Categories
Ábhar i nGaeilge Ailt ⁊ Aistí Cláir Raidió

Úrscéalta na Gaeilge: Cré na Cille (1949)

Le Máire Ní Annracháin.

Ar pháipéar a tugadh ag seimineár a d’eagraigh Ollscoil Notre Dame, is a reachtáladh i mBaile Átha Cliath i 2015, atá an t‑alt seo bunaithe. Na húrscéalta Gaeilge is fearr a scríobhadh sa bhfichiú haois téama an tseimineáir.

In Úrscéalta na Gaeilge a céadfoilsíodh an t‑alt. Ronan Doherty, Brian Ó Conchubhair agus Phillip O’Leary a chuir in eagar. Cló Iar-Chonnacht a d’fhoillsigh.

Leagan giorraithe den alt atá sa taifeadadh fuaime. Craoladh é seo mar mhír den tsraith raidió Úrscéalta na Gaeilge. An t‑údar atá á léamh. RTÉ Raidió na Gaeltachta a chraol, ar 8 Iúil 2018.

Éist leis an gclár raidió

An t‑alt ina iomláine

Murab ionann agus cuid mhaith úrscéalta eile Gaeilge, tá seasamh canónta chomh socair cinnte sin ag Cré na Cille le Máirtín Ó Cadhain gur misniúil an té a chuimhneodh ar a cheistiú. Níl fúm é a cheistiú san alt seo, ach féachaint lena mhíniú. Leabhar é ina bhfuil an solas agus an dorchadas fite ina chéile ar bhealach a chuimsíonn cuid de na miotais Ghaelacha is ársa, go háirithe scéal Bhandia an Fhlaithis, a shainíonn ról agus tábhacht an talaimh, agus scéal bíoblúil na titime agus an tslánaithe. Leagan scáinte searbh den dá fhoinse sin miotais atá sa leabhar, ach leagan é fós a bhfuil fórsa teanga agus samhlaíochta ann a dhéanann ceiliúradh agus caithréim, fiú i láthair an bháis.

Cuirtear tús leis an leabhar nuair a chuirtear an phríomhphearsa, Caitríona Pháidín, sa reilig áitiúil. Ní mé an ar áit an phuint nó na gcúig déag atá mé curtha? (Cré na Cille 1970, 13) a deir sí, nó b’fhéidir nach bhfuil ann ach smaoineamh uaithi. Téann sí ar thóir fhreagra na ceiste, cé acu sa chineál is daoire uaighe, áit an phuint, nó sa dara cineál is daoire, áit na gcúig [scilling] déag, a cuireadh í. Ní ritheann sé léi go mb’fhéidir gur sa chineál is saoire ar fad atá sí, in áit na leathghine. Caitheann sí cuid mhaith ama ag cur is ag cúiteamh leis na corpáin eile a cuireadh roimpi, agus leo siúd a chuirtear ina diaidh, ag iarraidh teacht ar an bhfírinne. Ag an am céanna iarrann sí gach nuaíocht faoina muintir os cionn talaimh agus faoin gcrois de ghlaschloich an Oileáin a d’iarr sí ar a mac Pádraig dá huaigh. Míníonn sí an scéal dá comhchainteoir iarbháis, Muraed Phroinsiais:

Dúirt Pádraig liom go gcuirfeadh sé crois de ghlaschloich an Oileáin orm: ceann mar atá ar Pheadar an Ósta, agus scríobhainn Ghaeilge uirthi: Caitríona Bean Sheáin Uí Loideáin… É fhéin adúirt liom é gan frapa gan taca a Mhuraed… Agus dúirt sé go gcuirfeadh sé ráille timpeall na huaighe mar atá ar Shiúán an tSiopa, agus go gcuirfeadh sé pabhsaethe as mo chionn…

Cré na Cille 1970, 19

Chomh maith leis an iomaíocht atá soiléir sa ghiota gairid sin, is iomaí sin cúlscéal a nochtar tríd an leabhar faoin gcaidreamh idir na beo agus na mairbh sa phobal áitiúil. Leanann baill mharbha an phobail leis an gcineál comhrá a bhíodh acu i gcónaí sular cailleadh iad. Tá na mairbh cíocrach ag iarraidh eolais faoina bhfuil ag tarlú os cionn talaimh. Glactar leis go coitianta gurb iad an ghangaid, an mhioscais, an t‑éad, an sciolladóireacht agus an faltanas sainchomharthaí cumarsáide an phobail, agus go leanann siad ar aghaidh go síoraí tar éis an bháis. Is í a deirfiúr Neil namhaid síoraí Chaitríona agus cuireann sí mallacht den chineál seo uirthi go rialta: [N]ár thaga corp ’un cille ’un tosaigh uirthi…! Tá greann searbh dorcha fite tríd an insint, bunaithe chuid mhaith ar an deisbhéalaíocht.

Más cuid bhunúsach den seasamh canónta liteartha de ghnáth é aird na gcriticeoirí agus minicíocht na saothar critice, ní fhéadfaí ardstádas canónta a cheilt ar Cré na Cille. Bíonn lucht critice ag féachaint ó ghlúin go glúin lena bhrí agus a thábhacht a shainiú arís is arís, agus a thabhairt céim ar aghaidh le himeacht ama. Cé gur snáth leanúnach ón tús é ómós na gcriticeoirí do shaibhreas na teanga sa leabhar, ní hionann go baileach na cáilíochtaí eile dá chuid a tharraingíonn súil léitheoirí an lae inniu agus na cáilíochtaí a chuaigh i gcion chomh mór ar léitheoirí na ndaicheadaí san aois seo caite nuair a céadfoilsíodh é.

An teachtaireacht is bunúsaí faoin gcritic a rinneadh ar an leabhar, gur meascán den léirmheastóireacht cháinteach agus den adhmholadh a bhí ann. Níl fúm an gort sin a threabhadh go mion anseo, ach roinnt samplaí a lua. Thug Alan Titley le fios gur leor ráiteas an Chadhnaigh féin faoi Cré na Cille in Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca: D’fhéach mé leis an gcomhthionól dar dhual mé féin a léiriú i gCré na CilleCad eile atá uainn? arsa Titley1; ach níor leor do lucht critice na Gaeilge trí chéile é. Deacrachtaí foirme is mó a luadh. D’admhaigh an Tuamach gur scríobh an Cadhnach the most consciously-patterned and richest-textured prose that any Irishman has written in this [the twentieth] century, except Beckett and Joyce2 ach bhí sé fós den tuairim nár shárlitríocht é Cré na Cille. Bhí David Greene ar aon intinn leis, toisc go raibh struchtúr an leabhair róthanaí, dar leis, do na hólaí teanga a bhí ann.3 Níos deireanaí sa chéad seo caite leagadh béim ar an ngreann mar chuid den stíl, faoi mar a bhí luaite ag an Tuamach. Mhol Kiberd an scríbhneoireacht agus thug sé máistir an phróis ar an gCadhnach.4 Titley féin, níor leor dó, mar a tharla sé, an léiriú ar an bpobal úd; chaith sé cuid mhaith dua ina ollshaothar ag plé gnéithe stíle áibhéile agus áiféise an leabhair.5 Aithníodh laige na foirme a d’fhág deacracht ag léitheoirí na pearsana éagsúla a aithint as a chéile, chomh maith leis an easpa plota.6 Gléasanna torthúla anailíse a bhí i dteoiric na dialóige à la Bakhtin,7 in eolaíocht na hinsinte,8 agus san útóipeachas.9 Mar sin bhí snáth fada léirmheastóireachta a thug aghaidh ar thréithe liteartha an leabhair.

Tá cuid de mo thuiscintse ar sheasamh canónta Cré na Cille mínithe agam cheana in áit eile.10 Cuid lárnach den áiteamh is ea go mbaineann ollbhua an leabhair leis an láimhseáil a dhéantar ar Bhandia an Fhlaithis. Ní haon chomhtharlúint é go bhfuil an téacs próis agus an dán is cáiliúla ón bhfichiú haois, i. Cré na Cille agus Adhlacadh Mo Mháthar le Seán Ó Ríordáin11 faoi seach, tógtha araon ar bhean a bhí díreach tar éis a curtha, rud a d’fhág gur reilig a bhí sa talamh. Is geall le galar dubhach cultúrtha é an comhionannas gruama litriúil a fheictear sa dá théacs idir an bhean agus an talamh. Is mór idir é agus an gaol torthúil flaithiúil a shamhlaítí chomh minic sin i gcaitheamh na n‑aoiseanna idir an bhean, ar bandia ó thús í, agus an tír féin. Pearsantú ar Éirinn, nó ar limistéirí di, a dhéanadh an bandia, an chailleach, an spéirbhean. Bhí agus tá fós leanúnachas fada stairiúil aici in aistí Gaeilge; is ionann Éire, Banbha, Fodhla, Áine, Aoibheall nó pé bean áitiúil a thagann an bealach, is ionann iad, is féidir a rá, agus talamh na hÉireann. Ach in Cré na Cille agus Adhlacadh Mo Mháthar féach go bhfuil sí marbh faoin gcré, agus tá an chré féin ina reilig. Sa chomhthéacs sin ní féidir aontú go hiomlán le Seán Ó Tuama, [who] wrote, faoi mar a mheabhraíonn Frankie Sewell dúinn, that poems such as Ó Ríordáin’s Adhlacadh Mo Mháthar / My Mother’s Burial… “astonished” readers in 1945 because they were straight away in a territory of the imagination which poetry in Irish had not previously entered.12 Is é a áitím, gur glacadh chomh fonnmhar sin leis an dán sin go díreach toisc gur aithníodh a raibh ann fiú má bhí sé faoi chló nua; is é sin le rá, gur aithin pobal na Gaeilge macalla, más go neamh-chomhfhiosach féin, ó thróp bunúsach a dtraidisiúin féin .i. an bandia. Ní haon iontas go dtabharfaí ardstádas canónta dá leithéid.

Cuireann Cré na Cille agus Adhlacadh Mo Mháthar an tróp sin in oiriúint don díomá a lean an fhís nár fíoradh láithreach tar éis an neamhspleáchais pholaitiúil. Ba dhóite an díomá é i gcás an Chadhnaigh. Déanann an dá théacs leagan fuar litriúil den chomhaitheantas a bhí torthúil beathach agus siombalach (nó osnádúrtha) tráth. Curtha sa chré, agus ag déanamh cré atá an dá chailleach Caitríona Pháidín agus máthair an reacaire i ndán Sheáin Uí Ríordáin. Cuid den chré go litriúil iad beirt. Léiriú thar barr iad an dá théacs ar shamhlaíocht iar-Athbheochana na Gaeilge agus í ag dul i ngleic go dubhach le cúinsí a linne agus ag an am céanna ag cur coir nua i dtraidisiún ársa.

Má tá aithne ag pobal na Gaeilge ar Chailleach an Fhlaithis leis na cianta, ní hin le rá go bhfuil sí simplí ná aontoiseach, ach a mhalairt. Is iomaí cló a bhí uirthi agus is iomaí cor a chuir sí di i gcaitheamh na gcéadta bliain ina saothraítí nasc idir í agus talamh na hÉireann, ár ré féin san áireamh.13 Tá éiginnteacht áirithe ag roinnt léi, a fhágann gur deacair a dhéanamh amach scaití an comhaitheantas nó seilbh a bhí i gceist: being agus having mar a deir an Béarla. An ainnir shéimh darbh ainm Éire atá in ‘Mac an Cheannaí’, ach beidh Éire fós ag Cáit Ní Dhuibhir san amhrán Cáit Ní Dhuibhir. Leag Máire Mhac an tSaoi a méir air seo go paiteanta nuair a thrácht sí ar theirce na mban i liosta na bhfilí Gaeilge. Who needs the land when you are the land?14 a scríobh sí, agus í á thabhairt le fios go raibh traidisiún na filíochta bunaithe ar an bhflaitheas polaitiúil.

B’fhéidir gur torthúla ná riamh mar thróp é lenár linn, i ngeall ar íogaireacht shamhlaíochta na scríbhneoirí comh- aimseartha agus a bpeirspictíocht ar an traidisiún ina iomláine. Beathaítear a samhlaíocht a bhuí le hobair na scoláirí a chuir téacsanna an traidisiúin in eagar — agus dá bhrí sin ar fáil — mar chuid de thionscnamh liteartha-pholaitiúil an stáit. Cá bhfios nach bhféadfaí an téacs Peig15 a chur san áireamh anseo, ar roghnaigh an Stát stádas speisialta a thabhairt dó trína chur os comhair na nglúnta daltaí scoile i gcaitheamh an fichiú haois? Chonaiceamar, glúin i ndiaidh an Chadhnaigh, gur tháinig gluaiseacht na mban ar an bhfód le tuiscintí nua faoin saol, agus gur chuir sí sin cor eile san athchóiriú trí fhilíocht Nuala Ní Dhomhnaill agus Bhiddy Jenkinson agus trí shaothair ban (agus roinnt fear) eile nach iad.

Níl deireadh le ríocht na caillí fós. Le fíorghairid, chonaiceamar An Bhean Feasa le hAlan Titley16 atá ar ceann de na húrscéalta is cumasaí sa Ghaeilge. Leabhar é faoina macasamhail sin de chailleach, Goody Glover, an bhean dheireanach a crochadh chun báis i mBoston Mheiriceá. Is í príomhphearsa agus ábhar teidil an scéil í. Is réamhtheachtaí í de chuid Pheig, Chaitríona Pháidín agus mháthair Sheáin Uí Ríordáin toisc gur le tréimhse níos faide siar sa stair a bhain sí (an seachtú haois déag) ach ar bhealach eile is oidhre dá gcuid í, tharla nár foilsíodh leabhar Titley go dtí glúin nó dhó ina ndiaidh siúd. Tosaíonn insint Titley amach tar éis a crochta agus gliondáiltear siar go dtí a breith í. Fearacht Chaitríona Pháidín agus mháthair reacaire Adhlacadh Mo Mháthar, tá sí básaithe ó thús an téacs. B’fhéidir nach mór idir sin agus cás Pheig a d’áitigh ón tús gur seanbhean anois [í] le cos amháin san uaigh agus cos eile ar a bruach. Le gníomh reacaireachta a théann glan in aghaidh ghluaiseacht choscrach na staire, áfach, cruthaíonn Titley ráiteas dóchais is beatha, óir críochnaíonn An Bhean Feasa le ceiliúradh agus gliondar na breithe: Is amach liom go fáistineach lem bheatha seo, le fórsa is le fáilte!17 Níl sé seo teoranta don Ghaeilge in Éirinn. Níos deireanaí fós, ba í an mháthair mharbh rogha an phobail Éireannaigh in 2015, nuair a toghadh an dán When all the others were away at Mass le Seamus Heaney thar aon dán eile sa chomórtas ‘A poem for Ireland’.18

Déanaim amach gur sine mhór sa slabhra beo sin é Cré na Cille. Is í Bandia an Fhlaithis a ghineann an bhuníomhá ar a bhfuil Cré na Cille bunaithe agus bronnann an t‑úrscéal beatha úr ar ais uirthise. Téann sí siar go dtí tús na litríochta sa Ghaeilge agus tá greim aici orainn i gcónaí. Ainneoin í a bheith básaithe, is pearsa í Caitríona Pháidín atá, go híorónta, beo beathach i litríocht na Gaeilge mar ionchollú ar dhuine de na pearsana is mó ar fad. Comhartha í ar bhisiúlacht na samhlaíochta sa Ghaeilge, agus tuilleann sí áit ard sa chanóin do Cré na Cille as an mbeocht sin a aithint agus a sheachadadh. Cháin Máirtín Ó Cadhain an luí a bhí ag lucht Gaeilge leis na sean-nósanna ina phíosa cáiliúil sciolladóireachta faoin mbéaloideas:

Is cine muid ar mór againn gach seanrud — maith nó olc. Tá gluaiseacht na Gaeilge ariamh dhá hoiliúint ar phurgóidí na sean-‘traidisiún’ agus ar uachtar reoite románsaíochta: sean-chineálacha éadaigh nó éadaigh a síltear a bheith ina sean-chineál, sean-oirnéis, sean-saoirsinn, sean-tithe, sean-dathúchán, sean-damhsaí, sean-nós ceoil, sean-ghnáis, sean-litriú, seanchaithe, sean-scéalta, sean-fhilíocht an 18ú céad, gach abairt dá mhíofaire i gcruth sean-fhocail, gach gné sean-chailleachais…19

Go híorónta, áfach, is as an luí sin le seanfhoirmlí, seanchoinbhinsiúin, sean-gach-rud a d’eascair agus a gineadh téacs allabhrach seo Cré na Cille agus go leor leor téacsanna eile den scoth. Ní seandacht reoite í ach foinse thorthúil beatha. Má lochtaigh an Cadhnach an seanchailleachas, chruthaigh sé Caitríona Pháidín mar sheanchailleach, ábhar caithréime is lúcháire don Ghaeilge agus don litríocht uile. Cuid eile den chreideamh sa bheatha a chuireann Cré na Cille os comhair na léitheoirí, acmhainn mhór an Chadhnaigh ar an nGaeilge féin a chuireann go mór le stádas canónta Cré na Cille. Éacht theangúil is ea an leabhar, a thaispeáin an Ghaeilge ina steillebheatha, más steilleabheatha na mallachta féin uaireanta é, cuir i gcás a leithéid seo:

Go mba seacht ngáir mheasa a bheas tú anocht agus amáireach agus bliain ó amáireach, a Chomhuintirigh, a Fhasaistigh, a Nasaí, a ainchreidhmhigh, a ainchríostaí rua, a fhíorgháilleog den Lóbasfhuil, a bhréandeascaidh de thuaith na bhfos méise, a fhuílleach na haicíde, a gheis na cuile, na cruimhe agus na hagailte, a shampla shnagaigh a chuir faitíos ar an mbás fhéin nó go mb’éigin dó drochthinneas a chur faoi do dhéin, a scearacháin, a sproschodamáin, a raicleach rua…

Cré na Cille 1970, 226

Íoróin ann féin í an mhíorúilt sin teanga á cruthú go luath sula ndearna an Cadhnach a ráiteas cáiliúil go bhfuil sé deacair do scríbhneoir a dhícheall a dhéanamh i dteanga a bhfuil an chosúlacht uirthi go mbeidh sí básaithe roimhe féin.20 Tá míréir idir míorúilt sin na teanga beo agus duibheagán an éadóchais, duibheagán a thuigtear go coitianta a bheith sa leabhar, idir a shuíomh agus a dhearcadh básmhar gránna. Glactar leis go coitianta go bhfuil éadóchas faoin saol i gcoitinne i scríbhinní an Chadhnaigh, anuas ar éadóchas sainiúil faoin nGaeilge agus ar bhain léi. Fillfidh mé ar an gceist seo ar ball, óir creidim nach duibheagán ar fad é an domhan de réir an Chadhnaigh.

Roimhe sin, áfach, tagraím don athinsint chruthaitheach a dhéanann Cré na Cille as miotas mór eile na hÉireann .i. miotas na Críostaíochta. Tabharfaidh sé seo deis dom an lochtú atá déanta ar an leabhar a mhíniú mar bhua. Lochtaítear é as an bplota a bheith scáinte ach tá an plota, nó easpa plota, ag teacht le héirim an leabhair mar leagan de scéal úll na haithne.21 Is é blaiseadh an eolais an t‑olc bunaidh de réir Leabhar Genesis agus is é a thugann an bás isteach sa saol. Tagann roinnt mhaith de scéalta Mháirtín Uí Chadhain leis an leagan amach sin faoin dochar a bhaineann leis an eolas: An Seanfhear, Fios, agus Ciumhais an Chriathraigh22; Crosaire Iarannróid23; agus I mBus Cathrach.24 Nochtann na scéalta sin fírinne éigin de réir a chéile a bhí ann i gcaitheamh an ama, faoi cheilt. Baineann uafás leis an bhfírinne a nochtar, ní le rudaí a thiteann amach le linn an scéil féin. Le ceist a chuirtear tús le Cré na Cille, is é sin, le tóir ar an eolas. Ar éigean a tharlaíonn rud ar bith tríd an scéal ar fad; cloistear scéal na gcomharsana nuachurtha, sin uile. Is ar thóir Chaitríona ar an eolas cinnte faoina huaigh agus a crois, agus faoi chás a muintire, atá an scéal bunaithe go príomha; má thuigtear seo is lú, b’fhéidir, a ghoillfidh moille nó tanaíocht an phlota ar léitheoirí. An t‑eolas a fhaigheann sí, ach oiread le Genesis, bhí crá croí ag baint leis. Níor chrá croí go hiomlán é, áfach. B’fhéidir, fiú, go nginfeadh an t‑eolas faoin tubaist a d’éirigh do Chaitríona nuair a chaill sí grá a croí, b’fhéidir go nginfeadh sé comhbhá ionainn léi.

Is é an t‑athscríobh nua-aimseartha sin ar bhunphátrún Genesis, gurb é an teacht ar an eolas príomhthubaist an chine dhaonna, is é is fearr a léiríonn an Cadhnach agus é i ngleic leis an gCríostaíocht, dar liom. Is caolchúisí é ná na scéalta a bhaineann macalla níos soiléire as an mBíobla — cuirim i gcás an scéal álainn Rinneadh25 ina bhfeictear fís den Mhaighdean Mhuire, Rath26 ina n‑insíonn leaid óg faoi mhíorúilt Íosa ag déanamh fíona den uisce, Ciréib27 ina leanann cíorthuathail na míorúiltí a rinne Íosa i measc iascairí, báicéirí, lucht déanta maidí croise agus dreamanna eile ar chuir a chuid gaiscí as dá slí bheatha, agus An Ceann Thall28 ina ndéanann Muire Maigdiléana machnamh ar phearsantacht Íosa. Braithim gur tábhachtaí é freisin ná na tagairtí don Leabhar Eoin a shníonn mar ortha trí Cré na Cille féin. Tá áiteamh bailí déanta ag Róisín Ní Ghairbhí29 faoin mblas eaglasta atá ar chuid de chaint Stoc na Cille san úrscéal, a thacaíonn leis an tuairim go raibh saothar an Chadhnaigh gafa leis an gCríostaíocht agus gur nós leis dul i ngleic léi.

Tá íoróin bhreise i gcuid de na scéalta sa méid is nach féidir a bheith cinnte faoin bhfírinne. Scaití bíonn an eachtra is tábhachtaí débhríoch, faoi mar a tharlaíonn, cuirim i gcás, ag deireadh An Strainséara,30 áit nach bhfuil sé soiléir cé acu fís den Mhaighdean Mhuire nó mearbhall an bháis a bhuaileann an phearsa Nóra sula gcailltear í; scaití bíonn foclaíocht na hinsinte doiléir, mar a tharlaíonn ag deireadh Ciumhais an Chriathraigh agus ní féidir a bheith iomlán cinnte an le teann fuascailte nó éadóchais a thuigeann Muraed nach bhfuil sí in ann a ‘peaca’ a insint feasta don sagart; agus scaití is é atá ann, pearsana éagsúla ag tabhairt malairt leaganacha de pé scéal a bhíonn i gceist. Bunteicníocht de chuid Cré na Cille í an éiginnteacht seo, a bhfuil cuid mhaith de bhrí an leabhair tógtha uirthi. Ar an láimh amháin tá breithiúnas na gcomharsan ar Chaitríona Pháidín; ar an láimh eile tá eolas pribhléideach ag an léitheoir faoinar tharla di i gcaitheamh a saoil ina focail féin. Tá tacaíocht aici ó dhioscúrsa na n‑amhrán grá, faoi mar a mhíneofar ar ball. Tagann leaganacha éagsúla na scéalta salach ar a chéile, agus níl aon reacaire ann le breithiúnas a thabhairt eatarthu.

Cruacheist: an féidir leagan Chaitríona dá scéal féin a chreidiúint? Beidh tionchar ag an bhfreagra ar cheist níos bunúsaí fós .i. an fíor go bhfuil eispéireas an duibheagáin athchruthaithe i saothar Uí Chadhain, faoi mar a áitítear go coitianta? An fíor gur diostóipe ar fad an domhan a chruthaigh sé? Tá sé áitithe agam in áiteanna eile nach fíor.31 Dá mbeadh an diostóipe chomh hiomlán is a thugtar le fios go minic, gach seans gur san uaigh is saoire ar fad a bheadh Caitríona curtha .i. in áit na leathghine. Ní hamhlaidh atá, áfach, ach in áit na gCúig Déag, an dara háit is measa agus an dara háit is fearr in éineacht. Agus is iomaí tubaist a tharla dá muintir a chuirtear ina cheart le himeacht ama. Mar shamplaí, bhí cuid mhaith de dhóchas Chaitríona ag brath ar Mháirín, iníon a mic Pádraig, a fuair áit sa choláiste ullmhúcháin le go bhfaigheadh sí oiliúint mar mhúinteoir. Cloiseann Caitríona (agus na léitheoirí) de réir a chéile go bhfuil fadhb éigin ag Máirín agus ansin go bhfuil sí tar éis an coláiste a fhágáil: Tá inín Phádraig sa mbaile… Máirín sa mbaile! An bhfuil tú siúráilte nach scíth atá aici ón scoil?… Chlis sí sa scoil. Chlis sí!… Níl sí le dhul ina máistreás scoile chor ar bith… (Cré na Cille 1970, 178) Tagann rudaí ceart, áfach, agus soiléirítear nár caitheadh amach as an gcoláiste í; uaigneas a tháinig uirthi a chuir sí di tar éis tamaill: Tá Máirín le dhul ag coláiste aríst. Déanfaidh sí cúis an babhta seo. Ara, níor cuireadh amach chor ar bith í, an geábh deiridh, ach í fhéin a theacht abhaile. Cumha a bhí ar an gcréatúr (Cré na Cille 1970, 234).

Tá a thuilleadh dóchais ann. Bhí Caitríona gortaithe nuair a chuala sí gur bheag an altóir a fuair sí — is é sin, nár fhág na comharsana agus na gaolta mórán airgid ag a sochraid. Ach fuair sí amach níos deireanaí go raibh sochraid fhial aici le trí leathbhairille. Agus bhí toradh maith go leor freisin ar an gcomórtas síoraí idir í féin agus a deirfiúr Neil, féachaint cé acu a gheobhadh airgead uachta an tríú deirfiúr, Baba, i Meiriceá. Is cosúil go bhfuair Pádraig Chaitríona airgead an uachta féin agus, ina theannta sin, go bhfuair sé airgead árachais Thomáis Taobh Istigh, chomh maith le ‘aguisíní’ ó Neil. Leáigh col Chaitríona le bean a mic nuair a chuala sí go raibh sí tar éis Neil a bhrú isteach sa tine. Chaith sí Neil sa tine! Chaith sí Neil sa tine! Mo ghrá í! Mo chuach í! (Cré na Cille 1970, 148). Tháinig deireadh ag an bpointe sin leis an gclamhsán a chuala muid ón gcéad leathanach amach faoi bhean a mic, í á chur ina leith gurbh í a bhí freagrach as spota salach ar a scaoilteog: Tá spota ar an scaoilteoig seo, is geall le práib shúí é. Ní hea. Lorg méire. Bean mo mhic go siúráilte. Is cosúil len a cuid pruislíocht é (Cré na Cille 1970, 13).

Tagann rath ar ghabhaltas Phádraig agus ar a chlann go luath (…nach bhfuil sé ag déanamh bun ar aon, bail ó Dhia agus ó Mhuire ar an bhfear! Ní raibh an oiread beithíoch ar a chuid talúna ariamh sa saol. Chuir sé dhá fhoireann muc amach le rídheireannas: muca móra millteacha a raibh ceathrúnaí chomh te orthu le bulóig ag an mbácús. Bloody Tour an’ Ouns é nach bhfuil beirt leis imithe ag coláiste! (Cré na Cille 1970, 255)). Níos deireanaí mínítear go bhfuil Pádraig ag déanamh teach ceann slinne!… teach dhá stór, fuinneogaí báighe ann agus muileann gaoithe le haghaidh solais ar an gcnocán… Dhá bhfeictheá an tarbh Rialtais a cheannaigh sé… deich bpunt agus ceithre scóir… agus tá sé ag brath ar leoraí a fháil le dhul ag rith móna (Cré na Cille 1970, 357). Tá sruth agus gaoth le Pádraig (Cré na Cille 1970, 25) tar éis bhás Chaitríona, cé gur i ngeall ar a bás agus ní amháin ina dhiaidh a thagann cuid den bhiseach. Déantar athmhuintearas idir Pádraig agus Neil. Bhí Caitríona sásta freisin nach le Neil a bhí a comharsa Tomás Taobh Istigh ag fanacht sular bhásaigh sé, ach lena mac sise. An léas solais is mó sa leabhar, áfach, agus an ceann a chrochann an leabhar suas i dtreo na réalta, is ea an grá rómánsach. Tá an leabhar ar maos i dteanga an ghrá agus sna hamhráin ghrá, fiú má bhaintear an bonn di níos minicí ná a chéile. Tá an-anailís déanta ag Gearóid Denvir ar na hamhráin sa leabhar.32 Tá línte as amhráin mar a bheadh curfá ag dul tríd; tá novelettes rómánsúla á scríobh; agus tá Pádraig Chaitríona tar éis iníon Nóra a phósadh in aghaidh thoil a mháthar i ngeall ar an ngrá rómánsúil. Cloisimid é sin ó mháthair bhean Phádraig, bean nach leasc léi an deis a thapú le Caitríona a lochtú agus ráiteas a dhéanamh a bhaineann an bonn go híorónta dá luí féin leis an rómánsaíocht:

Ní raibh an áit sách maith chor ar bith. Ba bheag an baol a bheadh ormsa m’inín a ligean ansin agus sé scóir spré le fáil aici, marach gur charghas liom a coinneál uaidh. Bhí riasc den rómánsaíocht thríom fhéin i gcónaí, agus ní bhfaighinn ó mo chroí cead a thabhairt do chúrsaí suaracha saolta a bheith ina dtreampán dodhréimeach dá ngrá cásmhar. Honest. Marach sin, a Dotie, meastú an ligfinn m’inín ná mo shé scóir punt isteach ar chupla póicín gágach Chaitríona Pháidín?

Cré na Cille 1970, 162

Mar sin féin, ainneoin na híoróine, phósadar le teann grá agus mhair an grá. Níorbh iad amháin a bhí gafa le grá rómánsúil agus bíonn an grá céanna milis agus searbh in éindí: chomh luath agus a d’imigh an máistir mór bhí a bhean ag lorg fear eile, a bhaineann an bonn go searbh íorónta den chaint a bhí déanta aici leis, faoi mar a d’inis sé, ach d’fhan seisean dílis di fiú tar éis an bháis:

Dúirt sí liom é… go mba doimhne a grá dom ná an fharraige; go mba dílse chinnte é na torgabháil agus fuineadh gréine; go mba bhuaine é ná tuile agus trá, ná na réalta agus ná na cnoic, arae go raibh sé ann roimh thaoille, réalt agus cnoc. Dúirt sí gurbh é a grá dom an tsíoraíocht fhéin… Agus ina dhiaidh sin, féacha fhéin go raibh an nathair nimhe ina croí. Gan mé faoi na fóide ach bliain… san am a raibh a móide dhá dtabhairt aici d’fhear nach mé… Mise, a céadsearc agus a céile, faoi na fóide fuara agus ise i mbaclainn Bhileachaí an Phosta…

Cré na Cille 1970, 188–189

Brian Mór féin, a cuireadh i láthair mar dhuine a chuaigh timpeall ag iarraidh bean ar bith le pósadh tráth, tá sé fós i ngrá le Caitríona, mar a bheadh grá buan daingean:

— Ara, cén bhrí ach an rud adúirt sé [Brian Mór] le Tomás Taobh Istigh ar bhású do Chaitríona: A Thomáis, a Aingil ghléigil arsa seisean, is minic a bheas ort féin, ar Neil, ar Bhaba agus ar inín Nóra Sheáinín a dhul go dtí an t‑úmadóir le bhúr sciatháin bhriste a dheasú, má thugann Dia dhaoibh a bheith ar aon fharadh léi siúd. Déarfainn gur caolsheans atá agamsa ar aon sciathán a fháil. Ní cheapfadh Caitríona go bhfuil mo “valuation” sách mór. Ach dar diagaí dhuit, a Thomáis, a choilm bheannaithe, níor bhaol do do chuid sciathán dá n‑éireodh liomsa áfach bheag ar bith de lóistín a fháil ina haice.

Cré na Cille 1970, 191

Thar aon scéal eile grá in Cré na Cille, is é an grá a thug sí d’fhear Neil, Jeaic na Scolóige, a mhíníonn iompar agus pearsantacht Chaitríona i gcaitheamh a saoil. Grá go héag atá ann. D’fhan sí i ngrá le Jeaic, ainneoin gur gortaíodh go dóíte í nuair a fuair Neil é le pósadh. D’fhág sé sin í lán le fonn díoltais, le gangaid agus le seirbhe. Ach, iontas na n‑iontas, tá léas beag dóchais aici sa deireadh thiar, mar is gaire anois do Jeaic í féin ná Neil, anois go bhfuil sé curtha sách gar di. Arsa Caitríona:

Duine gan aon ghangaide a bhí ann [in Jeaic] chuile lá ariamh. Marach go mba ea, thuigfeadh sé gur ag imeartas air a bhí an stroimpiléidín Neil, nuair a d’iarr sí air a pósadh. Tá Jeaic agamsa adeir sí. Fágfaidh muid Briain Mór agatsa a Chaitríona… Ach is gaire mise anois do Jeaic ná í fhéin. Féadfaidh mé labhairt leis i mo rogha uair.

Cré na Cille 1970, 282

Má léitear cás Chaitríona mar ghrá éagmuise a d’fhulaing sí i gcaitheamh a saoil agus a rinne suarach éadmhar í, is féidir an-chuid a mhaitheamh di agus a rá gur leagan den ghrá go héag é a scéal, fiú más dorcha, íorónta agus smidiríneach mar scéal é. Mura bhfuil an léitheoir sásta titim sin na meá a thabhairt di, fágfar an leabhar thar a bheith éadóchasach, le príomhphearsa nach bhfuil inti ó nádúr ach leagan searbh básmhar de Bhandia an Fhlaithis. An deacracht is mó a fheicimse, nach mór a admháil go bhfuil an téacs débhríoch toisc leaganacha éagsúla den fhírinne a bheith ag na pearsana éagsúla. Sampla é seo den fhírinne a bheith doiléir. Is é an breithiúnas a dhéanaim féin, áfach, go bhfuil go leor fianaise ann chun sochar an amhrais a thabhairt do Chaitríona. Luaim:

  • minicíocht dhioscúrsa na n‑amhrán tríd síos mar a bheadh curfá sa leabhar nach bhféadfaí a chur ina thost;
  • an feabhas ginearálta a tháinig ar scéal Chaitríona i gcaitheamh an leabhair, faoi mar a míníodh cheana;
  • an claonadh i saothar an Chadhnaigh cuid mhaith den bhonn a bhaint go híorónta de chomharthaí dóchais, ach gan an bonn ar fad a bhaint i gcónaí;
  • tá fianasie ar ghrá buan daingean Chaitríona ina leithéid seo de lúcháir agus de bheannacht uaithi, agus ar dheacair a áitiú nach raibh blas an fhíorghrá rómánsúil orthu a sháraíonn an íoróin agus an fiodmhagadh atá le cloisteáil in áiteanna eile:

    A Jeaic! A Jeaic!… A Jeaic na Scolóige!… Hóra a Jeaic na Scolóige, mise atá ann. Caitríona Pháidín… A Lucht an Phuint fuagraigí ar Jeaic na Scolóige! Abraigí leis go bhfuil Caitríona Pháidín ag glaoch air!… A Jeaic, adeirim!… A Shiúán an tSiopa, a Shiúán! Go gcuire Dia an rath ort a Shiúán, agus glaoigh ar Jeaic na Scolóige!

    Cré na Cille 1970, 284.

    Agus tá íocshláinte ann a chuireann rath ar a croí:

    A Mhuraed Phroinsiais, adúirt sí [Caitríona] liomsa, tá an frídín bainte as mo chroí, agus ní airím an t‑am ach an oiread le oíche cheoil, ó tháinig Jeaic.

    Cré na Cille 1970, 316
  • Anuas air sin uile, tá dearcadh an Chadhnaigh le feiceáil i bparaitéacs an leabhair ar bhealach eile seachas an cead cainte a thug sé do na pearsana éagsúla. An t‑aon áit a bhfuil stiúir an údair le feiceáil go díreach, murab ionann agus go hindíreach, teideal na n‑eadarlúidí. Tosaíonn siad leis ‘An Chré Dhubh’. Ach briseann an ghile amach faoin deireadh le hainm na headarlúide deireanaí: ‘An Chré Gheal’.

Beifear ann a léifeas an tromualach seirbhe mar a bheadh réalt dhorcha a shlogann gach léas solais i saothar an Chadhnaigh, á n‑iompú uile ina gcomharthaí laga íoróine. Ní mar sin a léimse iad, ach mar léasacha solais agus teasa i gcroílár an domhain fhuair. Ainneoin gur in Áit an Phuint atá Jeaic agus in Áit na gCúig Déag atá Caitríona, tá fós macalla le cloisteáil ó na scéalta rómánsacha ina gcuirtear na leannáin le hais a chéile tar éis bháis. Ainneoin nach gcasfaidh Jeaic amhrán di fós i ngeall ar a gheallúint do Neil, agus ainneoin nach bhfuil aon chaint ar chrois de ghlaschloich an oileáin á réiteach di (go deimhin is cosúil go bhfuil an ghlaschloich féin ídithe), fós tá tá an díomá ar fad sin iompaithe ina mhaith aici trí labhairt air mar shólás a bhí le roinnt idir í féin agus Jeaic, is é sin nach mbeidh crois ag ceachtar acu: ‘Mo chrois-sa ná do chrois-sa a Jeaic na Scolóige… Ní do ghlaschloich an Oileáin do chrois-sa ná mo chrois-sa…’ (Cré na Cille 1970, 364)

Is nós leis an gCadhnach an dubh agus an geal a mheascadh ina chéile trína shaothar. Tá codanna de dubh ar fad ach ní diostóipe é an t‑iomlán. Tagann Micil Ionarba ar ghrá le Meaig sa ghearrscéal An Beo is an Marbh33 ainneoin é a cheapadh nach raibh rud ar bith fiúntach i ndán dó, i ngeall ar a sheanaimseartha is a bhí sé; tagann leanbh nua ar an saol in eileatram in An Beo is an Críon.34 Cuimhnigh freisin ar aoibhneas parathasúil na scéalta bíoblúla ar thagair mé dóibh cheana: Rath agus Rinneadh. Agus i gcás scéalta áirithe eile, tá cuid mhaith díobh débhríoch, gan é a bheith soiléir an dubh ar fad iad, faoi mar a pléadh thuas i gcomhthéacs na héiginnteachta faoin bhfírinne. Mar sin, taobh thiar den sciolladóireacht agus den tsáraíocht agus den bhualadh bob ar a chéile — faoi fhiúntas na n‑uaigheanna, faoi thaephota agus cé léi í, faoi bheith ag oscailt litreacha a chéile, faoi cé tháinig go dtí do shochraid — ní fheicim go mbíonn rudaí dubh ar fad i gcónaí.

Is mar sin a fheidhmíonn an íoróin, faoi mar a fheidhmíonn aon chomhaitheantas idir dhá rud atá éagsúil ó chéile. Bíonn an dá chuid ann, fiú mura mbíonn ann ach an rian is lú de chuid amháin díobh. Uaireanta slogtar an ghile; sa chás sin is dóite an íoróin í. Uaireanta slogtar an dorchadas; sa chás sin bíonn slánú de chineál éigin ann. Go minic fanann an dubh agus an geal ann in éineacht, agus feictear dom go bhfuil dóthain i saothar Uí Chadhain lena rá go raibh luí áirithe aige le dóchas agus beatha.

Is mar sin a bhíonn an saol féin, thuas seal thíos seal. Bíonn an t‑olc agus an mhaith fite ina chéile. Tugann sé seo mé siar go dtí an t‑áiteamh a rinne mé thuas faoin léiriú atá déanta ar Chaitríona Pháidín agus ar mháthair an reacaire in Adhlacadh Mo Mháthar mar a bheadh leaganacha doilíosacha básmhara de thróp geal Bhandia an Fhlaithis. Ar ndóigh, níor gheal go hiomlán riamh é. Ní fheileann an péire dénártha do chuid mhaith den smaointeachas nua-aoiseach, don litríocht nua-aoiseach ná, dá ndéarfainn é, don litríocht thraidisiúnta. Bíonn an tromluí, agus bhí sé riamh, taobh thiar den rud niamhrach glé sa litríocht. Bhí an chailleach scanrúil sular luigh an flaith léi, á claochló ina bean óg álainn. Seánra na haislinge tríd síos, is iomaí sin méirleach agus arrachtach agus gruagach gránna a bhíonn ann, ag teacht chun buaice in Cúirt an Mheán Oíche. Mar a chéile le Cré na Cille, agus spéisiúil go leor bhí an Cadhnach an-tógtha le Cúirt an Mhéan Oíchecuramhír an phobail a thug sé air.35 Ní leor a rá go raibh galar dubhach cultúrtha ann i lár an fichiú haois ar thug Cré na Cille léargas air, cé gur fior sin, creidim. Ní leor a rá gur iompaigh an Cadhnach tradisiún Gaeilge Bhandia an Fhlaithis bunoscionn go hiomlán. Ba chirte a rá gur aithin sé, a bhuíochas dá íogaireacht shamhlaíochta féin, gur aithin sé go raibh síol dorcha laistigh den traidisiún sin, agus, ar bhealach caolchúiseach, laistigh de thraidisiún na Críostaíochta chomh maith céanna. Chuir sé cor nua sa slabhra téacsanna a shamhlaíonn comhaontú idir an bhean agus agus an talamh agus d’aimsigh sé bealach nua le scéal na titime a tháinig leis an tóir ar an eolas a insint — agus, b’fhéidir, é a shlánú; ní hamháin sin ach chruthaigh sé cor nua, leagan nua-aimseartha de scéal na titime dá chuid féin i litríocht na Gaeilge. Ba litríocht í sin a d’fhéach riamh, fearacht gach mórlitríochta eile, leis an gcothroime idir an mhaith is an t‑olc a thuiscint agus a rianadh. Tá a leithéid sa nath teanga a deir go mbíonn an duine marbh ‘ag déanamh cré’, nath a aithníonn dlúthbhaint an talaimh leis an mbás, ainneoin go samhlaítear an fhlúirseacht agus an torthúlacht léi freisin ó thús an traidisiúin. Baineann an chré leis an eaglais Chríostaí freisin, a mheabhraíonn don phobal go bhfuil an bás agus an milleadh anuas chugainn, i dteannta an tslánaithe. Déantar sin go sonrach le linn dheasghnátha Chéadaoin an Luaithrigh, tráth a mheabhraítear do na fíréin gur den chré iad agus go ndéanfar cré díobh arís. Má d’fhéach an Cadhnach leis an dubh a chur ina gheal orainn tríd an gcré a shamhlú agus a chasadh, léirigh sé freisin gur deacair an dá dhath a scaradh ó chéile. Dá íorónta é, is ábhar dóchais é gur leis an gcré gheal a chuirtear clabhsúr ar Cré na Cille.

Nótaí

  1. Alan Titley, An tÚrscéal Gaeilge (Baile Átha Cliath: An Clóchomhar, 1991), 312.
  2. Seán Ó Tuama, ‘A Writer’s Testament’, Ériú XXIII (1972), 242.
  3. David Greene, ‘Talk of the Dead’, Irish Times (27 Bealtaine 1950).
  4. Declan Kiberd, The Irish Writer and the World (Cambridge: Cambridge University Press, 2005), 49.
  5. m.sh. An tÚrscéal Gaeilge, 307; Liam Mac Cóil, ‘Living Voices from the Grave’, Irish Times (28 Nollaig 1996).
  6. m.sh. An tÚrscéal Gaeilge, 307; Liam Mac Cóil, ‘Living Voices from the Grave’, Irish Times (28 Nollaig 1996).
  7. Róisín Ní Ghairbhí, ‘I dTosach do bhí an Briathar: “Deacracht” Cré na Cille’, Canadian Journal of Irish Studies / Revue canadienne d’études irlandaises 34, uimh. 1 (2008), 45–52.
  8. Brian Ó Broin, ‘Máirtín Ó Cadhain’s Cré na Cille: A Narratological Approach’, Irish University Review 36, uimh. 2 (2006), 280–303.
  9. Bríona Nic Dhiarmada, ‘Utopia, Anti-Utopia, Nostalgia, Ó Cadhain’, Canadian Journal of Irish Studies / Revue canadienne d’études irlandaises 34, uimh. 1 (2008), 53–57.
  10. Máire Ní Annracháin, ‘Athchuairt ar an Duibheagán: An Eagna i Saothar Liteartha Mháirtín Uí Chadhain’, Léachtaí Cholm Cille XXXVII: Saothar Mháirtín Uí Chadhain (2007), 208–229.
  11. Seán Ó Ríordáin, Eireaball Spideoige (Baile Átha Cliath: Sáirséal agus Dill, [1945] 1952), 56.
  12. Frank Sewell, Modern Irish Poetry: A New Alhambra (Oxford: Oxford University Press, 2000), 10.
  13. Máire Herbert, ‘The Sacred Marriage in Early Ireland’, Cosmos 7 (1992), 264–275; Máirín Nic Eoin, B’Ait leo Bean: Gnéithe den Idé-Eolaíocht Inscne i dTraidisiún Liteartha na Gaeilge (Baile Átha Cliath: An Clóchomhar, 1998); Gearóid Ó Crualaoich, The Book of the Cailleach: Stories of the Wise Woman Healer (Cork: Cork Uuniversity Press, 2006).
  14. Máire Mhac a’ tSaoi, ‘Léirmheas ar The Penguin Book of Women Poets’, Innti 5 (1982), 19–21.
  15. Peig Sayers, Peig: A Scéal Féin (Baile Átha Cliath: Clólucht an Talbóidigh, 1936). Luaite ag Lillis Ó Laoire i bpáipéar le linn comhdhála ar an gCadhnach in Ollscoil na hÉireann Gaillimh, 8 Aibreán, 2016.
  16. Alan Titley, An Bhean Feasa (Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht, 2014).
  17. Ibid., 216.
  18. http://www.rte.ie/archives/category/arts-and-culture/2015/0312/686668-a-poem-for-ireland-winner/ [deimhnithe ar 25ú Mí Feabhra 2019].
  19. Máirtín Ó Cadhain, ‘Béaloideas’, Feasta (Márta 1950), 11.
  20. Máirtín Ó Cadhain, Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca (Baile Átha Cliath: An Clóchomhar, 1969), 40.
  21. ‘Athchuairt ar an Duibheagán’.
  22. Máirtín Ó Cadhain, Cois Caoláire (Baile Átha Cliath: Sáirséal agus Dill, 1953), 64–72, 26–35, 36–63 faoi seach.
  23. Máirtín Ó Cadhain, An tSraith ar Lár (Baile Átha Cliath: Sáirséal agus Dill, 1967), 32–40.
  24. Máirtín Ó Cadhain, An tSraith dhá Tógáil (Baile Átha Cliath: Sáirséal agus Dill, 1970), 118–143.
  25. Ibid., 11–15.
  26. Ibib., 11–26.
  27. An tSraith ar Lár, 11–26.
  28. Máirtín Ó Cadhain, An tSraith Tógtha (Baile Átha Cliath: Sáirséal agus Dill, 1977), 66–85.
  29. ‘I dTosach do Bhí an Briathar’.
  30. Cois Caoláire, 136–208.
  31. ‘Athchuairt ar an Duibheagán’.
  32. Máire Ní Annracháin, ‘Athchuairt ar Cré na Cille’, Léachtaí Cholm Cille LXXXVII (2007), 38–75.
  33. An tSraith ar Lár, 125–142.
  34. Ibid., 111–124.
  35. Máirtín Ó Cadhain, ‘Curamhír Phobal na Gaeilge’, Comhar 27, uimh. 12 (Nollaig 1968), 7–11.

Tá Iontaobhas Uí Chadhain fíorbhuíoch den údar, de Chló Iar-Chonnacht agus d’RTÉ Raidió na Gaeltachta as ucht a gcead an t‑alt seo, agus an clár raidió, a fhoilsiú.