Categories
Ábhar i nGaeilge Léacht Uí Chadhain Léachtaí ⁊ Cainteanna

Ó Chill go Cré: Léamh ar shaothar Mháirtín Uí Chadhain

Leis an Ollamh Gearóid Denvir.

Léacht Uí Chadhain 1986.

Foilsíodh an aiste seo i dtosach in Comhar, Eanáir 1987, 22–31. Athfhoilsithe in Léachtaí Uí Chadhain, Eag. Eoghan Ó hAnluain, An Clóchomhar, Baile Átha Cliath 1989, 134–51.

Tréith bhunúsach de chuid litríocht na Gaeilge ó thús ama, agus go deimhin de chuid mhaith de litríocht Bhéarla na hÉireann chomh maith, is ea an dáimh a léiritear inti idir an duine agus a cheantar dúchais. Ní mórtas cine amháin is bunús do ghné seo an dinnseanchais. Is cuid bhunúsach é de thaithí phearsanta agus de shaoldearcadh an ghnáthdhuine, cosaint, ar bhealach, ar an saol mór amuigh. Ní ábhar iontais ar bith, mar sin, nuair a thug Máirtín Ó Cadhain faoin scríbhneoireacht don chéad uair i bhfichidi déanacha na haoise seo gurb é pobal Chois Fharraige, an ceantar sin cois Caoláire a shíneas ó Chnoc na Cathrach siar le cladach go Ros a’ Mhil Cois Cuain, a chuir sé i láthair.

Tá bunáite na léirmheastóirí ar aon intinn faoi na lochtanna atá ar shaothar luath Uí Chadhain, go háirithe sa chéad dá chnuasach, Idir Shúgradh agus Dáirire (1939) agus An Braon Broghach (1948). Is geall cuid mhaith de na scéalta sa dá chnuasach seo le cuntas ó shaothar na n‑antraipeolaithe éagsúla a rinne cur síos, mar dhóigh de, ar shaol tuaithe (iarthar) na hÉireann, ó cheannródaíocht Arensberg go dtí teachtairí Árann, John Messenger agus a bhean. Déantar an inseacht chomh maith de réir mhodhanna traidisiúnta Gaelacha na litríochta réigiúnaí agus litríocht na hAthbheochana a bhí faoi lánseol ag an am. Is geall le hachoimre ar shaol an duine sa chomhthionól fuinniúil fuinte, local organic community Eliot a dtráchtann Ó Cadhain air in Páipeir Bhána agus Páipeir Bhreaca (1969), cuid mhaith den saothar luath. Is í aidhm an duine i saol seo an chomhthionóil fhuinniúil fhuinte slí bheatha agus mhaireachtala a bhaint amach ainneoin, i bhfriotal Uí Dhireáin, mórchuid cloch is gannchuid cré i ndúthaigh dhearóil na muintire. An té a mbeadh neart coirp agus intinne aige, agus a bheadh cúramach, seasmhach, agus thar aon ní eile, seiftiúil i mbun a chuid oibre, bheadh leis.

Buanaíocht agus lonad Cinnte

Is é an talamh, a sheilbh agus a shaothrú, bun agus barr choraíocht seo an duine lena thimpeallacht d’fhonn a shlí bheatha a bhaint amach. Is é an gabháltas a thugas buanaíocht agus ionad cinnte d’fhear agus is comhartha follasach so-thomhaiste ar a dhul chun cinn sa saol (nó a mhalairt, ar ndóigh) an chaoi a n‑éiríonn leis an gabháltas sin a shaothrú. Is geall le fíoradh ar theoiricí Uí Chorcra maidir le tábhacht na talún i litríocht na Gaeilge an dáimh a airíos cuid de charachtair Uí Chadhain leis an talamh. Dúirt Nóra faoina fear Micil in ‘An Strainséara’: Bhí an cor caoin ina láimh i gcionn na talúna seo. Ba chomaoin dó: bhí muintir Chéide dhá dheargadh le naoi nglúin. Ba láidre fós a labhair a athair le Micil ar leaba a bháis:

Fágfaidh mé agat an geadán talúna, a Mhicil, adúirt sé. Tusa an naoú glúin de na Céide ann. Níl a shárú ar an mbaile — ná ar an gceathrú, dhá n‑abrainn é. Lig uait do bhean, a Mhicil. Lig uait do chapall, do bhó, do phéire bróg, do róipín láir agus do léine. Ach ná lig uait talamh mhuintir Chéide, dhá mba le greim fiacal aníos as d’uaigh a choinneofá é.

Grá paiseanta den chineál céanna don talamh féin atá le fáil i gcuid mhaith de shaothar Patrick Kavanagh, agus go háirithe in Tarry Flynn a foilsíodh den chéad uair in 1948, bliain roimh Cré na Cille:

Tarry’s face was half covered with mud from wiping the sweat off with wet muddy hands. If Mary Reilly saw him now what would she say? Not that at that moment he’d care, for now he was hot with a profounder passion… Even all the work he had done in that bit of a morning would tell in the meadow in winter. A powerful job.

I léirmheas a scríobh sé féin ar úrscéal seo Khavanagh, agus ar fiú é a lua sa chomhthéacs seo, dúirt an Cadhnach gurbh inseacht fhírinneach a bhí ann ar shaol an fheilméara bhig:

…murab ionann agus saol aoibhinn na tuaithe a léiríos colúnóirí páipéir nuaíochta nár oibrigh ariamh seachtain ar fheilm. Is é saol scrúdtha na tuaithe atá aige ar gach uile leathanach: an chré scrúdtha, an cholainn scrúdtha, an croí atá dhá scrúdadh ag an iomarca carnaoiligh agus ag teirce bláthanna. Is é an sású is mó ag Tarry ar ghorta seo a spride a chroí a líonadh le snua agus le baladh na bhfialus. Tá fiaile ar feadh an leabhair.

Aisteach go leor, is in intinn mná a chuir an Cadhnach féin an ráiteas is paisiúnta dá chuid, b’fhéidir, faoin talamh nuair a dúirt Mairéad in ‘Ciumhais an Chriathraigh’:

É a thriomú. Cuid suntais a dhéanamh dhe. An saol a chur ag caint air amhail is dá mba ar niamhinín é nó ar éachtmhac. Cuimhne a bheith ar a saothar fós mar bhí anois ar amhrán shaobhfhile éicint den tseanaimsir. Í féin a fhágáil ina haisling bhuain ar chlár an chriathraigh le léamh ag an té a thiocfadh…

Sampla maith den saothar luath ina bhfeictear an duine ag sracadh leis an talamh is ea an gearrscéal traidisiúnta ‘Aois na hÓige’ sa chéad chnuasach, Idir Shúgradh agus Dáirire. Ainneoin gurb é téama an scéil taithiú an duine glúin i ndiaidh glúine le cruatan an tsaoil i nGleann na nDeor ar theacht in inmhe dó, agus an neamhaird in athuair (más fíor) ar fhurú is luain an tsaoil ina sheanaois, is mó go mór an bhéim a chuirtear ar chúlra agus ar láthair ná ar eachtraí an scéil féin, gan trácht ar shruth smaointe Sheáinín, an príomhcharachtar. Ceithre radharc as saol Sheáinín, ‘The Four Ages of Man’, atá sa scéal, iad uilig suite sa mhóinéar céanna agus an féar á shábháil. Feicimid é ina phataire beag aerach, ina leaid óg inchúntach, ina fhear tí is urláir agus ar deireadh thiar ina sheanduine craplaithe cráite, a thuig go raibh siocair mhaith luachmhar le síorchrácamas na hoibre i mbraighdeanas seo Ghleann na nDeor:

Níor den duine an furú: ba bhua ó Dhia é in éadan gleacaíochta imeartha an áibhirseora. Sciath cathaithe an talmhaí is an oibrí é. Rosc saighdte an tsoiscéalaí é. Tearmann an imní is an bhróin é. Truaill is taisce na firiúlachta is an fhuinnimh dhaonna é, a bheadh ina mbréagáin ag ainsprideanna dá uireasa… Cén ghair a bhí ag Ádhamh gan a dhul thar na haitheanta má bhí an saol chomh sámh aige is a bhí ráite leis! Is b’fhacthas do Sheáinín go raibh an tsíorchruóg mar leannán na síorghuí i saol na ndíthreabhach.

Micreacosma de shaol an duine sa chomhthionól fuinniúil fuinte is ea scéal Sheáinín, agus ainneoin bhlas na seanmóireachta ar an sliocht sin, agus ainneoin laigí follasacha i gcarachtracht agus i modh inseachta an scéil, is éard atá ann gaois chomhchruinnithe na muintire a seachadadh anuas ó ghlúin go glúin mar chuid bhunúsach de shaoldearcadh an duine féin agus an phobail dar de é. Síneann an scéal siar thar chúig ghlúin agus leanann gach glúin díobh an patrún céanna saoil. ‘Inchúntacht’ an eochairfhocal. Is geall le rite de passage, le teacht i seilbh ar oidhreacht oidhiúil an úill, an dara radharc ina bhfágann Seáinín soineantacht Thír na hÓige nó go scaoiltear isteach é i saol réalach na síorchruóige. Seoltar gairm dhúchasach na talmhaíochta ó ghlúin go glúin sa bhealach traidisiúnta, agus is suntasach an ní é nár tháinig aon athrú ar na modhanna oibre, ar na huirlisí ná ar dhearcadh na gcarachtar éagsúil ar an saol in imeacht chúig ghlúin an scéil. Ní hamháin gur cuid dá chéile iad na carachtair uilig ach is mar a chéile iad. Comhainm Sheáinín é Johnny óg, mac a mhic, agus tig linn a bheith cinnte gurb athleagan de shaol a sheanathar a bheas ag an bpiodarlán óg. Ná déan nós agus ná bris nós. Mar a dúirt Micil in ‘An Strainséara’ ag trácht ar chur na bhfataí:

Mar seo a rinne mise le leathchéad bliain é… Mar seo a chonaic mé chuile dhuine ar na bailte dhá dhéanamh. Mar seo a níodh m’athair é. Agus mo sheanathair…

Ní ribín réidh ar bith a bhí sa saol seo, síorsclábhaíocht an gharraí, an phortaigh is an chladaigh, ach an té a bhí in ann cruachan a dhéanamh in aghaidh na hanachan (nathán agus tuairim bhunúsach i saothar Uí Chadhain) tháinig sé slán, agus bhí sin fíor sa chruinne bhaineann agus sa chruinne fhireann araon.

Teacht in Inmhe

Má tháinig Seáinín in inmhe, má chuaigh sé sna fir in ‘Aois na hÓige’, is féidir a rá go ndeachaigh Nóra Liam Bhid sna mná sa scéal ‘An Bhearna Mhíl’ i ndara cnuasach Uí Chadhain An Braon Broghach. Cleamhnas ar an sean-nós a rinne a hathair di le boicín Achréidh, pósadh den chineál, is dóigh, a raibh an méid seo le rá ag Liam P. Ó Riain faoi ina leabhar The Pope’s Green Island:

Marriage was viewed by the whole countryside much in the same light as trucking with cattle at a fair. The daughter was reserved for the highest bidder, no matter if he was a physical or mental degenerate. The guiding principle resolved itself into ‘Is it a good match?’

Nó mar a dúirt Beairtlín, buachaill aimsire Liam Bhid, fear an bhearna mhíl a mbíodh Nóra ag suirí go soineanta leis:

Ná bíodh cumha ar bith ort. Is maith an mhalairt agat fuíoll na bhfuíoll agus do chomhairle féin anseo ar chlár an Achréidh thar is carracáin agus sclábhaíocht an Aird Bhig…

Ní hamháin sin ach thuig Nóra í féin an méid sin freisin:

B’fheasach do Nóra go mba theach ‘te’ é. B’fheasach di mura mbeadh gurbh ea nach gcuirfeadh a hathair ‘ann’ í, tar éis a liachtaí boicín a d’eitigh sé fuithi, agus an spré a bhí aici. Chuaigh driog fuaicht tríthi ar chuimhniú di nach mbeadih inti feasta ach ball acara de bhaill acara an tí sin.

Thuig sí ar deireadh thiar gurbh earra indíolta í ar mhargadh an phósta agus nach raibh sa phósadh féin ach:

…snaidhmeadh dhá anam le cuing spioradálta is colannda an aontís agus an chéileachais i riocht is go mbuanófaí foinse beatha an tí.

Tá an scéal suite i dteach an fhir ar an Achréidh an mhaidin tar éis na bainise, agus baineann sé leis an gcaoi a ndearna Mrs Ryan de Nóra Liam Bhid. Bean tí is urláir a bheadh inti feasta, í neamhspleách ar thosaíocht a hathar, agus maidir lena stádas nua ní raibh ansin ach an méid a bhí dlite d’iníon fhear airgid. Pé ar bith cén caidreamh a bhí aici le Beairtlín ní grá a bhí ann a bhféadfadh aon bhláth teacht air faoi shéala an phósta agus thuig Nóra féin sin. Ní de thimpiste a fuair sí caidéis dá bhearna mhíl ar an ócaíd ar tháinig an tuiscint sin chuici agus gurbh ag an bpointe sin a ghlac sí col den chéad uair leis an máchail choirp sin ar samhail í den bhearna stádais a bhí eatarthu beirt. Is ionann caidéis sin Nóra agus tús fáis di féin. Fearacht Sheáinín ina phutach inchúntach i ngarraí an fhéir ag dul sna fir, bhí Nóra anois ag dul sna mná, ag sealbhú na ndualgas banda, agus ba chuid bhunúsach de sin Beairtlín a fhágáil ina diaidh. Ag deireadh an scéil agus a fear nuaphósta ag srannadh codlata ina chathaoir le cois na tine thug Nóra faoi deara nach raibh a chroiméal tiubh ag clúdú aon bhearna mhíl. Fear slán a bhí in Máirtín Ó Riain ní hionann is Beairtlín gona mháchail cholúil. Ar fheiceáil an mhéid sin di, shealbhaigh Nóra a cinniúint go fonnmhar, más go faiteach féin freisin é, mar bhean phósta. Déanfaidh sí bonn agus beidh sí ina máistreás. Má tá piorachaí féin le fulaingt aici — agus sin oidhreacht an Úill, mar a shonraigh Seáinín — tuigimid go dtiocfaidh sí slán trína rôle mar bhean i súile an phobail, arb iad a súile féin anois iad, a shealbhú. Agus, mar a fheicfeas muid ar ball, sin rud annamh i saothar Uí Chadhain, agus an saothar luath féin san áireamh, dóchas a bheith ag an duine go mbéidh rith an ráis leis.

Slis den Mhaide

Ainneoin nach den aicme chéanna shóisialta sa phobal thiar iad le Nóra, sliseacha den mhaide crua céanna iad Bríd in ‘An Bóthar go dtí an Ghealchathair’ agus Mairéad in ‘An Taoille Tuille’. Má tá síol na féinaithne, tuiscint sin an duine ar a shainiúlacht indibhidiúil féin, mar mhalairt ar ionad nó rôle réamhbheartaithe, i gcuid de smaointe dílse Bhríd le linn a haistir go Gaillimh, níor dhiúltaigh sí dá rôle mar bhean agus mar mháthair ainneoin an chrácamais a chuaigh leis. Go deimhin féin, feictear faoi chaithréim í i ndeireadh an scéil agus réimeas dorcha na hoíche cloíte aici. Lón bóthair don saol roimpi i leaba ualach doilís a bhí anois ina cliabh, díol a cothaithe féin agus cothú a cúraim — ábhar sásaimh do bhean agus do mháthair chlainne. Maidir le Mairéad, más le grá féin a phós sí Pádraig, ní raibh sí i bhfad sa chladach gur thuig sí go mba chumasaí go mór dlí ceannasach an chomhair ná grá a leaba theolai pósta, áit a bhfeictear í i dtosach an scéil. Ba Iéir di ón tús an rôle a bhí roimpi, an dualgas banda a bhí uirthi. Deir sí luath go maith sa scéal agus í ag dul sa chladach:

Céard í sclábhaíocht na farraige ach cuid den scIábhaíocht a gcaithfidh mé mé féin a thaithiú léi arís? Cé measa í ná sclábhaíocht an phortaigh, sclábhaíocht iompair agus oiliúna má gheallann Dia clann dom.

Caint bhreá ach nach raibh cíos ar bith sa leaba uirthi. Is mór idir an dearcadh rómánsúil sin ar chrácamas oibre an tsaoil thiar agus réalachas dheireadh an scéil. Déantar idirdhealú soiléir tríd síos idir réimse na mothuchán daonna agus réimse an iompair phoiblí. Bean agus fear tí a bhí sa chladach, agus iad faoi dhlí ceannasach an chomhair ann: fágadh lánúin na leapa mar a bhfacthas i dtosach an scéil iad, sa bhaile. Plúchann dualgas poiblí an chomhair mothucháin an duine aonair, mar is léir ón eachtra seo:

Den chéad uair inniu d’ardaigh Pádraig a cheann agus d’fhéach idir an dá shúil ar Mhairéad. Thug sé obainn ar rud éicint a rá ach dhaingnigh na liopaí arís sular tháinig an chaint. B’fhurasta aithint do Mhairéad go gcoiscfeadh sé an saothar sin di, dá bhféadfadh. Guaim chumasach an chomhair a cheansaigh an croí a bhí ag splancadh ina shúil ar an ala sin.

Ainneoin an ghrá idir Mairéad agus Pádraig tá rôle an duine sa phobal níos bunúsaí agus níos tábhachtaí ná aon bhraistintí pearsanta. Sin an tuiscint a thugas an duine slán i saol an chomhthionóil fhuinniúil fhuinte. An fear nó an bhean a dhéanfas cruachan in aghaidh anachain an tsaoil éireoidh leis sa deireadh.

Ní tada é rôle an fhir i gcomórtas le rôle seo na mná más cuidsúilí poiblí féin é. Níl aon chiapadh ná aon fhulaingt air seachas sclábhaíocht ghaisciúil na lái, na speile, agus an tsleáin — agus is léir ó ‘Aois na hÓige’ nach aon fhál go haer teacht slán ach an chruachan chuí a dhéanamh. An fear a chuirfeas san earrach bainfidh sé san fhómhar, agus ní casta ná sin an chruinne fhireann i saol an chomhthionóil fhuinniúil fhuinte — nó ba chirte a rá gur mar sin a bhí i saothar Uí Chadhain anuas go dtí Cois Caoláire agus a thríú cnuasach sin a chur san áireamh. Is in An tSraith ar Lár agus sna cnuasaigh a lean a chuirimid fíoraithne i gcéaduair ón taobh istigh ar na fir, i scéalta ar nós ‘Beirt Eile’ agus ‘An Beo agus an Marbh’, a bhaineas leis an seansaol, agus i leithéidí ‘An Eochair’, ‘Fuascailt’, ‘Fuíoll Fuine’, ‘Ag Déanamh Marmair’, ‘Idir Dhá Chomhairle’ agus ‘Ag Déanamh Páipéir’, a chuireas na laochra nua-aoiseacha cathrach i láthair. Ní bréag ar bith a rá gur beag féineolas atá ag carachtair Uí Chadhain sa saothar luath, a bhaineas lena phobal dúchais; agus an méid de atá in An Braon Broghach is i measc na mban atá sé le fáil. Mar a dúradh cheana, típeanna atá i mbunáite na gcarachtar, samplaí ionadaíocha dá gcineál féin ina bpobal féin trí shúile duine de dhúchas an phobail chéanna.

Cealú ar Phearsa

Ní dóigh gur mó ná sásta a bheadh feiminigh radacacha an lae inniu le leithéidí Nóra, Bhríd ná Mhairéad. Ní hamháin gur ghéill siad do dhearcadh fireann ar an saol agus gur ghlac siad le ceannús ceann na bhfear, ach shealbhaigh siad an saol sin go coinfheasach murar go fonnmhar amach is amach é. Déarfadh an feimineach gur cealú ar phearsa shainiúil na mná mar dhuine ar leith inti féin atá sa ghéilliúint seo. Ach ón taobh amuigh ráiteas den chineál sin: ní hí fianaise na taithí atá ann, taithí mhná an chomhthionóil fhuinniúil fhuinte a rinne cruachan agus a chomhlíon a ndualgas mar ba léir dóibh féin é taobh istigh de dhlíthe neamhscríofa na muintire. Thuig siad ní hamháin cé dar díobh iad, ach cérbh iad féin. Ba léir dóibh an t‑ionad ba dhual dóibh ina gcruinne féin. Má bhí gleic sin na muintire crua — ar an mbean go háirithe — bhí sí cinnte agus is iomaí carachtar i saothar Uí Chadhain, ó Cois Caoláire ar aghaidh go mór mor, a shantódh an chinnteacht sin.

Tá sé ráite ag Alan Titley, i Léacht Uí Chadhain 1981, go ndearna Máirtín Ó Cadhain scríbhneoir nua-aoiseach de féin uair éigin le linn na bearna fada idir Cois Caoláire (1953) agus An tSraith ar Lár (1967). I gcead d’Alan, agus a bhuíochas d’Éamonn de Valera agus do rialtas na Poblachta ag an am, ba mhaith liom an dáta sin a chur siar achar blianta agus saoire Uí Chadhain i Sibéir na hÉireann, Campa Géibhinn an Churraigh le linn an dara cogadh domhanda, a chur san áireamh. Tá a fhios againn ó na litreacha a scríobh sé chuig Tomás Bairéad agus ó thagairti eile thall is abhus go ndearna Ó Cadhain an t‑uafás léitheoireachta le linn na tréimhse ‘ollscolaíochta’ (mar a dúirt sé féin) seo. Ansin, sílim, a cothaíodh an cumas agus an tsamhlaíocht a chuir ar fáil Cré na Cille (1948) agus Cois Caoláire a bhfuil lorg an nua-aoiseachais, a dtiocfadh bláth chomh foirfe air sna sraitheanna éagsúla ina dhiaidh sin, le sonrú go láidir orthu. Mar a dúirt Alan Titley sa léacht chéanna, is deacair an téarma ‘nua-aoiseach’ a shainmhíniú. Ceist choinfheasa agus bhraistinte é idir údar agus a shaothar. Ní chuimhneodh carachtair Uí Chadhain sna scéalta luatha a foilsíodh sna hirisí ná i scéalta Idir Shúgradh agus Dáiríre ar mhalairt cladaigh a chuartú ná a shantú. Ní rithfeadh an smaoineamh leo fiú go bhféadfaí sin a dhéanamh. Is beag nach ionann an cás do mhuintir An Braon Broghach, sna scéalta tuaithe ar a laghad ar bith: má bhí an saol crua, ghlac siad leis agus dhíbir siad aon smaointe craiceáilte faoina mhalairt a chuartú.

Léargas Eile

I gcomórtas lena shaothar go n‑uige sin, léargas eile ar fad ar an bpobal thiar atá in Cré na Cille, léargas an ‘Joycean Smutmonger’ mar a tugadh ar Ó Cadhain más fíor tuairisc Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca. Ní he an pobal a d’athraigh, ach an léargas ba mhian leis an scríbhneoir a thabhairt ar réimse áirithe de shaol an duine ina ghné Chois Fharraigeach. Ní mó ná gur thaitin an léargas le bunáite na léirmheastóirí luatha. Seo mar a scríobh ‘Spailpín ar an Achréidh’, critic Ar Aghaidh:

Seo í an tríomhadh leabhar cheana fhéin ag an Údar céadhna ’s gan é ach óg, bail ó Dhia air. Sé’n truagh gur sa gcló Rómhánach atá sí. Go deimhin ní gádh dhom innseacht dh’aon dhuine a léigh aon cheó dhár sgríobh Máirtín cheana go bhfuil togha na Gaedhilge innti. Móran chuile fhocal beag is mór, coitcheannta agus neamh-choitcheannta, dá bhfuil ó Bhearna na Gaillimhe go Cárna pacáilte i mbéil ochtmhar nó naonbhar. ’Se sin aon cheann aca is féidir a chur sa gcaismirt… ’sí Gaedhilge Chois Fhairrge agus an taobh tíre sin siar atá innti. Gan bhuidheachas duit is tú dhá léigheamh bheitheá ’cuimhniú ar bhaile beag eicínt thiar annsiúd… Ní leigeann an tÚdar ar fhéin gur be fhéin atá ’déanadh na cainnte. Tá sí curtha i mbéil daoine eile aige. Go leor dhi nach gcuirfinn i mbéal an mhada. Is mór an eagchóir ’tá déanta ar fhéith na samhlaidheachta aige. Dhá mbeadh fearamhlacht ins an Údar is é fhéin a bheadh ar a’ bpríomh-pháirtí sa leabhar a’ déanadh na cainnte, ar chaoi ar bith gan cuid dho na ráidhte úd ’tá innti a chuir i leith aon-dhuine sa tír seo beo ná marbhú sa nGaedhealtacht ná taobh amuigh dhi. I leith sídheóg ná púca ná aon fheithideach dár chruthaigh Dia. Níor chuala mise a leithide siúd dho chainnt ariamh. Má chualas ba ag roighneadóirí ceart críochnuigh ar chúla téarmaí é. Ní bheadh mná ná páistí ag éisteacht. Féach ins an leabhar seo tugtha dhon phobal le léigheamh iad. Tá súil le Dia agam-sa nach mbeidh an leabhair seo le fághail ag an bpobal nuair a bheidheas mo chuid páisti fhéin fásta suas le conghnamh Dé. Ar leath. 15 feicfe tú ‘gan bhréig gan mhagadh tá racht breá bogúrach ag Bid Shorcha mara raibh sí ró-óltach’. Nach ‘bhí racht’ i n‑áit ‘tá racht’ a b’fhearr. Freisin cén uair a chonaic tú bean ró-óltach sa nGaedhealtacht?

Lean an spailpín air gur liostáil sé lochtanna eile an leabhair idir bhotúin teanga agus stíle, dar leis, gan trácht ar fheall Uí Chadhain ar nósanna agus ar mhoráltacht mhuintir na Gaeltachta. Mar fhocal scoir dhearbhaigh sé:

Ní ar nós Cré na Cille a dhathaigh an Piarsach ná a chairde Gaedhilgeóirí na Gaedhealtachta. Ní ag casadh míola ná sneá le chéile a chuir sé iad.

Cré na Cille

Is iomaí léamh is féidir a dhéanamh, agus a rinneadh, ar bhuntéama Cré na Cille — aoir shóisialta; cáipéis réalaíoch shóisialta; sciolladh maslaitheach ar mhuintir na Gaeilge agus na Gaeltachta; athbheo ar sheanchreideamh bealoideasúil faoin saol iarbháis; fiú iniúchadh meitifisiciúil à la Beckett ar an mbás beo. Bíodh is go bhfuil gnéithe áirithe de na téamaí sin le sonrú ar an leabhar, níl aon léamh acu sásúil go hiomlán as féin. Ainneoin shuíomh na reilge níl aon iarracht in intinn na gcarachtar sa leabhar ar iniúchadh de shórt ar bith a dhéanamh ar staid iarbháis an duine ná ar aon tráchtaireacht a dhéanamh ar an idirdhealú, más ann dó, idir slí na bréige agus slí na fírinne. Ní haon mhíshuaimhneas meitifisiciuil ná spioradálta atá ar Chaitríona ná ar na corpáin eile, ná, ainneoin ráiteas an Fhrancaigh, aon ennui i sainchiall fhealsúnta agus liteartha na haoise seo. Arae ní ráiteas é Cré na Cille faoi ionad an duine sa chruinne tar éis a bháis, ná iarracht an duine teacht chun réitigh lena bhás pearsanta féin, ná fós bás beo à la Beckett. Más in am ‘de shíor’ atá comhrá na cille suite ní léir sin do na carachtair, agus bheadh sé iomarcach, sílim, a bhaint as an méid sin amháin gur stasis nó breithiúnas síoraí chun na beatha gan fiúntas, ‘anti-phurgadóir de chuid Dante agus Beckett’, mar a dúirt léirmheastoir amháin, atá in Cré na Cille. Níl aon leid den chineál sin coinfheasa le fáil i measc chorpáin na cille, pé ar bith céard faoi Stoc na Cille nach gcloiseann na corpáin fiú má chaitear éisteacht leis, más fíor dó féin. Mar a shonraigh Breandán Ó Doibhlin in ‘Athléamh ar Chré na Cille’ i Léachtaí Cholm Cille 1974, ceann de na píosaí léirmheastóireachta is cumasaí, dar liom, a rinneadh ar shaothar Uí Chadhain, ciúta grinn, deis scigthe, atá i suíomh an leabhair sa reilig, ní hionann is bunphrionsabal meitifisice. Bíodh gurb é léargas na coiméide é, tagann an tuairisc ar an bpobal leis an léargas a fhaighimid ó Idir Shúgradh agus Dáiríre agus An Braon Broghach ina gnéithe tuarascálacha: tábhacht na talún agus an chaoi a mbraitheann saol an duine air gona thionchar ar chúrsaí breithe, bainise agus báis; rôle an fhir agus na mná an tábhacht ní hamháin leis an dul chun cinn ach le comharthaí sóirt na héadála a bheith le feiceáil ag muintir an bhaile; an t‑aicmeachas sóisialta agus an meas ar stádas an duine atá le sonrú ó chéadabairtí Chaitríona go críoch an leabhair áit a bhfágaimid í faoi amhras cráite an crois cheart chuidsúileach ‘de ghlaschloich an oileáin’ a bheas uirthi.

Taobh Míthaitneamhach

D’fhéadfaí a rá gur micreacosma den taobh míthaitneamhach de shaol tuaithe na hÉireann mar a fheictear é i gCois Fharraige atá in Cré na Cille gona thrácht ar mhionchúraimí suaracha an ghnáthdhuine ina ghnáthshaol: aighnis faoi chúrsai talún, creidimh agus polaitíochta; saint agus éad; comharsana agus daoine muintreacha in aghaidh a chéile; gaisce áibhéalach an duine as a chumas agus a fhiúntas féin, agus taobh eile an bhoinn sin, cúlchaint agus biadán d’fhonn an duine eile a chur síos agus a bheith cab dá réir os a chionn. Ar bhealach i bhfad níos forbartha ná atá le feiceáil sa saothar luath, cuirtear fuil agus feoil ar charachtair áirithe, idir chorpáin agus dhaoine atá os cionn talún i gcónaí, trí bhíthin chaint dhílis na gcorpán. Thar aon ní eile, tuigimid gur pobal dlúth ina chéile iad pobal Cré na Cille áit arb eol do chách ní hamháin scéal a chomharsan ach stair a mhuintire siar sna ghlúine. Mar a dúirt an fear a sháigh a chomharsa leis, agus an súgradh tríd an dáirire:

Ó bhí tú le sáitheadh b’fhearr don chomharsa a dhéanamh ná don strainséara. B’fhada uait a bheadh an strainséara curtha: ar chlár gléigeal an Achréidh, b’fhéidir, nó thuas i mBaile Átha Cliath, nó thíos in Íochtar Tíre. Céard a dhéanfa ansin? Féacha an sásamh atá agat ag géaraíocht anseo ormsa. Agus dhá mba é an strainséara a bheadh curtha le t’ais, bheitheá i dteannta d’uireasa fios céard a chaithfeá ina bhéal, nuair nach mbeadh eolas ar a sheacht sinsir agat?

Is é an t‑eolas seo ar ghnóthaí na comharsan a fhágas aighneas Chaitríona agus Neil ní hamháin ina aighneas pearsanta idir beirt deirféar ach ina scéal pobail a bhfuil eolas ag madraí an bhaile air agus muintir an bhaile, fiú, á chothú agus ag cur leis. Ag seo chomh maith an difríocht bhunúsach idir carachtair Cré na Cille agus carachtair Bheckett: ní daoine gan ainm, gan fréamhacha, gan tuiscint ar an dream dár díobh iad carachtair Cré na Cille ainneoin a lochtanna iomaduila mar a nochtas Ó Cadhain iad. Tuigeann Caitríona Pháidín go maith cé hi féin. Go deimhin, is féidir a áiteamh gurbh as sin a d’eascair cuid mhaith dá cuid fadhbanna sa mhéid is go raibh meas rómhór aici uirthi féin, gur chuir sí a súil thar a cuid, agus nuair a theip uirthi go raibh údar magaidh agus mioscaise ag an bpobal as a titim. Ní hamháin sin, ach is pearsana so-aitheanta iad Caitríona, Tomás Taobh Istigh, An Máistir Mór agus go leor eile in Cré na Cille, baill de phobal so-aitheanta, agus tá eolas agus aithne ag an bpobal sin orthu, ní hionann is carachtair Bheckett a mhaireas de shíor i riocht éiginnte na hintinne. Fiche bliain i ndiaidh Cré na Cille, le foilsiú na scéalta cathrach in An tSraith ar Láir, An tSraith dhá Tógáil agus An tSraith Tógtha is ea a tháinig na neamhdhaoine gan aimn gan sainiúlacht indibhídiúil dá gcuid féin à la Beckett agus Kafka chun cinn i saothar Uí Chadhain.

Suarachas an Duine

San am céanna, áfach, is mór idir Caitríona Pháidín agus mná fadfhulangacha An Braon Broghach, Nóra, Mairéad agus Bríd a casadh cheana orainn, agus is féidir forás Uí Chadhain mar scríbhneoir idir an saothar luath agus Cré na Cille a fheiceáil sa difríocht eatarthu. Is é teachtaireacht Cré na Cille, murarb ionann is an dearcadh ar an duine sa saothar go n‑uige sin: go bhfuil an duine suarach gan mhaith, gur mar sin atá agus gur mar sin a bheas. Ní athrófar a nádúr agus leanfaidh an saol mar atá. B’fhéidir gurb é seo an stasis agus an t‑am síoraí ina mairimid ainneoin na mbrat a thriailimid a chur umainn lena chlúdach, mar dhóigh de — leabhar an scríbhneora, focla móra an Ghaeilgeora ar fiú pionta gach ceann, nó cultúr na gcos lofa. Mairimid ar fad faoi mheon ‘murach murach’ an dreama a dúirt ag deireadh Cré na Cille ‘Dhá mairinn scathamh eile’. Dá mairfidís féin tuigimid gurb é an scéal céanna a bheadh le haithris in athuair acu. Ag sin an fáth nach dtagann, mar a shonraigh Seán Ó Tuama, aon fhorbairt ar na carachtair in Cré na Cille. Ní thig leo forbairt arae níl an t‑athrú bisigh sin ar chumas an duine.

Ainneoin go gcreidim gur beag gné mheitifisiciúil atá le sonrú ar Cré na Cille, ní mór a admháil, mar atá tugtha faoi deara ag roinnt léirmheastóirí, go ndéantar comórtas ag pointe amháin sa leabhar idir an reilig agus campaí géibhinn na nGearmánach, agus gur féidir a bhaint as sin gur braighdeanach de shórt éigin é an duine sa saol seo. Bhí leidí fánacha den chineál céanna le sonrú roimhe sin i scéalta ar nós ‘Leatrom na Cinniuina’, ‘Mac Rí na nDeachmann’ agus ‘Gan Murcha gan Mánas’ (Idir Shúgradh agus Dáiríre) agus in ‘Tnúthán an Dúchais’ agus ‘Ag Dul ar Aghaidh’ (An Braon Broghach). Sainscéalta Cadhnacha iad seo a thráchtas ar dhubhchinniúint an duine i saol cruálach leatromach, ach más ea féin is mó den sonas ná den donas, den sásamh (dá theoranta féin é) ná den chrá croí atá sa dá leabhar chéanna.

Dúirt mé ar ball beag nach ionann coinfheas Cré na Cille agus coinfheas an tsaothair roimhe, ó thaobh léargas an údair. A mhalairt a bheadh fíor faoi na carachtair. Thuigfeadh Caitríona Pháidín, Nóra, Bríd agus Mairéad. Seans maith fiú go bhfaighidís píosa dá teanga dá mbeidís ina gcomharsana aici. Ach ní thuigfeadh sí leithéid Mhairéad in ‘Ciumhais an Chriathraigh’ (Cois Caoláire) go deo. Ó chéadabairt an scéil sin mar a foilsíodh in Comhar é (Nollaig 1945) agus sa chnuasach Cois Caoláire, táimid i réimse eile braistine agus coinfheasa. Bhí chuile dheis ag Mairéad ón tús leanúint le patrún saoil a muintire mar a rinne na mná a chonaic muid go n‑uige seo. Fearacht mná tíriúla Loideáin sa scéal ‘An Taoile Tuille’, rúpálaí maith oibre a bhí inti agus bhí gabháltas réasúnta, mar a déarfadh lucht déanta cleamhnais, ‘ag dul léi’. In aonturas, is cosúil, a thug sí cúl leis an saol pósta nuair a d’eitigh sí Pádraig Dhaithi gan fáth gan údar soiléir. Déarfadh feiminigh an lae inniu gur deis chun saoirse a leithéid de chinneadh coinfheasach agus is fíor sin. Ní haon chinneadh deimhneach dá leithéid a bhí ann i gcás Mhairéad, áfach. Chuaigh sí i leataobh ón saol agus ó chomhluadar daoine de réir a chéile ar an gcriathrach: lata sa gcaiseal seo di ba thír theiriúil, ba chríoch námhadúil lámh chabhrach ná béal comhairle ar bith eile. Cineál príosúin a bhí sa chriathrach di, agus tá an scéal breac le tagairtí do ghlais, do bhuaracha, do rópaí ceangail, agus go háirithe don mhaide éamainn a chuireadh Mairéad le doras an tí chuile oíche. Mar a dúirt sí le Neainin nach gcaithfeadh oíche ina leithéid de theach cúlráideach léi féin: Tá doirse agus boltaí dúshlánacha air…

Bonn ar aon le braighdeanas seo Mhairéad in earrach, samhradh, fómhar agus geimhreadh an chriathraigh, tá braighdeanas de chineál eile á fhulaingt aici, braighdeanas a gnéasúlachta féin a chuir sí faoi chois ariamh le ráig oibre, agus nár dúisíodh go dtí eachtra na bainise achar gairid roimh imeachtaí an scéil. D’uasaigh sí a mianta nádúrtha mná (i súile an phobail, ar ndóigh) tríd an saothrú a rinne sí ar an gcriathrach:

É a thriomú. Cuid suntais a dhéanamh dhe. An saol a’ chur ag caint air amhail is dá mba ar niamhinín é, nó ar éachtmhac… Í féin a fhágáil ina haisling bhuain ar chlár an chriathraigh le léamh ag an té a thiocfadh…

Níor éirigh le huasadh seo a mianta máthar mar is léir, ní hamháin ón smál (breith a béil féin, cuimhnímis) a tháinig uirthi de bharr eachtra na bainise, ach ó na híomhánna follasacha gnéasúla atá ar fud gach leagain den scéal. I gcéadleagan Comhar, mar shampla, is éard a bhí i meigeallach gabhair a mhúscail í, leide… go raibh cuireadh céileachais taobh thall den chriathrach. Is léir, áfach, nach raibh ar a cumas glacadh leis an gcuireadh céanna, agus ainneoin go ndeachaigh sí a chodladh an oíche sin gan maide éamainn ná glas ar a doras (fiú is go gcríochnaíonn chéadleagan an scéil ag an bpointe seo) agus go raibh aisling aici go dtiocfadh an t‑ógánach chuici san oíche, tá blas na ciontaíle gnéasúla agus cur faoi chois a mianta go láidir ar chríoch an scéil. Mar a d’admhaigh sí i ndeireadh leagan Comhar bhí sí cho seasc leis an gcriathrach diúltach doicheallach, agus má b’áil léi fiú glacadh le cuireadh an chéileachais, agus géilleadh d’aisling na feola, ní fhéadfadh sí é a insint don sagart de réir leagan deiridh an scéil. Ní bheadh inti feasta ach snámhaí bocht spadchosach ar sheiche an chriathraigh, braighdeanach eile i saol crua na cré.

Ceangailte le Seisce

Leathcheann Mhairéad i measc na bhfear é Micil sa scéal ‘Beirt Eile’ in An tSraith ar Láir, bíodh is go raibh seisean pósta. Nuair a bhí sé ina fhear óg bhí sé i ngrá le Máirín, cailín dathúil aerach de bhunadh na háite. Níor fheil an aeraíl den tseanbheirt a shantaigh deisiúlacht thairis sin, agus sa deireadh ghlac sé lena gcomhairle agus phós an céad punt, na cúpla bearach agus Bríd. Fearacht Mhairéad ceanglaítear le seisce ón tús é agus é ag dul faoi dhéin an lao le buicéad ‘sclamhairí’ síolta, an chuid sin den fhata síl nach bhfuil súil ar bith ann agus, ar an ábhar sin, nach bhfásfaidh. Ag ceasacht tinnis a chaith Bríd a saol ó phós siad, agus sínte tinn ar a leaba a fheicimid í ag tús an scéil, agus Micil go doicheallach i mbun a cuid oibre sise ag tabhairt a chuid ag an lao — obair nár dhual d’fhear i saol an chomhthionóil fhuinniúil fhuinte. Bhí Bríd ina maighdean tar éis na mblianta. Is léir ón tagairt don phleota mór de phaidrín a tharraingíodh sí amach uair ar bith a n‑iontaíodh Micil chuici sa leaba go raibh sí róbheannaithe, rómhór faoi scáth pheaca na feola le cuimhneamh ar chaidreamh gnéasúil fiú lena fear féin. Seo é is cionsiocair le doicheall Mhicil. Níor éirigh leis a mhianta nádúrtha (dar leis) mar fhear, ná a thualangacht mar athair clainne a chomhlíonadh ina phósadh, agus chuir sin scrúdadh agus frustrachas air. Fearacht Nóra in ‘An Strainséara’ (Cois Caoláire) agus na mban eile atá feicthe againn, ghlac sé le dearcadh na muintire gur d’fhonn clann (agus go háirithe clann mhac) a thabhairt ar an saol a phósas daoine. Sin a sheolas an líne ar aghaidh agus a bhuanaíos seilbh na talún do ghlúin amháin eile ar a laghad. Maidir le Micil, má bhí sac maith aige, bhí sé gan mac gan muirín agus bíodh is gur dhóigh leis féin go raibh beirt mhac ina ghéaga fós, tuigimid nach mar sin a bheas. Bhí a ghabháltas breá ag dul chun báin cheal saothrú ceart, agus in aghaidh ard na míchinniúna ar nós Sisyphus, mar is léir ó ghluaiseacht an scéil, a chaithfeas sé dul feasta. Ach an oiread is laoch úd na seanlitríochta cinnfidh air an chinniúint a bharraíocht agus é féin a shaoradh ó gharraí gabhann a shaoil:

Fear dhá bhocáil idir chomhairlí a bhí ann, ina sheasamh ar an gcoraice i ngarraí gabhann a shaoil, a chaithfeadh a dhul le fána ar dheisiúr nó ar thuathúr nár aithin sé thar a chéile, fear a raibh glas-shnamannaí, buairíní, geiseannaí le fuascailt aige dhe féin.

Daoine as alt, coimhthigh i saol na muintire is ea Mairéad, Nóra agus Micil, daoine a ndeachaigh a saol amú orthu ina súile féin agus i súile an phobail, daoine nach saorfar ó gharraí gabhann sin a saoil. Ar a laghad ar bith, áfach, agus bíodh is gur beag an t‑údar sóláis ná sásaimh dóibh é, tá a fhios cé hiad féin: tá eolas ag an bpobal orthu — más údar magaidh agus cúlchainte féin é i gcás Mhicil — agus níl fiú an méid sin le maíomh ag laochra cathrach Uí Chadhain.

Díol suntais é a laghad de shaol na cathrach atá le feiceáil i saothar luath Uí Chadhain, anuas chomh fada le Cois Caoláire fiú. In Idir Shúgradh agus Dáiríre ní fheictear an chathair, má luaitear féin í, ach mar ionad freastail agus margaíochta do phobal na tuaithe, agus tá an dearcadh céanna le fáil i scéalta ar nós ‘An Bóthar go dtí an Ghealchathair’, ‘Clapsholas Fómhair’, agus in Cré na Cille féin. Tá sruth eile ann, áfach, ina gcuirtear síos ar imirce mhac Chonamara thar Ghealchathair soir — leithéidí ‘An tAonú Fleasc Déag’, ‘Oscailt an Dorais’ agus ‘Lá Scíthe’ in An Braon Broghach, agus ‘An Pionta’ agus ‘An Seanfhear’ in Cois Caoláire. I saothar aibí Uí Chadhain sna sraitheanna is mion-státseirbhíseach, sclábhaí anaithnid de chuid an mhaorlathais, an príomhcharachtar a chastar linn.

Duine den slua gan ainm é J. in ‘An Eochair’ (An tSraith ar Láir), cime sa chóras stáit a shloigeas an duine aonair agus a fhágas é gan rian ar bith den daonnacht ná dá indibhidiúlacht féin. Ar nós charachtair Khafka, Joseph K., in Der Prozess (An Triail) agus K., in Das Schloss (An Caisleán) a bhí ag coraíocht chomh maith in aghaidh córais a bhí docht do-lúbtha, ní ghairtear de ach J., lena chur in iúl gurb é Fear‑Mar‑Chách é. Ní hamháin sin, ach cuirtear in iúl i gcéadabairt an scéil é ní mar dhuine ach mar pháipéarchoinneálaí — an fheidhm a bhí aige mar mhionsearbhónta de chuid an stáit uilechumhachtaigh. Is geall le gairm bheatha an rôle seo, nó is í an bheatha féin dó í. Is tábhachtaí an stát, an córas, daoine, ná an duine féin. Tá feidhm ag chuile dhuine taobh istigh den chóras sin a leagas amach a chuid dualgas chomh maith leis na laincisí atá air, agus ghéill J. go huile agus go hiomlán don saoldearcadh seo. Sin í an tsiocair a raibh an méid seo le rá ag a bhean leis nuair nach raibh sé sásta dlí beannaithe an stáit a bhriseadh agus an doras a raibh sé faoi ghlas taobh thiar de a réabadh: Ní leathdhuine féin thú. Is neamhdhuine thú. Ní he an chéad uair ráite agam é. Mheabhródh seo an rud a dúirt a bhas le mion-státseirbhíseach eile, Poprishchin, i scéal Ghogol Notes of a Madman: Well look at yourself, just think a minute, what are you? Why you are zero, nothing more. Fearacht an fhir óig i scéal Khafka Conversations With a Drunkard a chuir é féin i láthair mar seo, I am 23 years old, and as yet have no name, ar éigean is féidir a rá gurbh ann do J. mar phearsa shainiúil taobh amuigh dá fheidhm mar pháipéarchoinneálaí.

Eochair an Phríosúin

De réir a chéile in imeacht an scéil tháinig J. ar an tuiscint gur príosún a bhí sa seomra ina raibh sé agus go raibh sé féin scoite amach ón saol d’uireasa na heochrach cuí a shaorfadh é. Ní féidir go ndeachaigh an macalla ó Chaoineadh Airt Uí Laoghaire amú ar Ó Cadhain:

Ní scaipfidh ar mo chumha
Atá i lár mo chroí a bhrú,
Dúnta suas go dlúth
Mar a bheadh glas a bheadh ar thrúnc
’S go raghadh an eochair amú.

Dúiseacht coinfheasa dó a bhí ina bhrionglóid chorraithe sa phríosún sin nuair a shamhlaigh sé gur chlaochlaigh sé ina chomhad — eachtra, ar ndóigh, a mheabhraíos scéal cáiliúil Khafka Metamorphosis, mar a shonraigh roinnt léirmheastóirí cheana. Is ionann cuimhniú agus dearbhú sa chás seo, arae is féidir a rá sa saol réalach go raibh sé ar chumas J. éalú uair ar bith tríd an doras a bhriseadh nó glaoch a dhéanamh ar an nguthán toirmeasctha — ach nach ndearna sé sin. Mar a dúirt T. S. Eliot in The Wasteland:

…I have heard the key
Turn in the door once and turn once only
We think of the key each in his prison
Thinking of the key each confirms a prison.

Le réimse na samhlaíochta agus na meafarachta a bhaineas claochlú J.: ráiteas fochoinfheasach atá sa bhrionglóid ina ndearna comhad de, ní hionann is claochlú iomlán Ghregor Samsa in Metamorphosis. Thug an Cadhnach an chéim Khafka-ach sin sa scéal ‘Ag Déanamh Páipéir’ (An tSraith Tógtha) áit a ndearnadh páipéar go fírinneach den phríomhcharachtar, más fíor. Ní hionann is cás Ghregor, a ríomhtar sa tríú pearsa uile-eolach, níl againn ach focal an scéalaí sa chás seo faoin gclaochlú. I leaba inseacht fhuarchúiseach oibiachtúil Khafka (agus an chruinne scanraitheach fantaisíochta a chruthaítear dá bharr) faighimid cur síos thar a bheith suibiachtúil ó fhear an pháipéir, agus is deacair don léitheoir idirdhealú a dhéanamh idir an réalachas fírinneach agus réalachas sonraithe an reacaire. Níl aon amhras faoi ach go bhfuilimid ag plé ag an bpointe seo le saochan iomlán céille, Mind At The End of Its Tether, agus briseadh síos phearsantacht shainiúil an duine.

Duine eile fós de shlua na státseirbhíseach gan ainm nach raibh fiúntas ná sainiúlacht ar bith dá chuid féin ag roinnt leis is ea N. in ‘Fuíoll Fuine’ (An tSraith dhá Togáil). Mar a deir sé féin in imeacht an scéil:

Ba mhinic N. ag cuimhniú ar scéal a bheatha a scríobh. Ach i gcónaí deireadh sé leis féin nár chuid aithris a shaol. Bhí sé caite aige ag cipiléaracht le mionrudaí fánach, le brus, le na cuileogaí a ghreamaíos do rothaí móra an tsaoil, a deireadh sé leis féin.

Duine scoite a bhí ann nár airigh dáimh ar bith caidrimh le daoine eile, fiú lena bhean féin nár léar dó mar phearsa shainiúil inti féin, ach a chuirtear i láthair sa scéal de réir na bhfeidhmeanna éagsúla a chomhlíonadh sí ina shaol seisean — an teach a ghlanadh, béile a réiteach, tine a chur síos. Ba chosúil N. le duine a bhí ag suansiúl tríd an saol ó lá go lá ina lúb gan tábhacht i gcóras maorlathach nó gur bhásaigh a bhean, eachtra tosaigh an scéil. Chuir a bás sise iallach air teacht ar réiteach de shórt éigin lena shaol. I radharc a mheabhródh garraí gabhann Mhicil, feicimid é ag fágáil teach ól go gairid tar éis scéala an bháis a fháil agus é mar a bheadh sé ag crosbhóthar saoil:

Taobh amuigh den doras, ámh, d’fhan sé gan a dhul deiseal ná tuaifeal… Bhí an tsráid ansin soir siar roimhe mar scian thrin a shaol, ag glan-dluíú a chaite agus a fháistineach ó chéile.

Clapsholas na hIntinne

Níor éirigh leis aon réiteach a fháil ar a chás agus is éard atá ina fhuaidreamh buile óil ar fud an bhaile mhóir ina dhiaidh sin clapsholas riastrach na hintinne agus a scarúint de réir a chéile leis an réalachas. Ainneoin gan aon ‘pheaca’ (seachas, b’fhéidir, codladh le Fáiscín Fionn) ná aon ‘choir’ a bheith déanta aige, d’fhás meon ciontaíle in N. le linn a fhuaidrimh ba chionsiocair i ndeireadh báire, fearacht fhear an pháipéir cheana, le saochan céille — sampla clasaiceach, déarfainn, de mheath scitsifréineach. Is í ciontaíl seo N. (chomh maith le J. agus cimi eile Uí Chadhain) go maireann siad, ní hionann is muintir an chomhthionóil fhuinniuiil fhuinte, i gcruinne nach roinneann norm ná míniú aonghnéach leis. Mar a dúirt H. G. Wells sa leabhar leis a luaigh mé ar ball:

Hitherto events had been held together by a certain logical consistency, as the heavenly bodies have been held together by gravitation. Now it is as if the cord had vanished, and everything was driving anyhow to anywhere at a steadily increasing velocity…

As an gcorda sin a bheith ar iarraidh a eascraíos ciontaíl na freacnairce mar atá sonraithe againn. Má bhí leithéid Oedipus Rex sa seansaol ciontach as ainghníomh, ba de bharr aineolais é agus de bharr na dubhchinniúna a bhí leagtha amach ag na déithe dó. I gcás chimí Uí Chadhain, áfach, gan trácht ar K. agus Joseph K. a bhí chomh haineolach céanna, níl aon catharsis i ndán dóibh. Tá siad uilig daortha — daortha chun na beatha gan bhrí ná fiúntas, cúisithe as peaca na beatha, le peche d’exister mar a dúirt Sartre in aiste cháiliúil faoi Phroust sna tríochaidí. Más de bhunadh tuaithe féin iad N., J., agus fear an pháipéir, is fada an bóthar aniar é ó shaol an chomhthionóil fhuinniúil fhuinte.

Is iomaí bealach a fhéachas an duine le héalú as gábh eisiach seo na beatha gan bhrí: cúrsaí creidimh agus reiligiúin den uile chineál, nó Tóraíocht Inis na Fírinne; asamhlú iomlán leis an saol ina maireann sé; nó a mhalairt ghlan, leota den teanga a chur amach faoi shaol nach fiú mórán é agus racht breá den gháire raibiléiseach a ligean — cleas coitianta Cadhnach. Cheal ama, áfach, ní dhíreoidh mé ach ar bhealach éalaithe amháin a bhaineas le hábhar anseo.

Mar a shonraigh Wagner i magnum opus, dar liom, an 19ú haois, Der Ring des Nibelungen, is é a theastódh ón duine comhaimseartha sárdhuine, laoch ar nós laochra an tseansaoil, a thiocfadh ar an bhfód le barraí an phríosúin a réabadh agus lena shaoirse a bhronnadh in athuair ar an duine. Seasann an fíorlaoch don cheart, don uaisleacht agus don fhírinne. Is é an t‑idéal é i súile an phobail. De bhrí go n‑éiríonn leis bacanna agus srianta an ghnáthdhuine a chur de (fiú má mharaítear san iarracht é) dearbhaíonn sé fiúntas an phobail dó féin, agus tríd sin fiúntas an uile bhaill den phobal sin chomh maith. Ar bhealach, is slánaitheoir an laoch a fhuasclaíos an gnáthdhuine ó bhraighdeanas an ghnáthshaoil trí chruinne idéalach a thairiscint dó ina réitítear chuile fhadhb agus inar féidir leis é féin a shamhhú ina laoch. Tá seo fíor faoi laoch na seanlitríochta agus an bhéaloidis chomh maith le ‘laoch’ litríochta agus scannán na haoise seo ar nós James Bond, Mr T., Superman, buachaillí bó an Wild West (a ‘fhaigheann’ an fear i gcónaí!) agus bleachtairí agus spiadóirí sárchumasacha i saothar daoine ar nós Le Carré, Ludlum, Forsythe agus údair iliomad thrillers eile.

Den mhianach seo dar leis féin, ar chuma ar bith, laoch an scéil ‘Fuíoll’ (An tSraith dhá Tógáil), tuairisc peileadóra, An Mhucarlach Mhór ar a chuid gníomhartha gaile agus gaisce, mar dhóigh de, ar pháirc na peile agus dá mb’fhíor a leath dá raibh le rá aige theastódh a leithéid ó chontae is fiche in Éirinn faoi Mheán Fómhair chuile bhliain i dtóraíocht soithigh naofa áirithe! Déantar comórtas soiléir, más go scigiúil féin é, síos tríd an scéal idir an Mhucarlach agus Cú Chulainn, ó mhacghníomhartha na beirte go dtí a dteacht in inmhe trí mharú ainmhí — cú i gcás Chú Chulainn, stail i gcas na Mucarlaí. Maidir le cleasa gaisce na Mucarlaí, is éard atá iontu scigaithris cuid mhaith ar chleasanna Chú Chulainn mar atá le léamh in Tocmarc Emere — agus ar an gcleas ab éifeachtaí ag laoch na peile bhí an tufóg, gaoth boilg nár thada é gae bolga Chú Chulainn i gcomórtas leis!

Imirce Faitís

B’é críoch scéal na Mucarlaí gur tugadh a Fhionntrá i bPáirc an Chrócaigh nuair a bhasc an Mortarlach Mór é agus iad i mbun comhraic, agus is ionann a imirce faitís ina dhiaidh sin agus bás de chineál tharla deireadh a bheith lena chaithréim mar laoch. Má bhí fiúntas, áfach, le bás na seanlaochra a mhalairt atá fíor i gcás threascairt na Mucarlaí. Laochas inbhéartaithe gan bhrí, gan fheidhm atá ina chuid gníomhartha, ní hionann is laochas Chú Chulainn a raibh gá ag a phobal (má ba é pobal teoranta na huasaicme féin é) leis. Agus ní hé an Mhucarlach an t‑aon ghaiscíoch ar fhág an Cadhnach a shraith ar lár. Thug sé an íde (nó an oidhe) chéanna do laochra eile dá chuid: M. a cuireadh i gcosúlacht le Cú Chulainn agus le Suibhne; an Cú Chulainnín in ‘Ce Acu’ (An tSraith ar Láir); lánúin ‘Mhuintir na Croise’ (An tSraith Tógtha) a shamhlaítear le Diarmaid agus Gráinne; agus fiú J., ar féidir a bhás a chur i gcosúlacht le bás Chonaire in Togail Bruidne Da Derga.

Sa scéal ‘Gorta’ (An tSraith ar Láir) is láidre agus is scanraithí a dhéantar forbairt ar an téama seo. Táimid i láthair ag bás duine nach fear ná bean, ach duine díphearsanaithe, dighnéasaithe, dídhaonnaithe — agus is léir ón tús go bhfuil macallaí á mbaint ag an gCadhnach as Oided Con gCulainn le comhthéacs eile a thabhairt d’anbhás an duine seo i ngarraí fataí a bhí millte ag an dúchan. Bhí éan dubh i láthair an duine, fearacht na Baidhbhe a bhí ag faire ar bhás Chú Chulainn. Íomhá choitianta sa tseanlitríocht in Éirinn agus i gcultúir eile is ea Bandia an Bháis i bhfoirm éin á cothú féin ar chonablach na laochra i ndiaidh catha, agus d’fhéach éan ‘Ghorta’ leis an íde chéanna a thabhairt don duine. In Oided Con gCulainn lig an Bhadhbh ‘trí sgrécha comóra’ nuair a shéalaigh Cú Chulainn. In ‘Gorta’ áfach d’imigh sí léi, i bhfocail an scéil, ‘gan fáiteall ar bith a thabhairt léi’ agus gan aici ach ‘scréachaíl dhiomúch’. Ní hamháin go bhfuil an duine ar lár ach tá an dia ar lár chomh maith leis cheal cothú i gcruinne gan bhrí. Cuireann alt deiridh an scéil leis an léamh seo:

Go tobann níor fhan spéir ná talamh, aghaidh ná cul gréine. D’fháisc scaoilteog duifin reatha ar shúil lasta na gréine mar ghabhfadh ordóg a múchta agus marbhfáisc uirthi…

Is ionann seo agus múchadh na beatha féin agus teacht i réim na hainrialach, nó léiriú samhailteach ar ráiteas cáiliúil Schopenhauer Kein Wille, keine Vorstellung, keine Welt, ‘Gan aon toil, gan aon íomhá, gan aon domhan’, nó i dtéarmaí Cadhnacha sraith an duine ar lár.

Thosaigh muid le Seáinín i ngarraí an fhéir ag saothrú chré na muintire. Má bhí an líne féin ag dul chun lagair agus gan aige ach dhá choca san áit a mbíodh trí cinn fadó, bhí díol a chothaithe aige ina dhiaidh sin. Rinne sé cruachan agus tháinig sé slán. In Cré na Cille féin ní fhaca muid an duine ag déanamh créafóige arae ar an saol os cionn talún a bhí a aird. Scéal eile ar fad é ag duine ‘Ghorta’. Den chré é agus ar an gcré a fhilleas sé, ach nach talamh coisricthe ar bith é a théalta deiridh. Fágtar ag morgadh é os cionn talún, ag filleadh ar an gcré is gan sásamh na cille féin aige.

Tá Iontaobhas Uí Chadhain fíorbhuíoch den údar, de Comhar, agus de Chló Iar-Chonnacht as a gcead an aiste seo a fhoilsiú anseo.