Le Breandán Mac Gearailt.
Dáil Uí Chadhain.
Éist leis an gcaint
An chaint go hachomair
I 1988 bunaíodh Dáil Uí Chadhain, eagraíocht a d’fhéach le machnamh polaitíochta an Chadhnaigh a scrúdú trí mheán díospóireachta, anailíse agus plé, agus an machnamh seo a fhorbairt i ndálaí na linne sin. Eagraíodh an chéad seimineár de chuid Dháil Uí Chadhain i mí Aibreáin 1989 agus, i measc na gcainteanna a tugadh, bhí an ceann seo ó Bhreandán Mac Gearailt inar chuir sé síos ar an aithne phearsanta agus an t‑ardmheas a bhí aige ar an gCadhnach. Léirigh sé Máirtín mar fhear ionraic, agus mar fhear simplí a raibh éachtaint iontach aige ar chúrsaí an domhain, mar fhear a thionscain mórán.