Categories
Ábhar i nGaeilge Saothar Ealaíne

Bile a Thit

Dán le Máirtín Ó Direáin

Ómós do Mháirtín Ó Cadhain, as Máirtín Ó Direáin: Dánta 1939–1979.

Fuil na bua a théachtaigh
Is bile ár gcleacht a thit:
Tásc na tubaiste fuaire
A rinne oighear den mheidhir sna fir.

Ba feannta an uair í,
Ba chaillte an mhaidin,
Ar leagadh san uaigh tú,
Is cé nach í cré do mhuintire
A dáileadh síos leat
Ní miste an cumasc duitse
A ghlac Éire uile
Le páirt di is tairise di.

Mallmhuir ní luaifear leat
Ná Go brách lagtrá:
Ba rabharta uile a théadh thar maoil
Do bhruth is do chumas;
Ach is olc a théann an rabharta
Ar an mallmhuir dúinne.

Le fíoch ba mhinic a d’fhiuchais:
Truabhail do chleacht
A líon do racht gur scaoil.

Mura ndeachaigh namhaid ná cara féin slán
Ó aghaidh do chraois
Maitear gach ní do rí an fhocail;
Maithfear duitse mar sin
I do rí gan fhreasúra a chuais go Cill.

Ach ní tú a thit ann:
Meirge Mhurchú a thit arís;
Cionn tSáile eile a briseadh orainn,
Eachroim an Áir is Scairbhsholais.

Saothar ealaíne le Seán Ó Flaithearta

As an mbailiúchán Go bhfeicfidh tú dán.

Tá Iontaobhas Uí Chadhain an-bhuíoch do Chló Iar-Chonnachta as ucht a chead an dán seo a fhoilsiú, agus do Sheán Ó Flaithearta as ucht cead an pictiúr a fhoilsiú ina theannta.