiomallú ama a bhí san aighneasóireacht shíoraí. Is é an t‑áiteamh ar mhaith liomsa a dhéanamh gur eiseamlár é an Cadhnach den intleachtóir uileghabhálach a bhíonn lán-rannpháirteach i saol náisiúnta na tíre. Feictear dom gur géire a theastaíonn a leithéid anois ná ariamh.

Duine de chomharbaí Uí Cadhain mar cholúnaí clóis Gaeilge an Irish Times, Liam Ó Muirthile, a chuir an cheist roinnt blianta ó shin anois: Cad ab áil linn d’intleachtóirí? Alt gairid dea-scríofa a bhí ann a rinne cur síos ar an bhfocal ‘intleachtóir’ agus an chaoi ar caitheadh an t‑ainm le mac léinn a bhí ar Ollscoil Chorcaí mar mhasla nó achasán. Cibé cén scéal é, ní moladh a bhí ann. Chásaigh an Muirthileach staid an dioscúrsa i measc an chomhluadair léinn trí chéile, i measc an aosa pholaitiúil agus tharraing as a chuid saineolais ar an bhFrainc d’fhonn comparáid a sholáthar. Tír í An Fhrainc a ndéantar cúram den fhealsúnacht mar ábhar léinn ar an dara leibhéal inti agus is cuid d’inneach poiblí na tíre an traidisiún intleachtúil. Cén tír eile san Eoraip a cheapfadh údar agus file ina phríomhaire gan fiú é a bheith tofa? Ar ndóigh seans nach fada eile a bheidh Dominique de Villepin ina phríomhaire thall ach ba é bunargóint Uí Mhuirthile go raibh meas ar an traidisiún dioscúrsúil sa bhFrainc agus a rian uirthi. Débhríochas Muirthileach den scoth ach níl lá amhrais faoi cheacht na tráchtaireachta.

Ní díol nuachta é scríbhneoirí a bheith gafa leis an bpolaitíocht agus ní miste a mheabhrú gur chéad corraitheach a bhí sa gcéad seo caite, go háirithe sna fichidí agus sna triocháidí nuair a tháinig an Cadhnach in inmhe. Tugann mórfhile na hAlban, Somhairle Mac Gill‑Eain, léargas spéisiúil ar an tréimhse seo freisin:

Le linn na dtriochaidí bhí mé gafa leis an bpolaitíocht. Is cuimhin liom, agus mé i mo scorach scoile i bPort Rí i 1926, a bheith i bhfábhar na Stailce Ginearálta agus cor na mianadóirí i ndiaidh teip na stailce sin. Chinntigh an Lagtrá Domhanda agus claonadh an Fhaististeachais san Eoraip go mbeinn tógtha go huile is go hiomlán le cúisimh pholaitiúla, agus bhí éileacht na coimhlinte ar cibé cén fhilíocht a scríobh mé ag an tráth sin.

(Mac Gill‑Eain 1989: xiv)

Is furasta a thuiscint cén fáth an ngabhfadh scríbhneoir le polaitíocht ach céard a deirtear faoi pholaitíocht Uí Cadhain? Glactar leis gur phoblachtach sóisialach neamhleithscéalach a bhí ann ach níl mé chomh cinnte go bhféadfaí lipéad simplí den sórt sin a ghreamú de. Ní gá ach liosta de na heagraíochtaí a raibh baint de chineál amháin nó cineál eile leo i gcaitheamh a shaoil go dtiocfá ar an tuiscint nach raibh cúrsa socair seasta polaitiúil faoin gCadhnach i gcónaí:

An Coimisiún le Béaloideas Éireann; An Coimisiún um Athbheochan na Gaeilge; An Comhchaidreamh; An Eaglais Chaitliceach; An Garda Síochána (Brainse Speisialta Bleachtairí); An Gúm; An Roinn Oideachais; Arm na Poblachta; Bord na Leabhar Gaeilge; Clann na Poblachta; Coiste Chuimhneachán na nÓglach; Coiste Cuimhneacháin Náisiúnta; Coiste Sealadach na Gaeltachta; Coláiste na Tríonóide; Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge; Conradh na Gaeilge; Cúltaca; Cumann Cairdis Éireannach Sóivéadach; Cumann Lúthchleas Gael; Cumann Merriman; Cumann na Gaedhaltachta; Cumann na Scríbhneoirí; Fianna Fáil; Fine Gael; Gael-Linn; Gaeltarra Éireann; Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta; Glúin na Buaidhe; Language Freedom Movement; Misneach; Muinntir na Gaedhealtachta; Muintir na Gaeltachta (BÁC); Oireachtas na Gaeilge; Raidió Éireann; Rannóg an Aistriúcháin; Roinn na Gaeltachta; RTÉ; Sáirséal agus Dill; Spól.

Don té ar mhian leis na conspóidí ar fad ar ghlac an Cadhnach páirt iontu níor mhór dó an Leabharlann Náisiúnta a thabhairt air féin agus mionscagadh a dhéanamh ar leathanach na litreacha ar líon mór foilseachán:

Amárach; An Curadh Connachtach; An Gaedhal; An Stoc; Scéala Éireann; An tÉireannach Aontaithe; An tÉireannach; Ar Aghaidh; Comhar; Dublin Evening Mail; Evening Herald; Feasta; Inniu; Nuachtán Gael — Gaelic Weekly; The Irish Independent; The Irish Times; The Sunday Independent. Ní obair shimplí í seo ach bhí ciall ag Breandán Ó hEithir nuair a chomhairligh sé sa mbliain 1972 gur …ceird chontúirteach [í] a bheith bualadh brandaí fóinteacha na huaire ar fhear chomh gabhlánach le Máirtín Ó Cadhain (Ó hEithir 1972: 15).

Ní raibh drogall ar dhaoine eile ina dhiaidh sin féin. De réir Aindrias Uí Chathasaigh gurbh: …í aisling dheiridh Uí Cadhain go mbeadh Éire saor agus aontaithe, go mbeadh an Ghaeilge i réim agus an tír i seilbh na n‑oibrithe (Ó Cathasaigh 2002: 282).

Déanann Gearóid Denvir dealú den chineál céanna ach go luann sé obair saoil leis:

Poblacht oibrithe a chuimseodh oileán na hÉireann ina mbeadh an Ghaeltacht faoi rath agus an Ghaeilge forleathan mar theanga bheo a bhí ón gCadhnach, agus chaith sé dúthracht a shaoil leis an aidhm sin a bhaint amach.

(Ó Háinle 1998: 78)

Nuair a iarradh ar Bhreandán Ó hEithir an chéad léacht a thabhairt i sraith léachtaí cuimhneacháin ar an gCadhnach i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, i 1980, ghlac sé deis beagán anailíse a chur ag obair:

Thug sé dílseacht do chineál éigin sóisialachais Marcsach; cineál a d’athraíodh a chruth, ní mór a admháil, agus nach bhfuil éasca a aicmiú fós féin faoi aon cheann den iliomad lipéad, ar fairsinge sa tír anois iad ná lena bheo.

(Ó hAnluain 1989: 12)

Gearóid Ó Tuathaigh a thug Léacht Uí Cadhain na bliana dar gcionn, 1981, agus dúirt:

‘Ba ghaire don mharc, a déarfainn, féachaint ar Lenin, a shaothar agus a theagasc, mar eiseamláir ag Ó Cadhain, an réabhlóidí.

(Ó hAnluain 1989: 66)

Éiríonn le Gearóid Ó Tuathaigh bunúdar stocaireachta Uí Cadhain a rianadh ar bhealach cruinn caolchúiseach:

Maidir le Máirtín Ó Cadhain, ba é mian croí agus rún daingean saoil dó athreimniú na Gaeilge — an réabhlóid chultúrtha — a chur ar ais arís mar chuid bhunúsach den réabhlóid mhór. Nó, le bheith níos cruinne, ba é rún a shaoil a fhógairt agus a thaispeáint gur saoirse manqué a bheadh in aisling na saoirse in éagmais na Gaeilge, go raibh an teanga ina heilimint bhunúsach riachtanach d’aisling iomlán na saoirse.

(Ó hAnluain 1989: 53)

Bhí Séamus Ó Tuathail páirteach i líon mór de na hagóidí a luaitear leis an gCadhnach i gcaitheamh na seascaidí agus mheabhraigh sé dornán blianta ó shin le linn léachta i gColáiste na Tríonóide:

Más í an chuairt dheiseal a bhí tugtha ag an bPiarsach, ag tosú le Conradh na Gaeilge agus ag críochnú le hÓglaigh na hÉireann, ba í an chuairt thuathail, mar a deireadh a naimhde le linn dó a bheith beo, a thug an Cadhnach, ag tosú le hÓglaigh na hÉireann agus ag críochnú le Gluaiseacht na Gaeilge.

(Ó Háinle 1998: 160)

Facthas do Sheán Ó Tuama gur ceist na Gaeltachta a thug ar an gCadhnach dul i mbun gnímh:

Ba é a tuigeadh don gCadhnach, agus é ag féachaint ar na Gaeltachtaí ag leá os comhair a shúl, go raibh gníomhartha den tsaghas seo níos tábhachtaí anois ná fiú a chuid scríbhneoireachta féin.

(Ó Tuama 1980: 57)

Ach ba spéisiúil an anailís a rinne Alan Titley ar shaothar liteartha Uí Cadhain ó thaobh na hidé-eolaíochta de:

Má dhéantar scagadh ar scríbhinní léirmheastúla an Chadhnaigh agus cogaí cathardha inmheánacha na Gaeilge mar gheall ar Henebryachas nó Múscraíochas a fhágaint as an áireamh tá sé deacair a rá an raibh seasamh teoiriciúil litríochta d’aon sórt aige.

(Titley 1996: 124)

Aisteach go leor d’fhéadfaí an t‑áiteamh céanna a dhéanamh i gcás na polaitíochta má scrúdaítear scríbhinní Uí Cadhain ó thús go deireadh. Tá díol staidéir sna haltanna a foilsíodh sna seascaidí, idir Do na Fíréin (1962), An Aisling (1966), Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca (1969) agus ar ndóigh Gluaiseacht na Gaeilge: Gluaiseacht ar Strae ó thaobh an léargais a thugann siad ar fhorás na fealsúnachta poblachtaí agus sóisialaí a bhí ag Ó Cadhain:

Níl sa stát Éireannach ach cnó caoch, stróinsín buailte.

(Prút 1999: 125)

Dáiríre níl de chiall agus ní raibh ó thús leis an stát Éireannach seo ach géarleanúint, géarleanúint ar mhaith[e] le Sasana.

(Prút 1999: 125)

Seo í Athghabháil na hÉireann, an Réabhlóid, réabhlóid intinne agus réabhlóid anama, réabhlóid i gcúrsaí maoine, seilbhe agus maireachtála, maireachtáil mar Ghaeil leis na rudaí is dual dúinn mar Ghaeil.

(Ó Cadhain 1970: 9)

Tá an domhan éirithe cleachtaithe ar chruth eicínt nó a chéile den tsóisalachas. Tiocfa sé in Éirinn luath nó mall. Tá sin cinnte.

(Ó Cadhain 1970: 9)

Bhí an fuath aicmeach seo gríosta ionam i bhfad sul ar léigh mé an chéad fhocal den Chonaolach ná de Das Kapital.

(Ó Cadhain 1970: 10)

Cuntas thar a bheith spéisiúil é an cur síos a thugann an Cadhnach ar thoghchán na bliana 1969 i nGaillimh Thiar nuair a sheas sé leis an iarrthóir Peadar Mac an Iomaire ach tugann sé corr-léargas ar an bhforbairt pholaitiúil seo i dtreo an Mharxachais i ndeireadh a shaoil:

Ansin bhí na clamhsáin áitiúil, Céibh Rosamhíl, Droichead an Daingin, cúrsaí talún in Uachtar Ard. Labhair muid cuid mhaith ar Athghabháil na hÉireann, ar theagasc Uí Chonghaile agus cúrsaí áirid an Dáilcheantair sin mar léiriú air.

(Prút 1999: 195)

An rud is suntasaí go bhfuil an chosmhuintir, an mhuintir buailte i ngach áit in Éirinn, ag cur aithne ar a chéile, ag tosú ag tuiscint gurb í cúis gach duine acu cúis a chéile, gurb í cúis na hÉireann agus cúis na Gaeilge freisin í.

(Prút 1999: 197)

Agus é ag trácht ar bhail cheird na léirmheastóireachta ar Comhar sa mbliain 1968 tá a thuilleadh fianaise spéisiúil ann:

Léirmheastóireacht ar bith nach dtabharfaidh aird ar an gcreat shóisialta agus geilleagair — sea, geilleagair — ní léirmheastóireacht í. Ainm eile. Critice, b’fhéidir.

(Prút 1999: 172)

Tá an claonadh seo tugtha faoi deara ag Gearóid Ó Tuathaigh go háirithe:

Pé tuiscint a fuair Ó Cadhain ‘ón gcliabhán’, mar a déarfá, ar chás na cosmhuintire in Éirinn, is léir óna scríbhinní bolscaireachta go raibh rian an Mharcsachais ar a pheirspictíocht agus ar fhráma anailíse don stair agus don tsochaí ag éirí níos láidre le himeacht na mblianta.

(Ó hAnluain 1989: 61)

Ach ní shin le rá go raibh an scéal amhlaidh i gcónaí. Seachnaíonn Ó Cadhain caint theoiriciúil na polaitíochta sa bpaimfléad Irish Above Politics a cuireadh amach i 1964. Go deimhin féin tagann sé roimh pholasaí dílárnaithe an rialtais seo ann:

To tell us that Roinn na Gaeltachta and Gaeltarra should be pack-straddled off to Galway! Give a place of Galway’s pretensions C Grade Ministries and Companies! In case it is not English enough already! Two institutions whose use of Irish is merely to sweat it in dress suits.

(Ó Cadhain 1964: 3)

Faoi dhaoine atá sé breithiúnas a dhéanamh ar pholasaí Gaeilge Fhine Gael sa lá atá inniu ann ach tugtar faoi deara an méid seo sa gcáipéis chéanna:

Then there is the party of Fitzgerald’s Great Figure Goddesses. They have very definitely repudiated compulsory Irish which is the same as repudiating Irish and, protest as they will, abolishing it.

(Ó Cadhain 1964: 13)

Is féidir tuiscint Uí Cadhain ar an traidisiún poblachtach a mheas sa saothar Tone: Inné agus Inniu, nár cuireadh amach ach ceithre bliana ó shin. Déantar anailís shóisialta ann ar fhorbairt thraidisiún na gníomhaíochta polaitiúla agus tá an téacs breac leis an gcur síos ‘aitheach tuaithe’ ar an gcineál duine a ghlac páirt sa réabhóid in éadan dlí Shasana. Nuair a bhí Misneach faoi lánseol agus agóid in éadan chomóradh oifigiúil Éirí Amach na Cásca ar bun acu sa mbliain 1966 úsáideadh an focal ‘ocastóir’ sa bhforógra a d’fhoilsigh siad. Focal neamhchoitianta go maith é i gcorpas Uí Cadhain agus baineadh leas as mar léiriú ar an gcineál duine a bhí ag teacht i dtír ar an gcosmhuintir. Más léamh clasaiceach iar-chóilíneach a bhí ag Ó Cadhain ar bhail na tíre sna seascaidí is fiú é a chur le hais smaointeora eile a bhí ag saothrú taca an ama chéanna san Afraic, Frantz Fanon, a scríobh sa mbliain 1965:

In under-developed countries, we have seen that no true bourgeoisie exists; there is only a sort of little greedy caste, avid and voracious, with the mind of a huckster, only too glad to accept the dividends that the former colonial power hands out to it.

(Fanon 1965: 141)

Baineadh an sliocht seo amach as Les damnés de la terre, arna aistriú ag Constance Farrington, The Wretched of the Earth (Macgibbon & Kee, 1965. Atheagrán: Penguin Books, 1967). Ar feadh tamaill ghairid, bhí mé ag ceapadh go raibh tionchar ag an téacs áirithe seo ar dhréachtadh an fhorógra sin nó gur tháinig mé ar an bhfocal ‘ocastóir’ in Do na Fíréin a d’fhoilsigh Breandán Ó hEithir nuair a bhí sé ina eagarthóir ar Comhar i 1962. Ní raibh sé ina eagarthóir ar feadh i bhfad ina dhiaidh ach sin scéal eile. Is cuma ar bhealach má bhí tionchar nó mara raibh féin, léiriú é ar ghluaiseacht nó teileolaíocht pholaitiúil le linn na seascaidí i dtíortha iar-chóilíneacha ar fud na cruinne. Bhí an saol ag athrú in Éirinn chomh maith le háit ar bith eile agus claochlú á dhéanamh ar gheilleagar na tíre de bharr pholasaí eacnamaíochta Whitaker agus Lemass. Ní théann seo amú ar na tráchtairí Joe Lee agus Declan Kiberd, beirt scoláirí a dhéanann cúram de chomhthéacs intleachtúil na dtréimhsí a mbíonn siad ag plé leo. Dar le Joe Lee, go raibh an tír seo plúchta sna seascaidí:

Ireland was suffocating. It was both too advanced and not advanced enough. It did not offer the green field of an under-developed society, where old moulds could be pulverised, nor yet did it throb with the dynamic impulse of an advanced industrial society where the performer ethic was in the ascendant.

(Lee 1989: 406)

Is i mórshaothar staire Joe Lee a cuireadh tús le scagadh de chineál eicíneacht ar stair intleachtúil an fhichiú haois. Tráchtann Declan Kiberd ar athrú suntasach sna seascaidí chomh maith:

The 1960s would be years of relative prosperity, when multinationals finally invested in Ireland; when children at last knew the benefits of free secondary education; when holidays in European resorts became possible for many; and when the long introversion of Irish intellectual life came to an end.

(Kiberd 1996: 479)

Shílfeá go raibh cuid den obair seo tosaithe cheana féin ag an gCadhnach ina chuid colún san Irish Times deich mbliana roimhe sin. Ainneoin gur státseirbhíseach a bhí sa gCadhnach le linn dó a bheith ag scríobh Caiscín ar an Irish Times ba mhinic uaidh corrspalla i leith an traidisiúin phoblachtaigh:

Ba iad an ceathrar a d’ainmnigh an Piarsach mar cheathrar soiscéalaí náisiúnta na hÉireann, Tone, An Dáibhíseach, An Mistéalach agus Fiontán Ó Leathlobhair. Bheadh ar gach duine acu cead speisialta a iarra le dhul go Coláiste na Tríonóide.

(Ó Cathasaigh 1998: 427) 21 Márta 1956)

I ndiaidh dó cuairt a thabhairt ar Leabharlann Choláiste Phádraig i Maigh Nuad, mar a raibh cnuasach de cháipéisí stairiúla ar taispeáint, scríobh sé píosa faoi leagan oifigiúil na nEaspag Caitliceach de stair na tíre agus tugann an liosta seo barúil dúinn faoin leanúnachas a shamhlaigh sé leis an traidisiún poblachtach:

…cóipeanna bunaidh de dhaora na n‑easpag ar na hÉireannaigh Aontaithe, Lucht na Ribíní, na hÉireannaigh Óga, na Fíníní, Bráithreachas na Poblachta, Conra na Talún, Óglaigh na hÉireann 1920–1956…

(Ó Cathasaigh 1998: 443) 2 Bealtaine 1956)

Ar fhaitíos na míthuisceana ní hiad Óglaigh Éireann Bhertie Ahern a bhí i gceist aige. Cé go bhfuil neart fianaise againn i leith an smaointeachais pholaitiúil a bhí ag Ó Cadhain, agus nach bhfuil aon amhras orm gur phoblachtach é ar feadh a shaoil, agus gur chleacht sé prionsabail áirithe de chuid an tsóisialachais, ní dóigh liom go raibh sé faoina mbois i gcónaí nó gur ghlac sé leis mar ortadacsa polaitiúil ar gheall le teagasc do-shéanta é. Tráchtann Maitiú Ó Néill (Ó Néill 1971) ar an seal a chaith Ó Cadhain sa gcampa géibhinn ar an gCurrach agus luaigh go mbíodh díospóireachtaí bríomhara acu faoi nádúr an tsóisialachais in Aontas na bPoblachtaí Sóivéadacha, croílár agus tobar an Mharxachais mar a bhí, agus go ndearna sé sciolladh agus feannadh ar mhodhanna oibre Stalin agus an Stailíneachais. Ainneoin a chuid spéise sa traidisiún smaointeoireachta seo, shílfeá in amanta gur mhó spéis a bhí ag Ó Cadhain i dteoiricí eile, obair Sigmund Freud nó an Dochtúir Áthas mar a bhaist an gú-eolaí Liam Mac Cóil go cumasach air:

Ní móide gur fear ró-chuí mise le bheith ag scríobh Gaeilge. Nó b’fhéidir gur mé is cuí? Léas Freud agus Jung. Pé ar bith é, is deacair Comhchumannachas a chur i mo leith, dá bharr. Is beag dhá rud is faide ó chéile ná an damhnachas Marxach agus dearca an bheirt dhiúlach úd. Faoin litríocht, mar shampla. Dar leis na Marxaigh níl san intinn ach a bheith ina scáthán nó frithdhealramh den damhna. Dá bhrí sin is éard í an litríocht bord-chnagadh a dhéanas múinteoir chun na haicmí comhraiceacha a ghairm ina láthair. Tá Freud, Jung agus an mhuintir sin chomh daortha ag na Cumannaigh is atá siad uile go léir ag an Eaglais.

(Ó Cathasaigh 1998: 393) 4 Eanáir 1956)

‘Super‑Ego‑Cinsirí Freudach’ a thug sé ar dhaoine sa nGaeltacht nár thaitin Cré na Cille leo (Ó Cadhain 1969: 13) agus san óráid chéanna, Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca, thug sé cor coise do scríbhneoirí Gaeilge a raibh faillí déanta acu i saothar Freud:

Tá a fhios agam gur mainneachtan ama agus easpa fiosracht intleachtúil ar lucht scríofa na Gaeilge nach léir Freud in áit ar bith inti.

(Ó Cadhain 1969: 31)

Thrácht sé ar an aigneolaíocht san óráid chéanna agus ó tharla mé ag teacht leis an áiteamh go raibh claonadh suntasach i dtreo theoiric na polaitíochta ag deireadh na seascaidí is fiú ceann de bhunáitimh Louis de Paor a lua faoin gcumadóireacht liteartha agus an t‑athrú a tháinig air de réir a chéile, dar leis:

…d’athraigh meanma a chuid scríbhneoireachta de réir a chéile i dtreo na neamhréadúlachta chun cruth oiriúnach scéalaíochta a cheapadh ar acmhainn na haigne daonna.

(De Paor 1991: 360)

Tá tarraingt ag an anailís seo feictear dom, go háirithe i gcomhthéacs spéis Uí Cadhain in obair Freud. Nuair a chuimhnítear ar cheisteanna sonais, sásaimh agus mí-shásaimh tá seans go bhfuil adhmad ar leith le baint as saothar cumadóireachta Uí Cadhain trí chéile i dtéarmaí Freudacha. Is é sin, gur ghníomhartha misnigh agus dóchais a bhí sna húrscéalta Cré na Cille, Athnuachan agus Barbed Wire, tionscnaimh reacaireachta mar fhál in éadan drochstaid na Gaeltachta agus a raibh i ndán don teanga. Tobar sóláis atá sa litríocht dar le hanailís Terry Eagleton ar thábhacht liteartha scríbhinní Freud — narrative is a source of consolation (Eagleton 1996: 161) — ainneoin an éadóchais, an tseirfin agus an tsearbhais atá le brath i gcodanna de na saothair chéanna. Déarfainn go mbeadh obair spéisiúil roimh an té a thabharfadh faoi chíoradh níba mhine a dhéanamh ar an gcaidreamh idir scríbhinní polaitiúla agus liteartha Uí Cadhain sna blianta deireanacha dá shaol. Agus muid ag caint ar chúrsaí aigne agus aigneolaíocht, ní fhéadfainn an deis seo a ligean tharam agus tagairt a dhéanamh do chasadh a bhain Ó Cadhain as ceist na haigne ar an Irish Times i 1955:

…rud í an aigne Ghaelach a bhfuil lóiste beag Corcaíoch tar éis gerrymandering a dhéanamh uirthi.

(Ó Cathasaigh 1998: 281) 6 Aibreán 1955)

Ní luafaidh muid cúrsaí iomána ar chor ar bith agus mé anseo i gContae Chiarraí is dóigh nár mhiste liom a rá go gcaithfí cluiche eicíneacht nach caid é a fhágáil faoi mhuintir Chorcaí. Fillfidh muid ar cheist seo na haigne Gaelaí ar ball beag, agus iarrachtaí Uí Cadhain an dioscúrsa sin a shaothrú ach ba mhaith liom díriú ar an bpolaitíocht a bhain, agus a bhaineann, le scríbhinní Uí Cadhain trí chéile agus an chaoi a ndéantar nó nach ndéantar staidéar orthu.

Fillfidh muid ar cheist seo na haigne Gaelaí ar ball beag, agus iarrachtaí Uí Chadhain an dioscúrsa sin a shaothrú ach ba mhaith liom díriú ar an bpolaitíocht a bhain, agus a bhaineann, le scríbhinní Uí Chadhain trí chéile agus an chaoi a ndéantar nó nach ndéantar staidéar orthu.

Dá mba scríbhneoir Fraincise nó Gearmáinise é an Cadhnach is cinnte go mbeadh scoláirí sna hinstitiúidí léinn ar a mbionda ag féachaint le hanailís pholaitiúil a dhéanamh ar a shaol agus a shaothar. Ach níl an obair seo ach ina thús anois i ndáiríre. Tuige an doicheall seo? Cén fáth an coimhthíos seo i leith Uí Chadhain? Dar liom go gcaithfear tionscnamh intleachtúil Uí Chadhain a mheas i gcomhthéacs ar leith, is é sin, go raibh glacadh i measc léitheoirí na Gaeilge go raibh mórscríbhneoir ina measc ach gur drogallach féin a thug scoláirí agus fileolaithe na Gaeilge aitheantas dó mar shárealaíontóir. Feictear dom gur lú fós an glacadh a bhí leis an gCadhnach mar fhear léinn, ó tharla nár chleacht sé an cineál léinn a bhí á shaothrú sna hollscoileanna le linn an chuid is mó den fhichiú haois. B’fhearr le scoláirí áirithe go mbeadh eolas domhain ag fo-chéimithe Gaeilge ar an dán díreach, ar an bhfilíocht aiceanta, ar scéalta na Sean- is na Meán-Ghaeilge, go mbeadh ‘tabhairt suas’ scolártha ar chéimithe in Ollscoil na hÉireann go háirithe. Níl de locht agam ar na réimsí staidéir sin ach gur fada ón gcultúr beo iad. Rinneadh eisceacht i gcás na canúneolaíochta, cothaíodh cultas an chainteora dúchais sa nGaeltacht, ní ar scáth leas an chainteora nó leas an phobail teanga a raibh sé ann, ach as ucht an léargais a chaithfeadh a chuid siollaí ar athruithe teanga, idir fhóneolaíocht agus dheilbhíocht.

Ba mhaith liom a rá ag an bpointe seo nach le teann saoithínteachta nó gligínteachta atá cuid de na spallaí seo á gcaitheamh agam i dtreo gharrantaí an acadaimh ach d’fhonn a léiriú go raibh tuiscint thar a bheith caolaigeanta i measc scoláirí Gaeilge ar an léann agus ar an litríocht trí chéile ó thosaigh an Cadhnach ar a chuid scéalta a fhoilsiú, gur ceapadh ina Ollamh é ar Scoil na Gaeilge i gColáiste na Tríonóide. Maireann iarsmaí fós den leagan amach seo ach amháin gur ábhar dóchais an polasaí atá ag Ollscoil nó dhó anois. Luaim an cineál oibre a chleachtann cathaoirleach na hócáide seo, Máire Ní Neachtain, i réimse na sochtheangeolaíochta in Ollscoil Luimnigh nó obair Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge. Léiríonn tograí den chineál seo gur féidir an léann daonna a chleachtadh i measc an phobail, ransú a bhunú ar chultúr agus oidhreacht bheo agus an comhar sóisialta agus intleachtúil sin a íoc leis na pobail a bhíonn i bpáirtnéireacht leis an institiúid léinn.

Ní raibh an cineál múnla seo den léann le fáil nuair a d’fhreastail Máirtín Ó Cadhain ar Choláiste Phádraig i mBaile Átha Cliath i mblianta tosaigh an tsaorstáit, 1924. Thug Ó Cadhain le fios do Chumann na Scríbhneoirí níos faide anonn ina shaol (1955), nach oideachas na scolaíochta a bhí ar a chuid comharsan ach an ealaín agus an léann béil. D’admhaigh sé féin i dtreo dheireadh a shaoil gurbh as an gcineál léinn sin a fáisceadh é féin. Mar a tharla sé, shaothraigh sé féin léann an bhéaloidis níos deireanaí anonn ina shaol, agus feictear dom go raibh sé ag caraíocht ó thús deireadh a shaoil liteartha le múnla feiliúnach den léann Gaelach nó dioscúrsa dúchasach a shaothrú agus a chur ar fáil.

Thrácht mé ar chultas an chanúnachais ar ball beag. D’fhéadfá laethanta, tráthnónta, oícheanta agus maidineacha fíormhocha a chaitheamh i mbun argóna faoi cheisteanna canúna, Gaeilge agus caighdeáin. D’fhéadfá ach go bhfuil léas gairid ar an saol ag an gcuid is mó againn. Ach cuimhnigh ar an líon scothshaothar teangeolaíochta a foilsíodh ó thús an chéid seo caite: Gaeilge Chois Fhairrge, The Irish of Cois Fharraige, The Irish of Erris, The Irish of Achill, The Irish of Ros Guill, Gaeilge Theilinn, Linguistic Atlas & Survey of Irish Dialects, The Irish of Ring, The Irish of Muskerry, Gaeilge Chorca Dhuibhne, Áirneán, Caint Ros Muc. Tá cúlú aisteach teangeolaíochta déanta i gcuid de na ceantair seo atá luaite agam thuas sa gcaoi is nach bhfuil an teanga beo i gcuid acu inniu. Chuir na scoláirí a shaothraigh an léann comaoin nach beag ar ár gcuid eolais agus saibhríodh an tuiscint ar ár gcuid Gaeilge dá mbarr ach samhlaigh dá dtosófaí ar obair shochtheangeolaíochta sna pobail seo nuair a cuireadh tús lena gcuid taighde. Níl focail fearacht pleanáil teanga nó sochtheangeolaíocht ach ar bhéala na ndaoine le fíordheireanas bíodh is go raibh eolas fairsing ar na ceirdeanna seo i measc lucht teangeolaíochta ó thús na seascaidí i leith. Ar bhealach thuig Ó Cadhain go raibh an léann agus an athbheochan teanga dealaithe ionann is go hiomlán óna chéile agus go raibh acmhainní intleachtúla á gcaitheamh ar na ceisteanna ba mhó tábhacht nó práinn d’uireasa aon chineál idé-eolaíochta nó prionsabail threoraithe chomhordaithe ar bith. Ainneoin an chomhthéacs intleachtúil seo choinnigh an Cadhnach a chúrsa léinn féin agus shaothraigh sé léann an bhéaloidis go háirithe níos faide anonn ina shaol ar bhealach tuisceanach, dúchasach, scolártha.

Ar ndóigh déarfar leat, mar a tugadh le fios domsa agus mé ag freastal agus ag obair in institiúid áirithe tríú leibhéal, gur ‘scríbhneoir ró-dhúshlánach’ é, go raibh sáiteáin tuirsiúla polaitiúla ina shaothar ar diomallú ama a bheadh ann léirmheas de chineál ar bith a dhéanamh orthu, nach raibh fáil cheart ar a shaothar. Mar adúirt Máire Ní Annracháin, is ionann …canóin na Gaeilge na téacsanna sin nach bhfuil fáil orthu go rialta. (Ó Háinle 1998: 34) agus is bocht an teist orainn é nach ndearnadh tada faoi sin, go fiú’s an dúshlán is fánaí a thabhairt ina thaobh. Ní déarfaidh mé aon cheo eile faoi sin ach gur bhreá an rud é go bhfuil iarrachtaí á ndéanamh anois leis an scéal sin a chur ina cheart. Ach ní chuidíonn easnaimh théacsanna le tuairmíocht gan bhunús, leithéidí, go mba fear é an Cadhnach a chuir amú cuid mhór dá fhuinneamh le haighneasóireacht, gur chantalán poiblí a bhí ann, agus mar bharr ar an dathúlacht uile, gur spéis leis athbheochan na Gaeilge seachas an scoláireacht i ndáiríre. Theastódh oirnéis chaolchúiseach socheolaíochta le go ndéanfaí rianadh mar ba cheart ar bhunúdair an fhaltanais seo, ar geall le cócaireacht shnoite acadúil í. Níor mhór dúinn a mheabhrú dúinn féin gurbh ollamh ollscoile a bhí sa gCadhnach nach raibh céim sa nGaeilge aige ná oiliúint na fileolaíochta, a bhí d’uireasa na gcáilíochtaí cuí i súile chuid mhór d’aos léinn a linne féin. Ba de bhunadh na Gaeltachta é, rud annamh i gcás léann na Gaeilge. Ní shamhlaítear Ó Cadhain i gcomhluadar Bergin, Binchy agus Best. An ea gur ghoill gradam náisiúnta Uí Chadhain i ndeireadh a shaoil ar an aos léinn? Fearacht diagairí a bhfuil mandatum nó ceadúnas na Róimhe acu bíonn faitíos nó glanamhras orthu i dtaobh lucht smaointeachais a éalaíonn ó chuing cheart na hortadocsa. Tá an saol polaitiúil breac leis an leagan amach seo freisin. Níl sé ach dornán beag blianta ó samhlaíodh go poiblí le polaiteoir sinsearach go ndéanfadh sé craiceálaí cruthanta mar aire rialtais. Is fiú dúinne a thabhairt faoi deara gur lena linn siúd mar aire a cuireadh seirbhís teilifíse Gaeilge ar an aer.

Ní amháin go raibh amhras ar an aos léinn i dtaca le hacmhainní is dindiúirí acadúla Uí Chadhain ach níor chuir líon mór de na scoláirí liteartha Gaeilge a bhí ag saothrú a gcodach le linn an dara leath den fhichiú haois de stró orthu féin inniúlacht Uí Chadhain ar an ealaín a aithneachtáil ach oiread. Cuimhnigh gur foilsíodh Cré na Cille sa mbliain 1949, úrscéal nuálaíoch, cumadóireacht a éilíonn aird na grinnléitheoireachta, tionscnamh reacaireachta a bhain creathadh as na frathacha. Má scrúdaítear irisí léinn na Gaeilge ón aimsir sin i leith is beag trácht a dhéantar ar an saothar sin ina cháilíocht liteartha. Seans go bhfuil corrthagairt anseo nó ansiúd ar ÉigseÉriú do dheismireacht Ghaeilge éicíneacht ach beidh tóraíocht in aisce ort ó thaobh aon chineál léirmheasa liteartha. Is ag Comórtas Liteartha an Oireachtais a bhí tús an léirmheasa ar ndóigh agus ba ghearr go raibh Athnuachan ar a shála i 1951, cé nach ndeachaigh cló ar Athnuachan go dtí 1995. Is ar leathanaigh na nuachtán agus na dtréimhseachán Gaeilge a bhain scríbhinní liteartha Uí Chadhain gradam amach de réir a chéile, ar leathanaigh Comhar go háirithe.
Is ar Comhar a d’fhoilsigh Seán Ó Tuama agus Breandán Ó Buachalla aistí léirmheasa nó tráchtaireachta liteartha inar baineadh earraíocht as saothar Uí Chadhain mar eiseamlár ealaíne. Foilsíodh scagadh ar théama liteartha ar leith in Irisleabhar Mhaigh Nuad sa mbliain 1966, ó pheann duine de chomharbaí Uí Chadhain i gColáiste na Tríonóide, Cathal Ó hÁinle. Is é Cathal a chuir eagrán de Barbed Wire ar fáil dúinn trí bliana ó shin anois agus go deimhin féin tugadh le fios níos túisce i mbliana le linn Scoil Geimhridh Merriman go mbeadh Cathal ag dul i mbun eagarthóireachta arís eile ar eagrán nua de Cré na Cille. Seo iad na chéad scoláirí gairmiúla Gaeilge, ar feadh mo chuid eolais, a thug aitheantas criticiúil acadúil don Chadhnach, sna blianta 1955, 1966 agus 1967 faoi seach. Is le linn na seachtóidí a tháinig sruth alt ó láimh Bhreandáin Uí Dhoibhlin ar Irisleabhar Mhaigh Nuad freisin. Díol íoróine, seans, i bhfianaise na n‑aighneas feamainne ar fad idir Ó Cadhain agus an Eaglais Chaitliceach institiúideach, gur túisce gur glacadh leis mar ealaíontóir sa gcliarscoil ná in ollscoileanna tuatacha na seascaidí agus na seachtóidí.

Níor dearnadh aon staidéar iarchéime ar Ó Cadhain go dtí tús na seachtóidí. Arís, ar feadh mo chuid eolais, ba iad Alan Titley agus Gearóid Denvir an chéad bheirt scoláire a raibh de mhisneach agus de shamhlaíocht acu tabhairt faoina shaothar mar ábhar iarchéime. Is é an t‑iontas, agus admhaím gur galra iriseoireachta é an t‑iontas síoraí seo, gur tugadh cead a gcinn dóibh ach go raibh ceann de mhór-rialacha buanaithe canóine curtha i gcrích ag Máirtín Ó Cadhain féin faoin tráth seo — bhí sé básaithe. Is i dtús na seachtóidí a thosaigh siad ar a gcuid oibre; clár saothair agus clárú ar ábhar béaloidis sa saothar faoi seach. Níor foilsíodh mórstaidéar ar scríbhinní liteartha Uí Chadhain go dtí an bhliain 1986, a bhuíochas sin arís do Ghearóid Denvir, agus ba léir go raibh scrúdú thar a bheith cáiréiseach déanta ar mhóitífeanna an bhéaloidis i scríbhneoireacht Uí Chadhain. Obair thábhachtach í seo, obair riachtanach agus is é an cineál oibre a shaothraigh an Cadhnach féin ó thaobh léann na teanga.

Ach d’fhéadfadh sé féin a bheith nimhiúil go maith agus na hollscoileanna nó léann na Gaeilge á n‑iniúchadh aige. Tá saol na hintleachta agus an smaointeachais ag trá uaithi in aghaidh an lae. 21 Iúil, 1954. (Ó Cathasaigh 1998: 155).

Bhí sé go mór chun cinn ó thaobh theoiric an oideachais agus ról na bhforas léinn sa bpobal: …cé an chiall nach dtéann na hiolscoileanna, nó dámha áiride díobh, ar tiomchuairt? Ba ghaire don leas coiteann é sin ná an tsíorghlaomaireacht faoina neamhspleáchas féin. 21 Iúil, 1954. (Ó Cathasaigh 1998: 155)

Leagan amach thar a bheith cáinteach a bhí aige i leith an Léinn Cheiltigh nó an Léinn Cheilte, mar a thug sé air: Is túisce tuarastal ná tuilleamh (Ó Cathasaigh 1998: 278) a dúirt sé le teann binbe ar 30 Márta, 1955. Ach thug sé faoi scagadh géar cuimsitheach a dhéanamh ar shaothrú léann an bhéaloidis in dhá alt éagsúla a foilsíodh ar Feasta sna blianta 1949 agus 1950, ‘Tuige nach bhfuil Litríocht na Gaeilge ag Fás’ agus ‘Béaloideas’. Sula ndéanfaidh mé trácht ar ábhar na n‑altanna sin is fiú a lua gur bhailitheoir béaloideasa a bhí sa gCadhnach féin agus gur foilsíodh ábhar uaidh ar An Stoc agus ar Béaloideas. Amhráin agus scéalta a thóg sé agus foilsíodh an t‑ábhar ar An Stoc in Eanáir 1928, Feabhra 1930, Aibreán 1930, Feabhra 1931 agus ar Béaloideas: Nollaig 1930, Meitheamh 1933, 1935, Meitheamh 1936. Mar a dúirt Ríonach Uí Ógáin sa réamhrá a chuir sí leis an saothar Faoi Rothaí na Gréine, bailiúchán d’amhráin a bhailigh Máirtín Ó Cadhain agus a ndearna deartháir leis, Seosamh, buneagarthóireacht orthu:

…d’fhéadfaí a rá gurb í an tréith is suntasaí ar fad sa bhailiúchán seo an cur síos atá ann ar shaol na hamhránaíochta agus na n‑amhrán thiar, an dul thar a chéile a thagann i gceist idir an saol, an t‑amhránaí, an t‑amhrán, scéal amhráin, file, pobal agus bailitheoir. I ngeall ar an luí iontach a bhí ag Seosamh agus ag Máirtín leis an bpobal thiar agus a mbaineann leis an bpobal sin, tá curtha le guth an phobail chéanna san fhoilseachán seo.

(Uí Ógáin 1999: 2–3)

Bhí tábhacht leis an gcineál oibre seo ach ba thábhachtaí fós tuiscint Uí Chadhain ar an gcaoi a ndéantar imoibriú ar an ábhar seo i gcomhthéacs an chineáil chaidrimh a dtráchtann Ríonach Uí Ógáin air. Ba cheart a lua go bhfuil an saothar seo ar cheann de na bailiúcháin amhrán is scolártha agus is dúchasaí a cuireadh amach ó thús aimsir na hathbheochana. Maise ar an léann atá ann agus bailiúchán é a raibh tóir ar leith ag an bpobal thiar air freisin, a bhuíochas sin de Ríonach go speisalta. Ach maidir leis an gCadhnach féin níor thuig sé do scoláirí a linne agus an cultúr a bhí cothaithe acu agus tá teist fhorleathan ar na tuairimí seo ar na haltanna sin ar Feasta agus ar an gcolún clóis a scríobh sé san Irish Times.

Tá muid sásta tuilleadh airgid a thabhairt do lucht an Léinn Cheiltigh, an léinn chanúna, an bhéaloideasa — na balsamóirí corp go léir — ach is crá croí linn scaradh le pínn ar shon na dtréimhseachán Gaeilge, ná ar shon aon rud a chuideodh leis an nGaeilge a chraobhscaoileadh mar theanga bheo. (‘Tuige nach bhfuil Litríocht na Gaeilge ag Fás’, Feasta, Samhain 1949, tugtha in Costigan & Ó Curraoin 1987: 258).

Dá mbeadh irisí liteartha againn i nGaeilge, nó dá mbeadh lucht na hIolscoile toilteanach nó acmhainneach tabhairt faoi shaothar rathúil ar bith, bheadh cíoradh déanta den tsórt seo dhá dhéanamh, agus treoir dhá fháil ag scríbhneoirí. (‘Tuige nach bhfuil Litríocht na Gaeilge ag Fás’, Feasta, Márta 1949, tugtha in Costigan & Ó Curraoin 1987: 264).

Lá eicínt b’fhéidir go bhfeicfí foireann taighde ag dul go dtí na forais ardléinn anseo, le scrúdú béaloideasúil a dhéanamh ar Uachtarán Choláiste na hIolscoile agus lucht an Léinn Cheiltigh. Agus cá bhfios nach ndéanfaí scrúdú ar stiúrthóir an Bhéaloideasa féin, agus nach léireofaí cén fáth go bhfuil an oiread cion aige ar Ghaeilge iascairí agus cladóirí, cé go raibh sé, chomh deireannach le 1943, i bhfábhar ‘to exclude Irish under present conditions as a normal teaching medium for a university degree’, do chlann iascairí agus cladóirí? D’fhógrófaí gur cogadh aicmíochta ‘class war’ — agus cúngú ar neamhspleáchas na hiolscoile é. (‘Béaloideas’, Feasta, Márta 1950, tugtha in Costigan & Ó Curraoin 1987: 279).

Is chun ár míthreoir atá an saothar seo, an tseandacht seo, an béaloideas seo, an Léann Gaeilge agus Ceilteach seo, an Ceilteachas seo atá ar ationscailt… (‘Béaloideas’, Feasta, Márta 1950, tugtha in Costigan & Ó Curraoin 1987: 289).

Ar ndóigh scríobhadh na sleachta seo sul má chuaigh an Cadhnach féin le léann na Gaeilge ar fhoireann Choláiste na Tríonóide ach déanaim amach nár tháinig mórán d’athrú ar sheasamh Uí Chadhain i leith an léinn institiúidigh. Léirigh na cúrsaí léachtaí a réitigh sé, an t‑ábhar teagaisc a chuir sé ar fáil agus a chuid oibre ó thaobh mhúineadh na teanga gur spéis leis go mór siollabas a fhorbairt a chinnteodh go mbeadh Gaeilge ag scoláirí ollscoile agus go mbeadh eolas acu ar stair intleachtúil na teanga. Feictear dom gur ghníomh polaitiúil ann féin an méid seo i bhfianaise choimeádachas an chomhluadair léinn trí chéile agus luíonn sé le barúil spéisiúil a chuir Riobard Mac Góráin chun cinn ar Comhar i ndiaidh bhás Uí Chadhain:

…ach níor ghiolla riamh é ag córas idé-eolaíochta ná polaitíochta ar bith… Sa mhéid gur airigh sé comhbhá ar bith le haon cheannródaí intleachta thar lear i dtaobh na nithe a bhfuil trácht orthu sa phaimfléid seo, [Gluaiseacht na Gaeilge: Gluaiseacht ar Strae] níl amhras acu gurb é Saunders Lewis na Breataine Bige é: scríbhneoir cumasach, a dhálta féin, fear ollscoile, duine de bhunaitheoirí Pháirtí Náisiúnta na Breataine Bige, Plaid Cymru.

(Mac Góráin 1973: 6–7.)

Feictear dom go raibh coimhlint bhunúsach i gceist ag an gCadhnach maidir le saothrú an léinn, cur leis an traidisiún, dioscúrsa dúchasach a aclú agus a ramhrú, saothar a bheadh ionchomparáide le hobair Raymond Williams sa mBreatain Bheag freisin. Má d’fhéach Ó Cadhain le hathréimniú traidisiúin a chur i gcrích, ó thaobh na polaitíochta, na litríochta nó ó thaobh an léinn féin, bhí údar leis sa gcaoi is nárbh eol don Chadhnach cén traidisiún glan liteartha a bhí á chosaint chomh géar sin ag scoláirí coimeádacha na Gaeilge. Dúirt sé ar Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca nach raibh …aon tradition liteartha agamsa ach Dia idir sinn agus Cúl Aodha! (Ó Cadhain 1969: 15). Deir Raymond Williams gur féidir traidisiúin den chineál seo an tuiscint ar chultúr agus ar litríocht a chur as a riocht:

For tradition is in practice the most evident expression of the dominant and hegemonic pressures and limits… What we have to see is not just ‘a tradition’ but a selective tradition: an intentionally selective version of a shaping past and a pre-shaped present, which is then powerfully operative in the process of social and cultural definition and identification.

(Williams 1977: 114.)

Is ag caraíocht in éadan éagruth an traidisiúin liteartha agus léinn a bhí an Cadhnach maidir lena chuid oibre acadúla, feictear domsa, agus is ag caraíocht in éadan ‘svae cultúrtha’ nó ‘hegemony‘ a rinne díspeagadh den Ghaeilge, den phoblachtachas, de cheart a mhuintire a bhí an Cadhnach ina chuid aighneasóireachta. D’áitigh Edward Said gurbh é dúshlán an intleachtóra chultúrtha diúltú do shamhail an traidisiúin a thugtar dó agus scagadh nua as an bpíosa a dhéanamh air le go mbeadh a fhios aige cé dó ar cruthaíodh an traidisiún mantach agus chun críche cén sprioc polaitiúil. Má tá snáth leanúnachais i bpolaitíocht Mháirtín Uí Chadhain ó thús go deireadh a shaoil, is dóigh liom gurbh shin é, agus go gcaithfeadh muid breathnú arís ar an obair aighneasóireachta agus imoibriú na hagóidíochta leis an litríocht a mheas in athuair.

Luaigh mé roinnt dátaí i dtús na cainte seo agus roinnfidh mé ceann nó dhó eile libh sula scarfaidh mé libh tráthnóna. Leathchéad bliain ó shin, ar an dara lá de mhí na Bealtaine 1956 le bheith cruinn, chuir colúnaí clóis an Irish Times, Máirtín Ó Cadhain, in iúl dá chuid léitheoirí go raibh a Chaiscín deiridh meilte ar an nuachtán. Ba spéisiúil an t‑achoimre a rinne sé ar a shaothar féin agus an tábhacht a shamhlaigh sé le páirt ghníomhach a ghlacadh sa dioscúrsa náisiúnta:

Le trí bliana anuas bhí an colún seo ar cheann de phríomh-chumhachtaí spriodáilte na tíre spriodáilte seo. Is é sin le rá nár craobhscaoileadh acuineachas ná aspalacht tuata ar bith. Rinne an colún seo rud nach dual d’aon Éireannach nua-aimsire a dhéanamh: staon sé ó aon fhírinne do-mheallta a chraobhscaoile.

(Ó Cathasaigh 1998: 443) 2 Bealtaine, 1956

Caoga bliain díreach roimhe sin nó céad bliain ó shin go díreach cothrom an ama seo, ar nuachtán dar teideal An Claidheamh Soluis in alt dar teideal ‘Nua-litridheacht’, d’iarr fear darb ainm Pádraig Mac Piarais ar a chuid léitheoirí grinnstaidéar a dhéanamh orthu féin agus an cineál litríochta a bhí á chur ar fáil acu. Chuir sé pearúl ar scríbhneoirí agus ábhar scríbhneoirí na haimsire sin: Bogaimis amach ón gcarn aoiligh, ón gcruaich mhóna … Focail cháiliúla iad. Dar leis go raibh an béaloideas ina bhró mhuillinn ar chomórtas liteartha an Oireachtais agus gur cheart do scríbhneoirí litríocht nua-aoiseach Eorpach a sholáthar. Téama é a shaothraigh an Cadhnach féin níos faide anonn ach cá bhfios an mbeadh saothar liteartha Uí Chadhain againn ar chor ar bith d’uireasa na bhfocal sin? Is féidir a rá go cinnte nach mbeadh saothair fearacht Cré na Cille agus Athnuachan againn d’uireasa an Oireachtais féin. Marach iad b’fhéidir nach mbeadh i mbéal na gcarachtar Caitríona Pháidín nó Nóra Sheáinín ach ciúnas agus tost d’uireasa deis cainte nó cheal deis dioscúrsa. Níor mhiste dá mbogfadh muid féin amach ón gciúnas agus ón tost, i dtreo dioscúrsa náisiúnta. Rinne Máirtín Ó Cadhain a chuid féin de dhioscúrsa an dúchais — faoin nglúin seo atá sé a gcuid féin a dhéanamh d’oidhreacht intleachtúil Uí Chadhain. Caithfear éisteacht leis an tost.

Saothair Thagartha

  • Costigan, B & Ó Curraoin, S (1987). De Ghlaschloich an Oileáin: Beatha agus saothar Mháirtín Uí Chadhain.
  • Denvir, G. (1981). ‘An Béaloideas i nGearrscéalta Mháirtín Uí Chadhain’ in Comhar, Eanáir.
  • Denvir, G. (1987). Cadhan Aonair: Saothar Liteartha Mháirtín Uí Chadhain.
  • de Paor, L. (1991). Faoin mBlaoisc Bheag Sin.
  • Eagleton, T. (1996). Literary Theory: An Introduction.
  • Edgar, A & Sedgwick, P. (1999) Key Concepts in Cultural Theory [Eag.].
  • Fanon, Frantz. (1961). Les damnés de la terre arna aistriú ag Constance Farrington, The Wretched of the Earth, Macgibbon & Kee, 1965. Atheagrán, Penguin Books, 1967.
  • Kiberd, D. (1993). Idir Dhá Chultúr.
  • Kiberd, D. (1996). Inventing Ireland.
  • Kundera, M. (1986). The Art of the Novel.
  • Lee, J. (1989). Ireland 1912 1985: politics and society.
  • Mac Gill‑Eain, S. (1989). Ó Choille gu Bearradh.
  • Mac Góráin, R. (1971). ‘Máirtín Ó Cadhain agus Polasaí Agóide’ in Comhar, Lúnasa.
  • Ó hAnluain, E. (1989). Léachtaí Uí Chadhain 1 [Eag.].
  • Ó Cadhain, M. (1949). ‘Tuige nach bhfuil Litríocht na Gaeilge ag Fás’ in Feasta, Márta.
  • Ó Cadhain, M. (1950). ‘Béaloideas’ in Feasta, Márta..
  • Ó Cadhain, M. (1960). Consain na Gaeilge: The Consonants of Irish.
  • Ó Cadhain, M. (1964). Irish Above Politics.
  • Ó Cadhain, M. (1966a). Ar Céalacan, ar Stailc Ocrais in aghaidh na nOcastóirí.
  • Ó Cadhain, M. (1966b). An Aisling.
  • Ó Cadhain, M. (1969). ‘Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca’.
  • Ó Cadhain, M. (1970). Gluaiseacht na Gaeilge: Gluaiseacht ar Strae.
  • Ó Cadhain, M. (1999). Tone: Inné agus Inniu arna chur in eagar ag Bernadette Ní Rodaigh agus Eibhlín Ní Allúráin.
  • Ó Cadhain, M. (2002). An Ghaeilge Bheo — Destined to Pass arna chur in eagar ag Seán Ó Laighin.
  • Ó Cathasaigh, A. (1998). ‘Caiscín’: altanna san Irish Times 1953–56 [Eag.].
  • Ó Cathasaigh, A. (2002). Ag samhlú troda: Máirtín Ó Cadhain 1905–1970.
  • Ó Doibhlin, B. (1974). ‘Athléamh ar Chré na Cille’ in Léachtaí Cholm Cille: An Fichiú hAois.
  • Ó hEithir, B. (1973). Thar Ghealchathair Soir.
  • Ó Glaisne, R. (1971). ‘Máirtín Ó Cadhain: Fear Poiblí’ in Comhar, Deireadh Fómhair.
  • Ó Háinle, C. (1978). Promhadh Pinn.
  • Ó Háinle, C. (1998). Criostalú [Eag.].
  • Ó Néill, M. (1971). ‘Faoi Ghlas ag Gaeil’ in Comhar, Deireadh Fómhair.
  • Ó Tuama, S. (1980). ‘Tiomna Roimh Bhás’ in Comhar, Deireadh Fómhair.
  • Prút, L. (1997). ‘Cion Fir: Aistí Thomáis Uí Fhloinn’ in Comhar [Eag.].
  • Prút, L. (1999). ‘Caithfear Éisteacht! Aistí Mháirtín Uí Chadhain’ in Comhar [Eag.].
  • Said, EW. (1994). Culture and Imperialism.
  • Titley, A. (1975). Máirtín Ó Cadhain: Clár Saothair.
  • Titley, A. (1996). Chun Doirne: Rogha Aistí.
  • Uí Dheoráin, N. (1971) ‘Fear Riaracháin’ in Comhar, Deireadh Fómhair.
  • Uí Ógáin, R. (1999). Faoi Rothaí na Gréine: Amhráin as Conamara a bhailigh Máirtín Ó Cadhain [Eag., buneagarthóireacht: Seosamh Ó Cadhain].
  • Williams, R. (1977). Marxism and Literature.

Foilsíodh an aiste seo i dtosach in Feasta. Tá Iontaobhas Uí Chadhain fíorbhuíoch den údar agus den fhoilsitheoir as ucht a gcead an t‑alt seo a fhoilsiú.