Categories
Ábhar i nGaeilge Léachtaí ⁊ Cainteanna

Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca

Réamhfhocal

Léim go: réamhfhocal | cur i láthair | an léacht | buíochas

Le hEoghan Ó hAnluain

Tháinig Máirtín Ó Cadhain go dtí an chéad Scoil Shamhraidh de chuid Chumann Merriman in Inis sa bhliain 1968. Bhí cuireadh tugtha dó páirt a ghlacadh i siompóisiam ar litríocht Ghaeilge Thuamhumhan. D’éirigh thar barr leis an scoil agus beartaíodh scoil shamhraidh eile a chur ar siúl. Ach anuas air sin, agus mar thoradh agus mar fhreagra ar dhíograis lucht na scoile, mhol Tomás de Bhaldraithe go gcuirfí comórtas filíochta Gaeilge ar siúl agus go dtiocfadh na filí i láthair lena saothar a léamh: sa chaoi seo nascfaí imeachtaí Chumann Merriman le saothar cruthaitheach Gaeilge an lae sin. Mhol Máirtín Ó Cadhain go mba mhaith an ócáid í a leithéid de scoil chun scríbhneoireacht próis na Gaeilge a phlé. Ba é an toradh a bhí ar na moltaí sin Scoil Gheimhridh Mherriman a tionóladh in Aonach Urmhumhan, mí Eanáir 1969 (Comhar, Deireadh Fómhair 1968). Thapaigh Cumann Merriman an deis agus iarradh ar an gCadhnach léacht thionscnaimh na scoile sin a thabhairt.

I gcaitheamh an ama seo bhí léirmheas á scríobh ag an gCadhnach do Comhar ar eagrán Dháithí Uí Uaithne de Cúirt an Mheon-Oíche a thug Cumann Merriman amach an bhliain sin 1968. Iarradh é seo go speisialta air siúd toisc gur tuigeadh gur dual dósan thar aon duine eile beo an léirmheas sin a scríobh. Ba chuid iontais leis riamh, ar ndóigh, saothar mór Mherriman agus an dánaíocht neamhghnách a rinne seisean ar an teanga Ghaeilge. Dá bhrí sin is i gcaitheamh an ama chéanna, fómhar na bliana 1968, a raibh an léirmheas úd á scríobh aige, a d’ullmhaigh sé Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca. Scríobh sé sa léirmheas sin faoi Mherriman:

Is é Merriman meanmnach meidhreach an cine agus tá barúil agam gur mar sin a bheas an fhad is a bheas duine in Éirinn ar fiú leis Gael a thabhairt air féin. Faoi dheireadh thiar is í an Ghaeilge, an chaint, an rud is cumasaí le chuile dhuine faoin Cúirt. Thiúrfainn rud ar bith ar a bheith in ann an Ghaeilge seo a scríobh. Ach níl agus ní bheidh aon duine go brách arís in ann an rud sin a dhéanamh. … Bhí Merriman in ann an Ghaeilge a aclú ar bhealach nach raibh duine ar bith eile in ann a dhéanta. Scaití ní cheapfá gur Ghaeilge ar bith a bhí riamh ann í, ná ó shin.

(Comhar, Nollaig 1968)

Shílfeá, ar uaire, ar Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca, an léacht seo a thug sé beagán le cois míosa ina dhiaidh sin, go mba fhreagra í, nó cuid di ar aon nós, ar an ráiteas tuarúil éagaointeach sin ina léirmheas ar Cúirt an Mheon-Oíche, go mba dúshlán an aiféala agus an éadóchais sin í faoi Ghaeilge Mherriman a bheith thar chumas aon duine, é féin san áireamh. Mar cé nach bhfuil aon chairde le fáil ar an éadóchas tá an teanga aige anseo chomh dána, chomh freagrach do bheocht agus do dhíocas a aigne, í ag fiuchadh agus ag spréacharnaigh agus san am céanna chomh meanmnach, chomh caol sin mar mheán aige, go ndéantar ceol mín ard uasal di a mhaolaíonn ar gach diomú. Ní hiontas gur tugadh an chraobh dó ar fheabhas a scríbhneoireachta anseo.

Ach an teideal a thug sé ar a léacht, bhí sé déanta amach aige i bhfad roimhe sin, chomh fada siar leis na caogaidí, nuair a thug sé dhá chaint ar Radio Éireann mí na Bealtaine 1952. ‘Saothar an scríbhneora’ a tugadh ar an dá chaint, agus ‘Páipéir Bhreaca’ a tugadh ar an gcéad chaint agus ‘Páipéir Bhána’ ar an dara caint. Tá an dá chaint seo i gcló in Scríobh 3 (An Clóchomhar 1978):

Cuntas ar roinnt dá raibh breactha ar phár atá sa chéad léacht, go háirithe ar an úrscéal Athnuachan agus ar Cois Caoláire. Séard atá sa dara léacht tagairtí do na leathanaigh a bhí sé fós gan breacadh is do na leabhair a bhí sé ag brath a scríobh.

B’ócáid ar leith a bhí in oíche na léachta. Cur i láthair tomhaiste, barraineach ar fheabhas mar is léir ar an taifeadadh a rinneadh ar an oíche. Máistriúil a thug an craoltóir seanoilte Seán Mac Réamoinn air. Breis mhaith agus dhá chéad a bhí i láthair agus is iad a bhí géarchluasach agus a thug freagairt dá aitheasc. Tharla chomh maith gurb í an chéad ócáid, agus an ócáid dheireanach, í a raibh Ó Cadhain agus Máirtín Ó Direáin agus Seán Ó Ríordáin ar aon láthair. Mar a dúirt Tomás de Bhaldraithe ina fheartlaoi ar an gCadhnach

His public lecturing had the same quality as his writing. He could keep an audience – even a hardened academic one – spellbound for hours by his fluency and eloquence, his subtle use of language, his deep unmistakeable sincerity. Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca, which shows him at the highest point of development as a writer, will long be remembered by those who were fortunate to hear it as a public lecture delivered to Cumann Merriman.

(Lochlann 6, Oslo, 1974)

I measc go leor rudaí eile, dúirt Ó Cadhain:

Tá an iomarca den éascaíocht ag roinnt leis an gcaoi a bhfuil an litríocht chruthaíoch dhá cur ar fáil. Agus leis an bhfilíocht freisin sílim. Is dóigh go dtóigfe an Tromdháimh anseo boilg aithise orm as ucht é seo a rá. … Staid bhagrach, drochthuar é, an iomarca tóir a bheith ar fhilíocht a chuma le hais an phróis. … Sé an prós tathán, coincréad, clocha saoirsinne an tsaoil ….

Ba léir a mheas ar a raibh tugtha i gcrích aige féin agus a bhród dlisteanach chomh maith. Ní ghéillim orlach do mo léitheoirí ach tá lucht léite agam. Ag cur caraíocht ar an teanga a bhí sé i gcaitheamh a shaoil, ag iarraidh iomlán a hacmhainní a thabhairt chun solais agus chun feabhais. Seo í cuid mhaith d’ábhar agus d’éirim a scéil anseo:

An uirnéis liteartha is fearr a fuair mé ó mo mhuintir an chaint, caint thíriúil, caint chréúil, caint chraicneach a thosaíos ag damhsa orm scaití, ag gol orm scaití, de mo bhuíochas. … D’fhéach mé le mo chuid féin a spíona, a shlama, agus a chíora, biseach beag a bheith i mo dhiaidh uirthi seachas mar fuair mé í.

I ngan fhios dó féin agus dá lucht éisteachta ba í an eachtra mhór dheireanach scríbhneoireachta í agus ba ghearr uaidh. Tour de force a bhí ann agus is maith go bhfuil tuin bhreá a ghutha againn ar thaifeadadh ón oíche sin.

Á léamh arais arís braitheann tú go bhfuil tú i láthair an údaráis ar scríbhneoireacht na Gaeilge. Agus thuig sé a easnamhaí agus a bhí an nua-litríocht. Ba mhór aige toirt agus méad. Deir sé thíos inár ndiaidh in Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca: Is beag atá fágtha ag an bhfilíocht inniu. Níl tada fágtha sa nGaeilge ach liricí gearra, ach bhí ráite aige díreach roimhe sin: Na cúpla file maith atá againn níl siad ag cumadh a ndóthain. Timpeall an ama a raibh Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca á chumadh aige bhí an Cadhnach ina mholtóir ag Acadamh Liteartha na hÉireann le duais a bhronnadh ar scríbhneoir Gaeilge. I gcaitheamh comhrá luadh go neafaiseach Seán Ó Ríordáin. Spriúch Ó Cadhain: ‘Cén fáth nach scríobhann sé níos mó? Níl aige ach an dá leabhar bheaga!’ Ní raibh an Ríordánach, ar ndóigh, ach i dtosach a scríbe ar a cholún éachtach seachtainiúil san Irish Times, ach is léiriú spéisiúil é seo ar intinn Uí Chadhain ar scríbhneoireacht na Gaeilge díreach ag an tráth sin. Taobh amuigh dá scríbhneoireacht is í an oidhreacht is tábhachtaí a d’fhág sé ag lucht litríochta na Gaeilge ná an dúthracht sin as éadan a dúirt sé nár mhór a chaitheamh leis an scríbhneoireacht agus ar chuid chomh dílis sin den Chadhnachas í. Tá an dúthracht sin le léamh ar gach focal, gach leathanach, den aiste seo. Agus cad ba Chadhnachas ann? Chuir Seán Ó Ríordáin an cheist agus thug an freagra: Intleacht chrua ghéar, dúchas tíriúil saibhir, agus croí fíochmhar a bhí préamhaithe níos doimhne i saíocht na hÉireann agus, dá n‑abrainn é, i saíocht na hEorpa ná aon chroí eile.

Eoghan Ó hAnluain
Roinn na Gaeilge
Ollscoil na hÉireann
Baile Átha Cliath

An Cadhnach á chur i láthair

Ag Tomás de Bháldraithe

Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca

Le Máirtín Ó Cadhain

Éist leis an léacht

Ar mhí-ámharaí an tsaoil, níor taifeadadh ach an chéad chuid de.

Téacs iomlán na léachta

B’as saol an bhéaloidis, saol nach raibh mórán athrú air le míle bliain anuas a fáisceadh mé. Ba í an duais ab fhearr a d’fhéadfadh duine a ghealla dhuit ar feadh na bliana go ligfeadh sé ag an bpátrún thú, pátrún Cholm Cille ag a thobar, naoi nó deich de mhílte taobh thiar den Spidéal. Bhí mé a liachtaí sin uair ar an bpátrún, ach ní raibh mé fós ariamh ag an tobar, cé gur chuir mo mháthair turais orm ann i mo pháiste dhom. Tuigim go maith cé an fáth ar chuir an Dochtúr Brí, Easpag Chaisil agus Imligh anseo, amach na tréadlitreachaí siúd, ceann acu, is cuimhneach liom i 1813, i nGaeilge álainn freisin, ar geall le foruagraí ó Rialtas Stormont inniu iad ag toirmeasc mórshiúil eicínt. Ag toirmeasc aon phátrún ná aon turas ag aon tobar sa deoise idir a leithéid seo agus a leithéid seo eile de lá a bhí an t‑easpag. I saol Dionysiusach na dtoibre beannaithe ba mhó mo spéis‑sa freisin, go bhfóire Dia orainn! Má gheallann Dia léas beag eile ar mo shaol dhom tá súil agam mian mo mháthair bhocht a chomhlíona.

As an gcineál seo saoil, saol an tseanscéil, an tsean-amhráin, an tsean-ghnáis, na pisreoige más áil leat, a múnlaíodh na céadta glúin Gael. Blianta i ndiaidh dhom Cois Fharraige a fhágáil bhí mé in Aerfort Mhoscó ag breathnú ar dhaoine ag dul ar na heitealláin agus ag teacht dhíobh, chuile ghné feistis agus chuile ghné craicinn mórán. Chua mé féin soir go Kirghizia, poblacht shóibhéadach i lár na hÁise. Bhí mé in áiteachaí nár leag aon Éireannach cois, mara raibh duine fánach b’fhéidir ar nós Edmund O’Donovan, mac an scoláire Seán Ó Donnabháin, a raibh dhá chéad Fínín aige agus é in a mhac léinn i gColáiste na Tríonóide. Ní i bhfad as na háiteachaí seo a raibh mise a fuair an Donnabhánach bocht fód a bháis. Má chuimhnigh mé air, is go tanaí é. Ná ní ar Mharx ná ar Lenin a bhí mé ag cuimhniú ach an oiread. Ná ar Réabhlóid Dheire an Fhómhair. Ná fiú ar Dostoevski a chaith blianta in a ghéibheannach thoir sna limistéir seo de bharr a pháirt sna Nollaicigh, na Decembrists, agus ar léigh mé a shaothar, go háirid a shárleabhar príosúin Teach na Marbh. Ní fhéadfadh gan bá ar leith a bheith agam leis an leabhar sin. Chaith mé féin blianta i Sibéir na hÉireann, an áit is fuaire in Éirinn go cinnte, Currach Chill Dara.

Ar scéalta m’óige a bhí mé ag cuimhniú. Ba sheo é an Domhan Thoir a bhí iontu. Ba sheo é mo thuras go dtí tobar dheire an domhain, ar chois faoi chrios an scairdeitealláin! Na capaill seo a raibh an casúr agus an corrán thiar ar cheathrú chuile cheann acu, ba iad eachra Emir Bhokhara, an Gholden Horde iad, capaill airm Genghis Khan. Ba iad na heachannaí caol donn freisin iad i scéalta m’athar agus mo sheanathar. Agus cá bhfios dháiríre nárbh iad? For no one knows through what wild centuries roams back the rose.

Bhí mé féin i n-ann na scéalta sin a inseacht ag éirí suas dhom. Ba iad an t‑ábhar is túisce iad a d’fhéach mé le scríobh. Ba rud beo len a phearsantacht féin chuile lúibinn den bhóthar agus den bhóthairín, chuile sceach, chuile chnocán, chuile chlochar agus beagnach chuile chloch agus is mór acu atá ann istigh ar an mbaile fearainn. Ba cuid dhár mairbh iad: bhí ár stair follasach iontu. Níl bailte móra scéaltach mar seo, ná úrscéaltach. Cupla bliain ó shoin bhí mé ag caint i Meireacá le bean nach bhfaca an baile fearainn sin ar tóigeadh muid beirt ann le trí fichead bliain. Ní raibh garraí ná cosán ann, carraig sa gcladach, cnocán ná fiodán ar an sliabh, nár chuir sí ainm orthu gan braiteoireacht dhá laghad. Bhí an baile sin ag dul timpeall aici in a ceann le trí fichead bliain. Tá agam féin freisin. Ní aithním cuid den aos óg anois. Ach aithním an chré agus an chloch agus tá cuimhne na scéalta agam a rinne chuile orlach bacaird de chré agus de chloch a shaoirsinniú in a gcuid doscaoilte dhíom féin, de mo phearsa féin, go brách.

Is minic a tháinig cathú orm – dhá dtrian de shaothar an scríbhneoir is ag fuagairt cathú neamhghlan as a intinn é – cathú go scríobhfainn cuntas fada faoin gcaoi a ndeacha m’óige i gcion orm. Faoin toiriall tairiall dhá bhaint den chorp úr‑ánlactha sa reilig le fannsholas tóinghealaí thiar. Faoin Adhastar Buí nach raibh mé i n‑ann a shamhalú ach in a rópa cho fada len a raibh de rópaí i siopa Ruaín ag an bPóirse Caoch i nGaillimh, áit ar cheannaigh mé rópaí agus eangachaí in éindigh le mo mhuintir. Scríobh faoin leannán sí a mbíodh a chrobh fada sceirdiúil anuas an simléar le aint liom a scioba leis, a sciob as a dheire agus gan í ach cupla seachtain ar thalamh Mheireacá ag teithe uaidh. Cupla bliain ó shoin a chonaic mé a leacht i Reilig Chalvary, i mBoston: Nora Connolly, born Ireland, died South Boston….

Dhá réir sin bhí domhan i bhfad ní ba ghaire dhúinn ná an Domhan Thoir, domhan a bhí ag béal an dorais agus minic go maith taobh istigh de bhéal an dorais, ‘na dea-chomharsaranaí’ sin a gceapfadh a lán de mo mhuintir féin gurbh bhfearr mar chomharsanaí iad ná na comharsanaí atá agam i gCré na Cille. Níor léigh mé comic ariamh ná leabhar ar bith den chineál a d’fheicinn ag mo chomhaoiseachaí i mbaile mór na Gaillimhe an tráth sin féin. Ach tá mé cinnte gur mhó go mór an borra faoi mo shamhalaíocht na rudaí seo ar fad a luaim ná léitheoireacht mo chomhaoiseachaí cathaireach. Is cuimhneach liom daoine gan scoil gan foghlaim ag cur síos, go háirid ar thaibhsí agus ar sprideannaí, ar bhealach nach sáródh ach na scríbhneoirí is cumasaí, Dante nó Shakespeare, b’fhéidir. Cár chuala siad sin ach an oiread a gcur síos féin ach ag an gcineál céanna daoine? Sílim nach áibhéil a rá go mba sholasaí in a súile an marbh ná an beo.

D’fhéadfadh duine Liam Ó Flatharta a léamh as éadan a chéile gan tagairt ar bith ar éigin don chineál sin saoil. Is beag atá agam féin dó ach an oiread. Bhain mé leas as an Leabhar Eoin i gCré na Cille. Is trácht é ‘An Strainséara’ i gCois Caoláire ar bhean ar rugadh a cuid clainne uilig marbh agus ar cuireadh sa gcladha tórann iad. Tá áit sa gcladha tórann a bhfuil trí dhuine fhichead mar sin in ainm’s a bheith curtha ann le bean amháin a bhí beo agus mé i mo scorach. An scéal thar scéalta a bhféadfainn leas a bhaint as a mbéaloideas ann ‘An Bóthar go dtí an Ghealchathair’ (An Braon Broghach) dhiúltaigh mé an cathú. Rud eile ar fad a bhí mé ag iarra a dhéanamh.

Is beag leas dháiríre a bhain mé as an rud seo a dtiúrfaí béaloideas anois air. Na pearsana ar fad geall leis i mo chuid scéalta Gaeltacht bheadh an oiread céanna taithí acu ar an rud seo ar an saol, nó fiú cultúr, a bhí ann, cultúr na tuaithe ar fad go dtí achar is lú ná glúin ó shoin, ach go raibh annlann na Gaeilge len a blas féin a chur air sa nGaeltacht.

Ba i gcomhthionól fuinniúil fuinte mar sin, local organic community, a tháinig ann dom, den chineál sin a bhfuil an‑spéis ag scríbhneoirí áirid Sasanach iontu ar lorg Eliot, Raymond Williams agus Richard Hoggart cuir i gcás. Ba sa gceantar sin a bhí mo mhuintir cho fada siar agus bhí siar ann, le míle bliain b’fhéidir, iad ar an gceird chéanna a bhfuil siad fós, in a dtalamhaithe beaga, anois sa darna leath den fichiú céad. Tá bruscar eicínt gaoil agam le chaon darna nó tríú teallach sa dá pharáiste chomhthórainneach. Bhí a chuid suáilcí agus duáilcí aige mar chomhthionól, meitheal agus comhar, oibleagáid comharsan lá an anshó, ach gleo agus bruín agus éad freisin. Bhí an leadaí agus an bradaí ann, an fear a chuimhneodh dhá bhfaigheadh sé t’asal in a gharraí go raibh asal sa stábla agus Críost dhá bhreith ann. Agus bhí an ceann eile ann dhá ndeireadh an t‑asal suas len a bhéal gurb air féin thar asail an domhain agus na staire a bhí Críost ag marcaíocht ag dul isteach go Jerusalem, go dtiomáinfeadh sé tairní cruithe capaill thríd an droim aige, ainneoin sin. Maidir le mná! Tá go leor focla agam féin ar mhná. An bhairseach, an ropaire, an sciolladóir, an ruibhseach, an choigeallach, an raicleach, an rálach, an mhagarlach, an bhodóinseach…

Comhthionóil mar seo í tuath na hÉireann, nó ba ea go dtí le goirid. B’fhéidir gurb shin é an fáth arb ón tuath na húrscéalta fiúntach Éireannach, cés moite de rí‑bheagán a labhairfe mé ar chupla ceann acu ar ball. Tá dearmad déanta gur fhág saor bád cuid is lú ná céad bliain ó shoin i mo thaobhsa tíre, trí pholl i mbád a chuid uncaileachaí le go mbáifí iad:

Mo bheannacht do na curachaí agus mo mhallacht do na báid,
mo mhallacht do na curachaí atá thiar ins sa Trá Bháin,
mo mhallacht do mhac mo dheirfíre mar sé an saor é a rinne an bád,
mar d’fhága sé poll chun tosaigh inti, chun deire, agus in a lár.

D’fhéach mé leis an gcomhthionól dar dhual mé féin a léiriú i gCré na Cille agus san úrscéal neamhfhoilsithe Athnuachan. Dúirt a lán, go háirid cuid de mo mhuintir féin agus de mo thaobh tíre, nárbh fhíor an léargas. B’fhéidir nárbh fhíor. Ach chítear dhomhsa gurb é roinnt na caillí mar is áil léi féin é acu é. Ar aon nós ní hí fírinne na cumadóireacht, na healaíne, fírinne an tsaoil. Is dóigh liom gur mar sin a d’fhága chuile údar ariamh é. ‘Ar chaoi amháin is é an saol iairbhír is ábhar do shaothar ealaíne, ach ar chaoi eile le saothar ealaíne a chur ar fáil ní mór an t‑ábhar as an saol iairbhír a athmhúnlú agus a athchruthú’. ‘Ní féidir leat fiúntas saothar ealaíne a phrofa le iad a chur i gcomórtas na hiairbhíre. An cineál réalachais is cuspóir don ealaín, is réalachas é a bhaintear in a bhloghannaí as imeachtaí an tsaoil agus a snamann an t‑ealaíonach na bloghannaí sin le chéile ar bhealach nua. Dhá dteagadh an réalachas sin salach ar an iairbhíre scriosfaí an réalachas! Níl an ealaín nádúrtha’ ‘Aon ealaín a ligeas len a hais gurb í an saol í tá sí cho beagmhaitheasach leis an ealaín adéarfadh go bhfuil chuile shórt ar fheabhas nó chuile shórt ar dhonacht sa saol! ‘Ní iontas an chumadóireacht ar fad, geall leis, a ligeas len a hais gurb í an saol í a bheith gan ord gan eagar’. Sainmhíniú amháin atá tugtha ar an úrscéal gur ‘seachrán slí d’aon úim é’, mar go bhfuil ‘uaibhéal idir an beart d’aon úim ar scríobh úrscéal é agus an t‑urchar daill faoi dhabhach arb é saol seachránach an duine é.’ Is cuibheas go cinnte é an t‑úrscéal nó saothar ealaíne ar bith. ‘Ní athraíonn an ealaín ní hionann agus an saol’. Dhá mb’ionann litríocht agus an saol cé an fáth a léifí í? Nárbh bhfearr agus nár ba réidhe a dhul amach agus í a bhlaise fuar beathach as an saol? Nó le leagan eile a chur air ní féidir fírinne an tsaoil, iomlán na fírinne, an fhírinne thur, a aistriú anonn in ealaín ar finnscéalaíocht í ar aon nós. ‘Dhá bhféadtaí an ealaín a dhéanamh i riocht go mbeadh sí do-aithnithe ón saol níorbh bhfiú an ealaín a chur ar fáil chor ar bith’, adúirt duine eicínt.

Is cuma cé ar sórt ainm a thiúrfar ar do mhodh scríbhneoireacht, rómánsachas réalachas, réalachas sóisialach, stream of consciousness, suimfónachas, caithfe tú a bheith ag síordhéanamh roghaine, rudaí áirid a ligean isteach agus rudaí a choinneáil amach. Má d’fhéach Joyce le gach ar smaoinigh Leopold Bloom air an lá sin i mBaile Átha Cliath a chur i Ulysses is cinnte nach bhféadfadh a dheichiú cuid a bheith ann. Ná ní brionglóid oíche amháin atá i bhFinnegan’s Wake. Is cosúla í le mionsleachta as brionglóidí tréimhse nó saoil a ghreamófaí i ndiaidh a chéile agus i mullach a chéile in albam. Le ealaín atá muid ag plé agus ní leis an saol. Ainneoin Toynbee ní shílim go bhfuil aon phátrún aithnid sa stair. Is lú ná sin is léir é i saol daoine aonraic. Ní bhíonn duine ar bith ná eachtra ar bith san úrscéalaíocht díreach mar tá sa saol. Siad Sorel Stendhal agus Karamozovs Dostoevski na pearsana is cumasaí sa litríocht dar liom féin, ach ní chreidim go raibh a leithéidí beo ariamh. Tá go leor den duine bheo agus d’eachtra dhílis an tsaoil nach bhfuil aon mhaith iontu don scéalaíocht ar scéal ar chuma eicínt a chaithfeas a bheith inti sa deire.

Caitheann codarsnaí agus coinbhliochta, sruth agus gaoth, a theacht le chéile i scéal ar chaoi nár mhóide dóibh teangmháil go brách sa saol. Léigh mé beatha Threasa Lisieux agus beatha Threasa Avila. Chuir Treasa na Spáinne gliondar orm, ach ní raibh mé i n‑ann bean na Fraince a bharraíocht chor ar bith. Naofacht ar fad a bhí inti sin, naofacht a toirbhireadh uirthi ó lá a baiste agus a bhí amhala chuile lá go dtí lá a báis. Bhí sé cho héasca sin aici a bheith in a naomh, nó sin é a shíl mise, agus nár cheart luaíocht ar bith a bheith ag dul di as a ucht. Ní fhéadfainn úrscéal ar bith a shamhalú len a saol. Is furasta sin a shamhalú faoi Threasa Avila, faoi Cholm Cille, faoi Chaoimhín, faoi Scoithín Naofa…

Tá cineál úrscéil ann nach bhfuil inchreidthe de réir réasúin ná loighice. Ní cóir iarra ar úrscéal ar bith a bheith inchreidthe ach de réir a chuid téarmaí tagartha. Ghlac Euclid le roinnt soiléirsí nó axioms agus rinne córas céimseata astu. Deir daoine eolach liom gur ghlac dreamannaí ó shoin le malairt soiléirsí agus nárbh ionann chor ar bith na córais chéimseata a mhúnlaigh siad astu. I scéal áirid – a dhalta siúd ní gearrscéal é – chuir mise i gcás gur thosaigh tithe i mbaile mór áirid ag buala faoin a chéile. D’fhéach mé le chuile shórt eile a dhéanamh inchreidthe taobh istigh den fhráma sin.

An bunsmaoine i gCré na Cille níl sé inchreidthe ach an oiread, is é sin go mbeadh coirp ag caint le chéile i reilig. Dúirt léirmheastóir eicínt gurb sheo é sean-chreideamh na Gaeltacht. Má sé is seanchreideamh é nach feasach mise é. Ach níor ionsaigh duine ar bith mé faoi choirp a chur ag caint. Faoi phearsana agus saol bréagach a rinneadh é. Ba sheo é nó rud mar é adúirt Dónall Ó Corcara: is béaloideas í Cré na Cille. Marach go bhfuil eolas againn ar mhuintir na Gaeltacht b’fhéidir, go gcreidfeadh muid gurb iad atá anseo. Ní béaloideas í in aon bhrí den fhocal sin atá agamsa. Tá a fhios agam céard nach ndéarfadh agus céard nach ndéanfadh na daoine atá faoi thrácht agam agus sílim gur tábhachtaí go mór é sin do scríbhneoir ná rud áirid adúirt nó a rinne fear áirid sa saol.

San am a raibh Cré na Cille ó sheachtain go seachtain san Irish Press bhí mé lá ar bhus i mBaile Átha Cliath. Sa suíochán róm amach bhí fear agus cailín óg ag plé litríocht na Gaeilge. Ní nach hiona chuir mé cluais orm féin: I hear there will be another book soon from Peig, adúirt seisean: mar is iondúil le Gaeil agus len a gcuid ban nó a gcuid leannán, i mBéarla a bhí a gcomhrá. What do you think of this story serialised in the Irish Press? adúirt an cailín. This Ó Cadhain fellow, adúirt sé. A right galoot if ever there was one. A Joycean smutmonger. Go dtí lá an lae inniu níl a fhios agam cé hí an cailín. Fear a bhfuil roinnt mhaith cáil air i gcúrsaí litríocht é an fear. Ar aon chor bhí gáilleog eile de chomhairle mo leasa faighte agam i n-aisce…

D’aontódh cuid de mhuintir na Gaeltacht leis sin, nó d’aontóidís leis an gcáine. Tá sé ag luí le réasún go mbeadh an mhuintir goilliúnach, go háirid na blianta seo agus a seansaol sinsire ag athrú ó bhun go barr. Cupla bliain ó shoin chuir mé eolas ar sheanfhear sa taobh ó thua de Cho. na Gaillimhe. Sílim go raibh sé ar an duine deireanach sa gceantar a raibh aon bhrí Gaeilge aige. Ba phaiteanta agus b’fhonnmhar uaidh í a labhairt. Ba mhian liom rudaí uaidh a chur ar spól agus b’fhada leis go gcloisfeadh sé a ghlór féin, nuair a chuala sé rudaí a bhí ar an spól cheana. Bhí an inín ar an urlár, ceann sraoilleach, puisbhean gan pósa ba chosúil: Oh no! I couldn’t allow him! I know he would say the wrong things! He wouldn’t know how to say the right things from the wrong things…

Tá a fhios agam gur thug an gnáthphobal, thiar ar aon nós, agus seo iad mo mhuintir féin, an‑taithneamh do Chré na Cille. Cheannaigh daoine san áit sin í nár cheannaigh de leabhar ariamh ach Old Moore’s Almanac le haghaidh aontaí, nó an Imeldist ó na mná rialta nuair nach raibh aon dul as acu. Bhí contúirt ann go ndéanfadh sí tuille béadoidis: bhíodh sí dhá léamh sna tithe cuart agus ar an bportach. Bhí sí sách gar d’intinn na ndaoine go raibh nathaíodóirí ag cur rudaí léi nach raibh inti. An fear santach dhá mhealla ag an bhfear bréagach, nó ábhar síoraí an bhéaloidis más breá leat. Agus bhí pobal eile ann. Is mór an rud ag scríbhneoir aitheantas. É seo a chloisteáil ag dul thart dhom i bPáirc an Chrócaigh lá mórchluiche: there goes Cré na Cille.

An dream nár thaithnigh sí leo: caomhnóirí an chultúir sa nGaeltacht, an mheán aicme íochtarach, múinteoirí de dhúchas na háite, an cineál dreama a mbíonn caisleáin in Éirinn ag a muintir ar a dhul go Meireacá dóibh, is é sin le rá na Super-Ego-Chinsirí Freudach a bhfuil sé ag cinnt orthu a gcuid coinbhliochta múisiamach féin a réiteach, fearacht an phuisbhean siúd a bhí ag déanamh cinsireacht ar a hathair.

Níor chuala mé ariamh faoi aon scríbhneoirí a bheith i mo cheantar féin, cés moite de bheirt, Mícheál Breathnach i bparáiste an Chnoic agus Eoin Ó Neachtain taobh thoir sa Spidéal. Bhí scoláire Laidine i bparáiste an Spidéil i ndeire an 17ú céad. Ní raibh aon tradition liteartha sa limistéar se’ againne cés moite de na fili tuaithe, dream atá ann fós. Bhí beirt atá ag déanamh amhráin i gcónaí ag gabháil in éindigh liom chun scoile. Chuala mé caint ar scoláirí bochta, ach ba ar Achréidh na Gaillimhe an chéad áit thiar a bhfaca mé láimhscríbhinní ón 19ú céad. D’fhoghlaim mo sheanathair le Gaeilge a léamh i scoil scairte agus í a scríobh i script barbartha a raibh leagan dhe i gCorcaigh féin sa gcéad seo caite. Ach ar éigin a thiúrfá tradition air sin. An fear is grinne a scríobh faoi literary tradition len ár linn féin is é T. S. Eliot é. Tá rud mar seo ráite aige: an té nach mbeadh ann ach file traditionta ní bheadh ann ach fear aithrise, ag déanamh ar ais aríst agus aríst eile rudaí a rinneadh níos fearr roimhe sin. Ar a shon sin an file fíor-bhunaidh nach mbeadh faoi chomaoin dhá laghad ag na daoine a bhí ann roimhe ní bheadh sé i n‑ann aon rud a chur i gcéill d’aonduine.

Seo mar dúirt sé i Réamhrá faoi chomhair Selected Poems of Ezra Pound: Invention is wrong only because it is impossible … The poem which is absolutely original is absolutely bad; it is in the bad sense ‘subjective’ with no relation to the world to which it appeals.

Má tá muid ag féachaint róinn (arsa seisean) is ionann sin agus go gcaithfe muid féachaint siar, arae le fios a fháil céard tá le déanamh fós ní mór dhúinn eolas sách barrainneach a bheith againn céard tá déanta cheana agus fágann sin aríst go mbeidh orainn na prionsabail agus na dála seasta a dhealú uathu seo nárbh bhfíor iad ach faoi ghasra eicínt den dream a tháinig róinn … Is coisce ar an scríbhneoireacht neamhriachtanach sin arb uirthi is minice a thugtar traditional, tradition coimhfhiosach liteartha a bheith ann; coisceann sé tabhairt faoi shaothar atá déanta gan fuíoll cheana…

Is ionann seo agus a rá gurb aon aonad nó iomlán amháin í an litríocht. Is srian é ar a bheith bunaidh ar mhaith le bheith bunaidh d’aon úim, ceann de na tréartha is seafóidí a d’fhéadfadh baint le scríobh cruthaíoch. Cheadódh Eliot fás agus ar an ábhar sin athrú. Mar tá mínithe ag Lucy faoi is í an chontúirt atá ann go scoirfí le oidhriocht liteartha an am atá imithe. B’áil le Dónall Ó Corcara, rud adúirt sé deireanach go leor in a shaol, nach ndealófaí le gnáthú dhámhscoileannaí Muimhneach an 18ú céad. Is cosúil mar sin féin gur shíl sé go raibh an saothar a bhí déanta ag na dámhscoileannaí sin gan fuíoll in a ghné féin: féach nach ndearna sé féin aithris ar bith orthu i nGaeilge ná i mBéarla…

Níl aon tradition liteartha agamsa ach Dia idir sinn agus Cúl Aodha! Rinne an iomarca tradition, tradition saofa, gleann gealt d’intinn Shéamais Mhic Ghrianna freisin. An áit is fearr i gcúrsaí liteartha a chruthaigh, áit nach raibh mórán tradition ann seachas m’áit féin sílim, ba é Corca Dhuibhne agus na Blascaeid é. Ach bhí a dhonacht féin sa méid sin freisin. B’fhearr leis na hollúin go n‑éireofaí as scríobh na Gaeilge, ar an ábhar go mba lór scríbhinní an Athair Peadar a bheith ann. Ba teannach leo aríst a rá nár choir aon Ghaeilge a scríobh i ndiaidh leabhara Thomáis Uí Chrithin. B’ádhúla a bhí na filí, cé go mbeidh roinnt le rá agam fúthu ar ball. B’ádhúla de bhrí nach raibh spéis dhá laghad ag na hollúin sa bhfilíocht nua-aimsire rud a d’fhága í ar a comhairle féin. Idir seo agus siúd, ollúin, béaloideas, treibheachas agus eile, sé mo bharúil go gcaithfear tosú mórán ó spriog aríst leis an bprós, fiú go gcaithfear cuid mhaith neamhaird a dhéanamh de phrós an Athbheochain go dtí seo, dá mheanmna mar phrós ar aon chor.

An uirnís liteartha is fearr a fuair mé ó mo mhuintir an chaint, caint thíriúil, caint chréúil, caint chraicneach a thosaíos ag damhsa orm scaití, ag gol orm scaití, de mo bhuíochas. Sí an cineál céanna í a thug Séamas Mhac Grianna leis. D’fhéach mé leis an locht atá dar liom ar an nGriannach a sheachaint. D’fhéach mé le mo chuid féin a spíona, a shlama agus a chíora, biseach beag a bheith i mo dhiaidh uirthi seachas mar fuair mé í. Cuirim seachmall ar na léirmheastóirí uaireantaí. Do mo mhuintir is iondúil leo an chreidiúint ar fad a thabhairt. Is ionann seo agus a shéana gur scríbhneoir chor ar bith mé. Sílim, mar shampla, nár bheag mar chúnamh do Chré na Cille, a hainm.

Téann daoine go dtí mo theach i gCois Fharraige agus i measc mo chomharsan le fiosrú ar an láthair arb í caint mo mhuintire chor ar bith atá agam. Scanraíonn na daoine sin mo mhuintir. Síleann siad gur daoine ón nGobharmint iad, anuas le dole nó seanphinsean, nó an pinsean dall a bhaint dhíobh. Chuir duine i mo leith i léirmheas nach raibh agam ach caint leathpharáiste. Níor mhór do dhuine an Ghaeilge ar fad a bheith aige le é sin a chuir i leith dhuine eile. Ba rud taobh amuigh de léirmheas liteartha é agus d’fhreagair mé é, ach níor foilsíodh mo fhreagra. Dúirt mé go dtiocfadh dhom gan a bheith agam ach caint leathpharáiste, ach gur chosúil nach é an leathpharáiste ceart é, mar nach raibh ag an iomlán acu ach caint leathpharáiste, má bhí sin féin ag a bhformhór, agus ar aon chor ó nach raibh faoin nGaeilge anois ach cupla paráiste gur mhaith an cion do dhuine leathpharáiste dhi a bheith aige. Ach is í lomchlár na fírinne nach bhfuil caint leathpharáiste agam. Cloisim cainteannaí nua i gcónaí ar an urlár ar rugadh agus ar tóigeadh mé air. Ach ar bhealach eile is iomaí paráiste ar thug mé creach bheag liom as, as an taobh thiar de Chonamara, as Achréidh na Gaillimhe, as Dúiche Sheoigeach, as límistéir na Gaeltacht fré chéile. Chaith mé cion leathbhliana nó tuille, idir ceathair nó cúig de chuairteannaí, in Inse Gall, in Oileán Leos go háirid. Chaith mé mí as a chéile in a chábán in éindigh le ‘ceaird’ nó tincéara agus thóig mé go leor seanscéalta agus fiú dreasa ceoil uaidh, arae ba sárphíobaire é freisin. Ag ithe agus ag gearra ar mhuintir na hÉireann a bhíodh sé le chuile chor. Sé feadhainn glé ainealach, leora, atá ann an Éirinn.

Mar tá a fhios ag cách tá a lán cainte beo in Albain nach bhfuil beo in Éirinn anois ach a bhí sa nGaeilge abhus tráth. Bainim corrfhocal aisti. Sílim go n‑aithneoinn céard is féidir a bhaint aisti agus nach mbeadh in a choirce scéin sa nGaeilge. Scríobhaim ‘teine bhial na hoíche’, leagan nár chuala mé ariamh in Éirinn ach a thuigfeadh Gaeilgeoir ar an toirt. Ar a mhalairt ní scríobhfainn rud a bhí in Éirinn deireanach go leor: ruigim a leas (leigidh mi a leas), ná an trásta ach an oiread. Tá siad ro‑sheargtha, ro‑chosúil le Gaeilgeoirí Éireannach arb é ‘an féileadh’ a bheadh orthu.

Duine ar bith a scríobh Gaeilge bhain sé rudaí siar as an litríocht. Dar a shon nach mbainfeadh. Teagasc Críostaí a scríobhadh i lár an chéid seo caite agus ar chosúla le saothar Louvain é a bhí agam féin ag an scoil. Bhí an Ghaeilge tórúil ariamh ar rudaí ársa dothuigthe agus tá fós, ‘An Mharthainn Phádraig’ mar shampla. Má theastaíonn focal uaim agus gan é agam ach é sa litríocht, nó más dóigh liom gur fearr an focal atá agam ón litríocht ná focal ó chanúint eile nach móide go mbeadh a bhrí go barrainneach agam, is as focal na litríocht a bhainim leas. I gCath Mhuighe Léana a fuair mé ‘báire baoise’: Eoghan ar a báire baísi a coimideacht a oide ann. Thuigfí é mar tá an dá fhocal sean-bheo fós, cé nach i gcuingir a chéile mar sin é sílim.

Ní dhéanaim rud mar sin ach ar mo riachtanas. Caithfe duine an Ghaeilge a scaga sa gcaoi go mbeidh chuile fhocal cruinn barrainneach, donner un sens plus pur aux mots de la tribu, mar dúirt Mallarmé, brí níos glaine a thabhairt do chaint na treibhe. Bíonn cuid mhaith focla doiléar don chainteoir dúchais féin. Ní mór don scríbhneoir a bheith i n‑ann breathnú timpeall na gcoiméil, siúl faoi gcuairt den fhocal. Ní cúrsa don fhile amháin é seo: féachaimse len a dhéanamh freisin. Má tá dhá fhoirm sa gcaint ach ceann acu a bheith aosta sa litríocht bíonn fonn orm tús a thabhairt do cheann na litríocht. Is iomaí caoi i gcanúint ar bith le in aonachtin éindí a rá. Ní aithníonn daoine ar chóir ní b’fhearr a fhios a bheith acu gur focal cianaosta sa litríocht, focal atá beo i mo chuid cainte féin, ‘ab uil a chéile’. Scríobhaim ó chianaibh cé nach bhfuil sé i mo chuid cainte féin. Ach tá eolas agam air ón litríocht agus is feasach dhom go bhfuil sé beo fós in áiteachaí eile. Bhí agus tá locht agam ar Scéalaíocht na Ríthe as ucht gur hathraíodh focla agus leagain sna scéalta sin atá beo fós sa gcaint.

Sí mo chanúint féin mo fhriotal bunaidh scríbhneoireacht ach níl aon leisce orm caint Chonnachtach ar bith a chuala mé, nó atá agam ó leabhar, ó scéal, ná ó amhrán a scríobh. Thóig mé a lán focal Gaeilge as Béarla na hÉireann, na blianta a raibh mé sa gcampa géibhinn. Bhí daoine as chuile cheaird d’Éirinn ann. Foinse chumasach don Ghaeilge bheo í an iris Béaloideas. Ach tá a leas féin sna hirisí léannta uilig. Ní taise do na téacsannaí próis ar fad é ón 17ú céad anuas agus leabhara béaloidis Chonra na Gaeilge a chur san áireamh, i dteannta irisí mar An Gaodhal, Irisleabhar na Gaedhilge, irisí Chonra na Gaeilge, irisí fearacht An Stoc, Ar Aghaidh, An tUltach, An Lóchrann, gan trácht ar Fhoclóir an Duinnínigh, ar chóir do chuile scríbhneoir í a thabhairt chun leapan leis, mara bhfuil foclóir a barrtha aige. Mhúin filíocht an l7ú céad déag – cé nach mbeadh duine ag súil leis seo – rudaí áirid faoi stíl dhom, leas a bhaint as an aidiacht i leaba an ainm‑fhocail mar shompla, an santach in áit an duine santach, nó an santachán, an bréagach, an formadach agus mar sin. D’fhéadfainn é sin a fhoghlaim, cuir i gcás, ó sheanfhocla ar bhéal na ndaoine, ach b’ansiúd ba thúisce a thug mé suntas dó.

Dúirt mé ar ball nach mór don scríbhneoir a bheith i n‑ann breathnú faoi gcuairt d’fhocla. Sin é an t‑údar a mbíonn drugall orm a dhul i mbradaíl mórán, ar chanúintí beo taobh amuigh de chuid Chonnacht. Is caol cleasach na rudaí focla beo. Castar focal le duine i gcanúint seachas a chanúint féin ach a casadh leis cheana sa litríocht. Ní i gcónaí, ná fiú go minic, arb í ciall na litríocht an chiall bheo. Is minic an leagan céanna ag focla i dhá chanúint, ach an chiall an‑dealaithe, tuatach, tútach, i gConamara agus i nGleann na Mada, nó galánta i dTír Chonaill agus i nGaillimh.

Dar ndóigh ní mór a bheith dílis don chanúint i gcomhrá más le Gaeltacht nó lucht Gaeltacht atá do phlé. Is cúrsa crosta iad na focla Béarla atá teagtha isteach sa gcaint. Chuala mé scoláire Gaeilge ag rá nach bhféadfadh sé rothar a rá, bicycle deile, go mb’fhéidir dhá dtaithíodh sé é agus anró áirid a chur ar ghléasannaí oilte a bhéil go n‑éireodh leis é a rá, ach ar phrinciple nach ndéarfadh. Ach dhá ndeirinn féin rothar i gcomhlódar na ndaoine ar éirigh mé suas leo bheadh faitíos orm go sílfidís gur suimiúlacht a bheadh orm. Ach ní bhfaighinn ionam féin leagan eile atá acu féin air a rá ach oiread, ‘baidhsilic’. Teastaíonn siceolaí ó dhaoine seachas an scoláire Gaeilge sin! Comhairim féin in a ionsaí neamhdhíreach ar an teanga ag daoine nach ionsaí is rún dóibh go leor de na focla nua atá dhá dtabhairt isteach sa nGaeilge ón mBéarla litir ar an litir mar déarfá, gan aird ar fhuaim ná eile. Mar fhocla Béarla adéarfar go brách iad. Níl an Ghaeilge feasta i n‑ann a cuid féin a dhéanamh den iasacht. Ní dhéanfa seo ach teanga atá sách slabhctha cheana a shlabhca tuille. Fiú ní fhiafraítear ar call an focal, nó a bhfuil a chomhmhaith sa nGaeilge cheana.

Tá focla sa nGaeilge le tamall maith anois nach mór é mo ghnaoi‑sa orthu ‘léirmheastóir’ cuir i gcás, nó ‘amharclann’ nó ‘taibhdhearc’. Ach na focla a cuireadh in a n‑áit le goirid, critic agus téatar is in a bhfocla Béarla a fhanfas siad go deo sa nGaeilge is cuma cén réim idirnáisiúnta atá acu. Tá chuile dhuine ‘ag forbairt’ mar deir siad féin. Ba mhó an chomaoin a chuirfeadh a lán acu ar an nGaeilge dhá mba ag buala golf a ghabhfaidís. Cuireann sé scanra orm nuair a chloisim duine ag rá gur scríobh sé rud eicínt le cruthú gur féidir an saol nua‑aimsire a phlé i nGaeilge. Is féidir. Ach tá a fhios agamsa go gcuireann sé anró mór orm an smaoine is fánaí dhá dteagann chugam a phlé agus go sílim gurb amhala do chuile scríbhneoir é, nó tá súil agam gurb amhala. Ba cheart focla a láimhseáil cho cúramach le uibheachaí a mbeadh scolb an éin orthu. Má tá tada i ndán do shaotharú na Gaeilge caithfear an Ghaeilge sheargtha uilig a scrúdú agus foclóir a dhéanamh d’fhocla agus de leagain a bheadh inghlactha in athuair. Agus déanfar a lán cineál foclóirí eile. Idir dhá am caithfe muide sméaracht linn cho maith agus is féidir linn i gcamhaoineach an chathair ghriobháin seo arb í an scríbhneoireacht í, an uair féin is cóiriúla dála a saothraithe, ár gcuid cnuasaigh comhfhocla, ár gcuid stórchistí, ár gcuid órchistí a dhéanamh, chuile dhuine againn dhó féin.

Ba dheacair don Athair Peadar tada a dhéanamh seachas mar rinne sé. Ní raibh múnla ar bith próis ann ón 19ú céad ach Cin Lae Uí Shúilleabháin nár foilsíodh aon chuid dhe go dtí 1912 – 1913 agus Fealsúnacht Aodha Uí Dhomhnaill nár foilsíodh go dtí anura. B’fhéidir go ndearna An tAthair Peadar áil ro‑mhór dhá éigean. Chua sé go dtí cnáimh na huilleann leis agus go dtí an smior chailleach sa gcnáimh féin. Sin é dearmad an nua‑aosóir, an innovator, i gcónaí. Bhí sé ro‑ghéar ar chuile rud ach Gaeilge bheo, cé gur ghlac sé féin as na scéalta a bhí sé a athnuachan le rudaí nár Ghaeilge bheo sílim. Cuireadh suas dhe mar gheall ar gur thosaigh daoine ag tuirsiú dhá chuid scéalta, dhá chuid stíle, dhá chuid pápaíocht freisin b’fhéidir, cé nárbh eisean ach Henebry an Cúistiún. Chua a fhriotal i gcion ar chuile dhuine san am. Ach ansin tháinig daoine ar an bhfód a raibh rudaí ní b’inspéise le rá acu, An Piarsach agus Pádraig Ó Conaire. Ó tháinig Séamas Mhac Grianna ba gheall le cogaí creidimh na Gearmáine í an tír go teangach. Is iomaí duine adúirt gur chóir glaca le canúint na mbeirt Ghriannach in a friotal do phrós na Gaeilge. B’fhearr an Ghaeilge a bhí acu ná ag Pádraig Ó Conaire. B’fhéidir go nglacfaí, nó i dtánaiste dhó sin, marach gur scoir Seosamh Mhac Grianna. Ní de chanúint Shéamais atá muid tuirsithe faoi seo, ainneoin go bhfuil a dhícheall déanta aige le go dtuirseodh, ach den scuaidrín fada scéalta a d’fhéadfadh duine a chlárú in a n‑aicmí cho pointeáilte baileach is chláraigh Thompson na seanscéalta idirnáisiúnta sa Motif-Index of Folk Literature. B’éigean dúinn cúl a thabhairt dhá chuid scéalta agus dhá réir sin dhá fhriotal.

Nuair a thosaigh an tAthair Peadar ag scríobh níorbh bhféidir a dhul siar, arae ba ar éigin a bhí aon leabhar Gaeilge le fáil. Dhá dteangmhaíodh gur cineál seargtha eicínt Gaeilge, Céitinneachas, nó fiú rud ní ba dheireanaí, a ghlacfaí le linn an Athair Peadar ba mhoille aríst a bheadh nua‑aosacht ag teacht sa scríbhneoireacht ná a tháinig. Bheadh leatroma eile ar an bhfás. Bheadh fonn ar an ábhar agus ar an scéalaíocht fanacht thiar i ré na cainte agus a bheith saofa agus neamhréalach. Ní hé amháin nach nglacfadh Henebry le caint nua‑aimsire ach ní ghlacfadh sé le nua‑aosacht ar bith, le scéalaíocht ná le inseacht ná le ábhar nua‑aimsire taobh amuigh den bhéaloideas. Bhí Déisigh eile a bhí beagnach cho dona leis ar an gcaoi seo. Caint na ndaoine mar a thuig siad í a scríobh Pádraig Ó Conaire agus An Piarsach in a gcuid scéalta. Smaoinigh ar Phádraig Ó Conaire, ar Shéamas Mhac Grianna nó ar an gCrithineach ag iarra Henebryachas a scríobh!

Déarfa mé aríst, fiú má tá deilín déanta agam dhe faoi seo, dhá mbeadh aon cheo dháiríre le rá ag an Athair Peadar, nó dhá mb’fhéidir aon cheo fiúntach a rá an uair sin go nglacfaí leis an nGaeilge a n‑inseodh sé é. Bhí lucht na Gaeilge i bhfad ní b’fhulannaí le Gaeilge a chéile an tráth sin ná bhí siad ina dhiaidh sin. Ach fiú in a dhiaidh sin bhí Clódhanna Teoranta agus Connradh na Gaedhilge ag iarra an chaint a dtugaidís Gaeilge na hÉireann uirthi a chur i gcion.

Chuala mé Corcaíoch ag rá go raibh cumann léannta eicínt ag beartú leasú a dhéanamh ar shaothar an Athair Peadar, é a niamhghlana mar adéarfá, mar nach í caint na ndaoine, caint Mhúscraí, a bhí go huile agus go hiomlán aige. Níl a fhios agam cé an chiall atá le caint na ndaoine anseo, ná fiú le caint. Tá trácht déanta agam ar an gcaoi a gcaithfe scríbhneoir roghain a dhéanamh ar a chuid ábhair agus é a chóiriú. Sé a fhearacht chéanna aige é leis an gcaint. An rud atá ráite ag Eliot faoi fhilíocht tá sé cho fíor céanna faoi phrós:

Ní hí an chaint chéanna amach agus amach choíchin aon fhilíocht leis an gcaint a labhaireas agus a chloiseas an file; ach caithfe sí a bheith cho dlúth sin le caint na haimsire sin go bhféadfa an léitheoir nó an t‑éisteoir a rá, ‘sin mar a labhairfinnse dá bhféadainn filíocht a labhairt’.

Chua sé ní b’fhaide ná sin agus dúirt gurb ar leagan cainte an áit arb as é ba chóir don fhile aird a thabhairt agus ar an teallach ar díobh é, agus a chaint laethúil féin. Mar sin féin ní hí caint na ndaoine atá ag aon scríbhneoir Gaeilge, bíodh sé in a Ghaeilgeoir dúchais ná eile. Is éabhlóidiú mar adéarfá a níos an scríbhneoir ar an amhábhar arb é caint na ndaoine é, nó caint na ndaoine i dteannta a chuid cainte féin arb í caint na ndaoine freisin í b’fhéidir, caint na ndaoine agus í éabhlóidithe cho maith. Ní féidir caint na ndaoine a fháil ach le spól-thaifeadán, nó le deis nua‑aimsire eicínt mar sin. Sa méid go mbeadh aon fhírinne ann sílimse gurb é an cáine ba ghéire a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an Athair Peadar, nó ar Shéamas Mhac Grianna gurb í caint na ndaoine a scríobh siad. Níor chuala mé aon duine dhá rá sin ariamh faoi Sheosamh Mhac Grianna.

Uair ar bith a scaraim féin le caint mo chanúinte féin is caint a chuala mé duine eicínt a rá a scríobhaim, nó caint a thuigfeadh fear Gaeltacht a mbeadh aon teanntás aige ar na smaointe a bhí mé ag iarra a fhoilsiú léi. I gCré na Cille an chaint atá i mbéal an mháistir scoile agus a bhean agus daoine eile uaireantaí ní gnáthchaint Ghaeltacht í, ach caint ealaíonach, caint uaislithe nó bréag-uaislithe. Sa tSraith ar Lár ní scéalta Gaeltacht ‘An Eochair’ ná ‘Cé Acu’. Is dea‑Ghaeilge atá curtha agam i mbéal na bpearsanaí sna scéalta sin, ainneoin nach gcloisfeá aon duine sa nGaeltacht ag caint díreach ar an gcóir sin. Dúradh liom gurb í Gaeilge bhriste Bhaile Átha Cliath arbh í ba dóigh a bheith ag Aitheach Tuatha na Státsheirbhíse dhá mbeadh Gaeilge ar bith acu, ba chóir dhom a chur i mbéal J. san ‘Eochair’. Níl aon earnáil dhúchais Ghaeilge ann a d’fhreagródh sa gcás seo, mara ndeireadh Múscraíoch gurb í a macasamhail atá ag na Connachtaigh, nó Séamas Mhac Grianna gurb í atá ag pobal Ghaoth Dóir. Is féidir a rá gur Gaeilge bhriste í an Ghaeilge fhoghlamta ar fad, cé gur briste cuid dhi ná a chéile. Agus ansin tá cineálachaí Gaeilge bhriste ann arb iad clann suirí na dtrí chanúintí faoi seach iad. Ach sé mo mheas agus le gan trácht chor ar bith ar staid láthaireach na teanga, gur rudaí gan tábhacht iad seo, airíona seachtarach eachtarmhúrach sa scéalaíocht. Ní raibh aon bhaint ag Gaeilge fhear na heochrach, má bhí a leithéid aige, len a scéal. Ba é a scéal, nó scéal an innill a bhí dhá chlaí, agus ní hí an cineál Gaeilge ar inis sé é a bhí tábhachtach. Ní hé a d’inis chor ar bith é. Dhá mbeadh inneall ag caint cé an sórt Gaeilge a bheadh aige, fiafraím?

Taobh istigh den mhúnla sin atá mé ag iarra a léiriú is féidir dath a chur ar an gcaint, le gur léir cé an aicme é an cainteoir, cuma arb as an nGaeltacht nó nach ea dhó. Gaeilge shlán atá ag Tomás Taobh Istigh i gCré na Cille ach d’aithneodh cách nach máistir scoile é. Ar a laghad ar bith dúirt céad duine ó gach áit ar fud na hÉireann liom go gcaithfeadh sé go raibh aithne agam ar an Tomás Taobh Istigh a bhí in a gcuid bailtí fearainn féin!

An cineál friotail atá mé ag iarra a shaotharú b’fhéidir go bhfuil sé buille útamálach, ach níl sé cho hútamálach agus a bhí. Na scéalta nua atá mé a scríobh anois – tá leabhar toirtiúil eile ag an bhfoilsitheoir, An tSraith dhá Togáil – ní faoi mo cheantar dúchais ná faoi Ghaillimh chor ar bith iad. An scéal Gaeltacht atá ann ní faoi aon Ghaeltacht i nGaillimh é. Is faide an t‑achar i mBaile Átha Cliath anois mé ná bhí mé i mo cheantar dúchais ariamh. B’éigean dom eolas an‑bharrainneach a chur ar an gcathair, eolas níos barrainní ná tá ag go leor d’fhíormhuintir na cathaireach féin uirthi, le linn dom a bheith i mo chomhalta feidhmiúil in Óglaigh na hÉireann. Is mó de mo dhlúthmhuintir i mBaile Átha Cliath ná sa mbaile. Tá go leor de mo chomharsanaí agus as mo thaobh tíre in a gcónaí gar go leor dhom. Is cineál ghetto muid b’fhéidir. B’as an nghetto Kafka agus Heine gan ach beirt a bhfuil eolas agam ar a saothar a lua. Cho fada is is léar dom is ghettos ar fad é Baile Átha Cliath.

Ní fhéadfadh duine a rá gur comhthionól a bhí ann ó aimsir Joyce, tráth a raibh an baile mór i bhfad ní ba lú agus ní ba chomhdhlúite theanntásaí. Ba é a scríobh chéad úrscéalta agus úrscéalta deire Bhaile Átha Cliath de réir cosúlacht. Ní úrscéal coinbhliocht ná gnímh ceachtar acu sin. Is den chineál picaresque é Ulysses cineál nach fada chor ar bith é ó Dhiarmaid agus Gráinne, agus tá an‑chosúlacht ag Finnegan’s Wake, in a cuid easpa gnímh ar aon nós, le dramaí Shaw. Sílim go bhfuil cathair mhór griobháin mar Bhaile Átha Cliath an‑chóiriúil don scéalaíocht phicaresque. Mura bhfuil comhthionól tá comhthionóil i mBéal Feirste.

B’fhéidir gurb é an drama an chruth liteartha is dual do na fluid puddings, do na bailte móra scaoilte. Is iondúil páisiún nó múisiam dhá nochtú go fraochmhar antoisceach i dteannta plotaíocht sa drama agus is tréith de shaol na gcathaireachaí iad sin. Is fíor nach dramaí mar adeirim cuid Chekov. Ach an chuid acu sin is cuimhneach liom anois ní faoi bhailte móra chor ar bith iad, nó bailte móra de mhéid Bhaile Átha Cliath ar aon chor. Is beag dháiríre a leanadh an nós Chekovach sa dramaíocht. B’fhéidir gur chinn sé ar dhaoine. I mbruachbhailte na gcathaireachaí nach cathair ná tuaith iad féin atá cónaí ar lucht rachmais, dream tionscail nach mbíonn tionscailteach, daoine meabharach scaití, ach gan aon fhiosracht intleachtúil. Níl d’fheidhm ag na bruachbhailte seo ach go gcollaítear iontu. Deirtear faoi dhramaí Shasana gurb é a n‑ionad seomraí maireachtála bruachbhailte Londain, ar nós mar deirtear faoi dhramaí na Mainistreach gurb í an chisteanach tuaithe is ionad dóibh. B’fhéidir go bhfuil só na mbruachbhailte leata amach ar an tuaith féin in Éirinn faoi seo. Scéal cinnte gur beag a bheadh le fáil ag macasamhail Synge inniu. Mar sin féin is faoin tuaith atá an pobal is foistiní agus measaim go bhfuil an tSeamair Mhuire ag scríbhneoir ar de phobal foistineach mar seo é. Ach measaim freisin nach cóir de mo leithéidse arb i mBaile Átha Cliath atá formhór mo shaoil caite agam, Baile Átha Cliath a fhágáil in a pháipéar bán. Tá go leor ráite faoi comhthionól agam. Is iomaí cleas, cleasa gránna, cuid acu, a chaithfeas duine a chur in a shuí le é féin a chosaint ar stocaireacht. Roimh an Nollaig chaith fear as Ros a Mhíl coicís ag tabhairt ollamh orm! Ba é a chríoch go ndeacha mé ar an ól. Sé an chaoi is dual don scríbhneoir a bheith in a dhíseartach arb iad ballaí a dhísirt an comhthionól ar díobh é.

Tá sé ráite faoi úrscéalta móra an tsaoil a caitheadh gur thuig a gcuid údar go raibh ord bunaithe ar a gcúl, eagar ar fhéad sé a thabhairt de bhreith air gur rud maith nó gur rud dona a bhí ann, ach gur rud é a bhí ann ar aon nós. Ní staid sheasta mar sin atá inniu ann, staid a bhféadfadh an scríbhneoir glaca léi nó cur in a haghaidh. Is gotha sealadach atá ar chuile shórt fiú marthainn an duine féin. Tá chuile rud éiginnte, ar bís, mar go mba cinniúnach teagmhaiseach a bheadh sé agus gan é ar acmhainn an duine aonraic tada a dhéanamh in a thimpeall, Mar sin féin bíonn caitheamh mór i ndiaidh cineál eicínt buaineadais ag an duine. Seo é faoi deara do na húrscéalaithe comhthathú a chur san úrscéal nach bhfuil sa saol. A lán dhá bhfuil dhá chuma is mar léiriú é ar an gcaidreamh daonna, na daoine ar scáth a chéile i saol malairteach guaisiúil. Níl saol na hÉireann saor ón imní sin, ach oiread. Ní fhéadfadh aon scríbhneoir Gaeilge a shamhalú go mbeadh cosúlacht ar bith buaineadais ar an bpobal ná ar an saol ar dóigh dóibh a bheith ag trácht orthu. Is díol suntais ar an gcaoi seo gur i reilig atá Cré na Cille. Níl rud ar bith is buaine ná reilig ach gurb é buaine na neamhbheatha é.

Má fhiafraíonn duine dhíomsa cé an chaoi ar thosaigh mé ag scríbhneoireacht ní féidir liom a rá go fírinneach. B’fhéidir gur de thimpiste é. Rinne mé na hiarrachtaí leanbaí a níos a lán eile nach seadaíonn an scríbhneoireacht níos faide. Úrscéal a scríobh in aois mo sheacht mbliana déag, píosaí Béarla a scríobh sa bPoblacht agus in áiteachaí eile faoi ainm chleite agus faoi ainmneachaí bréige. Dréacht Béarla, aithris ar an Tale of a Tub le Swift, ag fonóid faoi chinnire áitiúil d’Óglaigh na hÉireann, dréacht ar cheisnigh na bleachtairí ar tharla dóibh an teach a chuartú agam go bog agus go crua mé faoi. Mo chéad ghearrscéal: maidin shamhra le mainneachan tar éis a theacht isteach dhom ó dhamhsa a scríobh mé é te bruite in aon iarracht amháin. Níl a fhios agam a raibh aon ól déanta agam. Má bhí is cinnte go mba poitín é. Ní i bhfad uaim a chonaic mé an t‑ábhar. Faoi mhada an chomharsa bhéal dorais é, duine nach mbínn scaití robhuíoch dhe. Deir Críostóir Mac Aonasa go bhfuil chuile rud dhár scríobh mé ó shoin ann. Taca an am chéanna thosaigh mé ag aistriú don Ghúm agus d’aistrigh mé drama do Thaibhdhearc na Gaillimhe, rud a thug litir ó Liam Ó Briain chugam. Chuir abairt amháin inti cluaisíní croí orm: ‘níl do chomh-mhaith de scríbhneoir i gConnachta, a Mháirtín’. Bhí Pádraig Ó Conaire básaithe ach mheas mise go mb’iontach an scríbhneoir é an Beirneach, duine a léinn go hamplúch agus a léim fós. Duine eile a raibh an-tóir agam air an tráth sin Mícheál Breathnach, scríbhneoir ar b’as mo pharáiste féin é. Léigh mé go leor freisin le Pádraig Ó Conaire agus le Pádraig Óg Ó Conaire agus bhí mé ag tosú ar mhuintir Ghrianna. Léigh mé Shakespeare ó thús go deire. Chum mé drama chúig mhír ag aithris air tá mé cinnte agus drama faoi Úna Bhán Nic Dhiarmada Rua a thug mé don Taibhdhearc, agus ar mhaith an aghaidh air gur heitíodh é. Scríobh mé drama fada eile a bhí le léiriú san áit, marach gur imigh cuid de na daoine a bhí ceaptha le bheith páirteach ann go Sasana. Ní dhearna mé ach iarracht amháin eile, an ceann a leigheas ar an dramaíocht mé. Scríobh mé drama sa gcampa géibhinn. Thug mé don Mhainistir é in a dhiaidh sin, moladh agus heitíodh é. B’fhéidir go mbainfeadh daoine meabhair eicínt as mo chuid leabhar, ach ní thuigfidís go deo ar ardán mo chuid cainte!

Go díreach agus an scríbhneoireacht caite as mo cheann agam tharla rud beag eile a thug ogach dhom in athuair. Thosaigh cailín ag iarra orm cúnamh a thabhairt di. Thugadh sí pínneachaí airgid dhom corruair nuair a d’éiríodh an t‑uisce gann amach i meirbheadas an tsamhra. Bhí sí ag dul ag an Ollscoil agus thug an tOllamh Béarla aiste dhóibh. Ní aiste a scríobh mise in a hainm féin ach gearrscéal. Bhí iontas ar an ollamh agus áthas is cosúil. D’iarr sé uirthi an scéal a aistriú go Gaeilge agus é athscríobh mar dhrama agus go léireofaí sa Taibhdhearc é. Sílim gur léiríodh ach níl mé dearfa. Foilsíodh freisin in áit eicínt é, ach ní fhaca mé é.

Faoi seo bhí m’anshó féin ormsa agus bóthairí na hÉireann róm amach. Bhí mo shagart paráiste agus easpag na Gaillimhe i ndiaidh mé a bhrise as an scoil a raibh mé ag múna inti. Ní faoi sin atá aon fhaltanas agam don sagart siúd ach fhobair dhó mé a ghráiniú ar an scríbhneoireacht go deo sílim. Gaeilgeoir breá a bhí ann ach niamhghlantóir, purist, a sháródh Henebry féin. Chaith sé a shaol ag ceartú Gaeilgeoirí a pharáiste féin. Níl seachtain ar bith nach dteagadh sé isteach sa scoil agus leabhar Gaeilge eicínt aige, marcáilte le peann luaí dearg, leabhar le Tomás Ó Máille, nó Colm Ó Gaora, nó duine eicínt eile, de mhuintir na Gaillimhe go háirid, a bhí in ainm’ s scoth na Gaeilge a bheith aige. Chaitheadh sé an chuid eile den lá ag dul thríothu ó dhearmad go dearmad. Dhá scríobhainn féin rud ar bith in áit ar bith thugadh sé isteach é le sciúra na seanchuinneoige a thabhairt dhom ar an gcóir chéanna. Ó am go chéile thosaíodh sé ag cur strainceannaí léanmhar air féin: Is trua! Is trua! An Ghaeilge a bheith dhá milliú mar sin! Tá mé cráití, cráití, cráití! Pian atá thuas i mo thóin! Pian thuas i mo thóin! Piles! Piles! An raibh siad ortsa ariamh? …

I mBaile Átha Cliath bhí aithne agam ar chupla duine a bhí ag scríobh Gaeilge, go háirid Tomás Bairéad a bhíodh ag tuine liom, nó go dtéinn ag scríobh mé féin. Ní raibh aon obair sheasta agam agus scríobh mé Idir Shúgradh agus Dáiríre, d’uireasa tada eile a bheith le déanamh agam. Ach bhí mé míshásta ar fad. An obair a chonaic mé déanta ag daoine eile ní raibh goir ar bith agamsa í a dhéanamh. Lá amháin fuair mé seanchóip d’irisleabhar Fraincise ar phínn sílim i siopa leabhar i sráid Aungier i mBaile Átha Cliath, rud a bhí in a oscailt súl domsa cho mór is a tharla don Naomh Pól ar bhóthar Damascus! Casadh aistriú Fraincise liom inti ar scéal le Maxim Gorky: lá buana i measc Casacaí an Don. Gheit mé suas den leaba a raibh mé sínte uirthi dhá léamh. Níor léigh mé a leithéid roimhe sin. Tuige nár inis duine ar bith dhom go raibh scéalta mar seo ann? Bheinnse i n‑ann é sin a scríobh, arsa mise liom féin. Sin obair a níos mo mhuintir‑sa ach gur malairt ainmneachaí atá orthu. Tháinig mar bheadh cineál ocrais orm, ocras ba do‑fhuilingithe go mór ná an cineál a bhíodh i mo bholg scaití. Thosaigh Cois Fharraige ó bhreaclach go carraig mhaol, go caoláire, go sruthán, go loch, go sliabh, go haghaidh fir, mná agus linbh, dhá cruthú féin thiar ar chúla m’fhoraí dúinte. Bhí an t‑irisleabhar sin i mo phóca agus ba bheag eile a bhí ann an lá ar gabhadh mé.

Chaith mé ionann’s chúig bhliana idir trí nó ceathair de phríosúin ach ba sa gcampa géibhinn ar Churrach Chill Dara a chaith mé an chuid is mó dhe. Ní mian liom mórán a rá faoi sin, cé go mbaineann sé le mo scéal. Fuair mé an oiread eolais ar an duine is dhá mbeinn céad bliain ar an saol. Tá eolas ar an duine, ar an saol, riachtanach don scríbhneoir. Bhíodh Hemingway, cuir i gcás, i gcónaí ag iarra tuille eolais mar sin. Ba shin é an fáth a ndeacha sé in a tharbhadóir agus in a fhiagaí beithígh mhóra san Aifrice. Ní shin é an fáth a ndeacha mise i bpríosún. Ní shin é an fáth a ndearna mé roinnt mhaith siúlóide, ná a raibh mé cupla geábh ag obair i Sasana, ná ag obair ar an móin i bPáirc an Fhionnuisce, ná ag obair ar thithe ag Cros an Araldaigh; ach gur briseadh as an obair dheire seo mé i ndiaidh trí lá! Is snáth ar fad iad don scríbhneoir le tochras ar cheirtlín a chuid ábhair.

Rinne mé a lán oibre sa gcampa géibhinn, ainneoin cho corrach is bhí an saol. Tá mé i n‑ann roinnt teangachaí a léamh agus leas a bhaint astu má chaithim. Ní cheapaim gurb sheo rud tábhachtach don scríbhneoir. Len a theanga féin atá air a dhúracht a chaitheamh. Beidh an Béarla aige ar aon chor. Mhúin gearrscéalta a léigh mé sa nGearmáinis agus san Iodáilis rudaí faoin ngearrscéal dhom a bhí ag Chekov, nó ag daoine eile b’fhéidir, ach nár léigh mé sách grinn iad. Is maith an rud ar aon chor gan a bheith i dtuilleamaí an Bhéarla, fiú má tá aistriú ar chuile shórt ar fónamh faoin domhan ann.

Léigh mé an domhanaíocht na blianta sin a raibh mé i ngéibheann. Ach ní raibh an áit cóiriúil do scríbhneoireacht. Bhí mé i mbun páipéar a bhí ag na géibheannaigh Barbed Wire ar feadh tamaill agus scríobhainn idir Ghaeilge agus Bhéarla ann. Rinne mé roinnt scríbhneoireacht thairis, dhá úrscéal a d’imigh ar throigh gan tuairisc agus nach mórán bris sin. Mhúin siad dhom leis an gcineál comhrá agus modh scríbhneoireacht a chuir mé in a dhiaidh sin i gCré na Cille agus in Athnuachan a scríobh. Scríobh mé roinnt mhaith filíocht ach tá sí sin imithe freisin. Bhínn ag cuma amhráin ariamh go mór mór faoi eachtraí i saol na n‑áiteachaí a mbínn ag obair. Ba iad an cineál iad a gcuireadh muintir na Gaeltacht suim iontu. D’aistrigh mé sa gcampa géibhinn cuid mhaith amhrán ar nós an Red Flag agus an Internationale, ceann a mbíodh Brendan Behan ag casa an leagan sin dhe, go dtí lá a bháis. D’aistrigh mé go leor amhrán a raibh suim ag na géibheannaigh iontu, ar nós The Shawl of Galway Grey, Moonlight in Mayo, The Boys of Kilmichael, agus mar sin. Taca na Nollag i gcónaí bhínn an‑chruógach ag cuma ceathrúnaí nó dánta le cur ar na cártaí Nollag a níodh muid féin. Scríobh mé roinnt gearrscéalta a ndeacha cuid acu amú agus tuille acu atá gan foilsiú.

Cuimhním go háirid ar ‘An mBóthar go dtí an Ghealchathair’ a scríobh mé i gcúinne cúlráideach de phroinnteach cupla lá breá a raibh na buachaillí ar fad thíos sa bpáirc ag déanamh bolg le gréin ba chúitiú eicínt do na boilg sheanga chéanna. Ba é an chéad scéal ariamh é ar chaith mé iomlán mo dhúracht leis, cé gur chaith mé dúracht go leor leis ‘An Taoille Tuile’ a scríobh mé sa ngéibheann freisin. Mhúin ‘An Bóthar go dtí an Ghealchathair’ dhom nár mhór do dhuine dúracht as compás a chaitheamh le saothar. Ba shin iad na laethantaí dháiríre ar thosaigh mé ag scríobh. Is cuimhneach liom an stróbh a bhí mé a chur ar m’intinn agus an fiucha a bhí inti agus mé dhá scríobh sin.

Ní áthas ach drugall a bhí orm an lá ar saoradh as an gcampa géibhinn mé. Ní mórán ní b’fhearr ná mo chulaith Martin Henry féin a bhí an t‑éadach coga a bhí i Sráid Uí Chonaill, ach bhí mise agus mo chuid aislingí uilig in a smidiríní amuigh i saol coimhthíoch ar fad, saol nach raibh mé i n‑ann a bharraíocht. Ní scríbhneoireacht is mó a bhí ag cur imní orm go ceann cupla bliain aríst ach slí bheatha eicínt a fháil. Bhí mo leithéidí faoi their: i leaba dhúinn a bheith ag cosaint na tíre adeirtí ba éard a d’fhéach muid a dhéanamh í a thabhairt isteach sa gcoga. Ghlac an Gúm leabhar eile uaim ach ní mar bhí sí beartaithe agamsa, arae ní thóigfidís ‘An Strainséara’ atá i gCois Caoláire ná cupla scéal eile. Bhí na scríbhneoirí Gaeilge as éadan i n‑aghaidh an Ghúim. Dúirt mé in áit eile go mba gheall a dhul as a chomhair le bheith i do choirpeach i láthair Cúistiúin nó Inquisition. An t‑aon rud amháin a scríobh mé nach raibh a anáil ghabhair aniar i mo dhiaidh ba í An tSraith ar Lár í. Bhí an chuid ba mhó d’oifigigh an Ghúim mór liom. Ach chuile sheans gur daoine gnaíúil in a gcroí agus in a n‑anam istigh na daoine a dhaor Pasternak. Ba í an bhreith chéanna sin a bhí Aire Oideachais a thabhairt orm féin nuair adúirt sé faoi Chré na Cille nach bhfoilseodh sé gáirsiúlacht Uí Chadhain. Fainic nach bhfuil an Gúm ag cur a cheann talpa aníos as an talamh aríst. Tá na pínn luaí dearg cruógach na laethantaí seo ag scrios amach filíocht Pheadair Uí Dhoirnín. Is crann smala é an Gúm. Chaith mise neart ama freisin arb ag scríobh ba chóir dhom a bheith ag iarra é a dhíláthairiú, rud a d’éirigh linn a dhéanamh sa deire, ainneoin nach go hiomlán sin. Ba mhaith liom an méid seo a rá, de chanúint na céalmhaine: má thagann an Gúm ar ais leis an ardréim a bhí aige cheana agus is é a bhara sin atá faoi, sin deire go brách le litríocht na Gaeilge. Má chreideann sibh gur chónaigh ná go gcónó dionnóid ar bith den eicimiúineachas ar an nGúm is mór de bhur gcloigeann atá falamh.

Ba tar éis na gcupla bliain sin i ndiaidh mé a shaora a scríobh mé Cré na Cille agus úrscéal eile Athnuachan a ghnóthaigh Duais an Chlub Leabhar. Bhí muinín agam ag tabhairt faoi Chré na Cille dhom go raibh mé i n‑ann úrscéal ní b’fhearr a scríobh ná mar bhí sa nGaeilge go dtí sin. B’ogach dhom an chomhairle a bhí ar chlár chomórtais an Oireachtais, gur chóir do na scríbhneoirí ábhair nua agus modhannaí nua scéalaíocht a tharraingt chucu. Nuair a fuair an tOireachtas an nuaíocht ní ro‑ghafach léi a bhí cuid acu. Chua mé isteach in Oifig Aistriúcháin an Rialtais. D’fhoghlaim mé cuid mhaith i dtaobh aistriúcháin ansin. Ba ar éigin a thug mé an eang liom gan mé a bheith briste de bharr cúrsaí scríbhneoireacht freisin, an colún seachtainiúil a bhínn ag scríobh ar feadh na mblianta don Irish Times.

Ba taca an am ar scríobh mé Cré na Cille a chuir mé aithne ar Sheán Sairséal Ó hÉigeartaigh. Bhí aithne agam ar a bhean Bríd agus a muintir le fada roimhe sin. Bhí cloiste agam ó dhaoine ceannasach in Óglaigh na hÉireann nuair a d’éireodh linn an tír a bheith fúinn féin againn go raibh P. S. Ó hÉigeartaigh, athair Sheáin, ar na daoine a chaithfeadh muid a ghabháil, mar gur ghuais don réabhlóid cead a choise a bheith aige! Is cosúil go raibh príosúin le bheith againne freisin! Tá mé cinnte go n‑éireoinn as an scríbhneoireacht, as scríbhneoireacht na Gaeilge ar aon chor, marach Seán Ó hÉigeartaigh. Ná ní bheinn istigh ar Dhuais an Bhuitléaraigh marach é. Ba é a thug scéala na Duaise isteach chugam sa Mater i mBaile Átha Cliath. Theagadh sé isteach chugam geábh chuile thráthnóna ag ceartú profaí de scríbhinn liom ar nua‑litríocht na Gaeilge agus profaí den tSraith ar Lár, nó ag caint anois agus aríst ar an mbeartú a bhí sé a dhéanamh faoi chomhair na haimsire seo róinn. Bhí sé istigh an lá ar bhásaigh sé, ach rud ab annamh leis ba ag an dó a tháinig sé isteach an lá sin.

Ní raibh ríméad ar bith agam féin as An tSraith ar Lár le hais mar tá agam as saothar fada eile a bhfuil Barbed Wire tugtha go sealadach agam air. Is dóigh liom gurb é an giota scríbhneoireacht é is fearr a rinne mé. Tá leabhar eile An tSraith dhá Tógáil ag Sáirséal agus Dill. Den tríú ‘sraith’ An tSraith Tóigthe tá cupla scéal faoin a chomhair scríofa cheana féin. Ní áibhéil ar bith atá mé a dhéanamh má dheirim gur mó go fada an scríbhneoireacht neamhfhoilsithe atá agam ná an chuid fhoilsithe. Uirthi sin tá leabhar Béarla a raibh m’údar féin agam í a scríobh. Tá go leor meanmnaí scríbhneoireacht ag teacht dhom i gcónaí, páipéir bhána ar mian leo a bheith in a bpáipéir bhreaca. Ach ní fhaigheann aon duine léas ar a shaol…

Tá tugtha faoi deara go scríobhaim anois faoi ábhair as an mBíobla. Is é an leabhar is mó a bhfuil eolas air é sa domhan agus tá an t‑ábhar i gcónaí nua. Ach faoi seo a bhí mé: fear a tháinig go dtí mé agus adúirt liom go raibh iomraill aimsire nó anachronisms i ‘gCiréib’. Léigh mé leabhara staire agus míniúcháin faoi chomhair na scéalta seo a scríobh. Ach thiocfadh d’iomrall a bheith iontu. Ós íomháineachas iad ní raibh mé faoi chuing coinneáil go dlúth leis an mBíobla. Chonaic mé pinteála in a lán tíreannaí. Is lodálaigh Muirí agus Íosaí Bhotticelli. Chonaic mé sa gCremlin i Moscó, Muire Mháthair Vladimir, an t‑íocan iomráiteach a thug na Rúisigh amach sílim sa mbrise agus na Gearmánaigh sa gCoga Deire ag bearnú thríothu ag Smolensk. Is Rúiseach í an Mhuire sin fearacht mar is Connachtaigh atá ar dhoras iarthair Chluan Fearta.

Tá baint aige seo freisin len ar dhúirt mé faoi bheith ag scríobh dhom faoi Bhaile Átha Cliath. Ag scríobh faoi mhalairt tréimhse atá mé sna scéalta Bíoblach. Creidim gur fusa scríobh faoi thréimhse atá sách fada siar ná faoin nglúin sul ar rugadh muid cuir i gcás, in ár dtír féin. Cuimhneo sibh uilig ar shamplaí: úrscéalaí Pólainneach ag scríobh faoi thús na Críostaíocht sa Róimh, nó Walter Scott ag cuma úrscéil faoi na Crosáidí sa Tír Naofa. Is mó an tsrian atá orainn faoin ár linn féin. Tá an domhan inniu agus b’fhéidir an t‑am féin laghadaithe giorraithe ag taisteal. Is fusa do na scannáin agus don telefís léiriú a dhéanamh don tsúil ar éadaigh, tíreannaí, gnásannaí cuideáin, ná don scéalaí le focla. Is eolach chuile dhuine inniu ach an nod a fháil. Ní hionann agus Dickens, Balzac nó Tolstoy é, ní bhaineann an scéalaí inniu ach le dlúth agus inneach a scéil. Agus más eolach thú mar scéalaí tharlódh eachtraí cho hinchreidthe do do phearsana ag Kennedy, ag Orly, nó ag Aerfort Mhoscó, le bheith dóibh in Aerfort Bhaile Átha Cliath. Ní ligtear do thaistealaí thar a chéile níos mó d’aon aerfort a fheiceáil. Sílim go bhfuil sé cho furasta céanna taisteal siar san aimsir.

Meabharaíonn seo dhom gur dhúirt Críostóir Mac Aonasa faoin tSraith ar Lár nach raibh mo shúile ro‑mhaith. Rud is fíor go tur. Dúirt léirmheastóir eile nach n-aithneodh sé mo chuid daoine nó go labhaireann siad. Seoraithe úrscéalta an 19ú agus an 18ú céad a spreag a leithéid sin de thuairim.

An rud is tábhachtaí anois sa litríocht ar fad, an intinn a léiriú, páirt den duine nach féidir an camera a dhíriú uirthi. Caint dhílis an duine nach mór. Is acmhainní i bhfad caint chuige sin ná ag tabhairt seoraithe faoin a chuid éadaigh, a ghné chraicinn, a theanga, troscán a thí nó troscán an ardáin, na tíre, ná na nós atá faoi gcuairt. Más scéal stairiúil é, inseo an stair dhuit céard a rinne pearsana do scéil agus cuideo an aigneolaíocht, an tsíceolaíocht, cuid mhaith leat le tomhais céard a thug dóibh na rudaí sin a dhéanamh. Ní hé an rud atá ar chraiceann an duine a bhfuil an tábhacht ann, ná fiú an craiceann féin, ach an rud a bhfuil sé ag siúl timpeall leis istigh in a cheann. Is mó atá a fhios againn faoi réalta Nimhe ná faoin a bhfuil ar siúl istigh faoin mblaoisc bheag sin le t’ais. Dúirt léirmheastóir i dtaobh scéal an chapaill sa tSraith gurb as anáil Freud a tháinig sé. B’fhéidir é, ach níl mé féin cinnte. Léigh mé go leor le Freud. Is faide m’eolas air ná ar Chekov, cuir i gcás. Ar chuile bhealach is taithneamhaí machnamh dhuine de bharr Yung ná de bharr Freud. Tá a fhios ag cách gurb iad bunchlónnaí nó architypes Yung is cionntsiocair le go leor den ábhar atá i bhFinnegan’s Wake. Ar aon chor ní cosúil gurb í an taithneamhúlacht an tréith is treise sa saol atá ann anois. Ní bheadh Yung ar bith ann, ná síc‑eolaíocht an lae inniu, nó ní mar tá a bheidís, d’uireasa Freud. Tá sé thar éis a dhul i gcion ní hé amháin ar litríocht, ach ar an ealaín agus an eolaíocht i gcoitinne, antrapeolaíocht Mhargaret Mead mar shampla. Ar éigin atá duine ag scríobh inniu gan an anáil Freudach a bheith ag éiriú go te as a chuid cainte. B’iontach go bhféadfadh bláthannaí cho hálainn fás aníos as carn aoiligh adéarfas duine liom, as léann bréige, as bréaga dalba, as gú‑eolaíocht adéarfas duine eile. Oiread amén den fhírinne níl mise a dhearbhú a bheith ag Freud. Dúirt duine eicínt i dtaobh fírinne na heolaíocht gurb í an teoiric is inchreidthe, the most plausible theory, í. Ní móide go bhfuil a dhath dhár dhúirt Freud ceart, ná fiú ionchosanta i gcúrsaí eolaíocht, ach is iontach an leasú, an t‑aoileach b’fhéidir ab fhearr libh a rá, don íomháineachas í, le cupla glúin anois. Tá a fhios agam gur mainneachtan ama agus easpa fiosracht intleachtúil ar lucht scríofa na Gaeilge nach léir Freud in áit ar bith inti. An t‑iontas is mó a bheadh ar dhuine go bhféadfaí é a sheachaint. Má tá rud ar bith thar a chéile uireasach ar chumadóireacht sa nGaeilge, sí an aigneolaíocht í. Is iontach an feabhas atá ar an gcaoi seo i bPádraig Ó Conaire thara’s aon nua‑dhéantús.

Má chua duine ar bith i gcion ar scéal úd an chapaill ba é Teilhard de Chardin é sílim. Ní i ngeall ar gur faisean é De Chardin faoi láthair atá mé tar éis é a léamh. Is dóigh gur léigh sibh an íde atá tugtha air ag Jacques Maritain, an Tomásach, a raibh suim mhór agam ann roimhe seo. Má tá fírinne le baint as an eolaíocht ná as an bhfealsúnacht, is dóigh do Mharitain é a bhaint amach ná do Teilhard. Níl aon scil agam sna cúrsaí seo ach chítear dhom dhá dteangmhódh go mbeadh aon fhírinne in a chuid pléideála ag De Chardin gur thimpiste é. Ní mheasaim gur spreag Maritain aon duine ariamh, aon scríbhneoir ar aon nós, ní hionann is De Chardin. Is filíocht atá aige, úire, oirearcas, draíocht na filíocht, agus ní fírinne údarásach. Is é Teilhard de Chardin oidhre Freud agus a mhacasamhail eile.

Léigh mé faoi fhealsúnacht Eiseach, nó Existentialisme Jean Paul Sartre agus go leor dhá chuid scríbhneoireacht, idir ghearrscéalta, úrscéalta agus dramaí. Thaithnigh sé liom ach níor facthas dhom go raibh sé thrí lasa mar bhí Stendhal cuir i gcás, nó Kafka, nó na Rúisigh móra. Níor fhága sé mórán i m’intinn, mara i ngan fhios dhom é.

Is dóigh má théann rud i gcion ar dhuine go bhfanann a lorg in a intinn, uaireantaí i ngan fhios dó, b’fhéidir. Is díol faitís liom é seo, faitíos go háirid go mbeinn ag scríobh na rudaí céanna ar ais aríst i ngan fhios dom féin. Arae má cheapann duine uair ar bith dhá shaol go mbeidh rud sách maith le scríobh is ionann sin is go ndeacha sé i gcion air, rud a d’fhágfadh go bhfanfadh sé in a intinn, i ngan fhios dó, ó tharla nach mbeadh sé ag iarra é a scríobh in athuair. Le é seo a sheachaint féachaim le bheith ag coinneáil síoreolas curtha ar an saol agus le ilchineálachaí léitheoireacht, mar tá orm rudaí seachas litríocht a mhúna. Ní móide gur féidir é a sheachaint mar seo ach an oiread.

Más fíor rudaí áirid adúradh fúm is mar seo a d’fhan siad i ngan fhios i m’intinn. Dúradh faoi Chré na Cille gur scéal le Dostoevski a mheabharaigh dhom í. Níl mé cinnte ar léigh mé scéal sin Dostoevski ná gearrscéal ar bith leis roimh Chré na Cille a scríobh. Léigh mé an ceann áirid sin, nuair a cuireadh an rud seo i mo leith. Is beag cosúlacht dháiríre atá ag Cré na Cille le scéal an Rúisigh, an oiread céanna b’fhéidir is atá ag téama an ghrá, an grá tur féin, ó úrscéal go húrscéal den méid úrscéalta a bhfuil an grá iontu. Chloisinn mo chomharsanaí ag caint: an bhfuil a fhios agaibh anois céard déarfas Willy Beag thiar sa reilig nuair a chuirfeas siad fód ar Mhaidhc thiar len a ais? Nó: go sábhála Dia sinn má tá féith bheo ar bith i gCite Fhada thiar san uaigh gheobha an cailín seo siar an teanga.

Chonaic mé an rud a mheabharaigh na cainteannaí seo ar fad dhom as an nua. Tá roinnt reiligeachaí i gCois Fharraige agus thiocfadh dhó tarlú i gcuid acu. San am ar ligeadh as an gcampa géibhinn mé bhí mé sa mbaile an geimhre sin. Fuair bean chomharsan liom bás amach ar ghearrógaí dubha na Nollag. Bhí díle bháistí ann agus breac-shneachta thríthí, sa gcaoi nárbh bhféidir an uaigh a dhéanamh go dtí an lá a raibh sí dhá cur. Chua cúigear nó seisear againn dhá déanamh le deifriú léi. Chart muid dhá uaigh ach níorbh iad na conraí cearta a fuair muid iontu. Cuireadh fios ar mhapa na n‑uaigheannaí ach bhí an mapa cosúil le gasúr ag déanamh suimeannaí leis an tlú i luaith an teallaigh. Bhí sé siar sa lá agus ba ghearr go mbeadh an tsochraide ar fáil. Dúirt muid go gcartfadh muid uaigh eile agus gurb shin é an méid. Ag dul abhaile dhúinn dúirt duine de mo chomharsanaí: an bhfuil a fhios agaibh cár fhága muid teáltaithe sa deire í, anuas, adúirt sé ar dhuine a dtiúrfa mise Micil Rua air. Ó. adúirt ceann eile, ó bhó go deo nach ann a bheas an ‘grammar’.

Má tá i ndán’s go raibh scéal Dostoevski cuisnithe i n‑áit eicínt i m’intinn, b’fhéidir gur mhúscail rudaí mar sin chun beatha é. Dúradh rudaí eile a bhí gan tóin gan cheann. San am ar tháinig Cré na Cille amach an chéad uair agus aríst le goirid dúradh gurb as an Spoon River Anthology a fuair mé í. Ní fhaca mé an Spoon River Anthology fós ariamh, ní áirím í a léamh. De bharr an rud sin a bheith athphléite i gComhar le goirid tuigim anois go bhfuil tuambaí sa duanaire sin agus tuairiscí faoi shaol na ndaoine atá fúthu sin scríofa ar na tuambaí. Dúradh freisin gurb ag aithris ar bheirt Mheireacánach eile a bhí mé, John Dos Passos agus Thomas Woulfe. Níor léigh mé smid le ceachtar acu ariamh. Joycean galoot a thug fear an bhus orm. Caithfe mé a rá gur thuirsigh mé cho mór de chuid de na hóráidí i Ulysses agus a dhéanaim d’óráidí i ndramaí Shaw, nó de na dréachtaí fada fealsúnta i gCoga agus i Síocháin (War and Peace) Tolstoy. Maidir le retoric Finnegan’s Wake ní mór é a léamh go grinn agus é a sheadú le brí ar bith a bhaint as. Nuair a casadh ‘Simple lesson’ sa tSraith ar Lár ar iriseoir áirid i mBaile Átha Cliath thosaigh sé ag méileach ar nós uan caorach an lá a gcoiscfi dhá mháthair é. Measaim go bhféadfainn saothar mar Finnegan’s Wake a scríobh. Bhainfeadh sé an‑fhada de dhuine cupla leathanach féin a chur i dtoll a chéile. Is cumadóireacht é ach ní shílim go bhféadfaí scríbhneoireacht a thabhairt air, ach sa méid gur leis an ngnáthaibítir a chuirtear ar fáil é. Ach tá sé fóinteach arae seachnaíonn duine, le leas a bhaint as, bobghaistí cliúmhillte. Chuir dréacht retoric mar sin deire go deo le iris liteartha Ghaeilge ar a céad uimhir. Ceapadh coiste i Roinn den Rialtas le údar an retoric a chur le bonn, le go mbronnfaí Suaitheantas na Roinne air.

Tá áit eile ar casadh liom a lán léirmheas orm féin, i bpáipéir scrúdúcháin. Níor dheacair cuid an mhic léinn dhe a scaga ón gcuid ba bhainne cíche an teagaisc. Fuair mé an leagan ceanann céanna seo ar fud foireann iomlán mac léinn: ní dhéanfa Máirtín Ó Cadhain scríbhneoir mór go deo mar tá an iomarca íoróine ann. B’fhéidir gur fíor é seo ach is é an buille nach dtuigim é. Dhá mba cúrsaí iomarbhá a bheadh i gceist bheadh sé cho maith dhom a rá go gcreidim go bhfuil mé marfach – dúnmharfach b’fhéidir – i gceachtar den dá theanga oifigiúil. Ach más í an íoróin seo irony an Bhéarla agus is í de réir an Fhoclóra feicim é seo ráite ag Edmund Wilson faoi Joyce: Dubliners was French in its objectivity, its sobriety and its irony… agus é seo ag léirmheastóir eile faoi litríocht na nGall‑Ghael: a politely despairing irony, has done so much to make Irish literature interesting. Irony is at the heart of the Irish consciousness … Irony is a complexity of consciousness rich in verbal and particularly in dramatic potential (Sean Lucy, Irish Independent 15/2/69). Agus tá ráite faoi E. M. Forster: His irony often saves him. Ní beag sin dhe sin.

Tá smaoine rómánsúil ann agus ní ag an bpobal amháin atá sé, gur scríbhneoir ó bhroinn é chuile scríbhneoir. Ná scríobh mara gcaithe tú sin a dhéanamh in aghaidh do chlaonta agus eile, adúirt Frank O’Connor. Sí an leathmhása eile den chomhairle chéanna fainic Jacques Maritain ar dhaoine a airíos meanmna na healaíne iontu féin: ar do bhás ná lig do bhua chun siléige, adúirt sé. Dar ndóigh tá níos mó ná sin d’adhmad in a comhthéacs le baint as caint Mharitain, sé sin, go bhfuil dualgas ar an duine an bua féin nach bhfuil ann ach bogán d’ubh amh, a oiliúint, a thaithiú, a fhoirbhiú. Ní thagann duine ar bith in a scríbneoir ón mbroinn mar tháinig Pallas Athene lán‑armtha as cloigeann Zeus. Is í oilithreacht do shaoil uilig, an t‑aistear is faide sa domhan mar thug fear eile air, an síorfheabhasú agus an síorfhoirbhiú seo. Tá mé cinnte an lá a n‑éireo scríbhneoir sásta len a shaothar, nó a gcreidfe sé nach féidir níos mó feabhais a chur air, gurb shin é a lá léin.

Tá drochfhaisean ag cuid de scríbhneoirí na Gaeilge – is fuíoll é de ghalra an Ghúim – an iomarca a scríobh. Tá scéal ag dul thart go gceanglaíodh Seosamh Mhac Grianna an uair sin a chois le sreangán de chois an bhoird le é a choinneáil ag aistriú, galra an Ghúim go díreach! Ní scríbhneoir lán‑aimsire aoncheirde ceachtar againn. Cuireann sé scanra orm duine a chloisteáil ag rá gur le haghaidh airgid atá sé ag scríobh. Tóigimse an t‑airgead freisin ach tá súil agam go mbíonn cion fir agus cion pinn déanta agam len a shaotharú. Déanfa mé lomchlár na fírinne: tá sé ro‑éasca an t‑airgead a shaotharú. Saotharó an droch-scríbhneoir i bhfad níos éasca é ná an scríbhneoir maith. Is fusa i bhfad Éireann a dhéanfas an scríbhneoir antlásach siléigeach é ná an duine coinsiasach cúramach. B’fhéidir gur cuimhneach le cuid agaibh gur thug mise an tuargaint a gheofadh sail adhmaid ag teacht faoi chladach garbh do leabhar áirid tamall ó shoin. Níl leiscéal ar bith le gabháil agam faoi. Ní léifinn an leabhar beag ná mór marach gur shíl mé gur ar mo chrann a bhí, ar nós Henebry fadó, the purity of Irish prose composition a chosaint. Bhí mo chiall féin agam. Chonaic mé mo dhóthain den Ghúm cheana, ní ag ceasacht ar Dhia é, agus fuair mé mo dhóthain dhá anró, le go mba mhaith liom leiscéal ar bith a fheiceáil dhá thabhairt dó a theacht agus muid alpú aríst. Is leath teanga dhó a leithéid sin a dhéanamh rudaí atá cuid áirid de chairde na Gaeilge, mar dhóigh dhe, a rá.

Céard tá le rá faoin gcineál sin scríbhneoireacht adeirim, an léirmheastóireacht. Deirtear gurb iad na trí rud nach féidir a mhúna fonn, féile agus filíocht. Ní fíor ar fad nach féidir scríbhneoireacht agus léirmheastóireacht a mhúna. Ach is fíor an méid seo sílim: nil mórán maitheasa a bheith ag inseacht do scríbhneoir ná do léirmheastóir, cé cho maith ná cho dona is tá sé nó go mbeidh an oiread freacair déanta aige ar a mheabhair féin is gur follasach dó uaidh féin an chomhairle. B’fhearr gan léirmheas ar bith scaití, ach cead a thabhairt do na léitheoirí a roghain féin a dhéanamh de réir seanchóras an treibheachais: tongu do dhia tongas mo thuath! Mar sin a dhéanfas siad ar aon chor. Múinfe an stílíocht ar cuid den teangeolaíocht faoi seo í rudaí áirid, go mór mór don léirmheastóir. Foilseo sí céard dúirt daoine mar Aristotle, Benedetio Croce, Rémy de Gourmont, Roman Jakobson, nó René Wellek faoin scríbhneoireacht. Má mhaireann muid sách fada, b’fhéidir go mbeadh na hOllscoileannaí céim nó dhó ar aghaidh ón íoróin agus iad ag inseacht dhúinn cé mhéad uair an briathar is i milliún focal le Séamas Mhac Grianna ar ghualainn milliún focal liom féin. Ach ní mhúinfe an stílíocht dhuit le scríobh. Dhá múineadh ní bheifeá ach ag scríobh pátrúin réamhdhéanta, obair ar fearr go mór ríomhaire leis ná thusa. An chomaoin is mó a chuirfeas saothar sárúdair ort ní inseacht cé mhéad briathar saor atá aige é, ach tine bheannaithe threifideacht a dhearga dhuit.

Bhí súil ag chuile dhuine againn nuair a bhaineamar amach ár neamhspleáchas ar an ngallán sóibhéadach, an Gúm, go dtiocfadh rath eicínt ar scríbhneoireacht na Gaeilge. Ní shéanaim gur tháinig. Níorbh fhéidir léi a bheith ní ba mheasa ná bhí sí an uair sin. Ach bíodh muid díreach: níl baol ar an oiread feabhais uirthi agus a bheadh duine ag súil leis. Ní bheadh duine ag súil agus an saol mar atá go n‑aistreofaí mórán den scríbhneoireacht nua-aimsire Gaeilge. Mar sin féin is rud do‑thuigthe é gur mó a bhí dhá aistriú amhala aimsir Chonra na Gaeilge fadó. Den litríocht chruthaíoch atá dhá cur ar fáil is leabhara mar An Duinníneach nó leabhara Dhónaill Mhic Amhalghaidh is mó díol aird, i dteannta na leabhara léinn atá dhá solár ag leithéidí Sheáin Uí Thuama, Tomás de Bhaldraithe, Seán Ó Lúing, Gearóid Mhac Niocaill, an tAthair Colm Cille, agus cupla duine eile b’fhéidir. Tá an iomarca den éascaíocht ag roinnt leis an gcaoi a bhfuil an litríocht chruthaíoch dhá cur ar fáil.

Agus leis an bhfilíocht freisin sílim. Is dóigh go dtóigfe an Tromdháimh anseo boilg aithise orm as ucht é seo a rá. Ní bheadh sé cneasta gan é a rá. Staid bhagarach, drochthuar é, an iomarca tóir a bheith ar fhilíocht a chuma le hais an phróis. Seo mar tá sé i mionteangachaí eile ar nós Gáidhlig na hAlban, a bhfuil triúr nó ceathar filí den chéad scoth inti freisin. B’fhéidir gurb é an iomarca Maud Gonnes atá ag fálróid timpeall in Éirinn! Scríobh Raymond Williams léirmheas ar leabhara nua filíocht sa New Statesman agus ba sheo rud adúirt sé ann: How socially good that so many people try to write verse…: an gcríochnó mé an abairt: what a relief that none of it is important. Socially important! Is fíor é! Na cupla file maith atá againn níl siad ag cuma a ndóthain. Is fusa go fada liric dheas neamhurchóideach ocht líne a chuma anois agus aríst ná aiste a scríobh, úrscéal, ná fiú gearrscéal féin a scríobh. Seo í an éascaíocht agus an leisce ar ais aríst! Cho fada is is léar dhomsa is mó go mór a bhfuil d’fhilíocht dhá scríobh sa nGaeilge ná sa mBéarla in Éirinn. Go leor de na daoine seo a scríobhas ocht líne an Sprid Naomh gach Cincís tá siad in acmhainn leabhar a chur ar fáil. Is cuid d’athbheochan na Gaeilge freisin í an scríbhneoireacht, earra a mbíonn muid síoraí ag déanamh gaisce chúiteach aisti. Sé an prós tathán, coincréad, clocha saoirsinne an tsaoil, agus é cho garbh míthaithneamhach leis an saol féin. Síleadh gur gaileamaisíocht a bhí ar Phatrick Kavanagh nuair adeireadh sé gurbh fhileata go mór iad na prós-scríbhneoirí, daoine mar O’Flaherty nó O’Connor, ná na filí Gall‑Ghaelach. Le galra seo na filíocht a bhí sé ag plé.

Is beag atá fágtha ag an bhfilíocht inniu. Níl tada fágtha aici sa nGaeilge ach liricí gearra. Tá an méid seo ráite ag Edmund Wilson faoi Flaubert:

The truth is that Flaubert is a crucial figure. He is the first great writer, in prose, deliberately to try to take over for the treatment of ambitious subjects the delicacy, the precision, and the intensity that have been hitherto identified with verse.

Agus aríst:

Has not such a great modern novel as Madame Bovary for example, at least as much in common with Virgil and Dante as with Balzac and Dickens? Is it not comparable from the point of view of intensity, music and perfection of the parts, with the the best verse of any period?

Agus tá seo ráite aige faoi Dostoevski:

You cannot say that his insight is less deep, that his vision is less noble or narrower, or that his mastery of his art is less complete than that of the great poets of the past. You can say only that what he achieves he achieves by somewhat different methods. The technique of prose today seems thus to be absorbing the technique of verse; but it is showing itself equal to the work…

Más fíor nach bhfuil fanta ag an bhfilíocht ach an liric ghearr agus gné nó dhó eile cosúil leis, ansin déarfainn nár chóir tada a rá i bhfilíocht ach rud nach bhféadfaí a rá chor ar bith, nó cho maith céanna, i bprós. Ní hé Ortega y Gasset amháin a chaith caint mar seo: nárbh bhfiú filíocht a chur ar rud ar bith ar lór agus arbh iomlán é ráite i bprós. Tá an domhan próis ag dul timpeall faoi chulaith na filíocht.

Bheadh súil agam fós féin go bhféadfadh feidhm eicínt a bheith ag an bhfilíocht seachas an doilfeacht seo nach dóigh liom go ndéanfa aon fhile eile go brách carra mhilis dí mar rinne Paul Valéry. Níl éan ar chraobh inniu len a bhfuil de cheol ag dul timpeall. Shílfinn go bhféadfadh na filí a theacht i dtír air. Tá file amháin – má cheadaíonn sibh dhom chor ar bith an t‑ainm a thabhairt air – a bhfuil pobal agus feidhm aige, Johanny Chóil Mhaidhc, nó Seán Ó Coistealbha. Tá, ar an gcaoi a raibh sé ag filí ariamh sa nGaeilge. Céad go leith bliain ó shoin báitheadh dhá fhear déag agus ochtar mná i Loch Coirib. Níorbh é an bá ba thubaistí a tharla ó shoin é. De dhéantas na fírinne ní raibh ann ach fíormhion thubaiste le hais tubaistí ar feadh an achair sin. Tá cuimhne ar Anach Cuain mar gheall ar go ndearna mionfhile a raibh a chluais le caoine an phobail amhrán faoi. Níorbh é múisiam beag príobháideach bhuidéilín an phoiticéara a bhí sé a chur i bhfios ach coirp Anach Cuain nach bhfaca sé ariamh len a shúile cinn a bheith dhá dtórramh.

Deirtear go bhfuil sé chuile orlach cho deacair ar dhaoine mo chuid caintesa a léamh leis an bhfilíocht se’ agaibhse. Ní ghéillim orlach do mo léitheoirí ach tá lucht léite agam. Anura go deireanach adúradh é seo:

Arising out of the facts of the world in which they live, there are poets who wonder whether poetry is an atavistic survival in certain types of psychic structure which it would be as well to dispense with as soon as possible. A mode of life which is no more than a prolonged acting out of a progressive syndrome is not only uncomfortable to its first victim, the poet, but confusing to its other victims, his readers. I have had the matter put to me, in just these terms, by a poet of course, and like many other poets, I have wondered the same thing myself.

Agus aríst: ‘Any poetry whatever has seemed to lie under some kind of metaphysical threat’.

Sí barúil Edmund Wilson freisin nach seasa filíocht ar bith i bhfad eile:

It is much more likely that for some reason or other, verse as a technique of literary expression is being abandoned by humanity altogether – perhaps because it is more primitive, and hence a more barbarous technique than prose. Is it possible to believe, for example, that Eliot’s hope of having verse reinstated on the stage – even verse of the new kind which he proposes – is likely ever to be realised?

Agus níor leanadh sampla Eliot ar an gcaoi sin. Ach dar ndóigh is í an scríbhneoireacht i gcoitinne atá i mbaol. Sílim gur dóigh go mór do Snow an ceart a bheith aige faoin dá chultúr ná ag a chéile comhraic Leavis. Cheana féin tá an tsocheolaíocht ag dul i bhfoghail ar an úrscéal. Is fada na teangeolaithe ag trácht ar urlabhar cannaithe, canned speech. Ní dóigh go bhfanfa i ndramaí ach léiriú ar an telefís. Ná i scéalta ach an oiread. Darna cultúr Snow atá ag teacht i gcion, úrscéalta eolaíocht nach dtuigfe ach na heolaithe nó na teicneoirí. Ní bheidh de leabhara dhá léamh ach cinn faoi theicneolaíocht agus ceird. Ní sa scríbhneoir ach sa script‑scríbhneoir agus san aisteoir a bheas tábhacht.

D’fhiafraigh Edmund Wilson an cheist seo i 1931:

What then is to be the future of literature? Will the poets become more and more esoteric as the world becomes more and more difficult for them diverging further and further from the methods and language of popular literature as popular literature approximates more and more closely to journalism…. Literature, according to Valery has become ‘an art which is based on the abuse of language – that is, it is based on language as a creator of illusions, and not on language as a means of transmitting realities. Everything which makes a language more precise, everything which emphasises its practical character, all the changes which it undergoes in the interests of a more rapid transmission and an easier diffusion, are contrary to its function as a poetic instrument’. As language becomes more international and more technical it will become also less capable of supplying the symbols of literature…

D’fhéach Beckett leis an gceist a fhreagairt in úrscéalta agus i ndramaí de chineáil nár scríobhadh cheana agus anois tá na focla féin ligthe ar lár. Níl fanta ach cineál mím, leathchúpla na healaíne neamhléirithí sa litríocht. ‘Níl fágtha d’infhoirfeacht an duine ach an gealla aimhreasach go bhfuil ré só chugainn agus nach mbeidh aon ghá le smaoiniú an uair sin’.

Is raimhre dhorcha aríst í spéir na Gaeilge. Tá rud níos measa ná an t‑uireasa aitheantais sa mbaile agus i gcéin ag goilliúint ar an scríbhneoir. Is deacair do dhuine a dhícheall a dhéanamh i dteanga arb é a cosúlacht go mbeidh sí básaithe roimhe féin, má fhaigheann sé cupla bliain eile saoil: Fonn troda go fíochmhar ar a son a ghineas an t‑éadóchas sin ann. Ní go maith dhó mar scríbhneoir atá an t‑éadóchas ná an troid. An rud is marfaí faoin troid seo gur ag caidreamh le ‘lucht na cúise’, an dream is beagmhaitheasaí in Éirinn agus cuid acu is claoine freisin, a tharraingeos sí é.

Is beag ogach scríbhneoireacht in Éirinn an lae inniu. Tá an tír socraithe síos sa só mheánaicmeach sin ar nimh don scríbhneoireacht í. An méid dhár ndúchas nach bhfuil séanta cheana againn tá muid dhá shéana in aghaidh an lae. Tá an Mhainistir ag caint cho Lóbasach céanna le gníomhaire turasóireacht ar an nGoldsmith Country agus ollghardas orthu as ucht a bheith ag déanamh drama le Goldsmith nach maífí fiú gur drama ar fónamh é, ní áirím drama Éireannach, marach gur i dteanga atá sé arb ar éigin a bhí drama ar bith dhá cuid féin inti le trí chéad bliain. Sé an Metrical Dindsheanchus nua Goldsmith Country, Yeats Country, Richard Murphy Country, John B. Country…? Agus diabhal mórán thairis sin a thuigeas lucht na Gaeilge. …

Ach b’fhéidir gur mar seo a bhí scéal scríbhneoirí ariamh. Is den diaúlacht an míshásamh agus is fearr an snámh in aghaidh sruth, an charaíocht leis an saol, ná an bogás, ná chuile shórt a fháil ar sheol na braiche. D’uireasa coinbhliocht, d’uireasa aighneas an scríbhneoir in a dhá leith leis féin, ní saothar, ní saothar beo ar aon nós a apologia sua vita. Rinneadh filíocht i dtrinsí coga, i gcampaí géibhinn, i sluachampaí géibhinn an choga seo caite. Ba mhaith liom an inscríbhinn atá i dTeampall Óráin in Í Cholmcille ar uaigh Mhargery Kennedy Fraser, bailitheoir cheoil mhuintir Inse Gall, a chreidiúint: Falbhaidh an saol ach mairidh gaol agus ceol: imeo an saol ach mairfe grá agus filíocht…

Is meán – medium – nua más cúng féin í an Ghaeilge agus is dúshlán fúm í. Is liom féin í, rud nach féidir liom a rá faoi mheán ar bith eile. In uaigneas mo chroí chuala mé – cloisim i gcónaí:

scaltarnach loin Leitreach Laoigh
agus an ceol a bhí ag an Dord Fiann.

Tá aois na Caillí Béara agam, aois Bhrú na Bóinne, aois na heilite móire. Tá dhá mhíle bliain den chráin bhréan sin arb í Éire í, ag dul timpeall i mo chluasa, i mo bhéal, i mo shúile, i mo cheann, i mo bhrionglóidí. Dúirt fear mionteanga, más teanga chor ar bith, Hugh Mac Diarmid, ní b’fhearr é:

The great rose of all the world is not for me
For me the little white rose of Scotland
That smells sweetly and breaks the heart.

Buíochas

Gabhann Iontaobhas Uí Chadhain buíochas le Feargal Ó Béarra, go ndéana Dia grásta air, Ronan Browne agus muintir Eoghain Uí Anluain.