Categories
Ábhar i nGaeilge Léachtaí ⁊ Cainteanna

Máirtín Ó Cadhain — Poblachtach agus Sóisialaí

Le Proinsias Mac Aonghusa. Marais, Páras, An Cháisc, 1989. Ag Dáil Uí Chadhain a tugadh an léacht seo ar an 8 Aibreán 1989. Céadfhoilsíodh i riocht na haiste í in Comhar, 49(10), 5–17. Bhí Máirtín Ó Cadhain chomh Gaelach le ceaig poitín; meas an stiléara is mó a bhí aige ar reachtanna agus dhlithe stáit ar a raibh […]

Categories
Ábhar i nGaeilge Léachtaí ⁊ Cainteanna

Máirtín Ó Cadhain agus Dioscúrsa an Dúchais

Le Dónall Ó Braonáin, RTÉ Raidió na Gaeltachta. Léacht an Oireachtais 2006. Aimsir mhór chomórtha í an bhliain seo 2006. Rinneadh comóradh ar Sigmund Freud a tháinig ar an saol céad caoga bliain ó shin ar 6 Bealtaine 1856, rugadh an mórchumadóir Wolfgang Amadeus Mozart dhá chéad caoga bliain ó shin agus céad bliain ó shin […]

Categories
Ábhar i nGaeilge Ailt ⁊ Aistí

Cré na Cille — Ó Cadhain agus Beckett

Le Declan Kiberd. Foilsithe in Idir Dhá Chultúr, Coiscéim 1993. Tá galar tógálach ar lucht na Gaeilge sa tír seo — go bhfuil siad ag tnúth de shíor le mórscríbhneoir Gaeilge agus go bhfuil siad sásta an gradam úd a bhronnadh go bliantúil ar gach úrscríbhneoir nuafhoilsithe. Ach tá dream eile ann freisin a bhíonn […]

Categories
Ábhar i nGaeilge Ailt ⁊ Aistí

Ceist, cé a léifidh Máirtín Ó Cadhain?

Leis an Dochtúr Louis de Paor. Tugadh an léacht seo ag Scoil Gheimhridh Chumann Merriman i 2006. Tá cuntas corraitheach ag Aindreas Ó Gallchóir ar thuras a thug sé ar an gCnocán Glas i dteannta an Chadhnaigh sa bhliain 1967 le clár faisnéise ar a shaol agus a shaothar a thaifeadadh: Ag deireadh uaigneach an scannáin sin […]

Categories
Ábhar i nGaeilge Ailt ⁊ Aistí

Athchuairt ar an Duibheagán: An Eagna i Saothar Liteartha Mháirtín Uí Chadhain

Le Máire Ní Annracháin. In Léachtaí Cholm Cille XXXVII a céadfhoilsíodh an t‑alt seo. An eagna, a dúirt Job,1, An eagna, cá bhfuil sí le fáil, agus cá bhfuil teacht ar an tuiscint?2 Baineann an cheist le cúram bunúsach na daonnachta faoin rud is cóir a dhéanamh sa saol seo agus faoin áit a bhfuil slánú […]

Categories
Ábhar i nGaeilge Ailt ⁊ Aistí

There Goes Cré na Cille

Le Louis de Paor. Is mór an rud ag scríbhneoir aitheantas. É seo a chloisteáil ag dul thart dhom i bPáirc an Chrócaigh lá mórchluiche: ‘there goes Cré na Cille’. Máirtín Ó Cadhain, Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca. Fiú is gur i bPáirc an Chrócaigh seachas Staid Semple a tharla sé, tá scéilín an Chadhnaigh ag teacht […]

Categories
Ábhar i nGaeilge Léachtaí ⁊ Cainteanna

An Pholaitíocht mar Théama i Léachtaí Uí Chadhain

Le Liam Mac Con Iomaire. Ag Dáil Uí Chadhain a tugadh an léacht seo ar an 8 Aibreán 1989. Le naoi mbliana anuas, ón mbliain 1980, tugtar léacht phoiblí uair sa bhliain sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, i gcuimhne ar Mháirtín Ó Cadhain. As na naoi léacht a tugadh go dtí seo is faoi scríbhinní polaitiúla Uí Chadhain (go […]

Categories
Ábhar i nGaeilge Léachtaí ⁊ Cainteanna

An Currach agus ina Dhiaidh

Le Michael O’Riordan, Cathaoirleach Pháirtí Cumannach na hÉireann. Ag Dáil Uí Chadhain a tugadh an léacht seo ar an 8 Aibreán 1989. I mí Feabhra 1940, cúig mhí tar éis tús a bheith curtha leis an Dara Cogadh Domhanda, cuireadh i gcampa géibhinn an Churraigh mé in éineacht le beirt Chorcaíoch eile, Tadhg Ó Conaill agus Mícheál […]

Categories
Ábhar i nGaeilge Ailt ⁊ Aistí

An Cadhnach sa Chathair

Réimeanna teanga a níos dráma de ghearrscéal Le Fidelma Ní Ghallchobhair. Foilsíodh an t‑alt seo i dtosach in Feasta Aibreán agus Bealtaine 2007. Ó Cadhain agus an drámaíocht Sa léacht chlúiteach, Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca, a thug sé an bhliain sular cailleadh é, dúirt Máirtín Ó Cadhain (Ó Cadhain 1969:24–25) gur scríobh sé ceithre dhráma ar fad, ceann […]

Categories
Ábhar i nGaeilge Léachtaí ⁊ Cainteanna

Team Pheaidí Mac Diarmada: Léacht ag Dáil Uí Chadhain (1989), cois uaigh an Chadhnaigh

Le Team Peaidí Mac Diarmada. Dáil Uí Chadhain. Éist leis an léacht An léacht go hachomair Caint a thug Team Pheaidí Mac Diarmada ag ócáid a d’eagraigh Dáil Uí Chadhain cois uaigh an Chadhnaigh sa mbliain 1989. Comharsa ón gCnocán Glas ab ea Team Pheaidí, é trí bliana níb óige ná an Cadhnach, agus a d’oibrigh leis ar an […]